Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Gribín -v- An Comhairle Mhúinteoireachta & chuid eile
Lua Neodrach:
[2007] IEHC 454
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2005 671 JR
Dáta Seachadta:
12/21/2007
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Murphy J.
Stádas:
Formheasta


AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

[2005 Umh. 671 A.B.]




IDIR

ÉAMONN Ó GRIBÍN
IARRATASÓIR
AGUS

AN CHOMHAIRLE MHÚINTEOIREACHTA, AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGNE

FREAGRÓIRÍ

Breithiúnas Breitheamh Murphy tugtha ar 21ú lá de Mí na Nollag, 2007.

1. Cúlra
1.1 Ag am idir deireadh mhí Márta agus tús mhí Aibreáin, 2005 fógraíodh folúntas mar oifigeach cumarsáide/oideachais leis an gComhairle Mhúinteoireachta sna nuachtáin náisiunta. Bhí an folúntas seo mar a leanas:-

      Is iad na rudaí seo a leanas a bheidh mar eochairfhreagrachtaí: cruinnithe a eagrú; tuariscí a scríobh; ábhar eolais a chur ar fáil do bhaill na Comhairle; ábhar eolais a chur a fáil do mhúinteoirí agus don phobal; taighde a chur ar bun agus leabharlann d'achmhainní a chur le chéile. Go hidéalach, beidh na cáiliochtaí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:
      • Cáiliocht chuí agus taithí in obair atá comhchosúil
      • Eolas agus taithí ar fhorbairt leanúnach phroifisiúnta
      • Taithí ar fhorbairt córas agus nósanna imeachta agus a bheith i dtaithí ar thacaíocht a thabhairt do choistí
      • Sárscileanna cumarsáide o bhéal agus scríobha maraon le cruinneas i dTeicneolaíocht an Eolais.

      Bheadh sé ina bhuntáiste a bheith in ann na gnóithe idir scríobha agus ó bhéal a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge.
Dúradh inter alia san fhógra go raibh
      an fógra seo, forimeacha iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlín www.education.gov.ie nó trí iad a iarraidh ar Clodagh O'Connor, Oifig na Comhairle Múinteoireachta, Na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, ríomhphost clodagh_oconnor@education.gov.ie, Fón 090-6484020.
Is é an data deiridh le haghaidh foirmeacha iarratais a chur isteach ná an Luain 25ú Aibreán ag 12.00 méanlae.

1.2 De réir a mionnscribhinn agus na fógraí agus litreacha sna foilséanaí a leanann, theastaigh ón iarratasóir iarratas a dhéanamh ar an bhfoluntas reamhráite agus chun an chríoch sin a bhaint amach chuir sé glaoch ar an bhfreagóir dara ainmhithe chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil. Labhair an iarratasóir i nGaeilge agus d'iarr sé ar an mbean a d'fhreagair an fón go raibh sé ag iarraidh caint le Clodagh O'Connor, an duine teagmhála don fholúntas. Dúradh leis nach raibh sí ar fáil. Dúirt an bhean nach raibh a ndóthain Gaeilge aici ach go nglaofadh duine eile ar ais air. Tamall ina dhiadh sin, fuair an iarratasóir glaoch ó oifigeach den fhreagóir dara-ainmnithe a raibh labhairt Gaeilge aici agus d'iarr sé na cáipéisi réamhráite uaithi.

1.3 Ar an 14ú Aibreáin, 2005, fuair an iarratasóir litir arna dátú an 12ú Aibreáin, ón bhfreagóir dara ainmhithe. Faoi iamh leis an litir sin bhí an fhoirm iarratais. Ba í an mBéarla amháin a bhí an fhoirm agus ní raibh an cháipéisiocht riachtanach eile in éineacht leis an bhfoirm. Sheol an t-iarratasóir litir tríd ríomhphoist chuig Clodagh O'Connor ag lorg na cáipéisiochta riachtanaí i nGaeilge ach ní bhfuair sé aon freagra ar an ríomhphoist sin.

1.4 Ag eascairt as na fiorais sin, d'fhéach an t-iarratasóir ar an idirlíon ag súil go mbeadh an cháipéisíocht riachtanach ar fáil i nGaeilge ansin. Mar a thárla bhí an fhoirm iarratais féin ar fáil i nGaeilge ach ní raibh sonraíocht ar an bhfolúntas ar fáil trí mhéan na Gaeilge. Níos measa fós b'fhacthas don t-iarratasóir go raibh mion eolais agus tuiscint ar an tAcht 2001 agus an Tuarisc riachtanach chun an fhoirm a líonadh.

1.5 Deireann an t-iarratasóir go raibh sé soiléir ón foirm go mbeadh eolas ar a laghad faoin Acht ag taisteail chun na ceisteanna a fhreagairt i gceart. Mar shampla, d'iarr ceisteanna a 6, 10 agus 18 an meid seo a leanas:-

      (6) Do dhearcadh ar an bpost agus an baint atá ag an bpost le feidhmeanna na Comhairle Mhúinteoireachta de réir mar atá siad leaghta amach in Acht na Comhairle Múinteoireachta, 2001?

      (10) Dar leat, conas is féidir leis an gComhairle Mhúinteoireachta proifisiúin na múinteoireachta a thacú agus a fhorbairt agus cén tionchar a bheadh agatsa ina Leith sin sap hoist ar a bhfuil iarratas á chur isteach?

      (18) Fís - léirigh led' thoil d'fhís don phoist ar a bhfuil iarratas á chur isteach agat agus d'fhís don Chomhairle Mhúinteoireachta.

1.6 Deireann an t-iarratasóir go mbeadh eolas, ní amháin ar an Acht, ach ar an Tuarisc de dhíth chun na ceisteanna thuas a fhreagairt ar bhonn chumasach agus ghairmiúil. Bheadh buntáiste suntasach ag aon iarratasóir go raibh an tuairisc léite aige nó aici i gcomparáid leis an té nach raibh an tuarisc léite aige nó aici.

Chuir an iarratasóir glaoch ar an Roinn Oideachais arís chun leagan den Acht agus den Tuarisc agus sonraíocht mar gheall ar an fholuntas a fháil.

1.7 Rinne an t-iarratasóir teagmháil le Clodagh O'Connor ar an sprioc-dáta, 25ú Aibrean, 2005. Mhínigh sí dó nach raibh aon Gaeilge aici agus dá bhrí sin labhradar le chéile i mBéarla. Dúirt an t-iarratasóir léi go raibh suim aige fós san fholúntas agus gur mhaith leis an seans iarratas a dhéanamh air. Mhol sí dó teagmháil a dhéanamh le Áine Lawlor, stiurthóir na Comhairle Múinteoireachta. Fuair an t-iarratasóir uimhir gutháin soghluaiste Áine Lawlor. Chuir sé glaoch ar an uimhir ach ó tharla nach raibh sí ar fáil d'fhág sé teachtaireacht ag rá gur theastaigh uaidh teagmháil a dhéanamh léi.

1.8 Chuir an t-iarratasóir litir ar an 26ú Aibreáin, 2005, lá tar eis an sprioc-dáta, tríd an ríomhphoist chuig Áine Lawlor, ag an seloadh ríomhphoist a bhí ar an bhfógra sna nuachtán: clodaghoconnor@education.gov.ie. Scríobh an t-iarratasóir freisin ag lorg leagan Gaeilge den fhógra nó ar a laghad leagan dátheangach. Chuir Áine Lawlor glaoch ar theach an iarratasóra ach ní raibh sé sa bhaile ag an am. Lá nó dhó ina dhiaidh sin chuir an tiarratasóir glaoch ar ais uirthi agus d'éirigh leis labhairt léi. Mhínigh sé di go raibh suim aige fós san fholúntas agus bhí an cháipéisiacht de dhíth air. Ar an 13ú Bealtaine, 2005, fuair an tiarratasóir litir arna dátú 11ú Bealtaine ó Áine Lawlor. Dúirt sí ina litir narbh féidir an sprioc-dáta a chur siar chun iarratas a ghlacadh ón iarratasóir.

1.9 Deireann an t-iarratasóir go bhfuil ceart bunreachtúil aige iarratas a dhéanamh ar an bpost trí mhéan na Gaeilge gan chonstaic and gan mhíbhuntaiste i gcomparáid leis an té a bhíonn sásta an cúram sin a dhéanamh as Béarla. Ag eascairt as na cúrsaí réamhráite, is léir go raibh an tiarratasóir go mór faoi mhíbhuntáiste agus is mó constaic a cuireadh roimhe mar chainteoir Gaeilge ar an aon chúis amháin: gur fhéach sé lena chuid ghnó oifigiúil a dhéanamh leis an Stát as Gaeilge.

2. Mionnscribhinn an tIarratasóir
2.1 Is saoránach Éireanach agus cainteoir Gaeilge an t-iarratasóir agus deanann sé a chuid ghnó oifigiúil as a teanga duachais. Theastaigh air iarratas a dhéanamh ar an bhfolúntas fograithe ag tús Aibrean, 2005 le aghaidh 'oifigeach cumarsáide.' Mionnainn sé na gníomhanna atá raite thuas san cúlra. Fuair sé litir arna dátú an 12ú Aibreáin, ar an 14ú Aibrean, leis an fhoirm iarratais i mBéarla. Ní raibh an chaipeisíocht riachtanach eile in éineacht leis an bhfoirm. Ní bhfuair sé freagra ar an litir ag lorg na caipeisíochta riachtanach i nGaeilge. Ní raibh a leithead ar fáil tríd an idirlíon.

2.2 Bhí an foirm iarratais i nGaeilge. Is léir go raibh eolais agus tuiscint ag teastáil chun an foirm a líonadh ón Acht 2001 agus ón Tuarisc. Ní raibh éinne in ann déiléail leis san Roinn Oideachais. Rinne an iarratasóir teagmháil le Clodagh O'Connor, ní raibh Gaeilge aici, ar an sprioc-dáta. Dúirt sé léi go raibh suim aige san fholúntas agus gur mhaith leis an seans iarratas a dhéanamh air. Cuireadh in iúl dó gur raibh Gaeilge ag Áine Lawlor agus chuir sé teachtaireacht gutháin agus sheol sé litir ríomhphoist léi.

2.3 Bhí leagan Gaeilge den foirmeacha ag teastáil uaidh. Fuair sé litir ag an 13ú Bealtaine. Deireann sé gur sheol sé an litir ríomhphoist ar an 26ú Aibreain, agus go raibh an data 6ú Meitheamh, mícheart os rud é go cuireann pácaiste bog-earraí an data reatha isteach san litir gach uair a n-osclaítear é. Scríobh aturnae an t-iarratasóir litir chuig Áine Lawlor ag lorg gealltanas uaithi agus ag lorg leagan nó tiontú oifigiúla den Acht agus den Tuarisc.

2.4 Tugann an Chúirt seo áird ar na haighneachtaí seo a leanas a bhaineann leis an chás seo.

3. Aighneachtaí na bPáirtí

Aighneachtaí an t-Iarratasóir
3.1 Ceann dena argóintí a bhí ag abhcóide an t-iarratasóir ná go bhfuil na forlacha ar fad faoi Airteagail 25 le comhlíonadh. Muna bhfuil nadúr sainordaitheach faoi airteagail 25 comhlíontar deireann abhcóide le haghaidh an t-iarratasóir nach bhfuil Bille achtaithe ina dhlí – símithe and fógraithe de réir Airteagal 25.1. Bunreacht na hÉireann. Cuireann an abhcóide beim áirithe ar Airteagal 25.4.4°:

      Ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile i gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga amháin de na teangacha oifigiúla.
Phléigh an Chúirt Uachtarach le nádúr sainordaitheach Airteagal 25.4.4° in Ó'Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279. Dúirt McGuinness Brmh., ar lch. 294, (aibhsiú curtha leis):-
      "Deirimse go bhfuil an Stát thar thréimhse fada ama ag sárú an dualgais bhunreachtúil seo go scannalach neamhnáireach agus go mba cheart don Chúirt seo aird a dhíriú go poiblí ar nadúr sainordaitheach an dualgais atá leagtha síos in Airteagal 25.4.4°."
3.2 Maidir le scaradh na gcumhachtaí, tógann abhcóide an t-iarratasóir pasáiste ó na heagathóirí léannta Kelly, The Irish Constitution (3rd ed., 2003), ar lch. 383, a phléann le sáru dualgais faoi Airteagal 25 agus a mbeadh athbhreithiúnach breithiúnach ar fáil sa chás sin:
      "As the language of Article 25.1.1° is mandatory, and as there could be no question here of interference with the processes of either House of the Oireachtas, both of which would, on this hypothesis, have completed their function, there can be no reason to think that the Taoiseach [or in the present case the State] might not be amenable to judicial compulsion."
Ar ndóigh bhí an Chúirt Uachtarach ar an bport céanna in Ó'Beoláin nuair a dheonaigh an Chúirt an dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobail sa phríomhtheanga oifigiúil nuair a chuir an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil. Deonaíodh an dearbhú sin i gcomhthéacs athbhreithnithe bhreithiúnaigh as éirí as teip an Stáit a dhualgas faoi Airteagal 25, go sonrach Airteagal 25.4.4° a chomhlíonadh. Ní cheadaítear faoi réir Airteagal 25.4.4° agus faoi Airteagal 40 ag imoibriú le hAirteagal 8 den Bhunreacht dlíthe idir Achtanna agus ionstraimí reachtúla a chur amach agus a chur ar fáil go haonteangach (c.f., Delap v. An tAire Dlí and Cirt (1980-1998) T.É. 46, O'Beoláin).

3.3 Tráchtanna an Stáit, áfach, ar "thréimhse réasúnach" nó nach gá an tiontú oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil "chomh luath agus is féidir". Usáidtear an leagan cainte "laistigh de thréimhse réasúnach" i mbreithiúnais na hArdchúirte i gcúis Delap. Sa chás sin bhí an Chúirt ag plé le riaráistí. Bhí an leagan Béarla amuigh le fada ach bhí dualgas bunreachtúil á shárú ag an Stát agus cearta an iarratasóra á shárú ag an Stát dá réir faoi airtegal 40 ag imoibriú le hAirteagal 8. Dá bhrí sin ordaíodh don Stát nó treoraíodh dó an sárú seo a leigheas agus an tiontú a chur amach agus a chur af fáil "laistigh de thréimhse réasúnach" nó "chomh luath agus ab fhéidir". Ó tharla sa chás sin an leagan Béarla a bheith amuigh le fada an lá, ní fhéadfadh an Chúirt a ordú go gcuirfí an dá leagan ar fáil go comhuaineach. Bhí an deis sin caite agus ní dhéanann an Chúirt orduithe gan bhrí.

3.4 Deireann abhcóide an t-iarratasóir gur dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach don "tréimhse réasúnach" agus do "chomh luath agus is féidir" agus gur cháin an Chúirt an Stáit as moill, cipiléireacht agus sínteoireacht aimsire. D'fhreagair an Chúirt, déanann abhcóide an argóint, an cheist "Cathain ar choir an tiontú oifigiúil a chur amach?" leis an dearbhú: nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille": Is é sin le rá nuair a dhéantar dlí de: an dá leagan a chur amach agus a chur ar fáil go comhuaineach. Sin mar a bhí ó 1922 go dtí c.1980.

3.5 Chuir abhcóide an t-iarratasóir chun suntais chomh maith alt 7 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: "a luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla." Is é bharúil abhcóide le haghaidh an Stáit go dtugann Airteagal 25 den Bhunreacht rogha billí a rith go haonteangach nó go dátheangach. Tá ceachtar acu bunreachtúil. Le halt 7 de Acht 2003, áfach, roghnaidh an tOireachtas, mar is ceadmhach dó, billí a rith go comhuaineach.

3.6 Is é argóint abhcóide an t-iarratasóir gurbh údaráis iad na cásanna Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí (1980-1988) T.É. 42, Delap agus in Ó Beoláin le haghaidh an tairiscint go bhfuil ceart ag an t-iarratasóir le leagan oifigiúil Gaeilge den fhoirmeacha iarratais do phostanna leis an gcéad freagóir agus an sonraíocht a ghabhann leis na postanna sin agus an Tuarisc a bheith ar fáil i nGaeilge. Maidir le tabhacht an chás seo, luaigh abhcóide an t-iarratasóir Hardiman Brmh. in Ó'Beoláin ar lch. 320:

      "Ag cuimhneamh ar stádas na Gaeilge feictear domsa go bhfuil siad siúd ar mian leo í a usáid i dteideal iomlán é sin a dhéanamh agus i dteideal gach áis atá riachtanach chun é a dhéanamh ar a laghad sa mhéid is atá áiseanna dá leithéid ar fáil dóibh siúd a úsáideann an dara teanga oifigiúil."
Sin atá ón iarratasóir sa chás seo. Is féidir an dá leagan a chur amach agus a chur ar fáil ag an gcéanna. Sin mar a bhí anuas go dtí c.1980. Sin is brí dáiríre le chomh luath agus is féidir. Is féidir an dá leagan a chur amach go chomhuaineach.

Aighneachtaí an Stáit
3.7 Is é an cás atá an Stáit ná nach bhfuil an t-iarratasóir i dteideal faoiseamh ar bith de bharr go bhfuil an dualgas comhlíonta ag an Stáit ag an bpointe seo. Séanann an Stáit nach bhfuil an t-iarratasóir i dteideal faoiseamh ar bith dá bharr nar chur sé isteach ar an bpost. Glacann an Stáit go raibh sé fíor nach raibh an cáipéisíocht iomlán ón Chomhairle Mhúinteoireachta ar fáil trí Ghaeilge ach is cás an Stáit é ná nach bhfuil dualgas bunreacht air é sin a dhéanamh.

3.8 Deireann abhcóide an Stáit go bhfuil difríocht an-mhór idir an cás seo agus na firicí a bhí gceist i gcás Ó Beoláin. Sa chás sin, bhí an t-iarratasóir le dul ós chomhair cúirte toisc go raibh sé curtha ina leith go raibh sé ciontach faoi Alt 49 d'Acht um Thrácht ar Bhóithre mar atá an t-Acht sin leasaithe. Ní raibh aon rogha aige ach dul faoi bhráid na cúirte agus an cás a chosaint nó pléadáil ciontach de réir mar bha mhian leis. Bhí sé intuigthe go raibh sé riachtanach go mbeadh an reachtaíocht agus Rialacha Chúirte agus ar eile ag taisteáil uaidh chun na críche sin. Is féidir an méid céanna a rá faoi chásanna eile cosúil le Delap in a raibh imeachtaí cúirte i gceist. Ní thugann abhcóide an Stáit aon aird ar cás Ó'Murchú.

3.9 In éineacht leis an argóint sin, deireann abhcóide an Stáit nach bhfuil aon seasamh ag an t-iarratasóir ar na pointí seo a leanas. Níl aon seasamh ag an t-iarratasóir mar gheall (1) nár chur an t-iarratasóir isteach ar an bpost agus tá an sprioc lá thart le fada an lá; (2) ní féidir leis an iarratasóir a chrúthú go raibh aon cháilliúnt substaintiúil aige toisc nach raibh cáipéisí áirithe le fáil ag an am (3) nach raibh aon dualgas ar an iarratasóir chur isteach ar an bpost a bhí fógraithe agus (4) nach bhfuil sé cruthaithe ag an t-iarratasóir go raibh na cáiliochtaí cui aige don phost a bhí i gceist.

3.10 Maidir leis an dara argóint, deireann abhcóide an Stáit go bhfuil sé ráite maidir leis na faoisimh atá le fáil trid an gcóras athbhreithniú bhreithiúnach ná: [They] are designed to remedy real and substantial injustice rather than give satisfaction, however legitimate," mar a dúirt Donaldson J. ar lch.551 in Reg v. Aston University Senate ex p. Roffey [1969] 2 Q.B. 538. Tá an rud chéanna ráite ag an cúirteanna sa tír seo. Feach, mar shampla, ar Byrne v Grey [1988] I.R. 31; Berkeley v Edwards [1988] I.R. 217; Farrell v Farrelly [1988] I.R. 201.

3.11 Freisin, is é cás an Stáit go gcaithfear go bhfuil teoranta praicticiúla leis an réimse dualgaisí atá ar an Stát nuair nach bhfuil reachtaíocht i gceist agus nuair nach bhfuil aon bhac a chur ar dhuine cás cúirte a thógail nó é féin a chosaint i gcás choiriúl.

4. Conclúidí
4.1 Ní chuireann Airteagal 8 den Bhunreacht cearta ar fáil maidir le stadas an teanga Ghaeilge agus cuirtear é i bhfoirm dearbhaithe. Cuireann an dearbhú seo den Ghaeilge mar an chead teanga oifigiúil, afách, dualgais intuigthe ar an Stáit. Mar a dúirt Kennedy C.J. in Ó'Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469, ar lch.483, mar a bhí mheasta in Ó'Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R 279, ar lch.343, maidir le Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann 1922:

      There is no doubt in my mind but that the term "National" in the Article is wider than, but includes,"official" … None of the organs of the State, legislative, executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provisions of Art. 4.
4.2 Luaigh Ó hAnluain Brmh. ar an ráiteas seo in Ó'Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí [1980 - 1998] I.R. T.É. 42, maidir le Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann 1922 agus ansin dúirt Ó hAnluain Brmh., maidir le airtegal 8 de Bhunreacht nh hÉireann 1937:
      Táim den bharúil go bhfuil forálacha Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann níos treise maidir leis an aitheantas a tugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ná mar abhí Airteagal 4 de Bunreacht an tSaorstáit.
4.3 Dhiúltaíonn an Chúirt seo argóint abhcóide an Stáit i dtaca le seasamh an t-iarratasóir mar tá an Stát ag sárú a chuid dualgais bunreachtúil agus gan dabht is é seo "a real and substantial injustice." Mar a dúirt Henchy Brmh. i gcás Cahill v. Sutton [1980] I.R. 269 san Chúirt Uachtarach ar lch.283 maidir le himeachtaí a bhaineann le fórlacha reachtúil áirithe a bheith dearbhaithe míbhunreachtúil:
      Without concrete personal circumstances pointing to a wrong suffered or threatened, a case tends to lack the force and urgency of reality.
4.4 Ceapann an Chúirt go bhfuil "concrete personal circumstances pointing to a wrong suffered" cruthaithe ag an t-iarratasóir maidir le sárú an Stáit tiontú Gaeilge den tAcht 2001 a chur ar fáil mar atá á iarraidh faoi Airteagal 25.4.4° agus sárú dena chuid dualgaisí faoi Airteagal 8 maidir le stadas an chéad teanga oifigiúil.

4.5 In éineacht le cis a chur ar phróiséis iarratas an t-iarratasóir bhí a chuid ceartanna bunreachtúil agus reachtúil sáraithe. Chomhlaíonn sárú dualgaisí an Stáit caighdéan níos cruinne i gcásanna áthbhreithniú breithiúnach, a bhaineann le seasamh an t-iarratasóir, nuair atá ar an t-iarratasóir taispéaint go raibh dul i bhfeidhm, nó go raibh bagairt, ar ceart reachtúil nó leas údarásach. Féach mar shampla ar Gregory v. Camden L.B.C. [1966] 1 W.L.R. 899; Gouriet v. U.P.O.W. [1978] A.C. 435, agus léirmheasa Keane Brmh., mar a bhí sé ansin, in Irish Permanent Building Society Ltd. v. Caldwell [1979] I.L.R.M. 273.

4.6 Freisin in Ó'Murchú nuair a bhí costaisí á lorg ag t-iarratasóir mar gheall gur theip an Stáit tiontú Gaeilge dena doiciméid riachtanach a dhéanamh, thug Ó'hAnluain Brmh. aird ar réasúntacht seasamh an t-iarratasóir ar lch.45:

      Táim den bharúil gur sáraíodh cearta dlí abhi aici fen Bhunreacht, agus go raibh sé réasúnta na himeachta seo do chur ar bun d'fhonn faoiseamh a lorg on Ard Chuirt.
4.7 San Ard-Chúirt in Ó'Murchú fuair an t-iarratasóir ordú mandamus agus bhí ar na bhfreagróirí tiontú Gaeilge dena chaipeisíocht riachtanach le haghaidh ionchorpú agus clárú 'Comhair na Múinteoirí Gaeilge'. Bhí costaisí á lorg ag an t-iarratasóir le aghaidh an chead cás. Níor íoc an Stáit ar an argóint nach raibh dualgas air na chaipéisíocht seo a chur ar fáil i nGaeilge agus go mbeadh an t-iarratasóir ábalta tiontú a dhéanamh í féin.

Dheonaigh Ó hAnluain Brmh. costais agus dúirt sé ar lch.44:

      Tá sé soiléir gur gan dua don té atá toilteanach an leagan Béarla d'usáid. Tá sé soiléir gur caitheadh airgead Stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní fheictear dhom go bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag an gcuid sin den phobal gur mian leo an gnó a dhéanamh tré mheán an phrímh-theanga oifigiúil muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibh-sin freisin.
Droimscríobhtar Ó hAnluain Brmh. ansin pasaiste den bhreithiúnas, mar a rinne Hardiman Brmh. in Ó Beoláin ar lch.339, de Kennedy C.J. in O'Foghludha maidir le Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann ar lch.483:
      The declaration by the Constitution that the national language of the Saorstát is the Irish language … did mean … by implication that the State is bound to do everything within it's sphere of action … to establish and maintain it in it's status as the national language … None of the organs of the state, legislative, executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State without offending against the constitutional provisions of Article 4.
4.8 Dúirt Ó hAnluain Brmh. freisin in Ó'Murchú ar lch.45 go bhfuil fóralacha Airteagal 8 de Bhunreacht na Éireann níos tréanach ná mar atá in Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann maidir le stadas an Ghaeilge mar an chead teanga oifigiúil den Stáit. Fuair an Ard Chúirt in Ó'Murchú go raibh cearta bunreachtúil an t-iarratasóir sáraithe nuair a dhiúltaigh an Stáit na foirmeacha le haghaidh ionchorprú riachtanach a chur ar fáil. Bhí foirm iarratas an t-iarratasóir le fáil i nGaeilge. Seard atá i gceist sa chás seo ná doiciméid eile.

4.9 Tugtar forrán don cheart go mbeadh abhair reachtúil le fáil i nGaeilge in Delap v. An tAire Dlí agus Cirt [1990] I.R. T.É. 48. Dúirt Ó hAnluain Brmh. ar lch.51 go raibh dualgas ar an Stáit tiontú a chur ar fáil dena Rialacha na nUaschúirteanna in am tréimhsé reasúnach i gcomparáid leis na Rialacha san tiontú Béarla agus gur theip ar an Stáit a dualgais a chomhlíonadh sa chaoi sin.

4.10 Faoi dualgaisí bunreachtúil, reachtúil, faoi an tAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus fasach an t-Ard Chúirt, tá ceart ag an t-iarratasóir a chuid ghnó a dheanamh leis an Stáit trí Ghaeilge gan constaic mar atá le fáil ag duine a dhéanann a chuid ghnó trí Bhéarla.

4.11 Is údaráisí na cásanna Ó Murchú agus Delap le haghaidh an tairiscint nach cheart trioblóid ná costas breise a chur ar dhaoine ar mian leo gnó oifigiúil a dhéanamh as Gaeilge leis an Stáit. Nuair a chuirtear doiciméid oifigiúla atá riachtánach do sheoladh gnó oifigiúil agus dlíthiúil ar fáil i dteanga amháin, is cóir leagan sa teanga eile a chur ar fáil a luaithe agus is féidir dá éis sin.

4.12 Maidir leis na cúiseanna a bhaineann le seasamh an t-iarratasóir a chur abhcóide an Stáit i láthair na Cúirte, seo h-iad cinneadh an Chúirt:

      1. Níl aon éifecht déanta ar seasamh an t-iarratasóir as ucht nár chur an t-iarratasóir isteach ar an bpost agus tá an sprioc lá thart le fada an lá mar gheall gur bhain an t-iaratasóir usáid as a cheart doiciméid áirithe riachtanach don iarratas a fháil i nGaeilge agus ní raibh sé ráite fiú ann dó in am nach mbeadh na doiciméid seo le fáil;

      2. Bhí cháilliúnt substaintiúil ag an t-iarratasóir de bharr sárú a chuid ceartanna bunreachtúil agus reachtúil faoi Airteagal 8 agus Airteagal 25.4.4° den Bhunreacht agus alt 7 den tAcht 2003 nach raibh an tAcht 2001 le fáil san chéad teanga oifigiúil;

      3. Ní bhaineann an firic nach raibh aon dualgas ar an iarratasóir chur isteach ar an bpost a bhí fógraithe leis san chás láithreach. Seard atá i gceist anseo ná go raibh an t-iarratasóir saor iarratas a dhéanamh le haghaidh an phost seo agus go raibh ceart aige nach mbeadh sé faoi aithne as ucht a rogha an ghnó seo a dhéanamh trí Ghaeilge;

      4. Ní bhaineann cáilíochtaí an t-iarratasóir leis na himeachtaí seo mar gheall go bhfuil focas an chás seo le próiséis iarratais le haghaidh an phost ní le coras roghnú na h-iarrthóirí nach theip orthu dul trí an phróiséis iarratais.

4.13 Tá argóintí abhcóide an Stáit an chosúil le spiorad den phrionsabal a leag Geoghegan Brhm. síos in Ó'Beoláin. Níl prionsabal Geoghegan Brmh. freagrach, áfach, le tromlacht an Chúirt Uachtarach. Feach, mar shampla ar Hardiman Brmh., ar lch. 318, a dúirt nach cheart go mbeadh duine in imeachtaí cúirte faoi míbhuntáist "de bharr a rogha dlíthiúla teanga."

4.14 Dheonaíonn an Chúirt seo an chéad agus an dara faoiseamh don t-iarratasóir go dtí an shlí atá le fáil faoi alt 9(2) den tAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

      I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, freagróidh an comhlact poiblí sa teanga chéanna.
Níl sé mar áit an Chúirt, áfach, roghanna a dhéanamh in iarratas athbhreithniú bhreithiúnach maidir le deiseanna phoist leis an chead bhfreagróir. Mar a dúirt Brightman L.J in R. v. Chief Constable of North Wales Police, ex parte Evans [1982] 1 W.L.R. 1155 ar lch. 1173 (mar a thug Kelly Brmh. in Flood v. Garda Síochána Complaints Board [1997] 3 I.R. 321 ar lch. 345): "Judicial review is concerned, not with the decision, but with the decision-making process."

4.15 Maidir leis an triú faoiseamh, tiontú an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001, deireann Airteagal 25.4.4° den Bhunreacht seo a leanas:

      I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.
4.16 Fiú nach bhfuil aon rud ráite faoi fráma am faoin fóralacha seo, dúirt McGuinness J. san Chúirt Uachtarach in Ó'Beoláin, ar lch. 293, mar a leanas:
      Mar a chuir abhcóidí ar an dá thaobh ar shúile na cúirte seo, ní leagann Airteagal 25.4.4° aon fhráma ama síos maidir le soláthar aistriúcháin ar gach bille/achta. Ach is cosúil ón Airteagal ar fad gur nós imeachta sách scioptha a bhí i gceist. In aon áit a bhfuil teorainneacha ama i gceist is teorainneacha gearra iad. Tá an modh oibre réamh-1980 trína gcuirtí aistriúcháin ar fáil nach mór go comhuaineach le hachtú an reachta, níos cosúla go mór le tiúin ghinearálta an Airteagail ná an bealach atá ann anois nach gcuirtear aistriúchán ar fáil ach amháin nuair atá gá speisialta nó práinneach leis, chomh fada agus is féidir leis an gcúirt a dheimhniú.
4.17 Dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach argóint an Stáit go raibh tréimhse am reasúnta ag taisteáil le tiontú a dhéanamh mar gheall nach raibh aon tiontú oifigiúil le fáil dena Rialacha Cúirt Duiche le aghaidh 20 bliain. Aontaíonn an Chúirt seo le abhcóide an t-iarratasóir nach bhfuil righneas 4 bliain reasúnta agus go mba cheart go raibh an tAcht seo le fáil trí Ghaeilge maidir leis dualgaisí bunreachtúil atá leagtar amach faoi Airteagal 25.4.4°. Cuireann an tAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 dualgais reachtúil chomh maith ar an Stáit. Mar a deireann alt 7:
      A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.
4.18 Ag labhairt go géar, ní féidir a rá go bhfuil righneas 4 bliain idir foilsiú an tiontú Béarla den Acht agus an chead teanga oifigiúil mar phroiséis 'comhuaineach'. Deonaíonn an Chúirt seo an triú faoiseamh mar go raibh a ndotháin am ag an Stáit tiontú Gaeilge den Acht a bheith le fáil i 2005. Tugann an Chúirt faoi deara go bhfuil tiontú den Acht le fáil anois i rith am na h-imeachtaí seo ach beidh an faoiseamh fós deonaithe le aird a thabhairt ar an Stáit agus a chuid dualgaisí bunreachtúil agus reachtúil sáraithe.

4.19 Bhí an t-iarratasóir á lorg dearbhú go mba cheart an Tuarisc a bheith le fáil i nGaeilge dó as ucht gurbh doiciméad riachtanach é le don fhoirm iarratais a chomlíonadh i gceart. Dár leis an t-iarratasóir, bhí constaic cuirtear ina bhealach de bhrí nach raibh an Tuarisc le fáil i nGaeilge le haghaidh an gnó oifigiuil a bhí le déanamh aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ceapann an Chúirt seo, bunaithe ar na cúiseanna léirithe thuas nach bhfuil ceart ag an t-iarratasóir an faoiseamh seo a bheith aige.

4.20 Ní dheonaíonn an Chúirt an faoiseamh deireannach don t-iarratasóir. Ní thiteann tuarisc i nGaeilge le haghaidh usáid an phobal i réimsé na fórlacha bunreachtúil atá léirithe suas nó faoin caipéisíocht oifigiúil ina bhfuil tiontú comhuaineach ag taisteáil faoi alt 10 den tAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ní féidir aon sainmhíniu a fháil le haghaidh tuarisc as na sonraí seo a leanas faoi alt 10:

      (a) aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;

      (b) aon tuarascáil bhliantúil;

      (c) aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;

      (d) aon ráiteas staitéise a cheanglaítear a ullmhú faoi alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997; agus

      (e) aon doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú an Aire Airgeadais agus cibé aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile den Rialtas, agus is doiciméad de thuarisc nó d'aicme a bhfuil, i dtuairim an Aire, tábhacht mhór phoiblí ag baint leis.

4.21 Tarlaíodh cúrsaí cosúil i gcás Delap nuair a thug an t-iarratasóir imeachtaí á lorg dearbhú a rá go mba cheart go mbeadh Rialacha na hUascúirteanna le fáil. I rith am na himeachtaí chuir an Stáit tús le tiontú na Rialacha sin mar an gcéanna sa chás láithreach agus an tAcht 2001. Tugann an Chúirt seo faoi deara an tagairt a thug Ó'hAnluain Brmh. ar an gníomh seo in Delap ar lch.51:
      Táim den bharúil, afách, gurbh' eigean don Iarratasóir na himeachta seo do bhunú d'fhonn faoiseamh fé mar bhí dlite dó d'fháil i dtaca leis an ábhar a bhí i gceist.









Ar ais ar barr an leathanach