Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
An Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí -v- Billings
Lua Neodrach:
[2019] IECA 149
Uimhir Taifid na Cúirte Achomhairc:
14/17
Uimhir Taifid na Cúirte Achomhairc:
14/17
Dáta Seachadta:
05/28/2019
Cúirt:
An Chúirt Achomhairc
Comhdhéanamh na Cúirte:
Birmingham P., Baker J., McCarthy J.
Breithiúnas ó:
Birmingham P.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh

[2019] IECA 149
AN CHÚIRT ACHOMHAIRC
[14/17]

An tUachtarán
Baker B.
McCarthy B.
IDIR
AN POBAL AR AGRA AN STIÚRTHÓRA IONCHÚISEAMH POIBLÍ
FREAGRÓIR
AGUS
DONAL BILLINGS
ACHOMHARCÓIR

BHREITHIÚNAS na Cúirte tugtha ar an 28u lá de mí Bealtaine 2019 ag Uachtarán Birmingham.

1. An 26 Deireadh Fómhair 2016, ciontaíodh an t-achomharcóir sa Chúirt Choiriúil Speisialta i gcúig scór a bhí ar an mBille Díotála. Ba iad sin:

      (i) cion de sheilbh neamhdhleathach ar shubstaintí pléascacha contrártha d’alt 4 den Explosive Substances Act, 1883 (arna leasú); an cion de shubstaint phléascach a bheith i seilbh duine nó faoina rialú in imthosca a thabharfadh mar thátal réasúnach nach chun críche dleathaí a bhí sé ina sheilbh nó faoina rialú;

      (ii) ceithre scór contrártha d’alt 12 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976: scóir a bhaineann le tuairisc bhréagach a thabhairt a chuirfeadh i gcéill cion a bheith déanta, contrártha d’alt 12 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976.

2. Ina dhiaidh sin, an 15 Nollaig 2016, gearradh téarma príosúnachta d’ocht mbliana go leith ar an achomharcóir. Tá achomharc déanta aige i gcoinne a chiontaithe agus a phianbhreithe araon. Sa bhreithiúnas seo, ní dhéileáiltear ach leis an ngné chiontaithe amháin.

3. Go ginearálta, tá dhá chomhpháirt ag baint leis an achomharc seo. Ar an gcéad dul síos, rinne an t-achomharcóir gearán gur sháraigh an Chúirt thrialach a chearta mar chainteoir Gaeilge arbh mhian leis a thriail a sheoladh i nGaeilge. Ar an dara dul síos, tá gearán ann faoi leordhóthanacht na fianaise a bhí ar fáil do Chúirt na Trialach agus ar bhraith an Chúirt uirthi nuair a bhí an t-achomharcóir á chiontú.

4. Seoladh an t-achomharc sa dá theanga, rinneadh ateangaireacht ar gach rud a dúradh i mBéarla le linn an achomhairc go Gaeilge, agus rinneadh ateangaireacht ar gach rud a dúradh i nGaeilge go Béarla. Ullmhaíodh an breithiúnas seo i mBéarla toisc gur gnáthurlabhra de gach comhalta den Chúirt é, ach mar ábhar cúirtéise, rinneadh socruithe chun an breithiúnas seo a aistriú go Gaeilge ionas gur féidir na leaganacha Gaeilge agus Béarla de a chur ar fáil ag an am céanna. Tá an cur chuige seo ag teacht leis an gcur chuige sin a ghlac Geoghegan B. sa chás Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279 ag lch. 355.

5. Sula dtugtar aghaidh ar an dá phríomhghné den chás, a d’fhéadfá tagairt dóibh mar "an tsaincheist um chearta teanga" agus an tsaincheist “leordhóthain fianaise chun ciontuithe”, d’fhéadfadh sé a bheith áisiúil tagairt a dhéanamh do chúlra fíorasach an cháis. Tarraingíonn an achoimre seo go mór ar bhreithiúnas agus rialú na Cúirte Coiriúla Speisialta a thug Hunt B. an 26 Deireadh Fómhair 2016, arb é an 13ú Lá den triail. Bhain an cás seo le himeachtaí a tharla idir an 16 agus 18 Bealtaine 2011. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na dátaí toisc gur tharla na himeachtaí ag an am céanna le cuairt Stáit Bhanríon Eilís II ar Éirinn.

6. An 16 Bealtaine 2011, bhí seirbhís curtha ar fáil ag Bus Éireann ó Bhéal an Átha, Contae Mhaigh Eo go Baile Átha Cliath tríd an Longfort: seirbhís Uimh. 22. Bhí Corduff Travel ag feidhmiú na seirbhíse thar ceann Bhus Éireann. Bhí Cúirt na Trialach sásta gur cuireadh earra ar an mbus, nuair a bhí an bus stoptha sa Longfort, agus gur chuir fear an t-earra sin ar an mbus ach ní dheachaigh sé ar an mbus, agus gur thaispeáin an tUasal Gollec Krzysztof, an tiománaí bus, an duine a rinne an gníomh seo, ar an bpíosa scannáin TCI Le linn na trialach, bhí cuid den chroscheistiú a rinne an chosaint dírithe ar an bhféidearthacht gurbh fhéidir gur cuireadh an gléas pléascach, a aimsíodh ar an mbus, ag aon cheann de na stadanna eile inar osclaíodh an t-urrann bagáiste. Roimh an stad sa Longfoirt, stop an bus ag Béal Átha na Muice agus ag Béal Easa, agus lean sé ar aghaidh ag stopadh ag roinnt áiteanna sular stop na Gardaí é.

7. Sa bhreithiúnas agus sa rialú a thug an Chúirt, dúradh gur thug sí aird ar leith ar chroscheistiú an Chigire Garda Jones maidir lena léirmhíniú ar an bpíosa scannáin TCI den duine aonair atá le feiceáil ag dul i dtreo an bhus sa Longfort agus go ndearna sí athbhreithniú cúramach ar an bpíosa scannáin TCI. Mar thoradh ar na hábhair a ndearna an Cigire Jones tagairt dóibh, lena n-áirítear uillinneacha agus an tslí ina raibh an mála á iompar nuair a bhíothas ag dul i dtreo an bhus, agus ag imeacht ón mbus chomh maith, le cruth an mhála roimh agus ina dhiaidh sin, bhí Cúirt na Trialach sásta go raibh earra sách mór á iompar ag an duine a bhí ag dul i dtreo an bhus nach raibh sa mhála nuair a d’fhág an bus.

8. Ar iarratas ón gcosaint, d'fhéach comhaltaí na Cúirte seo ar an bpíosa scannáin le linn an achomhairc. Ós rud é go raibh an rochtain a bhí ag an gCúirt seo chun féachaint ar an fhianaise teoranta, cé nach bhfuilimid, ar bhealach ar bith, ag diúltú fianaise an Chigire Jones, ná ag easaontú leis an léirmhíniú a rinne Cúirt na Trialach ar an fhianaise, nílimid, sa Chúirt seo, in ann an cinneadh a rinneadh sa Chúirt sin a mholadh go huile is go hiomlán. Is é an cás ná go raibh an buntáiste ag Cúirt na Trialach éisteacht leis an gCigire Jones, buntáiste nach bhfuil againn sa Chúirt seo. Tá an buntáiste seo thar a bheith géar nuair a bhíonn sé ag tabhairt barúla faoin bpíosa scannáin TCI a raibh an cumas ag an gCúirt féachaint air agus athbhreithniú a dhéanamh air.

9. Sa phíosa scannáin TCI, deimhnítear gur stop an bus thart ar 7.38i.n. ar feadh tréimhse sa Longfort, ag stopadh sa limistéar páirceála taobh amuigh de stáisiún iarnróid an Longfoirt, áit inar thóg an tUasal Krzysztof sos. D'fhan tiománaí an bhus in aice leis an mbus an t-am ar fad a raibh sé sa Longfort toisc go raibh fadhb aige leis na cuimilteoirí a bhí sé ag iarraidh a réiteach. Sa phíosa scannáin TCI a taispeánadh ag an triail agus ar bhreathnaigh comhaltaí na Cúirte seo air, taispeántar duine ag dul i dtreo na háite ina raibh an bus páirceáilte ag 7.44i.n. agus ag fágáil arís ag 7.50i.n. Ag gach uile chéim den phíosa scannáin TCI, bhí mála á iompar ag an duine. Bhí sé ag caitheamh seaicéad dorcha a raibh cochaill air, agus brístí scaoilte a bhí níos dorcha ná an seaicéad, chomh maith le bróga bána. Thug an Chúirt trialach faoi deara nach bhféadfaí an cúisí nó aon duine eile a aithint bunaithe ar an bhfianaise sin amháin agus d'aontódh an Chúirt seo leis an mbreathnóireacht sin.

10. Le linn na trialach, cuireadh ceist ar an Uasal Krzysztof ar tharla aon rud neamhghnách le linn an stop sa Longfort. Dúirt sé gur tháinig fear chuig an mbus, gur chuir sé rud éigin ar an mbus, agus gur shiúil sé leis. Cheap an tUasal Krzysztof go raibh sé chun mála eile a fháil nó go raibh sé ag fágáil mála do dhuine a bhí ar an mbus cheana féin. Is é an cur síos a rinne sé ar an fhear ná gur fear é a raibh cóta éadrom, brístí dorcha, agus hata á gcaitheamh aige, go raibh folt gruaige ar a cheann, agus go raibh rud éigin cosúil le mála ollmhargaidh á iompar aige. Sa scáthán siar, chonaic an tiománaí an fear ag cur rud éigin ar an mbus agus é ar a ghlúine. Dúirt an tiománaí freisin gur bhraith sé gur cuireadh rud éigin ar an mbus ag an bpointe sin. I ndiaidh an tsosa, d’fhág an bus an Longfort agus lean sé ar aghaidh lena thuras i dtreo Bhaile Átha Cliath. Stop sé uair amháin i Meathas Troim, faoi dhó sa Mhuileann gCearr agus uair amháin i Maigh Nuad sula ndeachaigh na Gardaí i dteagmháil leis an Uasal Krzysztof, agus ag an am sin thiomáin sé an bus go dtí bá na mbusanna ar Bhóthar Stafford lasmuigh de Mhaigh Nuad, áit a ndearnadh an bus a chuardach. Sa bholg bagáiste, aimsíodh buama seiftithe a raibh tine ealaíne air ag feidhmiú mar mhaidhmitheoir agus méid leachta inlasta in éineacht leis chomh maith. D’aimsigh an Garda Lorna Reilly an t-earra a bhí i mála siopadóireachta fadsaoil Tesco, agus na dathanna gorm, bán agus dearg air.

11. Go gairid tar éis na n-imeachtaí i stáisiún traenach an Longfoirt, cuireadh glao ar stáisiún na nGardaí sa Longfort agus d’fhreagair an Garda Peter O'Donnell é ag 8.16i.n. B’fhear é an glaoiteoir agus mhair an glao ar feadh thart ar tríocha soicind. Dúradh leis an nGarda a d’fhreagair an glao éisteacht go cúramach, agus dúirt an glaoiteoir leis ]go raibh buama ar bhus; bus Bhéal an Átha go Baile Átha Cliath, an uimhir 22 le Corduff Travel. Luaigh an glaoiteoir freisin go raibh dara buama ar bhus ag Busáras agus dúradh go raibh tríú buama ag ceanncheathrú Shinn Féin. Labhair an glaoiteoir i mBéarla agus mheas an Garda go raibh an glaoiteoir idir tríocha agus daichead bliain d'aois. Cuardaíodh na trí shuíomh ar cuireadh an glaoiteoir in iúl dóibh. Cé gur aimsigh Garda Reilly buama in urrann bhagáiste an bhus ó Bhéal an Átha go Baile Átha Cliath, níor aimsíodh aon rud i mBusáras ná i gceanncheathrú Shinn Féin. Is é ár dtuairim ná gur thug an Chúirt thrialach tábhacht do chruinneas na faisnéise a chuir an glaoiteoir ar fáil do stáisiún Garda an Longfoirt maidir le buama a bheith ar an mbus áirithe sin, agus go raibh an Chúirt thrialach ceart é sin a dhéanamh. Thug Cúirt na Trialach faoi deara nár chomhtharlú ná buille faoi thuairim a bhí ann, maidir leis an bhfaisnéis a thug an glaoiteoir. Ina ionad sin, léirigh ábhar an ghlao go raibh, ag an am sin, eolas sonrach ag an té a ghlaoigh faoin bhfíoras go raibh, nó go gcuirfí, gléas pléascach ar an mbus áirithe sin.

12. Mar a bheifí ag súil leis, chuir na Gardaí tús le himscrúdú ollmhór. Go luath san imscrúdú, bhí sé mar thosaíocht faoi shonraí a fháil faoi na glaonna go léir ar Fholíne 4570, folíne na hOifige Poiblí ag stáisiún na nGardaí sa Longfort idir 8i.n. agus 9i.n. Léiríodh sna taifid a bhfuarthas rochtain orthu go bhfuair an Malartán glao teileafóin isteach ag 8.13i.n. an 16 Bealtaine 2011. Mhair an glao ar feadh thart ar seacht soicind is tríocha. Bhí am agus fad an ghlao an-ghar don mhéid a mheas an Garda Peter O'Donnell a d’fhreagair an glao. I scrúdú breise a rinneadh ar thaifid líonra O2, deimhníodh glao ar líne thalún stáisiún na nGardaí sa Longfort a mhair seacht soicind is tríocha ag 20.15.45 uair an chloig. I bhfiosrúcháin bhreise a rinneadh, chonacthas faisnéis ag teacht chun cinn maidir le siopa O2 ag Ionad Siopadóireachta an Longfoirt. An 16 Bealtaine 2011, bhí an tUasal Pavel Paskov ag obair ann agus, thart ar 4:45 i.n. an tráthnóna sin, dhíol sé cárta SIM le fear a raibh hata dorcha, spéaclaí agus seaicéad donn air. Thug an cúntóir siopa cur síos go raibh deifir ar an gcustaiméir agus nach raibh admháil á lorg aige don idirbheart. Bhí píosaí scannáin TCI ann freisin ón ionad siopadóireachta. I dtaifid an scipéid ón siopa O2, taispeántar gur dhíol an tUasal Paskov pacáiste SIM 'Speak-Easy' Réamhíoctha ‘Three’ agus go raibh an cárta SIM ceangailte le huimhir ghutháin ar leith: (086) 7362458 ar an líonra O2. Is é Paul Brennan as an Longfort an cur síos a tugadh ar an gcustaiméir. Ar mhaithe le héascaíocht, rinne Cúirt na Trialach tagairt ina dhiaidh sin don uimhir i gceist mar an “uimhir 086”. Chomh maith leis sin, cruthaíodh le sonraí O2 go raibh an sás láimhe agus an cárta SIM a úsáideadh chun an glao a chur laistigh den limistéar feidhme de shuíomh cille ar leith, Suíomh Cille 23031 ar an líonra O2 ag an am sin. Leis an aeróg sin clúdaítear ceantar soir ó Mheathas Troim, Contae an Longfoirt.

13. An 18 Bealtaine 2011, bhí Garda Tom Egan ag gníomhú mar Chomhalta i gCeannas ag stáisiún na nGardaí sa Longfort. Ag thart ar 7.21i.n., fuair sé glao gutháin ar an stáisiún. Ba í cuimhne an Gharda ar an nglao ná go ndúirt an glaoiteoir “éist, is ball de Scuad na Poblachta mé”. Lean an glaoiteoir ar aghaidh ag rá gur cuireadh buama in aice le Caisleán Bhaile Átha Cliath nó laistigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus go raibh sé beartaithe go ndéanfar é a phléascadh ag thart ar 8i.n. Is iad seo a leanas na nótaí a thaifead an Garda:

      “[É]ist agus taifead an teachtaireacht seo. Éist go cúramach leis an méid a bheidh le rá agam. Is comhalta mé de Scuad A de Bhráithreachas na Poblachta. Tá dhá mhoirtéar socraithe do Chaisleán Bhaile Átha Cliath ag 8i.n. Is do Bhanríon na Fola é seo, agus do chogadh na hIaráice.” [Aistriúchán ón mBéarla]
Tá sé le tabhairt faoi deara go raibh dinnéar Stáit ar siúl in onóir Bhanríon Eilís II, á óstáil ag an Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa, ar an oíche den 18 Bealtaine 2011 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

14. Arís eile, rinneadh scrúdú ar bhogearraí Stáisiún an Gharda Síochána sa Longfort agus ar thaifid an líonra O2. Deimhnítear sna taifid sin gur cuireadh glao ag 19.20.44 uair an chloig a mhair ocht soicind is tríocha. Ba í “an uimhir 086” an uimhir ónar tháinig an glao agus bhí an sás láimhe agus na cártaí SIM a úsáideadh chun an glao sin a dhéanamh lonnaith laistigh den limistéar feidhme de Shuíomh Cille 23003, an aeróg sin lena gclúdaítear limistéar ar an líonra siar ó thuaidh ó Ardach, Contae an Longfoirt, go dtí gar do Bhaile an Longfoirt.

15. Ar thráthnóna an 20 Bealtaine 2011, bhí an Garda Keith Meagher ag gníomhú mar Chomhalta i gCeannas ag stáisiún na nGardaí sa Longfort. Le linn a dhualgais, ag thart ar 15.16 uair an chloig, fuair sé glaoch ar líne thalún stáisiún na nGardaí freisin. B’fhear an glaoiteoir agus dúirt sé gur chóir dó éisteacht go cúramach agus an glao a thaifeadadh. Dúradh leis an nGarda go raibh “Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, fíor-Arm na hÉireann” ar an líne. Ansin cuireadh in iúl don Gharda Meagher go raibh dhá bhuama i gCorcaigh. Dúirt an glaoiteoir “níor éirigh linn le Caisleán Bhaile Átha Cliath, ach rinneamar an buama i Maigh Nuad”. Chuir an Garda isteach ar an nglaoiteoir agus d'iarr sé air an áit ina raibh na buamaí i gCorcaigh agus insíodh dó go raibh siad i leithris Aerfort Chorcaí. Tá sé le tabhairt faoi deara go raibh Banríon Eilís II ag imeacht ó Aerfort Chorcaí an lá sin tar éis dheireadh a cuairte Stáit. Arís eile, rinneadh bogearraí Stáisiún an Gharda Síochána sa Longfort agus taifid an líonra O2 a fhiosrú. Deimhnítear sna taifid sin gur cuireadh glao ag 15.12.53 uair an chloig a mhair ceithre shoicind is daichead. Bhí an sás láimhe agus an cárta SIM a úsáideadh chun an glao a chur lonnaithe laistigh den limistéar feidhme de Shuíomh Cille 23042 ag an am sin. Bhí an aeróg suite i lár an Longfoirt agus clúdaítear ceantar soir ó thuaidh ón suíomh cille léi. Is é ár dtuairim gur thug an Chúirt thrialach tábhacht arís don fhíoras go raibh an glaoiteoir eolach faoi ábhar na glaonna ar cuireadh níos luaithe ar Stáisiún na Gardaí sa Longfort ón “uimhir 086”, go ndearna sé tagairt shonrach don ábhar sin, agus go raibh an Chúirt thrialach ceart é sin a dhéanamh.

16. Maidir leis an dá ghlao níos déanaí, níor aimsíodh aon rud míchaoithiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ná in Aerfort Chorcaí. Sna cúinsí sin, bhí Cúirt na trialach sásta go ndearnadh gach ceann de na cionta ar an díotáil ar na dátaí sonraithe agus sa tslí sonraithe agus gurb é an tsaincheist iarbhír ag an triail ná cibé ar chruthaigh an t-ionchúiseamh nó nár chruthaigh, thar amhras réasúnach, go ndearna an cúisí na cionta uile nó aon cheann de na cionta. Thug an Chúirt faoi deara go raibh an cás ina choinne bunaithe den chuid is mó nó go hiomlán ar fhianaise imthoisceach.

17. Faoi thráthnóna an 20 Bealtaine 2011, b’ábhar spéise é an t-achomharcóir i gcomhthéacs an imscrúdaithe a bhí ar bun. An tráthnóna sin, lean Bleachtaire Garda ón Rannóg Choireachta agus Slándála é agus bhí súil á coimeád aige air. Gabhadh an t-achomharcóir i gcarrchlós Ollmhargadh Lidl thart ag 3.55i.n. ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, sa Longfort. Roimhe sin, ag thart ar 2.45i.n., chonacthas an cúisí ag fágáil a áit chónaithe ag Droim Lis, ag dul isteach i gcarr bán Seat Ibiza, cláruimhir 96 KE 4994. Bhí sé ina aonar. Ina dhiaidh sin leanadh é go hoifig an phoist i nDroim Lis agus chonacthas go ndeachaigh sé isteach agus gur fhág sé oifig an phoist ag 2.55i.n. nuair a thaistil sé go cul de sac ar Bhóthar Ghránaird giota beag ó Sheachbhóthar an Longfoirt. Ina dhiaidh sin, thaistil sé i dtreo lár bhaile an Longfoirt go dtí carrchlós Lidl ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath trí aicearra tráchta ag Currach an Déanaigh. Dhearbhaigh an Bleachtaire Garda ón Aonad Coireachta agus Slándála, a cheadaigh Cúirt na Trialacha a chéannacht a choinneáil rúnda, gurbh é an t-aon uair amháin nár choinnigh sé súil ar an gcúisí ná nuair a chuaigh sé isteach in oifig an phoist i nDroim Lis. Tar éis dó carrchlós Lidl a shroicheadh, d’fhan an Bleachtaire Garda i suíomh inarbh fhéidir leis súil a choinneáil ar an Uasal Billings fad a bhí sé sa suíomh sin. Ní fhaca sé an cúisí ag cur aon ghlao teileafóin. Dúirt sé go diongbháilte go raibh an t-achomharcóir leis féin ina charr i rith an ama ina raibh sé páirceáilte i gcarrchlós Lidl agus nár fhág sé a fheithicil.

18. Is í an tábhacht atá leis seo ná, nuair a gabhadh an cúisí, gur thug sé cuntas ar cad a bhí ar siúl aige ar an Aoine an 20 Bealtaine 2011. Sa chuntas seo, dúirt sé gur éirigh sé ag meán lae, chuaigh sé amach ag 3 i.n., agus thiomáin sé a charr ar an ngnáthbhealach go dtí an Longfort ó Dhroim Lis tríd an gcéad timpeallán. Chuaigh sé isteach i lár an bhaile, ansin chuaigh sé ar aghaidh go Lidl, áit inar pháirceáil sé sa charrchlós, shuigh sé ina charr agus bhí tae agus brioscaí aige. Ag tabhairt fianaise ag an triail, dúirt sé go raibh a fhios aige go raibh Gardaí timpeall na háite nuair a bhí sé sa charrchlós ag Lidl. Mhaígh sé gur aimsigh sé cárta SIM ar an talamh san áit inar stop sé a charr. Dúirt sé go bhfaca sé é nuair a bhí sé ag tiomáint isteach agus gur phioc sé suas ón talamh é. Ní dhearnadh aon tagairt dó ag stopadh i cul de sac, sa chuntas ar thug an cúisí do na Gardaí maidir lena ghluaiseachtaí ná sa mhéid a bhí le rá aige i bhfianaise le linn na trialach. Mar sin féin, bhí an Chúirt thrialach sásta le fianaise an Gharda gur stop sé ag an suíomh sin agus go raibh sé stoptha ansin ag an am nuair a cuireadh glao ar stáisiún na nGardaí sa Longfort ón “uimhir 086” ag 15.12 uair a chloig. Thug an Chúirt le fios go raibh an suíomh sin laistigh de lorg Shuíomh Cille 23042.

19. Tar éis don chúisí a bheith gafa, gabhadh an fheithicil ina raibh sé ina shuí, an Seat Ibiza, agus tugadh í go dtí stáisiún na nGardaí sa Longfort, áit a ndearnadh cuardach uirthi. Aimsíodh roinnt míreanna le linn an chuardaigh lena n-áirítear lámhainní trédhearcacha indiúscartha in urrann dorais de dhoras tosaigh an phaisinéara, mála siopadóireachta fadsaoil Dunnes Stores ar an urlár i spás coise an phaisinéara ina raibh hata dubh olla, péire lámhainní olla dubha, agus pacáiste SIM fón póca O2 le lámhscríbhneoireacht áirithe air. Bhí an cárta SIM a bhí ceangailte leis an “uimhir 086” sa phacáiste SIM freisin. Sa chuardach ar bhúit an ghluaisteáin, aimsíodh coimeádán cúig lítear le roinnt bheag peitril ann agus bun de bhuidéal plaisteach a gearradh ar bhealach a thug le fios go raibh sé le haghaidh tonnadóir seiftithe a tháirgeadh.

20. Thug Cúirt na Trialach aghaidh, ar dtús, ar an gceist ar cibé ar chruthaigh nó nár chruthaigh an t-ionchúiseamh go raibh an cúisí freagrach as na glaonna 086 a chur ar stáisiún na nGardaí sa Longfort. Bhí an Chúirt sásta gurbh é an duine a bhí ag úsáid an uimhir soghluaiste 086 a bhí ceangailte leis an gcárta SIM a ceannaíodh ón Uasal Paskov sa siopa O2 in Ionad Siopadóireachta an Longfoirt a rinne na glaonna go léir a cuireadh ar stáisiún na nGardaí sa Longfort. Bhí an Chúirt sásta go raibh cosúlacht coirp láidir idir an cúisí agus ceannaitheoir an phacáiste SIM, atá le feiceáil ar an bpíosa scannáin TCI agus de chuid Lárionad Siopadóireachta an Longfoirt agus ar na stadáin ón bpíosa scannáin. Mar sin féin, bhí an Chúirt den tuairim nach bhféadfadh sí teacht ar chonclúid gurb é an duine céanna é an cúisí agus an duine a bhí ar an bpíosa scannáin TCI, de bharr cuma cosúil a bheith orthu amháin. In ainneoin seo, bhí gnéithe breise ann a d'fhéadfaí a mheas mar ghnéithe suntasacha. Gné amháin a raibh tábhacht ar leith ag baint léi ab ea na héadaí a bhí le feiceáil ar an bpíosa scannáin TCI agus ar na stadáin, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na héadaí a chaith an cúisí agus a urghabhadh uaidh ar an lá a gabhadh é. Áiríodh leis seo T-léine corcra agus brístí spóirt dubha a bhí cosúil leis na cinn a chaith an fear a chonacthas ag fágáil an ionaid siopadóireachta. Bhí an Chúirt den tuairim go raibh a leithéid d'earraí coitianta agus b'fhéidir nach gcuirfidís go mór le tromachar na fianaise. Measadh go raibh tábhacht faoi leith ag baint le cuma agus cóiriú sainiúil an tseaicéid agus na mbróg reatha araon, a gabhadh ón gcúisí. Dúirt Cúirt an Trialach gur scrúdaigh sí go cúramach na painéil chóirithe ar bharr agus ar bhun an tseaicéid agus ag deireadh na muinchille, mar aon le fad agus dath an tseaicéid agus suíomh an chóirithe dhuibh ar na bróga reatha. Bhí an Chúirt sásta, thar amhras réasúnach, ní amháin go raibh cosúlacht i gceist leis an meascán de sheachéad agus brístí a raibh an cúisí ag caitheamh ag an am ar gabhadh é agus na héadaí sin a bhí á gcaitheamh ag an fear a bhí le feiceáil sa phíosa scannáin TCI, ach gurbh ionann iad, san fhírinne, go raibh siad díreach mar an gcéanna. Mheas an Chúirt gur chuir sé seo go mór leis an gconclúid gurbh é an tUasal Billings an ceannaitheoir a fheictear ar an bpíosa scannáin TCI agus ar na stadáin ón scannán. D'admhaigh an Chúirt gurb’fhéidir go raibh fear eile den chuma chéanna leis an Uasal Billings a cheannaigh cárta SIM sa siopa O2 sa Longfort agus a raibh an seaicéad agus bróga air díreach mar an gcéanna leis na héadaí a raibh ar an Uasal Billings nuair a gabhadh é roinnt lá ina dhiaidh sin. Mar sin féin, dúirt Cúirt na Trialach go raibh ábhair eile i gceist agus go raibh tuilleadh fianaise ann chun cuidiú leis an gcúisí a nascadh leis an gcárta SIM a úsáideadh chun na glaonna a chur ar Stáisiún na nGardaí sa Longfort. Thagair Cúirt na Trialach don ábhar a chonacthas mar ábhar a raibh tábhacht shoiléir leis, eadhon go bhfuarthas an cárta SIM 086 i seilbh an chúisí ina charr nuair a gabhadh é. Thagair an Chúirt don mholadh go ndearna an tUasal Billings iarracht é seo a mhíniú trí thagairt a dhéanamh don fhíoras gur tháinig sé ar an gcárta agus pacáiste SIM a bhí caite i leataobh i gcarrchlós an tsiopa Lidl sa Longfort nuair a pháirceáil sé ann chun tae agus brioscaí a bheith aige ag am ina raibh a fhios aige go raibh sé faoi bhreathnóireacht an Gharda Síochána. Dúirt an Chúirt dá mba rud é go nglacfaí leis seo mar fhéidearthacht réasúnach, fágann sé sin go raibh an cúisí chomh mí-ámharach sin gur tháinig sé ar an gcárta agus an pacáiste SIM a bhí caite i leataobh i gcarrchlós mór go gairid tar éis don chárta SIM a bheith úsáidte chun glao a chur ar stáisiún na nGardaí timpeall cúig nóiméad déag ní ba luaithe. Dúirt Cúirt na Trialach gur sin an pointe deireanach ag a bhféadfadh an Chúirt smaoineamh air mar fhéidearthacht réasúnach go raibh an cúisí ina íospartach mí-ámharach, mífhortúnach a bhí ionchoirithe mar gheall ar chomhtharlú.

21. Thug an Chúirt thrialach le fios nach féidir le cárta SIM glao gutháin phóca amháin a ghiniúint. Tá gá le sás láimhe atá ábalta nascadh leis an líonra gutháin phóca, chun é a fheidhmiú. Tugtar uimhir IMEI uathúil do gach sás láimhe soghluaiste aonair. Ag an am a gabhadh é sa charrchlós, urghabhadh guthán bán Motorola ón achomharcóir. Thagair an Chúirt d'fhianaise ar chuala sí ón Sáirsint Niall Duffy, saineolaí sna cúrsaí seo, agus bunaithe ar a fhianaise bhí sí sásta thar amhras réasúnach gur úsáideadh an cárta SIM 086 sa ghuthán Motorola ar leis an Uasal Billings é nuair a cuireadh na glaonna uile ar stáisiún na nGardaí sa Longfort, na glaonna sin a bhain leis an imscrúdú. Dhírigh an Chúirt Choiriúil Speisialta ar an gcointinn a rinneadh ar son an Uasail Billings go raibh an uimhir IMEI dá ghutháin ar na sonraí líonra a bhain leis na glaonna ar Stáisiún na nGardaí sa Longfort mar thoradh ar IMEI clónáilte ag feidhmiú i gcomhar leis an “uimhir 086” ag tráth na nglaonna. Dúirt an Chúirt nach raibh sí in ann an mhídhealraitheacht seo a chur san áireamh mar gheall ar nádúr agus líon na gcomhtharluithe a bheadh i gceist. Thagair Cúirt na Trialach don fhíoras gur cruthaíodh leis an bhfianaise go raibh baint ag an uimhir IMEI i gceist le húsáid de chárta SIM 02 i dTuaisceart Éireann a bhí ag an Uasal Billings. Léirigh sé nach raibh aon teagmhas d’IMEI clónáilte ag feidhmiú i limistéar difriúil ón bhfíor-IMEI Motorola a d'úsáid an cúisí chun glaonna pearsanta a dhéanamh, glaonna a gearradh ar an gcárta SIM 02 de Thuaisceart Éireann. Mar thoradh ar a hanailís, bhí sí den tuairim go ndearnadh an cárta SIM 086 a mhalartú isteach agus amach as guthán Motorola an chúisí nuair a bhí sé ag teastáil chun glaonna a chur ar Stáisiún na nGardaí sa Longfort.

22. Sna himthosca, bhí an Chúirt thrialach sásta thar amhras réasúnach gur léiríodh go cinntitheach leis an bhfianaise imthoisceach a tugadh ar aird go raibh an cúisí freagrach as na trí ghlaoch ar cuireadh ar líne thalún Stáisiún na nGardaí sa Longfort. De thoradh ar an bhfíoras go raibh uimhir líne talún de Stáisiún na nGardaí sa Longfort ar cuireadh glaonna air scríofa ar an taobh amuigh den phacáiste SIM, féadtar tabhairt le tuiscint go raibh na glaonna teileafóin a rinneadh pleanáilte de bhun tola ag ceannaitheoir an chárta SIM.

23. Ar bhonn a chuid anailíse agus measúnaithe ar an bhfianaise, bhí an Chúirt Choiriúil Speisialta sásta thar amhras réasúnach go raibh an cúisí ciontach ar Scóir 2 go 5. Maidir le seilbh an ghléis phléascaigh, d’admhaigh Cúirt na Trialach, i leith an ghléis phléascaigh, a d’aimsigh na Gardaí nuair a chuardaíodh an bus i Maigh Nuad, go bhféadfaí gur cuireadh é ar an mbus ag aon cheann de na stadanna idir Béal an Átha agus Maigh Nuad. Bhí an Chúirt sásta, áfach, thar amhras réasúnach, gur sa Longfort a cuireadh an gléas ar an mbus, i ndáiríre, nuair a bhí sé stoptha ag stáisiún iarnróid an Longfoirt. Dúirt sí gur thángthas ar an gconclúid sin mar gheall ar mheascán d’fhachtóirí:

      (a) tharla sos an tiománaí ag an stad sa Longfort agus mar sin ba í an deis is faide a bhí ar fáil do dhuine nach paisinéir é nó í earra a chur ar an mbus;

      (b) bhí an duine a chuir glao ar Stáisiún na nGardaí sa Longfort, a chuir in iúl go raibh gléas curtha ar an mbus áirithe sin, ag úsáid cárta SIM a ceannaíodh sa Longfort;

      (c) rinneadh an chéad ghlaoch ar stáisiún na nGardaí trí shuíomh cille i gContae an Longfoirt;

      (d) i mála i gcarr an chúisí, ag carrchlós Lidl sa Longfort, aimsíodh pacáistiú an chárta SIM a úsáideadh chun an glao rabhaidh a dhéanamh agus lámhscríbhinn air ina raibh Uimhir Chláraithe an bhus i gceist, uimhir líne talún Stáisiún na Gardaí sa Longfort, agus foclaíocht dhátheangach a bhí cosúil le hainm úinéir an bhus;

      (e) ba é stad an Longfoirt an t-aon ócáid le linn an turais nuair a thug tiománaí an bhus aon eachtra neamhghnách faoi deara, nuair a tháinig duine i dtreo an bhus agus nuair a mhothaigh an tiománaí gur chuir duine earra san urrann bhagáiste, agus gur fhág an duine sin gan dul ar bord an bhus ná gan ticéad a cheannach; agus

      (f) ba ag 20.15 uair an chloig, go gairid tar éis don bhus baile an Longfoirt a fhágáil, a rinneadh an glao ar Stáisiún na nGardaí sa Longfort inar cuireadh in iúl go raibh buama ar an mbus sonrach sin, an ceann inar aimsíodh é ina dhiaidh sin.

Dúirt an Chúirt go raibh sí ag tabhairt aird ar leith ar an gcroscheistiú a rinne an Cigire Jones faoina mheasúnú ar an bpíosa scannáin TCI den duine a tháinig i dtreo an bhus agus a shiúil uaidh. Dúirt an Chúirt, de bharr na fianaise uile, go raibh an Chúirt sásta thar amhras réasúnach gur glacadh sa phíosa scannáin TCI ag an stáisiún traenach an duine a chuir an gléas pléascach seiftithe ar an mbus. Mheas sí nach raibh aon fhéidearthacht réasúnach eile ann maidir leis an bhfianaise gur cuireadh ar an mbus é in aon áit eile.

Leordhóthanacht na Fianaise
24. Tá sé áisiúil aghaidh a thabhairt ar ghné an cháis a bhaineann le leordhóthanacht fianaise ar dtús. Sna haighneachtaí i scríbhinn agus sna haighneachtaí ó bhéal rinneadh idirdhealú idir Scór 1, ar thaobh amháin, an scór a bhaineann leis na pléascáin, agus Scór 2 go Scór 5, na glaonna teileafóin bréige, ar an taobh eile. Is ar Scór 1 amháin atá suim an t-achomharcóir dírithe. Maidir leis na scóir a bhaineann leis na glaonna teileafóin bréige, is é an t-aon rud a d’aighnigh an t-achomharcóir, é féin, sna haighneachtaí i scríbhinn, ná nach ndearna an Chúirt an fhianaise a scrúdú i gceart agus gur theip ar an gCúirt míniú éigiontach a chur i bhfeidhm i gceart nó aird a thabhairt uirthi, agus go ndéanfaidh an t-achomharcóir an cheist sin a áitiú tuilleadh le linn na héisteachta sa Chúirt. Mar sin féin, le linn na héisteachta ó bhéal, thug abhcóidí le fios go raibh an t-achomharcóir sásta seasamh leis na haighneachtaí i scríbhinn a thug sé maidir leis na Scóir 2 go 5. Mar thoradh air sin, ní dhearnadh aon fhíor-argóint a chur chun cinn sna haighneachtaí scríofa nó ó bhéal maidir le sábháilteacht agus cruinneas na gciontuithe rabhaidh bréige. Ní ionadh ar bith é seo i ndáiríre. Mar atá leagtha amach go cúramach agus go cuimsitheach ag Cúirt na Trialach, bhí an fhianaise maidir leis na Scóir seo doshéanta agus tá sé doshamhlaithe go bhféadfadh an Chúirt teacht ar chonclúid eile maidir leis na cúitimh seo seachas an chonclúid ar tháinig sí uirthi.

25. Maidir le Scór 1; scór a bhaineann leis na pléascáin, ní mar sin atá an scéal ar chor ar bith. Ag an triail, le linn aighneachtaí i scríbhinn, agus le linn éisteachta an achomhairc, bhí an t-achomharcóir ar theann a dhíchill ag aighniú nach raibh aon chruthúnas gur fágadh an gléas pléascach, a aimsíodh ar an mbus, ag stáisiún iarnróid an Longfoirt. Cuireadh in iúl gur stop an bus ag roinnt suíomhanna ar an turas ó Bhéal an Átha roimh stad an Longfoirt agus ina dhiaidh, agus go bhféadfaí an gléas a chur ar an mbus ag aon áit de na stadanna seo, nó go deimhin, i mBéal an Átha. Áitíodh nach bhfuil an píosa scannáin TCI ó stáisiún traenach an Longfoirt ar ardchaighdeán agus nach gceadaítear leis aitheantas a chruthú. Cáintear go láidir gur ghlac agus gur bhrath Cúirt na Trialach ar an measúnú a rinne an Bleachtaire Cigire Jones nach raibh an t-earra céanna á iompar ag an duine a shiúil ón mbus, agus a bhí aige nuair a shiúil sé i dtreo an bhus. Deirtear, i gcás ina bhfuil scóir ar leithligh ann a bhaineann leis na glaonna teileafóin, go bhfuil sé éagórach agus neamhcheadmhach brath ar na nithe sin chun críche chion na bpléascán.

26. Tá an chointinn seo aincheaptha, i dtuairim na Cúirte. Is minic a bheidh sé ina chuid thábhachtach chun páirteach i ndéanamh cionta eile a chruthú, páirteach i ndéanamh ciona amháin a chruthú atá mar chuid d'eachtra níos leithne a bheidh mar chúis leis na cionta eile. Má ghlactar leis an sampla de ruathar airm ar bhanc, beidh sé ábhartha nasc a chruthú leis na hairm tine, b'fhéidir trí fhianaise d’iarmhar arm tine, ní hamháin maidir leis an gcion arm tine, ach leis an gcion robála freisin. Ba chás fianaise imthoiscí é seo, mar a d'aithin an Chúirt Choiriúil Speisialta. Tá an Chúirt sásta go raibh neart fianaise ar fáil don Chúirt thrialach agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sí, más mian léi, cinneadh a dhéanamh ciontú i leith Scór 1.

Saincheisteanna um Chearta Teanga
27. Mar atá leagtha amach san Fhógra Achomhairc, áitíonn an t-achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Choiriúil Speisialta cearta bunreachtúla an achomharcóra (lena n-áirítear Airteagail 48, 8, 24, agus 25 de Bhunreacht na hÉireann) chun a pháirt sa triail a sheoladh go hiomlán i nGaeilge gan bhac agus gan mhíbhuntáiste i gcomparáid le duine a bheadh sásta an Béarla a úsáid.

28. Sna haighneachtaí scríofa, maidir leis an gcéad fhoras, luaitear:

      “[t]heip ar an Stáit an Ghaeilge a eascú gan idirdhealú i gcodarsnacht na Bunreachta agus na reachtaíochta sa mhéid is, inter alia, :

        (a) Nár deineadh aistriúchán ar an Explosive Subtances Act 1883

        (b) Nár cuireadh an Athscríbhinn ar fail as Gaeilge. ”

Mar chúlra, ba chóir a mhíniú go ndealraíonn sé gur chuir an tUasal Billings in iúl gur mhian leis go seolfaí a chás i nGaeilge nuair a tháinig sé os comhair na Cúirte Coiriúla Speisialta ar dtús. Nuair a tháinig sé os comhair na Cúirte an chéad uair eile, an 2 Meitheamh 2016, tráth ina ndearnadh aturnaetha chomh maith le habhcóide sóisearach agus sinsearach ionadaíocht dó, dúirt an Breitheamh ceannais leis an abhcóide sinsearach den chosaint é seo a leanas:
      “Ní raibh tú i láthair an uair dheireanach, a Uasail Giblin. Ag an ócáid dheireanach, dúramar, ar ndóigh, go bhfuil gach ceart ag aon iarratasóir os comhair na Cúirte cás a sheoladh i nGaeilge, ach mar gheall ar an riachtanas gur gá go dtuigeann gach duine cad atá ag tarlú, déileálfaimid leis trí ateangaire.” [Aistriúcháin ón mBéarla]
D'fhreagair an t-abhcóide é seo a leanas:
      “Tá sé ar eolas agam féin” – [“I know it myself”]
29. Nuair a tharraing an Chúirt aird an abhcóide ar an aighneas seo, dúradh linn gurb í an chéad uair a bhí deis ag an abhcóide bualadh lena chliant, ar lá na héisteachta a bhí i gceist, agus gurb é iarratas ar bhannaí an príomhghnó a bhí le seoladh le linn na héisteachta sin agus nár cheart a ráiteas a ghlacadh mar aon chineál lamháltais ná admhála ar oiriúnacht dul ar aghaidh le cúnamh ó ateangaire.

30. Nuair a cuireadh tús leis an triail cheart an 4 Deireadh Fómhair 2016, tar éis fógairt an láithris, chuir abhcóide sinsearach don ionchúiseamh in iúl don Chúirt go ndearna an cúisí a cheart a agairt go ndéanfaí é a thriaileadh i nGaeilge, agus luaigh sé:

      “... [s]na himthosca, bheadh sé riachtanach ateangairí a bheith ann don Uasal Billings, agus don Chúirt agus don ionchúiseamh freisin. Ní thuigim, ná níl tuiscint ar leith agam ar an nGaeilge, mar sin beidh cúnamh ag teastáil uaim ó ateangaire agus mar sin beidh mé ag iarraidh ar an gCúirt ateangaire chur faoi mhionn sula dtarlaíonn aon socrú. ” [Aistriúcháin ón mBéarla]
Cuireadh beirt ateangairí faoi mhionn ansin. Ag an bpointe sin, d'iarr abhcóide don ionchúiseamh go n-ainmneofaí ateangaire amháin den bheirt ateangairí ar mhaithe leis an gcúisí. D'iarr an Breitheamh ceannais ansin ar abhcóide sinsearach an chosaint an raibh sé ag iarraidh ateangaire a roghnú. Ba chosúil go bhfuair sé léiriú éigin go raibh sé sin déanta cheana féin. D'iarr abhcóide don ionchúiseamh go ndéanfaí an tUasal Billings a dhíotcúiseamh ar an díotáil, ag cur in iúl go raibh dhá dhíotáil á dtabhairt os comhair na Cúirte: leagan Béarla agus leagan Gaeilge. Ar bhonn an aighnis sin, thuig comhaltaí na Cúirte seo go ndéanfaí ateangaireacht ó Bhéarla go Gaeilge gach uair a labhrófaí Béarla sa triail, ar mhaithe leis an Uasal Billings, agus go ndéanfaí ateangaireacht ó Ghaeilge go Béarla gach uair a labhrófaí Gaeilge sa triail, ar mhaithe leo siúd sa Chúirt a theastaigh uathu nó ar mhian leo leas a bhaint as an tsaoráid sin. Mar sin féin, ag céim luath d'éisteacht an achomhairc, dúradh linn nárbh amhlaidh a bhí an scéal agus go ndearnadh ateangaireacht ó Bhéarla go Gaeilge do gach rud a tharla sa Chúirt i mBéarla agus go ndearnadh ateangaireacht ó Ghaeilge go Béarla chun tairbhe gach duine, agus bhí an bheirt ateangairí arna gceapadh ag an gCúirt ag déanamh sealaíochta ag eatraimh de thart ar gach uair an chloig chun na críche sin.

31. Tá roinnt tuairimí agus cáintí ginearálta ag an achomharcóir maidir le seasamh na gcainteoirí Gaeilge os comhair na Cúirte agus díríonn sé ar dhá shaincheist, go háirithe; baineann an chéad saincheist leis an bhfíoras nár aistríodh ‘the Explosive Substances Act, 1883’ go Gaeilge agus baineann an dara saincheist leis an bhfíoras nár cuireadh ar fáil tras-scríbhinn thar oíche i nGaeilge nuair a cuireadh leagan Béarla ar fáil. In imthosca áirithe an achomhairc, tá sé áisiúil aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sonracha ar dtús sula ndéantar trácht ar na pointí níos ginearálta a ardaíodh.

32. Mar atá déanta ag an achomharcóir, rinneamar agus déanfaimid tagairt do Ghaeilgeoirí agus do Bhéarlóirí, ach tuigimid nach bhfuil na téarmaí sin comheisiatach agus go bhfuil, ar ndóigh, daoine a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu. Go deimhin, tuigimid, de réir an Daonáirimh is déanaí, go labhraíonn gach duine in Éirinn a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga an Béarla chomh maith.

The Explosive Substances Act 1883
33. Leasaíodh na forálacha ábhartha den Explosive Substances Act 1883 le halt 15(3)-(4) den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú) 1998 sna téarmaí seo a leanas sa leagan Béarla:

      “(3) Section 3 of the Explosive Substances Act 1883, inserted by s. 4 of the Criminal Law (Jurisdiction) Act 1976, is hereby amended by the substitution for ‘imprisonment for life’ of ‘a fine or imprisonment for life or both’.

      (4) Subection 4 of the Explosive Substances Act 1883 is hereby amended by the deletion in subsection (1) of all the words from ‘of felony’ to the end of that subsection and the substitution ‘of an offence and shall be liable, on conviction on indictment, to a fine or imprisonment for a term not exceeding 14 years or both, and the explosive substance shall be forfeited’.”

Is san fhoirm seo a leanas atá an leagan Gaeilge faoi seach den Acht 1998:
      “(3) Leasaítear leis seo alt 3 den Explosive Substances Act, 1883, a cuireadh isteach le halt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976, trí ‘a fine or imprisonment for life or both’ a chur in ionad ‘imprisonment for life’.

      (4) Leasaítear leis seo alt 4 den Explosive Substances Act, 1883, trí na focail go léir i bhfo-alt (1) ó ‘of felony’ go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh agus trí ‘of an offence and shall be liable, on conviction on indictment, to a fine or imprisonment for a term not exceeding 14 years or both, and the explosive substance shall be forfeited.’ a chur ina n-ionad.”

Is fiú é a lua nach n-áirítear sa leagan Gaeilge den Acht 1998 aistriúchán comhfhreagrach den téacs den Explosive Substances Act 1883 atá á leasú.

34. Cé nach bhfuil baint dhíreach leis an tsaincheist á plé ag an leasú ar alt 3 den Explosive Substances Act 1883 a rinneadh le halt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse) 1976, is díol suntais é go dtarlaíonn saintréithiúlacht den chineál céanna sa leagan Gaeilge den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse) 1976 sa mhéid nach soláthraítear leagan Gaeilge den alt atá á athsholáthar. B'fhéidir go gcabhródh sé an leagan Gaeilge d’alt 4 den Acht 1976 a atáirgeadh:

      “4. —Leasaítear leis seo an Explosive Substances Act, 1883, trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 2 agus 3:

        “2.— A person who in the State or (being an Irish citizen) outside the State unlawfully and maliciously causes by an explosive substance an explosion of a nature likely to endanger life, or cause serious injury to property, shall, whether any injury to person or property is actually caused or not, be guilty of an offence and, on conviction on indictment, shall be liable to imprisonment for life.

        3.— A person who in the State or (being an Irish citizen) outside the State unlawfully and maliciously—

            (a) does any act with intent to cause, or conspires to cause, by an explosive substance an explosion of a nature likely to endanger life, or cause serious injury to property, whether in the State or elsewhere, or

            (b) makes or has in his possession or under his control an explosive substance with intent by means thereof to endanger life, or cause serious injury to property, whether in the State or elsewhere, or to enable any other person so to do,

        shall, whether any explosion does or does not take place, and whether any injury to person or property is actually caused or not, be guilty of an offence and, on conviction on indictment, shall be liable to imprisonment for a term not exceeding twenty years, and the explosive substance shall be forfeited.”
Is é an ábharthacht ar leith a bhaineann leis an Explosive Substances Act 1883 i gcomhthéacs na trialach ná gur léadh ar Ráiteas an Cionta den díotáil “possession of an explosive substance contrary to section 4 of the Explosive Substances Act 1883 as substituted by section 15 of the Offences Against the State Act 1998”.

35. Is é an cás nár aistríodh roinnt de na doiciméid oifigiúla i roinnt de na cásanna ina ndearnadh na Cúirteanna breithniú ar cheisteanna teanga, lena n-áirítear doiciméid a bhaineann le himeachtaí coiriúla. Mar shampla, bhí cás na Cúirte Uachtaraí de Ó Beoláin v. Fahy bunaithe ar an bhfíoras go ndearnadh an t-achomharcóir a chúiseamh i gcion a bhí contrártha le halt 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, arna chur isteach ag alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Ba i nGaeilge a rinneadh a chuid plé leis na Gardaí maidir leis an gcion líomhnaithe, seirbheáladh an toghairm i nGaeilge agus cuireadh Teastas ón Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre, a raibh sé i gceist ag an ionchúiseamh a bheith ag brath air, in iúl dó i nGaeilge. Mar sin féin, níor cuireadh an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1995, agus Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 in iúl dó i nGaeilge. Bhí dearbhuithe á lorg aige maidir leis an oibleagáid bhunreachtúil d’aistriúchán oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil sa chéad teanga oifigiúil nuair a shíníonn an tUachtarán téacs de Bhille sa dara teanga oifigiúil. Go sonrach, lorgaíodh dearbhuithe maidir le dualgas bunreachtúil an Stáit chun aistriúcháin oifigiúla den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1995, agus de Rialacha na Cúirte Dúiche a chur ar fáil ar an mbonn gur theip ar an Stát é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnach. Bhí an chuid is mó den Chúirt Uachtarach i bhfabhar na bhfaoiseamh dearbhaithe a lorgaíodh a dheonú don achomharcóir. Maidir leis seo, is díol suntais é an cás réamhtheachtach de Delap v. An tAire Dlí agus Cirt, Éire agus An tArd-Aighne [1990] T.É.T.S 46 de bharr gurb é an cás ina raibh an easpa d’aistriúchán oifigiúil Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna, mar chúis le ceanglas a chur ar an Aire Dlí agus Cirt aistriúchán den sórt sin a ullmhú agus a chur ar fáil. Mar sin féin, is é an rud a shocraíonn an cás seo ná nach Acht den Oireachtas é an Explosives Substances Act. Sainordaítear, i mBuan-Orduithe Dháil Éireann, go gcuirfidh an Cléireach faoi deara go ndéanfar gach dlí a achtóidh an tOireachtas i nGaeilge a aistriú go hoifigiúil go Béarla, agus go ndéanfar gach dlí a achtóidh an tOireachtas i mBéarla a aistriú go hoifigiúil go Gaeilge. Tá na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar Chléireach Dháil Éireann ag teacht leis an gceanglas bunreachtúil atá in Airteagal 25.4.4. Foráiltear leis:

      “[i] gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.”
Go deimhin, cuirtear oibleagáidí breise ar an gCléireach de bhua alt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina bhfhoráiltear nach foláir a leithéid a sholáthar “a luaithe is féidir” tar éis achtú na reachtaíochta áirithe. Sa chás seo, ba é Parlaimint Westminster a rith ‘the Explosive Substances Act’. Ní toradh de tháimhe é an fíoras nár aistríodh é, tá an focal seo ‘táimhe’ á úsáid i gcuid de na breithiúnais ina bpléitear an réimse seo. Ina ionad sin, is léir gur glacadh cinneadh d’aon ghnó gan féachaint le reachtanna roimh 1922 a aistriú.

36. Tá an cheist maidir le cibé ar cuireadh nó nár cuireadh páirtí i gcás faoi mhíbhuntáiste de bharr úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs oifigiúil i gcroílár an bhreithiúnais Hardiman B. in Ó Beoláin v. Fahy ag lch. 317-318

      “[I]s é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil. [béim curtha leis] "
37. Tugadh bonn reachtúil don chur chuige seo le rith Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 lena gcomhlánaítear Airteagal 8.3 den Bhunreacht agus lena bhfeictear do chearta na gcainteoirí Gaeilge a éascú ina gcuid idirghníomhaíochtaí leis an Stát. Go deimhin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara ag an bpointe seo gur achtaíodh an tAcht 2003 mar fhreagra ar an gcinneadh in Ó Beoláin v. Fahy. Is féidir an seasamh roimh Acht 2003 a fheiceáil sa chinneadh a thug Ó hAnnluain B. in An Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia [1983] T.É.T.S 29 ag lch. 34:
      “[T]abharfar fé ndeara go mbronntar ardú céime ar an Ghaeilge i mBunreacht na hÉireann, thar mar a bhí aici sa chéad Bhunreacht, nó luaitear don chéad uair í mar ‘phríomhtheanga oifigiúil’. Ag an am céanna is leithne an rogha a thugtar don Oireachtas tús caidhne a thabhairt do theanga amháin thar an teanga eile do réir dlí sa mhéid a bhaineann le cúrsaí oifigiúla i gcearn ar bith den tír.

      Go dtí go mbaineann an tOireachtas feidhm as an gcumhacht a mbronntar air fé fhorálacha an Bhunreachta ní fholáir glacadh leis i gcónaí gurb' í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, agus go bhfuil sé de phribhléid ag an saoránach éileamh go mbainfí feidhm aisti nuair a bhíonn gnóthaí oifigiúla le riaradh sa Stát.” [aistriúchán ó shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga]

Dá réir sin, is fiú breithniú ar na forálacha tá le fáil in alt 8 den Acht 2003 dar teideal “Riaradh an cheartais.”

38. Tosaíonn Alt 8 (1) d'Acht 2003 le foráil ghinearálta maidir le ceart duine ceachtar teanga oifigiúil a úsáid i bpléadálacha nó in aon doiciméad a éilítear ó Chúirt. Téann sé ar aghaidh ansin chun an ceart atá ag duine éisteacht a fháil i gceachtar den dá theanga oifigiúla a leagan amach agus déantar é sin sna téarmaí seo a leanas;

      “(2) Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.

      (3) D'fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.

      (6) Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní chuirfidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheataí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid. [béim curtha leis] ”

Tá sé soiléir ó na forálacha seo nach bhféadtar duine atá i gcás nó a roghnaíonn fianaise a thabhairt i gcás ar leith a bheith faoi mhíbhuntáiste de bharr a rogha maidir le teanga oifigiúil. Is foráil leathan é seo lena ndéanta cearta teanga an dá thaobh sa chás a urramú. Mar thoradh air sin, i ngnáthábhair shibhialta roghnaíonn an dá thaobh a rogha teanga oifigiúil agus caithfidh an Chúirt freastal ar an rogha sin. Go deimhin, tugtar cumhachtaí do na Cúirteanna chun cúnamh leo freastal ar chearta teanga. Áirítear leo sin, mar a tharla sa Chúirt Choiriúil Speisialta agus sa Chúirt seo, soláthar de sheirbhísí ateangaireachta. Is minic a dhéantar iarrachtaí breitheamh a bhfuil inniúlacht aige sa Ghaeilge a chur ar fáil chun éisteacht le cásanna dá leithéid chun na críche sin. Tá sé ríthábhachtach, áfach, go mbreathnaítear ar an sparán poiblí sa mhéid nach gceanglaítear ar Chúirt rud éigin a dhéanamh do theanga oifigiúil amháin nach ndéanfadh sí don teanga oifigiúil eile.

39. Is gá breithniú ar fhoráil eile den Acht 2003, is é sin alt 8(4), dá bhforáiltear:

      “(4) I gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte an Stát nó comhlacht poiblí—

        (a) déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus

        (b) más rud é gur páirtí sna himeachtaí beirt dhuine nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna himeachtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.”

Tá sé tábhachtach béim a leagan nach bhfuil aon fhoráil chomhfhreagrach ann maidir le himeachtaí coiriúla. Dá réir sin, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chuid feidhmeanna a dhéanamh sa teanga oifigiúil dá rogha féin. Ní chuirtear iallach air an teanga oifigiúil de rogha an chúisí a úsáid [Féach Ó Gríofáin v. Éire & Chuid Eile [2009] IEHC 188]. Ceadaítear, ar ndóigh, don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ionchúiseamh a reáchtáil i nGaeilge más mian leis agus b'fhéidir go bhfuil cásanna ann ina bhféadfadh sé a bheith oiriúnach é sin a dhéanamh. Mar shampla, cásanna achoimre atá á n-ionchúiseamh i gceantar Gaeltachta nó a eascraíonn as ceantar Gaeltachta os comhair breithimh atá compordach an cás a sheoladh trí Ghaeilge. Ar an taobh eile de, d'fhéadfadh tosca casta a bheith ann nuair a bhíonn trialacha ar dhíotáil i gceist, sa chás, lasmuigh de na trialacha a thagann os comhair na Cúirte Coiriúla Speisialta, go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag giúiréithe an fhianaise i nGaeilge a thuiscint gan cabhair ó ateangaire. Ar an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh an inniúlacht nó an mhuinín ag finnéithe aonair a gcuid fianaise a thabhairt go hiomlán i nGaeilge. Go deimhin, tarraingeadh aird ar na deacrachtaí sin sa bhreithiúnas a thug Clarke B. (mar a bhí sé) in Ó Maicín v. Éire [2014] 4 IR 477. Dá réir sin, faoi réir aon treorach reachtúla eile ón Oireachtas, níl aon oibleagáid ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a taobh den chás a reáchtáil i nGaeilge. Go deimhin, is féidir a rá gurb é sin a dhéanann idirdhealú idir an cás seo agus an cás Ó Beoláin v. Fahy, cás a bhain le hathbhreithniú breithiúnach. Cé go raibh ar an gCúirt Uachtarach aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a d'eascair as ionchúiseamh coiriúil, b’ábhar sibhialta a bhí ann den chuid is mó agus mar sin ceanglaíodh orthu an teanga oifigiúil a roghnaigh an t-iarratasóir a úsáid, agus ba í an Ghaeilge an teanga sin sa chás sin.

40. Sa chás seo, ní bheadh aon stádas oifigiúil ag aon aistriúchán ar an Explosive Substances Act, 1883. Más rud é go ndearna an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cinneadh leagan a bhí aistrithe go Gaeilge a chur ar fáil, ní bheadh aon stádas níos mó ná aon údarás níos mó aige sin ná mar a bheadh ag leagan ullmhaithe ag foireann dlí na cosanta. Is ar Chléireach Dháil Éireann a bheadh sé seachas ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aistriúchán oifigiúil a chur ar fáil dá mba rud é go gceanglaítear é faoin dlí ach, dar linn, ní raibh aon cheanglas den sórt sin ann. Dá réir sin, diúltaíonn an Chúirt do na hargóintí a tugadh chun cinn maidir le mainneachtain ateangaireachta nó aistriúcháin den Explosive Substances Act, 1883 a chur ar fáil.

41. Maidir leis an bpointe nár soláthraíodh tras-scríbhinn le linn na trialach i nGaeilge, is gá machnamh a dhéanamh ar cad iad na cúinsí agus ar cad chuige a ndéantar athscríbhinn. I ngnáthchúrsa imeachtaí, ní thugtar do na páirtithe i dtriail. Ullmhaítear athscríbhinn, ar ndóigh, chun críche achomhairc má dhéantar achomharc a thaisceadh. I bhformhór na dtrialacha a sheoltar sa tír seo, ní ullmhaítear aon athscríbhinn fad is atá an t-ábhar i mbun trialach. Déanfadh an Breitheamh nóta agus bheadh sé ag brath ar an nóta seo agus an giúiré á choimriú aige. Ar an dóigh chéanna, is iondúil go gcoimeádann na dlíodóirí ar an dá thaobh nóta. Mar sin féin, go heisceachtúil, i gcás trialacha sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus sa Chúirt Choiriúil Speisialta, ullmhaítear athscríbhinn thar oíche le linn na trialach. Is ar mhaithe le héascaíocht Bhreitheamh na Trialach a dhéantar é sin agus is cinnte gur aitheantas é gur minic a bhíonn trialacha sna cúirteanna sin fada agus casta. I gcás na Cúirte Coiriúla Speisialta, tá cleachtas tagtha chun cinn trína gcuirtear cóipeanna de na hathscríbhinní a ullmhaíodh do chomhaltaí na Cúirte ar fáil do na foirne dlí faoi seach ar an dá thaobh. Ní mór a rá nach bhfuil aon teidlíocht ann go soláthrófar den sórt sin dóibh, ach go gcuirtear ar fáil é mar dheonaíocht.

42. I dtuairim na Cúirte, ní raibh an triail éagórach ná míshásúil ná níor sáraíodh aon chearta den Uasal Billings, le linn na trialach, toisc nach raibh tras-scríbhinn ar fáil ach amháin i mBéarla; ní raibh sé de cheart aige aon athscríbhinn a fháil le linn na trialach, ní i mBéarla ná i nGaeilge agus, go deimhin, ní in aon teanga eile. Ina theannta sin, ní raibh aon fhianaise ann go raibh an tUasal Billings faoi mhíbhuntáiste. Tá sé le tabhairt faoi deara nach ndearnadh aon iarracht, le linn na tréimhse d’os cionn dhá bhliain ón triail, an t-athscríbhinn a ullmhaíodh go Gaeilge a aistriú, ná ní raibh aon iarraidh ar rochtain ar an taifeadadh digiteach fuaime (DAR) ionas go bhféadfaí taifead a dhéanamh maidir leis ar an méid a dúradh leis an gCúirt i nGaeilge. É sin ráite, chuirfeadh an Chúirt an tuairim in iúl, má dhéantar cás amach anseo a sheoladh trí Ghaeilge nó go dátheangach, agus má chinntear go n-ullmhófar athscríbhinn, gur chóir gach iarracht réasúnach a dhéanamh go mbeidh athscríbhinn chomh cuimsitheach agus is féidir, is é sin le rá gur chóir aon rud a deirtear i nGaeilge a thaifeadadh sa teanga sin agus ba cheart aon rud a deirtear i mBéarla a thaifeadadh sa teanga sin.

43. Leis sin, cuirtear de láimh an dá ghearán shonracha atá aighnithe ag an achomharcóir, ach sa mhéid go ndearnadh na gearáin sin i gcoinne cúlra de dhearbhú gur gá cearta teanga a urramú, agus nár urramaíodh a chearta go leordhóthanach, ba mhaith leis an gCúirt roinnt barúlacha gearra a chur leis.

44. Ar an gcéad dul síos, tá an Bunreacht glan soiléir maidir le seasamh na Gaeilge. In Airteagal 8 den Bhunreacht, sonraítear:

      “8(1) Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í;

      (2) Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

Foráiltear leis an bhforáil choibhéiseach de Bhunreacht Shaorstát Éireann, a mhéid is ábhar:
      “[t]he National language of the Irish Free State (Sarostát Éireann) is the Irish language, but the English language shall be equally recognised as an official language.”
Is léir go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh a bhfuil gnó acu os comhair na gCúirteanna an gnó sin a sheoladh i nGaeilge nó i mBéarla agus níor cheart dóibh a bheith faoi mhíbhuntáiste de bharr a rogha teanga. I gcás gníomhaíochtaí finnéithe agus trialacha le finnéithe a thugann fianaise viva voce, is léir go bhfuil roghanna finnéithe, agus, go deimhin, cumas na bhfinnéithe cumarsáid a dhéanamh i dteanga amháin nó i dteanga eile, mar chomaoin ollmhór. Sa chás seo, bhí beirt fhinné ann, beirt fhinné ar leith, agus ní Béarla ná Gaeilge iad a dteanga dhúchais. Léireodh taithí chomhaltaí na Cúirte nach tarlú neamhghnách é sin.

45. I dtuairim na Cúirte, bhí na socruithe a chuir an Chúirt Choiriúil Speisialta i bhfeidhm réasúnta sna himthosca. Tugadh aird ar staid an Uasail Billings. Rinne foireann de chúigear dlíodóirí ionadaíocht dó, lena gcuimsíodh beirt abhcóidí shinsearacha, beirt abhcóidí shóisearacha agus aturnae, foireann leathnaithe a léirigh gan amhras na freagrachtaí breise a d'eascair as cinneadh an Uasail Billings a chuid den chás a sheoladh i nGaeilge. Deonaíodh lamháltais den chineál céanna os comhair na Cúirte seo. D’éist an Chúirt le haighneachtaí ó thriúr abhcóidí thar ceann an Uasail Billings, an t-aon uair amháin ar éisteadh le triúr abhcóidí thar ceann páirtí aonair ó bunaíodh an Chúirt Achomhairc.

46. Sa chás seo, bhí an Chúirt ag déileáil le hachomharc inar seoladh an triail go dátheangach. Dá réir sin, cuireadh socruithe comhchosúla i bhfeidhm os comhair na Cúirte seo. Mar sin féin, i gcásanna inar seoladh an triail ar dtús i nGaeilge amháin, bheadh an Chúirt ag súil lena bheith ábalta, a mhéid is atá indéanta, na páirtithe a éascú le hachomharc a sheoladhgo hiomlán i nGaeilge. Rinne an Chúirt a leithéid sin sa chás Ó Cuinn v. An Taoiseach, cás neamhthuairiscithe inar tugadh breithiúnas an 17 Feabhra 2017, agus éisteadh leis os comhair painéil ina raibh an Kelly U., Hogan B. agus Ní Raifeartaigh B. air. Bhain an cás le cainteoir dúchais Gaeilge as Dún na nGall a rinneadh é a chúiseamh i gcion tiomáint thar an teorainn ar an tráthnóna an 29 Márta 2014. Tháinig sé os comhair O'Hanlon B. mar athbhreithniú breithiúnach ag lorg faoisimh dhearbhuithe a d'eascair as an bhfíoras nach raibh Rialacha na Cúirte Dúiche ná an ionstraim reachtúil a bhaineann le bailiú samplaí anála le linn seiceálacha taobh bóthair (IR 541/2011) ar fáil i nGaeilge. Reáchtáladh imeachtaí na hArd-Chúirte i nGaeilge agus tugadh breithiúnas O'Hanlon B. i nGaeilge amháin. Cheadaigh an Chúirt seo achomharc an Stáit agus tarchuireadh an cheist chuig an Ard-Chúirt le héisteacht os comhair breithimh eile. Cé gur mian leis an gCúirt páirtithe a éascú sna himthosca sin, ní mór a rá go bhféadfadh srianta praiticiúla a bheith ann uaireanta. D'fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann, dá mba rud é gur réimse speisialaithe é an réimse dlí atá i gceist san achomharc, chun painéal a chur le chéile ar a mbeadh an saineolas agus an cúlra cuí chomh maith leis an oiread sin Gaeilge a bheadh riachtanach chun éisteacht leis an gcás gan cúnamh ateangaireachta.

47. Nuair a thagann a leithéid d'ócáidí chun cinn, bheadh sé de rún ag an gCúirt aird a thabhairt ar thuairimí an MacMenamin B. dá bhreithiúnas in Ó Maicín v. Éire. Sa chás sin, luaigh sé ag lch. 569:

      “[t]agaim ar bhreathnú eile dá réir sin, agus is é sin, go bhfuil an t-ilteangachas, seachas an t-aonteangachas, ina ghné níos mó agus níos mó dár saol sa lá atá ann inniu, dár críoch agus dár stát. Is cúis aiféala é go bhfuil a lán teangacha mionlacha faoi bhagairt ar leibhéal Eorpach ag teangacha ceannasacha amhail an Béarla, ach mar sin féin, is fíor é fosta go bhfuil a lán saoránach Eorpach líofa in dhá theanga nó i dtrí theanga, agus dá réir sin, go ndéantar gnó rialtais nó príobháideach a stiúradh go minic go comhuaineach i níos mó ná teanga amháin. Go ríthábhachtach, d'fhéadfadh a lán rannpháirtithe ag cruinnithe dá leithéidí éisteacht le cainteoir chun éisteacht lena thuin chainte agus a bheith ag éisteacht ag an am céanna go headrannach nó ar airde íseal le hateangaire chun a chinntiú go dtuigfear sleachta deacra mar is ceart. Tá idirghníomhú éasca idir teangacha ina thréith de theagmhais dá leithéidí. Tá ateangairí comhaimseartha sofaisticiúil ina n-uainíocht agus iad ag meascadh rudaí, ina n-infhilleadh gutha agus mar sin de. Is analach é in Éirinn sa chás go bhfuil ateangairí ar fáil i gcomhair imeachtaí parlaiminteacha, a bhfuil suntasacht bhunúsach bhunreachtúil ag baint lena nádúr.””
48. Mar achomair, níor áitíodh ar an gCúirt nach raibh fianaise leordhóthanach ann chun ciontú a bhunú ar aon scór agus níor áitíodh uirthi go raibh an triail éagórach agus míshásúil nó go ndearnadh neamhaird do chearta an Uasail Billings sa mhéid gur chóir chun na ciontuithe a neamhniú.

49. Dá bhrí sin, déanfaidh an Chúirt an t-achomharc a dhíbhe.










Ar ais ar barr an leathanach