Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Beoláin -v- Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Fahy & chuid eile
Lua Neodrach:
[2001] IESC 37
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
230/99
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
1998 No. 110 JR
Dáta Seachadta:
04/04/2001
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
McGuinness J., Hardiman J., Geoghegan J.
Breithiúnas ó:
McGuinness J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
McGuinness J.
Hardiman J.
Geoghegan J.



AN CHÚIRT UACHTARACH

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH


McGuinness B.
Hardiman B.
Geoghegan B.
Uimh. 230/99




IDIR:

SÉAMUS Ó BEOLÁIN
IARRATASÓIR/ ACHOMHARCACH
AGUS

BREITHEAMH NA CÚIRTE DÚICHE MARY FAHY, STIÚRTHÓIR NA nIONCHÚISEAMH POIBLÍ, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, ÉIRE AGUS AN tÁRD AIGHNE

FREAGRÓIRÍ

Breithiúnas a thug an Breitheamh McGuinness ar an 4ú Aibreán 2001

Seo achomharc ó bhreithiúnas agus órdú na hÁrd Chúirte (Laffoy B.) inar dhiúltaigh an Breitheamh léannta iarratas an IarratasóralAchomharcach Órdaithe Thoirmisc agus Órdaithe Dearbhaithe tré Athbhreithniú Breithiunach. Tá sé de bhuntáiste agam breithiúnais Hardiman B agus Geoghegan B. a léamh sul ar scríobhas an breithiúnas seo.

CÚLRA
Tá fíricí an ábhair seo agus stair na n-imeachtaí leagtha amach go coimsitheach i mbreithiúnas Hardiman B. agus ní gá dom-sa iad a athrá arís go mion annseo.

Go h-achomair, tháinig an tIarratasóir/Achomharcach ós comhair na Cúirte Dúiche ar an 18 Meán Fomhair 1997 agus e cúisithe maidir le cionta i gcoinne Alt 49(3) agus (6)(a) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, arna chur isteach ag Alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Is cainteoir Gaeilge é an tIarratasóir ar seirbheáladh toghairm air ins an teanga Gaeilge agus a phlé i nGaeilge leis na Gárdaí Síochána i gcónaí maidir leis an ábhar seo. Chuir sé in iúl don Chúirt gur mhian leis e féin a chosaint i nGaeilge agus gur mhian leis go seirbheálfaí na cáipéisí cui air i nGaeilge. D'iarr sé go háirithe leagain Ghaeilge den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1995, agus Rialacha na Cúirte Dúíche 1997. Ní raibh ceachtar den dá Acht de chuid an Oireachtais ná na Rialacha le fáil i nGaeilge.

Dá bhárr seo cuireadh an cás ins an gCúirt Dúíche siar ó am go h-am chun deis a thabhairt do údaráis an Stáit na cáipéisí a chur ar fáil agus le na chintiú go mbeadh Breitheamh ag a raibh labhairt na Gaeilge ar fáil leis an gcúis a éisteacht. Bhí an cás liostaithe ós comhair an Chéad Fhreagróir ar an 13 Feabhra 1998. Um a dtaca sin bhí "dréacht" nó aistriúchán neamh-oifigiúil de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus 1995 tugtha don Iarratasóir, ach ní raibh aon aistriúchán de Rialacha na Cúirte Dúíche curtha ar fáil.

Ar an 13 Feabhra 1998 rinne an tIarratasóir tríd a abhcóide iarratas ar an bhFreagróir céad luaite órdú a thabhairt don Fhreagróir dara luaite na cáipéisí cui a chur ar fáil. Dhiúltaigh an Breitheamh Dúíche léannta don iarratas seo.

D'eisigh an tlarratasóir ansin na h-imeachta athbhreithniú breithiúnach seo. Ar an 19 Marta 1998 thug an Árd Chúirt (Smyth B.) cead athbhreithniú breithiúnach a eisiúint ar lorg na bhfaoisimh seo leanas:

      "(a) Órdú Thoirmisc ag cur bac ar na Freagróirí a ainmnítear sa chéad agus sa dara áit ins na h-imeachtaí seo dul ar aghaidh, éisteacht a thabhairt nó breith a thabhairt san ábhar 03942297 go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil na Road Traffic Act 1994 agus Road Traffic Act 1995 ar fáil don Iarratasóir;

      (b) Órdú Thoirmisc ag cur bac ar na Freagróirí a ainmnítear sa chéad agus sa dara áit ins na h-imeachtaí seo dul ar aghaidh, éisteacht a thabhairt nó breith a thabhairt san ábhar 03942297 go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil na Rules of the District Court (lonstraim Reachtúla Uimhir 93/1997) ar fáil don Iarratasóir;

      (c) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa tríú agus sa ceathrú áit ins na h-imeachtaí seo tiontú oifigiúil den Road Traffic Act 1994 a chur ar fáil sa phríomh-teanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tlarratasóir. (d) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa tríú agus sa ceathrú áit ins na h-imeachtaí seo tiontú oifigiúil den Road Traffic Act 1995 a chur ar fáil sa phríomh-teanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tlarratasóir; (e) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa tríú agus sa ceathrú áit ins na imeachtaí seo tiontú oifigiúil Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa phríomh-teanga oifigiúil nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil agus

      (f) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa tríú agus sa ceathrú ait ins na h-imeachtaí seo tiontú oifigiúil lonstraim Reachtúil Uimh 93/97 a chur ar fáil sa phríomh-teanga oifigiúil don pobal fré chéile, ar a n-áirítear an tlarratasóir. "

Teaspáineann na mionnscríbhinni forais atá comhadaithe ins na h-imeachta iarrachta attornae an Iarratasóra na cáipéisí a h-iarradh a fháil, agus na freagraí a fritheadh ó áisínteachta éagsúla an Stáit. Tá sé soiléar on gcomhfhreagras a teaspáineadh gur éiríodh as an gcleachtadh uathoibritheach aistriúcháin oifigiúla Gaeilge ar gach Acht de chuid an Oireachtais a chur ar fáil thart ar an mbliain 1980. Is é imleabhar 1980 de na Reachta an ceann deireadh a foillsíodh in Gaeilge agus i mBéarla. Is cosúil an cleachtadh atá anois i bhfeidhm a bheith bunaithe ar Chiorclán den dáta 23 Feabhra 1998 atá luaite ag attornae an Iarratasóra ins an mionnscríbhinn a mionnaíodh ar an 18 Márta 1999. Sheol príomh-aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin de chuid Tithe an Oireachtais an ciorclán chuig gach Roinn Rialtais. Séard atá sa Chiorclán ná ráiteas nach n-aistreofar aon Ionstraim Reachtúil go Gaeilge de bharr ganntanas fóirne agus brú oibre muna gcuirfí teastas sainiúil ar fáil a déarfadh go raibh riachtanas trom nó gá phráinneach le aistriúchán Gaeilge de Ionstrairn Reachtúil sainiúil agus sin sínithe ag oifigeach nach ísle a ghrád na Leas-Rúnaí Roinne.

Níor teaspáineadh an ciorclán seo leis an mionnscríbhinn ach in argúintí os comhair na Cúirte seo níor séanadh gur mar seo atá cúrsaí. Níor cuireadh aon fhianaise ós comhair na hÁrd Chúirte nó na Cúirte seo a thiúrfadh le fios gur eisíodh aon teastas den tsórt fós rnaidir le Rialacha na Cúirte Dúiche 1997. I mionscríbhinn freagrach thar cheann na bhFreagróirí dearbhaíonn an Ceannfort William Collins de chuid An Roinn Tráchta, Caisleán Bhaile Átha Cliath, go bhfuill fáisnéis aige ó Tony Fagan de chuid Oifig an Phríomh Attornae Stáit

      "that he had made enquiries as to when an official translation will be available of the District Court Rules 1997. I am informed by him that his researches to date indicate that it is the intention of the Department of Justice, Equality and Law Reform to provide such a translation however there is at present no date fixed for the production of same. I understand that there is a considerable body of both primary legislation and Statutory Instruments which has not yet been translated. I am advised that it is the intention of the Secretariat of the Houses of the Oireachtas and indeed the Minister for Justice, Equality and Law Reform that Acts of the Oireachtas and Statutory Instruments be available in both the language in which they were enacted (in the case of the District Court Rules, English) and in Irish or English as the case may be, as soon as circumstances permit. "
Más fíor, mar is cosúil é a bheith, nach bhfuil aon teastas práinne eisithe fós, ní léir gur móide ar bith é go gcuirfear aistriúchán de Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil aon am gur féidir anois sin a mheas.

Socrú na hÁrd Chúirte
Tháinig athbhreithniú breithiúnach an Iarratasóra chun éisteachta ós comhair na hÁrd Chúirte (Laffoy B.). Thug an breitheamh léannta a breithiúnas forcoimeádta ar an 17 Meitheamh 1999. Ar an dáta sin dhein sí ordu ag diúltú an faoiseamh a bhí an tIarratasóir ag lorg. Ina breithiúnas thug Laffoy B. suntas do gur ghlac na Freagróirí go raibh dualgas ar an Stát tiontú oifigiúil de gach Acht den Oireachtas a chur amach (leathanach 4). Chuir sí ar shúile freisin nach raibh sé soiléar cioca ar admhaigh na Freagróirí nó nár admhaigh go raibh siad faoin oibleagáid chéanna maidir le Rialacha na Cúirte Dúiche 1997. Chuir na Freagróirí in iúl, áfach, don bhreitheamh léannta Árd Chúirte go raibh sé ar intinn acu aistriúchán oifigiúil de na Rialacha 1997 a chur ar fáil "as soon as possible ". Ina breithiúnas thagair Laffoy B. do bhreithiúnas Ó hAnluain B. i gcúis Delap v. An tAire Dlí agus Cirt agus Daoine Eile (1980 -1998) Tuairiscí Speisialta 46. Sa chás sin rinne an tIarratasóir, attotnae a bhaineadh leas as an nGaeilge ina chleachtadh dlí, gearán nach raibh aistriúchán oifigiúil de Rialacha na nUaschúirteanna 1986 ar fáil. Ina bhreithiúnas bhreathnaigh Ó hAnluain B. ar na cuntair ins an mBunreacht a bhain leis an teanga Ghaeilge agus chinn sé mar seo leanas (leathanach 50 den Tuairisc):

      "Sa chás so, áfach, ní dóigh liom gur ghá don Iarratasóir dul i muinín forálacha Ailt 8 den mBunreacht. Glacaim leis go raibh comhacht ag an gCoiste a cheapadh fé fhorálacha na nAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, i dteannta an Aire Dlí agus Cirt, Rialacha a dhéanamh fés na hAchtanna san i mBéarla amháin (fé mar tharla) agus nach raibh aon sárú ar Alt 8 den mBunreacht i gceist nuair dhein a Coiste agus an tAire rogha de cheann amháin des na teangacha oifzgiúla, chun na Rialacha (agus na Foirmeacha a ghabhann leo) a dhéanamh, gan iad a chur ar fáil ag an am gcéanna san dara theanga oifigiúil....

      ....tá ceart bunreachtúil ag gach saoránach teacht os comhair na gCúirteanna a bunaítear le dlí fén mBunreacht d fhonn a chearta fén mBunreacht agus fén dlí d'agairt nó do chosaint, agus nuair is mian leis sin do dhéanamh tá iachall air de réir dlí cloí le forálacha Rialacha na gCúirteanna Árd-Chéime i ngach a bhaineann le himeachta san Árd-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach. Caithfidh sé feidhm do bhaint as na foirmeacha atá le fáil ins na hAguisíní a ghabhann leis na Rialacha nó foirmeacha atá ar aon dul deo (Ordú 125, Riail 3) agus déanamh do réir mar leagtar síos ins na Rialacha ó thús na himeachta go dtí an deiridh.

      Tá sé de cheart aige fén mBunreacht a thaobh féin des na himeachta do riaradh go hiomlán as Gaeilge, má's mian leis rogha do dhéanamh den príomh-theanga oifigiúil. Táim den bharúil go bhfuil constaic mhór san mbealach roimhe má's mian leis an Gaeilge d'úsáid agus má tharlaíonn ag an am gcéanna nach bhfuil aon leagan oifigiúil ar fáil den dlí a gheibhtear ins na Rialacha maidir le riaradh na nimeachta, nó des na foirmeacha a ghabhann leo, agus nach bhfuil cothrom na Féinne le fáil aige sa chás san i gcomparáid leis an aicme den phobal a bhíonn lán-tsásta an leagan Béarla d'úsáid i gconaí ....

      Dá réir sin, chítear dhom go raibh dualgas ar an Stát sa chás so, aistriúchán des na Rialacha do chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta taréis don Choiste agus don Aire glacadh leis na Rialacha san leagan Béarla, agus gur theip ar an Stát an dualgas sin do chomhlíonadh."

Dúirt Laffoy B. (ar 1. 6) freisin gur thagair Ó hAnluain B. arís do na prionsabail a bhí i gceist i gcúis Delap i mbreithiúnas eile i gcúis Ní Cheallaigh v An tAire Comhshaoil [1980 - 1998] Tuairiscí Speisialta 52 mar seo leanas:
      "Cinnte, bhí gnó oifigiúil de chuid an Stáit i gceist, ach ina theannta san se bhí i gceist ná an ceart atá ag gach saoránach fén mBunreacht rochtain a bheith aige ar na Cúirteanna d fhonn a chearta a dhearbhú agus a chosaint. Ar an ábhar sin, bhíos den bharúil go mbeadh sárú dá dhéanamh ar an gceart san muna gcuirfi Rialacha na n Uas-Chúirteanna ar fáil san da theanga oifigiúil. "
D'aontaigh an breitheamh léannta Árd Chúirte le O hAnluain B.ins an dá chás thuas luaite. Phlé sí leis an ábhar go bunbhriach mar cheist ionannais, mar a dhein O hAnluain B. i gcúis Delap. Dúirt sí (1. 7):
      "Sí mo thuairim go bhfuil dualgas ar an Stát de réir forléiriú cruinn Alt 34.3.1 ag imoibrú le Alt 40. 3.1 i gcomhthéacs Alt 8, tiontú oifigiúil Rialacha 1997 a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta tar éis don Freagróir sa tríú áit thuasluaite glacadh leo sa leagan Béarla, agus go bhfuil ceart comhaoibhneasach neamháirithe Bearsanta ag an saoránach faoi Alt 40.3.1 go gcomhlíonfar an dualgas sin."
Ach thug Laffoy B. suntas do nuair a tháinig an t-ábhar os comhair na hÁrd Chúirte nach raibh teipithe fós ar an Stát a dhualgas maidir leis na Rialacha Cúirte Dúiche a chomhlíonadh. Is ar an 24 Feabhra 1997 a shínigh an tAire na rialacha agus is cáipéis an-fhada é ina bhfuil míle, céad agus nócha leathanach. Cuireadh chuig an bpríomh aistritheoir é ar an 25 Márta 1997. Thosaigh imeachta an Iarratasóir ar an 19 Márta 1998 agus tugadh breithiúnas ins an Árd Chúirt ar an 17 Meitheamh 1999.

Dá bhárr seo ba cheart tuilleadh ama a thabhairt don Stát le aistriúchán na rialacha a chríoclmú. Dúirt an breitheamh léannta, áfach, go raibh sé fíor-phráinneach go rachfaí i mbun na h-oibre agus go gcríochnófar é chomh luadh agus a b'fhéidir sin.

Maidir le triáil an Iarratasóra féin ós comhair na Cúirte Dúiche, dúirt Laffoy B. go mbeadh ar na Cúirteanna gach iarracht a dhéanamh chun na deachrachtaí a d'fhéadfadh a theacht i gcoinne dlíthigh ar mhian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge a laghdú agus deireadh a chur leo nó go mbeadh fáil ar aistriúchán oifigiúil ar Rialacha 1997. Dá réir sin dhiúltaigh an breitheamh léannta an faóiseamh a d'iarr an tIarratasóir.

Tá achomharc déanta ag an Iarratasóir i gcoinne an bhreithiúnais seo agus i gcoinne an órdú. Is mar seo atá a fhorais achomhairc leagtha amach ins an bhFógra Achomharc:

      "1. Go ndeachaigh an Breitheamh léannta amú ó thaobh an dlí de:

      (i) Nuair a chinn sí go raibh sé intuigthe ó Airteagal 25 den Bhunreacht go mbeadh tréimhse réasúnach ag an Stát tar éis achtú bille chun tiontú oifigiúil de a chun ar fáil;

      (ii) Nuair a d'aontaigh sí go raibh dualgas ar an Stát ionstraimí reachtúla a chun ar fáil sa Phríomh-theanga oifigiúil ar choinníoll go mbeadh tréimhse réasúnach aige chun an dualgas sin a chomhlíonadh;

      (iii) Nuair a d'aontaigh sí go raibh dualgas ar an Stát ionstraimí reachtúla a chun ar fáil sa Phríomh-theanga Oifgiúil ar choinníoll nach raibh an lonstraim i gceist ró-fhada;

      (iv) Nuair a chinn sí go mba leigheas é ar leagan Gaeilge de The Rules of the District Court gan a bheith ar fáil dá ndéanfadh breithiúna agus oifigigh na Cúirte Dúiche gach iarracht chun gach deacracht a bheidh ar an Iarratasóir/Achomhracóir agus gach constaic a bheidh sa bhealach air de dheasca an tiontú réamhráite gan a bheith ar fáil, a laghdú agus a chealú.

      (2) Go ndeachaigh an Breitheamh léannta amú ó thaobh na bhfioras do:

      (i) Nuair a chinn sí nach raibh tréimhse réasúnach ag a Stát nuair a bhí ní ba mhó ná dhá bhliain aige;

      (ii) Nuair a chinn sí go raibh lonstraim Reachtúíl Uimhir 93/1997 ró -fhada go n-aistreófaí i laistigh de dhá bhliain;

      (iii) Nuair a chinn sí nach bhfuil agus nach mbeidh constaic ar bith sa bhealach ar an Iarratasóir/Achomhracóir agus nach sárófaí a chearta bunreachtúla de dheasca tiontú oifigiúil de The Rules of the District Court gan a bheith ar fáil. "


Aighneacht Abhcóide
Thagair Séamus Ó Tuathail, Abhcóide Sinsear an Iarratasóra/Achomharcach go na hAirteagail den Bhunreacht a phléann go díreach leis an teanga Ghaeilge. Pléann Airteagal 8 leis an teanga go ginearálta. Tá a thioncar maidir le imeachtaí Cúirte soiléirithe ag an gCúirt Uachtarach i gcúis Ó Monacháin v An Taoiseacla [1986] ILRM 660. Glacadh leis sa chás sin go raibh an prionsabal é a bheith de cheart ag dlíthi go n-éistfí a chás i nGaeilge teoranta. Ceart a bhí ann taobh an dlíthigh féin a chur i nGaeilge. Ní raibh aon cheart ann tabhairt ar dhaoine eile an teanga Gaeilge a úsáid. Ghlac an tUasal Ó Tuathail leis cé go raibh sé de cheart ag an Iarratasóir a chuid imeachtaí Cúirte féin a reachtáil i nGaeilge, nach raibh sé de chead aige tabhairt ar dhaoine eile a bhí sáite ins na h-imeachtaí an teanga Ghaeilge a úsáid. Da mba gá sin chaifí teangaire a chur ar fáil. D'áitigh sé, áfach, nar mhór do Rialacha na Cúirte Dúiche i nGaeilge agus na foirmeacha atá leo a bheith aige le go stiúrfadh sé cosaint iomlán sa Chúirt Dúkhe, scairt ar fhinnéithe, fógraí achomharc a chomhadú agus nithe eile.

Maidir le Achta an Oireachtais, lua an tUasal Ó Tuathail Airteaga125.4.4 den Bhunreacht a deireann

      "1 gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile. "
Ó 1980 i leith, ar seisean, theip go sonrach agus go callánach ar an Stát a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh. Ins an Árd Chúirt rialadh Laffoy B. go gcaifí tréimhse réasúnach a thabhairt don Stát chun an dá Acht Oireachtais agus Rialacha na gCúirteanna Dúiche a aistriú. Maidir leis na Reachtaí, ní dhearna Airteaga1 25.4.4 aon tagairt in aon chor do 'taobh istigh de thréimhse réasúnach' nó do aon leagan cainte dá chineál. Dualgas a bhí ann an obair a dhéanamh ar an toirt. Bhí focla an Airteagail soiléar agus ba chóir glacadh leo de réir bun bhrí na bhfocal.

Thagair sé do bhreithiúnas O'Higgins C.J. i People (DPP) v O'Shea [1982] IR 384 inar dhúirt a Príomh Bhreitheamh léannta (leathanach 397 den tuairisc):

      "The Constitution, as the fundamental law of the State, must be accepted, interpreted and construed according to the words which are used; and these words, where the meaning is plain and unambiguous, must be given their literal meaning . . . . Plain words must . . . be given their plain meaning unless qualified or restricted by the Constitution itself. "
Dúirt an tUasal Ó Tuathail go raibh sé soiléir gur séard a bhí i gceist in Airteagal 25.4.4 ná go mbeadh na Reachtaí ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge don phobal. Bhíodar ar fáil mar sin go dtí 1978. Ins an tréimhse ó 1937 go dti 1978, is cosúil go an leagan Gaeilge le linn don téacs Béarla a bheith dá mheas, dá leasú, agus dá rith i dTithe an Oireachtas. Le fiche bliain, áfach, níor cuireadh aon aistriúchán ar fáil munar chuir duine éigin go tréan in aghaidh gan aistriúchán a bheith ar Acht áirithe. Dúirt sé nach bhféadfaí failí agus neamh-chúram fiche bliain a mhaitheamh tré aistriúchán dheifreach dena Reachtaí a bhí de dhíth a chur ar fáil ar an noiméad déannach sa chás seo nó in aon chás aonair eile. Ba cheart don Chúirt a rá go soiléir é a bheith de dhualgas ar an Stát na h-aistriúcháin a bhí de dhíth a chur ar fáil mar atá leagtha amach san mBunreacht.

Ghlac Abhcóide an Iarratasóra leis nar bhain Airteaga1 25.4.4 le Ionstraimí Reachtúil. Cé gur mhian sé gur chóir gach Ionstraim Reachtúil a flioillsiú ins an dá theanga oifigiúil, ghlac sé leis go bhféadfadh deacrachtaí praiticiúla a bheith ann i gcur ar fáil aistriúcháin ar lear mór cáipéisi. Ach maidir leis an gcás láithreach, chuir sé béim ar an ngá práinneach a bhí ann don Iarratasoir agus dá chomairleoirí dlí leagan Gaeilge a bheith ar fáil de rialacha nua-aoiseach na Cúirte Dúiche.

Thug sé suntas dó gur foillsíodh Rialacha na Cúirte Dúíche 1948 i mBéarla agus i nGaeilge. Bhí sé de cheart ag saoránach ar bith a chás nó a cás a riaradh ins an teanga Gaeilge. Is cearta tréana, socraithe bunreachtúla an ceart dul chun na Cúirteanna agus an ceart triáil chothrom a fháil. Is cearta iad a bhfuil glactha leis ord-thosuíocht a bheith ann i measc cearta bunreachtúla. Is cuid lárnach den cheart dul chun na cúirteanna agus triáil chothrom a fháil go mbeadh fáil ar Rialacha na cúirte i dteanga an té a bhfuil liamhaintí ina leith. Ins an gcomhtéacs sin thagair an tUasal Ó Tuathail do na cearta atá leagtha amach in Airteagal 6 den Choinbhinsin Eorpach um Chearta Daonna.

Chuir Abhcóide an Iarratasóra a mhuinín i mbreithiúnas Ó hAnluain B.in Delap v An tAire Dlí agus Cirt [1980-1998] IR Tuairisci Speisialta 46 agus le na ais breithiúnas an bhreitheamh léannta chéanna in Stát (Mac Fhearraigh) v An Breitheamh Dúíche Neilan [1980-1998] IR Tuairisci Speisialta 38, agus thagair sé do na píosaí as na breithiúnais sin a lua Laffoy B.ina bhreithiúnas. Chuir sé in iúl freisin an leagan amach céanna a bheith ag Ó hAnluain B. i leith foirmeacha reachtúla faoi Achta Comhlachtaí i gcás Ó Murchú v Cláraítheoir na gCuideachtaí [1980-1998] IR Tuairisci Speisialta 42. Ins an cás sin bhí an tIarratasóir ag iarradh eagras den ainm Comhar na Muinteoiri Gaeílge a chorprú agus a chlárú mar chuideachta theoranta. Chun seo a dhéanamh d'iarr sí ar Oifig na gCuideachtaí na foirmeacha cuí ins an teanga Gaeilge. Ni raibh siad ar fáil. Tar éis moill agus deacracht i gcur na bhfoirmeacha ar fáil di, chur sí tús le imeachta ins an Árd Chúirt chun iachail a chur ar Chláraitheoir na gCuideachtaí na foirmeacha cuí a sholathar di. Mhol an Freagróir sa chás sin (mar a bhí dá mholadh sa chás seo) go bhféadfadh an tIarratasóir a h-aistriúchán féin de na foirmeacha a sholáthar. Dhiúltaigh Ó hAnluain B. don mholadh seo agus dúirt sé (leathanach 44):

      "Dá mba rud é gur ghlac sí leis an gcomhairle sin, do bhéadh uirthi an stró agus an dua a bhainfeadh le saothar an aistriúcháin do ghlacadh uirthi féin - nó b fhéidir táille d'íoc le duine a bhéadh níos oilte ná í féin i gcúrsaí dlí agus teangan - agus ar deireadh báire ní bhéadh a fhios aici an mbéadh an hláraitheoir sásta go raibh an leagan a chuirfi os a chomhair 'ar aon dul' leis an leagan oifigiúil atá le fáil sa Sceideal agus atá ar fáil gan dua don té atá toilteanach an leagan Béarla d'úsáid. Tá sé soiléir gur caitheadh airgead Stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní feictear dhom go bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag an gcuid sin den phobal gur mian leo an gnó a dhéanamh tré mheán an phrímh-theanga oifigiúil muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibh-sin freisin. "
Mar fhocal deireannach, dúirt an tUasal Ó Tuathail go fiú is dá nglacadh an Chúirt seo le cinneadh Laffoy B. gur cheart tréimhse réasunta a thabhairt leis na rialacha a aistriú agus nach raibh deireadh leis an tréimhse sin ar lá a breithiúnais, bhí bliain caite anois ó thug Laffoy B. a breithiúnas. Ni raibh aon chomhthara ann ón Stát go raibh an obair aistriúcháin tosaithe, gan bacadh le é a bheith críochnaithe. Dá mba rud é nar tugadh a faoiseamh a bhí dá lorg aige don Iarratasóir bhí sé soiléir nach ndéanfadh na Freagróirí a dhath. Phléigh Abhcóide Sinsear na bhFreagróirí, Maurice Gaffney, i dtús báire le ceist aistriúcháin na nAcht um Trácht ar Bóithre. D'admhaigh sé de bharr Airteaga1 25.4.4 den Bhunreacht go raibh sé de dhulagas ar an Stát aistriúchán oifigiúil a sholáthar ar aon Bhille a bhí sínithe ag an Uachtarán i dteanga amháin den dá theanga oifigiúil. D'aontaigh sé nach raibh aon teora ama ar sholáthar a leithéid de aistriúchán ins an mBunreacht ach dúirt sé gur cheart glacadh as seo go mbeadh tréimhse réasúnach ar fáil leis an aistriúchán a sholáthar. Ba chir cúinsí ax nós ganntanas aistritheoirí nó easpa achmhainní a chur san áireamh, D'áitigh sé freisin nach ar na Freagróirí a bhí an dualgas sa chás seo aistriúchán na Reachtaí a sholáthar ach ar Thithe an Oireachtais, agus gur dualgas é go h-áirithe a Chléireach na Dála. Ins an aighneacht seo bhí sé ag braith ar Ordú 17(3) de Bhuan-Órdaithe Dáil Éireann a deir:
      "Cuirfidh an Cléireach faoi deara go ndéanfar tiontú oifigiúil go Béarla ar gach dlí dá n-achtaíonn an tOireachtas sa Ghaeilge, agus tiontú oifigiúil go Gaeilge ar gach dlí dá n-achtaíonn an tOireachtas sa Bhéarla. "
Dúirt an tUasal Gaffney gur chuid de fhoireann riaracháin Thíthe an Oireachtais a bhí riamh Rannóg an Aistriúcháin, an rannóg a rinne aistriúcháin ar na Reachta thar na mblianta. Ar aon nós, dúirt an tUasal Gaffney nach raibh anois ach ceist inargóinte nó inphléite in éileamh an Iarratasóra ar sholáthar aistriúcháin oifigiúla de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, mar go raibh aistriúcháin ar an dá Acht curtha ar fáil. Mar sin de, ní raibh aon riachtanas ann don Chúirt aon órdú a dhéanamh maidir leis an ghné sin den chás.

Maidir le Rialacha na Cúirte Dúiche, ní raibh sé iomlán soiléir ar admhaigh na Freagróirí i ndáiríre a bheith de dualgas cinte ar an Stát aistriúchán ar na rialacha a sholáthar. Ach ó tharla gur rialaigh an breitheamh Árd Chúirte léannta go raibh a leithéid de dualgas ann agus nar chuir na Freagróirí achomharc ina aghaidh sin, sé mo bharúil go bhfuil ar an gCúirt seo glacadh leis go n-aontaíonn na Freagróirí go bhfuil sé de oibleagáid ar an Stát aistriúchán a sholáthar. Ach ba soiléar nach raibh aon iarracht á dhéanamh an t-aistriúchán seo a chur ar fáil mar ghnó práinneach, nó é a chur ar fáil in am do thriáil an Iarratasóra. Is léir go soiléar leagan amach na bhFreagróirí ar an "tréimhse réasúnta" ar thagair Laffoy B. dó a bheith soshínte.

Déanann an tUasal Gaffney idirdhealú freisin idir cás Delap agus an cás seo mar gur attornae é an tUasal Delap agus dá bharr sin go mbeadh leagan Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna ag teastáil uaidh go rialta, b'fhéidir go laethúil, ina chuid oibre. Is gnáth bhaill den phobal é an tIarratasóir seo a bhí san am ag déileáil le liamhúint ina choinne sa Chúirt Dúiche. Cheana féin tugadh na caipéisí cuí dó ina phlé leis an Gárda Síochána; tugadh leagan Gaeilge de na Reachtaí cuí dó; dá mba rud é, mar shámpla, gur theastaigh uaidh fios a chur ar fhínnéithe, níl amhras ann ach go bhfuil ar a chumas féin agus a chomhairleóirí dlí a n-aistriúcháin féin de na foirmeacha atá ins na Rialacha a chur ar fáil.

I ndeireadh báire, dúirt an tUasal Gaffney nach raibh éileamh an Iarratasóra an Ordú Toirmisc deá-bhunaithe. Níl tosaíocht ag ceart an Iarratasoir ar leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Dúíche ar cheart an phobail coireanna a ionchúisiú. Ní raibh aon fhianaise ann i ndáiríre nach bhfuigheadh an tlarratasóir triáil chothrom de bhrí nach raibh fáil ar leagan Gaeilge de na Rialacha. Chinn an breitheamh léannta Árd Chúirte nach sárófaí cearta bunreachtúla an Iarratasóra agus nach gcuirfí aon constaici ina bhealach ag a thriáil ins an gCúirt Dúíche. D'áitigh an tUasal Gaffney gur chóir don Chúirt seo seasamh le breith na hÁrd Chúirte.

CONCLÚIDÍ

(a) Na Reachtaí
Forálann Airteaga1 25 den Bhunreacht mar leanas:

      ''Airteagal 25.

      1. Chumh luath agus a ritear Bille, seachas Bille a luaitear a bheith ina Bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht seo a leasú, nó a mheastar é a bheith rite ag dhá Theach an Oireachtais, ní foláir don Taoiseach an Bille sin a thairiscint don Uachtarán chun a lámh a chur leis agus chun é a fhógairt ina dhlí de réir forálacha an Airteagal seo

      2.1 Taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an mBunreacht seo, gach Bille a thairgtear don Uachtarán mar sin chun a lámh a chur leis agus chun é a fhógairt ina dlí, ní foláir dó a lámh a chur leis lá nach luaithe ná an cúigiú lá agus nach déanaí ná an seachtú lá tar éis an lae a thairgtear an Bille dó.

      2.2 Ar achainí an Rialtais, le comhthoil Sheanad Eireann roimh ré, tig leis an Uachtarán a lámh a chur le haon Bhille is siocair don achainí sin níos luaithe ná an cúigiú lá tar éis an dáta réamhráite.

      3. Gach Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht seo, ní foláir don Uachtarán a Zámh a chur Zeis an Zá a thairgtear an Bille sin dó chun é a fhógairt ina dhlí.

      4.1 Déanann dlí de gach Bille an lá a chuireann an tUachtarán a lámh leis faoin mBunreacht seo agus is dlí é an lá sin agus ón lá sin amach agus, mura léir a mhalairt d'intinn ina thaobh, is é an lá sin a thagann sé i ngníomh.

      4. 2 Gach Bille a gcuireann an tUachtarán a lámh leis faoin mBunreacht seo ní foláir dó é a fhógairt ina dlí le fógra san Iris Oifgiúil, faoi ordú uaidh, á rá go bhfuil an Bille ina dhlí.

      4.3 Is é téacs de Bhille a gcuirfidh an tUachtarán a lámh leis ná an téacs a ritheadh nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais agus, má ritear Bille nó má mheastar é a bheith rite amhlaidh sa dá theanga oifigiúla, cuirfidh an tUachtarán a lámh le téacs Gaeilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an Bhille..

      4. 4 I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.

      4.5 Chomh luath agus is féidir é tar éis Bille a shíniú agus é a fhógairt ina dhlí, ní foláir an téacs den dlí sin lena mbeidh lámh an Uachtaráin nó, i gcás lámh an Uachtaráin a bheith le téacs Sacs-Bhearla an dlí sin, an dá théacs sínithe sin a chur isteach ina iris nó ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí, agus is fianaise dhochloíte ar forálacha an dlí sin an téacs a chuirfear isteach ina iris, nó an dá théacs a chuirfear isteach ina iris, nó an dá théacs a chuirfear isteach ina n-iris, amhlaidh.

      4.6 I gcás téacs Gaeílge agus téacs Sacs-Bhéarla de dhli a chur isteach ina n-iris faoin alt seo agus gan an dá théacs sin a bheith de réir a chéile, is ag an téacs Gaeílge a bheidh an forlámhas....."

Ní bhaineann an chuid eile den Airteagal leis na h-imeachtaí láithreach.

Mar a chur abhcóidí ar an dá thaobh ar shúile, ní leagann Airteaga1 25.4.4 aon fhráma ama síos maidir le soláthar aistriúchán ar gach Bille/Acht. Ach is cosúil ón Airteagal ar fad gur nós imeachta sághach scioptha a bhí i gceist. In aon áit a bhfuil teoranna ama i gceist is teoranna gearr iad. Tá an modh oibre réamh-1980 trí na gcuirtí aistriúcháin ar fáil nach mór comhuaineach le achtú an Reacht, níos cosúla go mór le tiún ghinearálta an Airteagail ná an bealach atá ann anois nach gcuirtear aistriúchán ar fáil ach amháin nuair atá gá speisialta nó phráinneach leis, chomh fada agus is féidir les an gCúirt a dheimhniú. Ba mhó a bheadh cuma na macántachta ar argúint na bhFreagróirí gur cheart tréimhse réasúnta ama a thabhairt don aistriúchán marach an fhíric gur ar éigin atá aon aistriúchán oifigiúla curtha ar fáil le fiche bliain. Ní féidir "tréimhse réasúnta" a thabhairt ar sin. Go deimhin féin ní dócha go gcuirfí aistriúchán go deo ar na Reachta atá i gceist sa chás seo - Reachta atá dá n-úsáid go laethúil ins an Chúirt Dúiche - marach iarrachta an Iarratasóra agus a chomhairleoirí dhlí.

Níl deacrachta dosháraithe ag baint le aistriúchán; is obair í a dhéantar go rialta agus go minic ar fud an domhain. Ins an Aontas Eorpach aistrítear gach cáipéis ina lán teangacha - líon teangacha a bhéas ag méadú amach anseo de réir mar a mhéadós an Comhphobal. Cé gur mionlach i gCeanada a labhrann Fraincis, bíonn gach cáipéis oifigiúil, cáipéisí cúirte, fógraí, foirmeacha agus comhthoraí ina measc, ar fáil i bhFraincis agus i mBéarla. Níos gaire do bhaile, ní miste a rá gur fhoillsigh an Bord Seirbhíse Cúirte, ar a bhfuil dualgas reachtúil áird a thabhairt ar an bpolassí dhá-theangach maidir le Seirbhíse Cúirte, (féach ar an Acht Seirbhisí Cúirte 1998, Roinn 7) a chéad mhór phlean reachtúil straitéaiseach le fíor ghairid. Foillsíodh an phlean sin go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Ins na h-imeachta seo tá sé soiléir nach bhfuil an Stát sásta na h-achmhainní a sholáthar le n dualgas soiléir bunreachtúil a chomhlíonadh. Deireann an tUasal Gaffney nach ar a chlianta seisean ach ar Chléireach Dáil Éireann a thiteann an dualgas aistriúcháin na Reachta a sholáthar. Ní ar an Bunreacht ná ar aon údarás reachtúil a bhunaíonn sé an t-éileamh seo, ach ar Bhuan Ordaithe Dáil Éireann. Ní léir gur cuireadh an argúint seo ós comhair na hÁrd Chúirte. Im thuairim-se tá Buan Ordaithe na Dála ar chean de roint slíte chun na h-aistriúcháin riachtanacha a sholáthar. Má chuirtear na h-achmhainní atá riachtanach ar fáil, sin slí amháin; bheadh moladh an Aire Dlí, Cothramais angus Athchóiriú Dlí ina chomhfhreagras ins an gcás seo go mbeadh freagracht ar gach Roinn Stáit maidir le haistriúchán reachtú a tionsnaíodh san Roinn sin chomh sásúil céanna. Ach is ar an Stát féin, an ceathrú Freagróir ins na h-imeachta seo, atá an dualgas bunreachtúil. ,

Tá leagan Gaeilge de na Reachta cuí tugtha anois don Iarratasóir agus dá bhri sin níl gá leis na h-ordaithe a h-iarradh in altanna (c) agus (d) de Fhógra Foriarratais an Iarratasóra.

Bé barúil Laffoy B. ó tharla dualgas an Stáit a bheith cheana féin leagtha amach ins an mBunreacht gur saothar gan údar a bheadh ann an dearbhú a dhéanamh a h-iarradh in alt (e) de Fógra foriarratais an Iarratasóra. Deirim-se go bhfuil an Stát thar thréimhse fada ama ag sárú an dualgais bhunreachtúil seo go scannalach neamh-náireach agus go mbeadh ceart ag an Chúirt seo áird a dhíriú go poiblí ar nádúr sain ordaitheach a dualgais atá leagtha síos in Airteaga1 25.4.4. Deonaím an faoiseamh a d'iarr an tIarratasóir in alt (e) den Fógra Foriarratais. Agus mé ag tabhairt an fhaoiseamh dhearbhaithe seo, táim ag glacadh leis go gcuirfidh an Stát chuige leis an fhaillí láithreach a leigheas taobh istigh de achar gearr.

(b) Rialacha na Cúirte Dúiche
Tá sé soiléar nach ionan ar chor ar bith ceist Rialacha na Cúirte Dúíche agus ceist na Reachtaí. Glacann an tUasal Ó Tuathail leis nach bhfuil aon dualgas ar leith leagtha amach ag an mBunreacht ar sholáthar aistriúchán Gaeilge de Rialacha na Cúirtí. Bhunaigh sé a argúint go h-áirithe ar údarás chás Delap agus ar dhúirt Ó hAnluain B. ina bhreithiúnais sa chás sin agus i gcásanna eile. Ina breithiúnas d'aontaigh Laffoy B. le leagan amach Ó hAluain B. maidir le Rialacha na nUaschúirteanna is gcásanna Delap agus Ni Cheallaigh v an tAire Comhshaoil. Bhraith sí go h-áirithe ar na píosaí as breithiúnais Ó hAnluain B. atá thuasluaite agam. Dar liom, bhí an ceart ag an mbreitheamh léannta Árd Chúirte. Is ionann na cúinsí a bhain le soláthar aistriúchán Ghaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna 1986 agus le soláthar aistriúchán Ghaeilge de Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 ins an gcás seo. Is ceist í seo faoi cheart dul chun cúirteanna daoine a labhrann ceachtar den dá theanga oifigiúil atá ainmnithe in Airteagal 8 den Bhunreacht.

Diúltaím do aighneacht Abhcóide na bhFreagróirí go bhféadfadh an tIarratasóir a aistriúcháin féin de na foirmeacha riachtanacha a sholáthar. Phléigh Ó hAnluain B. go coimsitheach leis an gceist seo ina bhreithiúnas in Ó Murchú v Cláraitheoir na gCuideachta ar thagraíos dó cheana. Tá cuínse den chineál céanna, nó níos láidre, i gceist sa chás seo mar a bhfuil an tIarratasóir dá chosaint féin i gcoinne liamnúintí coiriúla.

Ní dhearna Laffoy B. órdú dearbhaithe maidir le soláthar aistriúcháin Gaeilge ar Rialacha na Cúirte Dúíche 1997 mar gur mheas sí gur chóir tréimhse réasúnach ama a cheadú chun cáipéis chomh fada sin a aistriú. Bhí a leagan amach iontuigthe agus ní chuirfinn ina aghaidh. Ach tá bliain goite thart idir an éisteacht Árd Chúirte agus éisteacht an achomharc seo; chomh fada agus is féidir a fháil amach, níl a dhath in aon chor déanta chun comhfhreagairt le cinneadh na hÁrd Chúirte.

Dá réir sin, im'thuairim-sa, ba chór don Chúirt seo an t-órdú dearbhaithe a h-iarradh in alt (f) de fhógra foriarratais an Iarratasóra a dhéanamh. Ar a laghad ar bith, bheinn ag súil go n-eiseadh na n-údaráis chuí ar an toirt teastas a déarfadh gur ábhar práinneach é aistriúchán an Ionstraim Reachtúil seo agus gur cheart tús a chur ar an bpointe leis an aistriúchán, agus go gcríochnófaí an obair aistrithe chomh luath ar fad agus is féidir sin.

Ní miste dom a rá go mbaineann an t-órdú dearbhaithe seo le Ionstraim Reachtúil Uimhir 93/1997 amháin. Ná glactar leis go bhfuilim ag rá gur gá gach Ionstraim Reachtúil a aistriú. Is cás ar leith Rialacha na Cúirteanna de bharr a dtábhacht don saoránach atá ar lorg a chearta nó a ceartú dul chun na Cúirteanna.

(c) Toirmeasc ar Thriáil an Iarratasóra
Tá an tIarratasóir ar lorg órdú ag stopadh aon leanúnachas ar a thriáil sa Chúirt Dúiche nó go mbeidh an t-aistriúchán riachtanach de Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil. Deireann an tUasal Gaffney gur ceist tosaíocht a thabhairt do cheart an phobail coireanna a ionchúisiú thar cheart an Iarratasóra leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Dúiche a bheith ar fáil dó. Tá ceist ceart tosaíochta an phobail chun coireanna a ionchúisiú meáite ag Denham B. i sliocht ina breithiúnas in D. v Stiúrthóir na nIonchúisiú Poiblí [1994] 2 IR 465 (ag 1. 474) ar a mbíonn trácht go minic:

      "The Applicant's right to a fair trial is one of the most fundamental constitutional rights afforded to persons. On a heirarchy of constitutional rights it is a superior right.

      The Court must give some consideration to the community's right to have this alleged crime prosecuted in the usual way. However, on the hierarchy of constitutional rights there is no doubt that the Applicant's right to fair procedures is superior to the community's right to prosecute.

      If there was a real risk that the accused would not receive a fair trial then there would be no question of the accused's right to a fair trial being balanced detrimentally against the community's right to have alleged crimes prosecuted. "

I sliocht roimhe sin ar leathanach 473 deireann an breitheamh léannta:
      "1 agree with the Chief Justice and Egan J. that the test is whether there is a real risk that the Applicant .... could not obtain a fair trial. "
Dá mba rud é mar sin sa chás seo go raibh contúirt in dáiríre ann nach bhfuigheadh an t-Iarratasóir triáil chothrom, bheadh tosaíocht ar a cheart chun triáil chothrom thar cheart an phobail coireanna a ionchúisiú. Mar sin féin, is ceart tábhachtach ceart an phobail coireanna a ionchúisiú. Ba chóir don Chúirt seo machnamh cúramach a dhéanamh sul a ndéanfaí aon chinneadh arbh é a thoradh ní amháin toirmeasg a chur ar ionchúisiú na coireanna atá curtha i leith an Iarratasóra, ach, b'fhéidir, aoráid a chruthú ina mbainfí leas as cearta cinte tábhachtach fáil a bheith ar cháipéisí ins an teanga Ghaeilge le toirmeasc ollmhór a chur ar ionchúisiú coireanna.

Tá sé soiléir gur san teanga Ghaeilge a bhí na cáipéisí éagsúla a seirbheáladh ar an Iarratasóir go dtí seo ins an gCúirt Dúiche. Ní léir gur cuireadh aon bhac air ná go raibh aon deacracht aige ag plé leis na baill chuí den Ghárda Síochána i nGaeilge. Tá na Reachtaí cuí i nGaeilge curtha ar fáil dó anois agus is cosúil go bhfuiltear le na cheistiú gur cainteoir Gaeilge a bhéas ins an mbreitheamh a thriáilfear é. Má bhíonn sin de dhíth uair ar bith, bhedh sé de cheart aige teangaire a bheith ar fáil don triáil. In ainneoin go bhféadfadh easpa Rialacha na Cúirte Dúíche roint deacrachta a chur ina bhealach féin agus i mbealach a chomhairleoirí dlí, ní é mo bharúil go mbeadh sin chomh mór le "a real risk that the Applicant will not get a fair trial" mar a bhí i gceist ag Denham B.

Dá bhrí sin, dhiúltóinn an faoiseamh a h-iarradh in alt (b) de fhógra foriarratais an Iarratasóra. Níl gá a thuilleadh leis an bhfaoiseamh a h-iarradh. in alt (a).










Ar ais ar barr an leathanach