Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
MacUaidh -v- Bus Éireann
Lua Neodrach:
[2013] IEHC 551
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2013 234 JR
Dáta Seachadta:
11/19/2013
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Charleton J.
Stádas:
Formheasta

Neutral Citation: [2013] IEHC 551

An Ard-Chúirt

Athbhreithniú Breithiúnach

Uimhir taifid: 2013/234JR




Idir

Brian MacUaidh
iarratasóir
agus

Bus Éireann

freagróir

BREITHIÚNAS an Bhreithimh Charleton tugtha ar an 19ú Samhain 2013

Fostaíonn Bus Éireann gréasán tiománaithe ar fud na tíre chun páistí atá i dteideal córas na mbusanna scoile a úsáid a iompar chuig scoileanna náisiúnta. Is córas iompair atá maoinithe go poiblí é an córas seo agus tugtar an scéim iompair scoile air go ginearálta. I gcomhfhreagras, dúirt Bus Éireann go bhfuil beartas acu, agus deir siad go bhfuil sé comhsheasmhach le cinneadh Rialtais, gur cheart grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar gach tiománaí bus. Ba ghnách le Brian MacUaidh ceann de na busanna sin a thiomáint go dtí gur stop Bus Éireann é de bhun litreach arna dátú an 4 Eanáir 2013. Dúradh leis nach raibh sé oiriúnach toisc go ndearna sé dhá chion i 1990. Bhí ceann de na cionta an-tromchúiseach agus bhain sé le pléascáin a bheith ina sheilbh. Ciontaíodh é go cuí agus chuir sé pianbhreith trí bliana príosúnachta isteach. Fostaíodh é mar thiománaí bus scoile i Muineachán os cionn 20 bliain i ndiaidh dó an príosún a fhágáil. Chomhlíon sé an tasc seo i gceart go dtí gur nochtadh a éagóir choiriúil san am a chuaigh thart i gceart i ngrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Sa lá atá ann inniu, tá sé beagnach ina bheartas uilíoch gur cheart do gach duine cúlra na n-aosach fireannach a chuireann siad i dteagmháil le páistí a sheiceáil. Is eolas poiblí iad na cúiseanna leis sin. Tá sé oiriúnach an rud atá soiléir a shonrú sa chomhthéacs seo, áfach. Go ginearálta, d’fhéadfadh an caighdeán cúraim atá le feidhmiú ag duine ar bith atá i gceannas ar pháistí teacht as an dlí torta, agus cibé acu an bhfuil gníomh ina ghníomh faillíoch nó nach bhfuil á mheas; ach tá sé fós ciallmhar a mheas maidir le dualgas dlíthiúil cúraim i dtaca le haosaigh atá i gceannas ar pháistí gur cheart dóibh aire agus cúram gnáth-thuismitheora stuama a fheidhmiú. Ní bheadh tuismitheoir dá leithéid ag iarraidh a bpáistí a bheith i dteagmháil le daoine a ciontaíodh as mí-úsáid ghnéasach nó mí-úsáid choirp páistí. Bheadh beartas ar bith den sórt sin ag soláthraí náisiúnta seirbhísí bus scoile go hiomlán réasúnta sa chomhthéacs go bhfuil daoine a bhain mí-úsáid ghnéasach as páistí i mbaol é sin a dhéanamh arís. Ní mór do dhaoine a thiomáineann busanna scoile a bheith an-inniúil agus ba cheart saincheist ar bith maidir le caighdeán a dtiomána a réiteach ar mhaithe le sábháilteacht na bpáistí chomh maith. Tá sé réasúnta beartas a bheith ann nár cheart do dhuine ar bith a ciontaíodh as cion coiriúil bus scoile a thiomáint mura bhfuil cúinsí láidre frithchúiteacha ann.

Tá beartas dolúbtha ag Bus Éireann trí nach bhfuil cead ag duine ar bith a ciontaíodh as cion coiriúil, d’fhéadfadh sé a bheith ina chion indíotáilte, bus scoile a thiomáint. Is idé maith í rialacha a bheith ann sa chás go bhfuil a fhios ag daoine a staid. Tá beartais scríofa ina dtugtar treoir do chomhlacht riaracháin an-chuidiúil chomh maith mar phointe dlí; ar an gcoinníoll nach gcuirtear i bhfeidhm chomh docht sin iad is go srianann siad lánrogha ar bith is gá a fheidhmiú laistigh de chomhthéacs reachtúil. Is sampla é an cás seo de bheartas atá docht agus neamhréasúnta araon. Ní thabharfainn faoiseamh i gcomhthéacs an cháis seo ach amháin toisc go bhfuil an beartas chomh dolúbtha sin maidir lena fheidhmiú go bhfuil sé ina mhasla don ghnáthchiall.

Ó chuir sé téarma isteach le haghaidh cionta a bhain le forghabháil údarás an Stáit agus dhaoine na hÉireann ag grúpaí armtha i dtréimhse lár na 1960idí go dtí lár na 1990idí, phós an t-iarratasóir, Brian MacUaidh, agus tá teaghlach tógtha aige agus bhí sé bainteach ar dhóigh eiseamláireach le cultúr na hÉireann a chur chun cinn agus le folláine an phobail ina gcónaíonn sé a chothú. Is gné aisteach í den chás seo cé gur theip air i ngrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána le haghaidh tiománaithe bus scoile, nach bhfuil ach beagán teagmhála acu le páistí, gur éirigh leis i nós imeachta an Gharda Síochána cosúil leis an gceann sin a rinne Cumann Lúthchleas Gael (GAA) trína raibh sé ábalta leanúint de spórt Gaeilge a chóitseáil d’fhoirne faoi aois in iománaíocht agus i bpeil. Féachann an eagraíocht eiseamláireach sin de bheartas ina nglactar leis na cleachtais agus na cóid iompair is fearr i spórt na hóige. Chóitseáil an t-iarratasóir, Brian MacUaidh, foirne faoi aois le roinnt blianta anuas agus rinne sé é sin, de réir dealraimh, go dearscna. Déantar an obair seo gan luach saothair ar bith agus de bhun an éitis amaitéaraigh. Lena chois sin, is léir gur tiomanaí an-mhaith agus tuismitheoir freagrach agus comhbhách é an t-iarratasóir, Brian MacUaidh, agus níl rud ar bith ann a léiríonn a mhalairt sin.

Níor fhéach Bus Éireann lena áitiú nach raibh an cinneadh chun tiománaí bus a eisiamh ar bhonn ciona a rinneadh os cionn 20 bliain ó shin réasúnta. Go follasach, tá soláthraí náisiúnta seirbhísí bus scoile i dteideal cion ar bith a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé ba cheart busanna dá leithéidí a thiomáint. Baineann an-tábhacht le cionta a bhaineann le tiomáint chontúirteach nó míchúramach mar aon leis an ngá le páistí a chosaint ó phéidifiligh. Ba cheart go ndícháileodh comhartha ar bith de thiomáint mhíchuí tiománaí fosta. Baineann an-tábhacht le cionta a tharlaíonn le blianta beaga anuas, mar shampla laistigh de 10 mbliana, mar an gcéanna, agus d’fhéadfaí roinnt cionta, mar shampla éigniú nó dúnmharú, a mheas le réasún mar dhaoine a eisiamh ón gcineál seo freagrachta ar feadh a saoil. Sa chás gur tharla cion fada ó shin agus nach mbaineann sé le tiomáint nó le cúram páistí, ní mór do chomhlacht riaracháin méid solúbthachta a choimeád ionas go gcoimeádfar an ghné bhunúsach dea-chéille i bhfeidhmiú a mbeartais maidir le tiománaithe bus den iontaofacht is airde a bheith acu.

In ionad éileamh a dhéanamh gur ghníomhaigh siad le réasún, d’áitigh Bus Éireann gur ábhar conartha é seo agus nach bhfuil an dlí maidir le conarthaí príobháideacha inchúisithe ag athbhreithniú breithiúnach. Déanta na fírinne, bhí an t-iarratasóir, Brian MacUaidh, fostaithe le conradh i gContae Mhuineacháin de bhun conradh scríofa idir an conraitheoir sin agus Bus Éireann. Ag alt 4, ceanglaítear ar an gconraitheoir a chinntiú go bhfuil grinnfhiosrúchán déanta mar is cuí ar an tiománaí agus go bhfuil teistiméireachtaí fostaíochta acu agus go ndéantar seiceáil thapa leis an nGarda Síochána maidir le taifead coiriúil ar bith. Is é dualgas an chonraitheora é a chur in iúl do Bhus Éireann má bhíonn tiománaí cúisithe as cion coiriúil nó má tháinig cion coiriúil ar bith a rinneadh san am a chuaigh thart chun suntais. Coimeádann Bus Éireann an ceart dá rogha féin go hiomlán ag tráth ar bith agóid a dhéanamh i gcoinne duine ar bith atá fostaithe mar thiománaí bus scoile ar bith. Ceanglaítear ar an gconraitheoir comhaontú a fháil óna thiománaithe maidir leis na forálacha conartha sin.

Ag cur san áireamh nach bhfuil sé áitithe go bhfuil an beartas dolúbtha seo réasúnta, agus go bhfuil an Chúirt den tuairim chéanna, is é an t-aon cheist, an bhfuil nó nach bhfuil an t-athscrúdú, i bhfianaise na gcúinsí ar fad, sainordaithe trí ordú cúirte. Dealraíonn sé domsa go bhfuil sé. In Geoghegan v Institute of Chartered Accountants [1995] 3 IR 86, d’fhógair an Chúirt Uachtarach prionsabail trína bhféadfaí cinneadh a dhéanamh faoi cibé an raibh nó nach raibh eagraíocht inchúisithe ag dlínse na hArd-Chúirte in athbhreithniú breithiúnach. Breathnaím ar na prionsabail sin. Rud a bhfuil níos mó bainte aige le cúinsí an cháis seo, áfach, ná cinneadh Kelly B in Rafferty v Bus Éireann [1997] 2 IR 424. Bhí plean inmharthanachta i gceist lena ndearnadh athrú mór i dtéarmaí agus i gcoinníollacha oibre na n-iarratasóirí arbh thiománaithe bus iad ar bhealaí idirchathracha. Bhraith Kelly B go príomha ar bhreithiúnas roimhe sin de chuid na Cúirte Uachtaraí in Beirne v Commissioner of An Garda Síochána [1993] ILRM 1. In Rafferty, ós rud é gur bhain an cás le mórmhodh iompair phoiblí, ós rud é go bhfuil Bus Éireann ann i ngeall ar an Acht Iompair (Atheagrú Córas Iompair Éireann) 1986, ós rud é gur tháinig feidhmeanna Bhus Éireann laistigh de réimse poiblí an Stáit, ós rud é go bhféadfaí an caidreamh conarthach idir Bus Éireann agus a fhostaithe a bheith faoi réir idirghabhála reachtúla faoi alt 14 den Acht sin, agus ós rud é go bhféadfadh cur isteach ar an gcuideachta sin a bheith tromchúiseach dá fosaithe, dheonaigh Kelly B faoiseamh.

Is iad seo a leanas na fachtóirí is mó a imríonn tionchar ar an gcúirt seo; go gcuimsíonn córas na scoileanna náisiúnta soláthar poiblí an bhunoideachais, go bhfuil iompar chuig an scoil agus ón scoil i gcásanna iomchuí ina theidlíocht thar dhá ghlúin ar a laghad, go bhfuil na seirbhísí sin maoinithe go poiblí, go bhfuil an chosúlacht ann go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha i gceist dá gcuirfí isteach ar an gcaidreamh conarthach idir an conraitheoir agus an fochonraitheoir agus go dtagann feidhmeanna Bhus Éireann ó bhunús reachtúil.

Agus é sin amhlaidh, deonóidh an Chúirt athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh an fhreagróra, Bus Éireann, nár cheart don iarratasóir, Brian MacUaidh, bus scoile a thiomáint choíche. Dá réir sin, déanfaidh Bus Éireann an cheist a athbhreathnú ós rud é nach bhfuil sé mar chuid ar bith d’fheidhm na hArd-Chúirte tuairim ar bith a bheadh aici a chur in aonad thuairim an chinnteora chuí.

Is cuí é gur cheart costais an cháis a dhámhadh don iarratasóir.










Ar ais ar barr an leathanach