Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Uí Chróinín & chuid eile -v- An tAire Oideachais & Eolaíochta & chuid eile
Lua Neodrach:
[2009] IEHC 204
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2006 503 JR
Dáta Seachadta:
05/01/2009
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
O'Neill J.
Stádas:
Formheasta


An Ard Chúirt
2006 503 JR
Keara Uí Chróinín, Marian Murphy, Peter Fehilly, Aileen Murphy, Mary O’Sullivan, Des Ó Laighin, Bernie Lehane agus Olive Sharp
Iarratasóirí
Agus

An tAire Oideachais agus Eolaíochta,

Éire

agus

An tArd-Aighne

Freagróirí
Agus le Ordú na Cúirte

An tEaspag John Buckley

Páirtí Iar-Fhógra

Breithiúnas an Bhreithimh Ó Néill tugtha ar an 1ú lá Bealtaine 2009

1.1 Dheonaigh an Chúirt seo cead do na hiarratasóirí na faoisimh seo a leanas a lorg trí athbhreithniú breithiúnach ar an 28ú Meitheamh, 2006:-

      1. Dearbhú nach réamh-choinníoll é cead phátrún Scoil Naomh Therese a fháil chun an scoil a aithint mar Ghaelscoil agus/nó scoil a dhéanann teagasc trí Ghaeilge.

      2. Ordú mandamus ag tabhairt ar an bhfreagróir chéad-ainmnithe nó ar a cuid gníomhairí cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas Scoil Naomh Therese le haghaidh aitheantais mar Ghaelscoil agus/nó scoil a dhéanann teagasc trí Ghaeilge.

      3. Dearbhú nach réamh choinníoll é cead phátrún Scoil Naomh Therese a fháil chun an scoil a aithint mar scoil chomhoideachasúil.

      4. Ordú mandamus ag tabhairt ar an bhfreagróir chéad-ainmnithe nó ar a cuid gníomhairí cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas Scoil Naomh Therese le haghaidh aitheantais mar scoil chomhoideachasúil.

      5. Dearbhú gur sháraigh an freagróir chéad-ainmnithe cearta an iarratasóra agus/nó forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuair a freagraíodh litreacha i mBéarla.

2. Na fíricí
2.1 Bunaíodh Scoil Naomh Therese i 1980 mar bhunscoil do chailíní faoi phátrúntacht Easpag Chorcaí agus Rosa. Bunaíodh bunscoil do bhuachaillí, Scoil Cholumbáin, ar an suíomh céanna. I 1998, mar gheall ar thitim i líon na daltaí ar an rolla, cónascadh an scoil do bhuachaillí le scoil eile do bhuachaillí ar shuíomh dhifriúil. Bunaíodh St. Gabriel’s, scoil do pháistí faoi míchumas agus ghlac an scoil sin an foirgneamh ina mbíodh Scoil Cholumbáin.

2.2 I 1995, rinne bord bainistíochta Scoil Naomh Therese iarratas le haghaidh aitheantais mar Ghaelscoil don fhreagróir chéad-ainmnithe (An Aire). Níl aon chinneadh déanta ar an iarratas seo. Rinne an bord bainistíochta tuilleadh iarratais don fhreagróir chéad-ainmnithe d’athrú stádas go scoil chomhoideachasúil i 1998 agus arís i 1999. Dhiúltaigh an fhreagróir chéad-ainmnithe an dhá iarratais sin. In ainneoin seo thosaigh Scoil Naomh Therese ag glacadh le buachaillí sa bhliain 2000. Faoi láthair tá 45 daltí sa scoil, 15 dóibh ina bhuachaillí.

2.3 Rinne an bord bainistíochta iarratas le haghaidh aitheantas mar Ghaelscoil agus mar scoil-chomhoideachasúil don fhreagróir chéad-ainmnithe faoi litir dár dáta an 12ú Márta, 2004, toisc gur ritheadh rún gníomhaíocht den chineál sin a thógáil ag cruinniú an bhoird ar an 3ú Márta, 2004. Rinneadh iarratas eile, thar cheann an bhoird bainistíochta agus cumann na dtuismitheoirí trí aturnae faoi theagasc tuismitheoirí na scoile, faoi litir dár dáta an 20ú Aibreáin, 2004.

2.4 D’fhreagair an fhreagróir chéad-ainmnithe le litir dár dáta an 6ú Iúil, 2004. Ag brath ar altanna 6(e) agus 15(2) den Acht Oideachais 1998 (“An t-Acht”) agus riail 33 do na “Rialacha do Scoileanna Náisiúnta” leag an roinn amach a seasamh mar seo a leanas:-

      “In relation to the school’s wish to become a Gaelscoil the position is that in April 2003, the Chairperson of the Board of Management requested the Department to defer the school’s application for Gaelscoil status until the 2003/4 school year. As with the school’s request for a change of status to a co-educational provider, the approval of the patron would also be required for any change to its official Gaelscoil status. The views of the patron and other school interests will be sought as part of the Department’s consideration of the proposed change to a Gaelscoil.

      Pending further consideration of the school’s request for change of a status to that of Gaelscoil, Scoil Naomh Therese stands recognized as an all-girls primary school providing education through the medium of English.

      The Patron of the school Most Rev. John Buckley, Bishop of Cork and Ross has made it very clear in his letter to the Department dated 11th March last that he has not given his approval at any stage to the Board of Management for the change of status of Scoil Naomh Therese NS to permit the enrolment of boys. Accordingly, the sanction of the Minister for a change of status to a co-educational provider was not given. Scoil Naomh Therese stands recognised as an all-girls primary school but not as a co-educational provider. The Board of Management of the school is not authorised to continue to enroll boys in the school and have been advised to discontinue this practice.”

2.5 Tá sé soléir go measann an fhreagróir chéad-ainmnithe gur réamhchoinníoll riachtanach é in iarratas d’athrú stádas scoile, go bhfaightear cead ó phátrúin na scoile (an páirtí iar-fhógra). Ní thabharfaidh pátrún Scoil Naomh Therese, Easpag Corcaí agus Rosa, cead athrú go scoil chomhoideachasúil. I litir chuig an t-iarratasóir chéad-ainmnithe (príomhoide Scoil Naomh Therese) dár dáta an 9ú Iúil, 2004 scríobh an páirtí iar-fhógra mar seo a leanas:-
      “It is understandable if the outcome of that 1999 Departmental assessment was a disappointment for the Board of Management of Scoil Therese Girls’ N.S. The standard course of action for the Board of Management of Scoil Therese Girls’ N.S. to follow in such circumstances would be to make a new application to the Department of Education and Science presenting significant factors, which have occurred since 1999, which might prompt the Departmental assessment made in that year to be revised. I wish to state I am aware that a positive response to a fresh application made by Scoil Therese Girls’ N.S. might not be the outcome after the Department has conducted a new assessment.

      Rather than pursuing this standard course of action, the Board of Management of Scoil Therese Girls’ N.S. has embarked on the unilateral action of enrolling boys in a girls’ school. Unilateral action of this kind might be permissible if Scoil Therese Girls’ N.S. were a privately owned and privately funded school. Scoil Therese Girls’ N.S. is not that type of school. Scoil Therese Girls’ N.S. is funded by the Irish State and under the patronage of the Bishop of Cork and Ross. Consequently, the Board of Management of Scoil Therese Girls’ N.S. is bound to observe the standard process which is applicable to it if it wishes to change its status to being co-educational. That process requires that such a change is only implemented after the approval of the Minister of Education and Science has been given to it.”

2.6 Le litir dár dáta an 29ú Márta, 2006, d’iarr an patrún tuairisc ón Dochtúir F.J. Steele faoi alt 19(2) den Acht i dtaobh “The factual situation concerning the Board of Management of Scoil Therese Girls’ National School and the request of the Department of Education and Science, in a letter dated 11th October, 2005, that it give a firm commitment to manage that school in accordance with its recognised status”. Foilsíodh an tuairisc seo in Eanáir 2007.

2.7 Chuir an páirtí iar-fhógra, i litir dár dáta an 15ú Nollaig, 2008, in iúil do chathaoirleach an bhoird bainistíochta nach raibh sé in gcoinne an scoil ag feidhmiú mar “Scoil Lán-Ghaelach”. Luaigh an litir sin freisin go raibh an páirtí iar-fhógra toilteanach a chead a thabhairt do na buachaillí ar an rolla faoi láthair a mbunoideachas a chríochnú sa scoil. Níor tugadh cead scoil chomhoideachasúil a sholáthar.

3. Na ceisteanna
3.1 Éiríonn trí réamhcheisteanna le cinntiú sa chás seo. Is iad, ar an gcéad dul síos, an dtugann na himeachtaí seo conspóid dlí poiblí chun cinn; ar an dara dul síos, an bhfuil na himeachtaí seo roimh am agus ar an triú dul síos locus standi na n-iarratasóirí. An phríomhcheist sna himeachtaí seo ná an bhfuil an fhreagróir chéad ainmnithe i dteideal diultiú le cinneadh a dhéanamh ar iarratas an bhoird bainistíochta d’athrú stádas gan cead an phatrúin lena leithéid do athrú.

4. An dtugann na himeachtaí seo conspóid dlí poiblí chun cinn?
4.1 D’aighnigh abhcóide thar ceann an páirtí iar-fhógra, an tUasal Humphreys, Abhcóide Sóisir, nach raibh an cás seo feiliúnach d’athbhreithniú breithiúnach toisc gur bhain sé le cursaí dlí phríobháideacha idir na hiarratasóirí agus a chliant i.e. athrú stádas scoile a chliant. Ní raibh cearta bunreachtúla agus/nó reachtúla na n-iarratasóirí, ina aighneacht, iomardaithe nó sáraithe de réir fíricí an chás seo, mar gheall nach raibh cinneadh déanta fós ag an bhfreagróir chéad-ainmnithe. D’áitigh sé go gcuirfidh isteach ar chinneadh príobháideach agus deonach na dtuistmitheorí faoi scoil a bpáistí dá ndeonaíodh an triú dearbhú átá á lorg ag na hiarratasóirí. Thug sé faoi deara go bhfuil an scoil faoi úinéireacht an eaglais agus riailithe ag an bpátrún agus gur cúrsaí phríobháideacha iad na ceisteanna idir eatarthu.

4.2 D’áitigh an tUasal Ó Braonáin Abhcóide Sinsir, do na freagróirí, ar mhodh chomhchosúil gur bhain an chás seo le conspóid príobháideach idir na tuismitheoirí, an bord bainistíochta agus pátrún na scoile maidir le stádas na scoile.

Cinneadh
4.3 An cinneadh beacht atá faoi ionsaí sna himeactaí seo ná cinneadh an fhreagróir céad-ainmnithe diultiú déileáil le hiarratas bord bainistíochta na scoile d’athrú stádas, gan cead an pháirtí iar-fhógra. Ag teacht ar an gcinneadh seo tá an freagróir chéad-ainmnithe ag gníomhiú i gcáil poiblí agus ag comhlíonadh feidhm reachtúil faoi choimirce an Acht. Mar gheall ar seo, tá mé sásta go mbaineann an conspóid seo leis an ndlí poiblí agus go bhfuil imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh oiriúnach.

5. An bhfuil na himeachtaí seo roimh am?
5.1 An dara ceist a éiríonn ná an bhfuil na himeachtaí seo roimh am? Mar atá léirithe thuas, lorg an páirtí iar-fhógra sna himeachtaí seo tuairisc, de bhun alt 19 (2) an tAcht. Rinneadh é seo sular thionscain na himeachtaí seo ar an 4ú Bealtaine, 2006. Críochnaíodh an tuairisc i mí Eanáir 2007. Mar gheall nár críochnaíodh an tuairisc go dtí tar éis tionscain na n-imeachtaí seo, d’aighnigh an tUasal Humphreys go bhfuil na himeachtaí seo roimh am agus go mba chóir iad a scrios amach.

Cinneadh
5.2 Ag croílár na conspóide seo ná cinneadh tógtha ag an bhfreagróir chéad-ainmnithe ag diúltiú déileáil leis an iarratas d’athrú stádas gan chead an páirtí iar-fhógra. Dá mba rud é gur dearnadh an cás go raibh an páirtí iar-fhógra ag fanacht ar an dtuairisc le cúnamh a thabhairt dó teacht ar chinneadh a chead a thabhairt nó gan é a thabhairt maidir le hiarratas an bhoird bainistíochta, ansin thacódh sé sin le hargóint an páirtí iar-fhógra. Déanann an comhfhreagras soléir tríd síos, áfach, nach raibh sé ar a intinn aige a chead a thabhairt. Dá bhrí sin tá mé sásta nach bhfuil na himeachtaí seo ag iomardú cinneadh an chéad-freagróir ainmnithe roimh am.

6. Locus standi
6.1 Is daoine iad na hiarratasóirí atá nó a mbíodh ina mbaill do bhoird bainistíochta na scoile. Cuireadh i bhfeidhm gur thionscain na hiarratasóirí na himeachtaí seo thar ceann an bhoird bainistíochta. Maíonn mionnscríbhinn Des Ó Laighin, curtha faoi mhionn aige ar an 20ú Eanáir, 2009, gur rith an bord bainistíochta rún, ag tacú leis na himeachtaí seo a thionscain na hiarratasóirí, ar an 6ú Márta, 2008.

6.2 Aighníonn an tUasal Ó Braonáin go ndearna an bord bainistíochta an iarratas le haghaidh athrú stádas agus sa mhéid is gur dhiúltaigh an freagróir chéad- ainmnithe déileáil leis an iarratas, níl locus standi ach ag an mbord bainistíochta é féin gearán a dhéanamh faoi sin. D’aighnigh sé nach páirtithe cuí iad na hiarratasóirí do na himechtaí seo.

6.3 D’aighnigh an tUasal Ó Tuathail, Abhcóide Sinsireach, do na hiarratasóirí, gurb é an fáth nár roghnaigh na hiarratasóirí na n-imeachtaí seo a thionscain mar bhoird bainistíochta ná nár theastaigh uathu an scoil a chuir i mbaol ordú do chostaisí.

Cinneadh
6.4 I 2006, nuair a thionscain na himeachtaí seo bhí an t-ochtar iarratasóirí go léir ina mbaill do bhoird bainistíochta na scoile. Tá ceathrar do na hiarratasóirí fós ina mbaill agus ina thuismitheoirí ar pháistí sa scoil (Aileen Murphy; Mary O’Sullivan; Bernie Lehane agus Des Ó Laighin). Is í an t-iarratasóir chéad- ainmnithe príomhoide na scoile (Keara Uí Chróinín). Tá beirt de na hiarratasóirí ina iar-chathaoirligh den bhord bainistíochta (Marian Murphy agus Peter Fehilly), imithe anois. Ba í Olive Sharpe, ball eile, ionadaí na múinteoirí ar an mbord. Ní oibríonn sí ag an scoil níos mó.

6.5 Is daoine iad na hiarratasóirí a bhí ina mbaill den bhord nuair a thionscain na himeachtaí seo. Tá ballraíocht an bhoird roinnt athraithe ón am sin agus bhféadfá ag súil le seo nuair a thugtar san áireamh seasaimh na dtuismitheorí ar an mbord ina bhfuil a pháiste nó páistí críochnaithe lena mbunoideachais. Mar gheall go raibh na hiarratasóirí go léir ina mbaill den bhord bainistíochta nuair a thosaigh na himeachtaí seo, tá mé sásta go bhfuil an locus standi cuí acu na himeachtaí seo a thionscain ag agóid in aghaidh cinneadh an chéad-freagróir ainmnithe maidir le iarratas an bhoird bainistíochta.

7. An phríomhcheist
7.1 Déanann na hiarratasóirí an cás go raibh comhaontú idir na múinteoirí, tuismitheoirí agus an bord bainistíochta go mba cóir stádas na scoile a athrú ó scoil aon ghnéasach do chailíní go Gaelscoil chomhoideachasúil. Déanann said agóid in aghaidh cinneadh an Aire gan breithiúnas a dhéanamh ar a n-iarratais agus déanann said léiriú ar an ndiúltiú seo mar a bheith ag gníomhiú in aghaidh cuspóirí an Acht, mar atá leagtha amach in alt 6.

Aigneachtaí na nabhcóidí
7.2 D’aighnigh an tUasal Ó Tuathail gur ghlac na hiarratasóirí leis go bhfuil an chéad-freagróir ainmnithe faoi dhualgas tuairimí an phátrúin a thógáil san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh ar athrú stádas scoil ach nach raibh veto ag an bpátrún ar an bpróiséis iarratasóra. Mhaígh sé go bhfuil na hiarratasóirí i dteideal a gcás le haghaidh athrú stádas a chuir ós comhair an fhreagróir céad-ainmnithe agus i dteideal cinneadh a fháil uaidh. Dá mba rud é go raibh sé i gceist ag an Acht cosc a chur ar an mbord bainistíochta iarratas a dhéanamh ar an bhfreagróir chéad-ainmnithe, a d’áitigh sé, bheadh sé seo sainráite san Acht.

7.3 Aigníodh fresin nach gníomhaire é an phátrúin don bhord agus go bhfuil ról neamhspleách aige faoin Acht. Rinne sé tagairt ar alt 15 (1) san Acht a leagann amach dualgas an bhoird an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin. Leag sé béim ar an gcaoi go bhfuil nithe áirithe liostáilte in alt 15(2) den Acht a bhfuil cead an phátrúin ag teastáil ach nach bhfuil iarratas chuig an fhreagróir chéad ainmnithe le haghaidh athrú stádas ina measc. D’aighnigh sé nach bhfuil bac reachtiúl ar an mbord bainistíochta a léithéad d’iarratas a dhéanamh.

7.4 Maidir le na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta, thug an tUasal Ó Tuathail le fios nach raibh aon tagairt sna rialacha do na daoine ar féidir leo iarratas d’athrú stádas a dhéanamh don freagróir chéad-ainmnithe. D’aighnigh sé go ndéantar tagairt i riail 33 do chead an Aire ach nach ndéantar tagairt do chead an phátrúin. D’aighnigh sé nach raibh sé de chumas aige aon dlí nó rialachán a bhfuil aontas an phátrúin ag teastáil sular féidir leis an Aire aitheanntas do stádas nua a dheonú a aithint. Thug sé faoi deara go raibh sé ina chleachtadh ag an Aire a chead a choinneál siar go dtí go raibh aontas nó cead an phátrúin faighte.

7.5 Ar deireadh, luaigh an tUasal Ó Tuathail an ceart do bhunoideachas saor in Alt 42.4 den Bhunreacht agus leag sé béim ar an ngá go mbeadh aird cuí tugtha do chearta tuismitheoirí. Thagair sé do fhorál cosúil le seo in Alt 2 Prótacal 1 do Conbhinsiún na hEorpa um Cheart an Duine. Ba é a aighneacht nach raibh pátrún in ann teacht idir mianta na dtuismitheorí agus cinneadh an fhreagróir céad- ainmnithe.

7.6 D’aighnigh an tUasal Ó Braonáin gur éiligh structúir agus teanga an Acht go mbeadh aontas ar chinneadh stádas scoile a athrú. Thug sé faoi deara go bhfuil cearta an phátrúin sainráite san Acht. Leag sé béim ar leith ar alt 10(2) den Acht a dhéanann foráil don fhreagróir chéad-ainmnithe scoil a ainmniú nó scoil beartaithe a ainmniú chun críocha na hAchta ar a leithéad d’iarratas ó phátrún na scoile nó an scoil beartaithe. D’aighnigh sé toisc nach ndearna an páirtí iar-fhógra a leithéad d’iarratas sa chás seo, nach raibh na hiarratasóirí i dteideal na faoisimh atá á lorg acu. Leag an tUasal Ó Braonáin béim ar an ngaol céimlathach idir an bhord bainistíochta agus pátrún na scoile leis an bpátrún ós cionn an bhoird. Maidir le riail 33 do na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta, d’aighnigh an tUasal Ó Braonáin gurb é an fhreagróir chéad ainmnithe an t-aon duine amháin a d’fhéadfadh cinneadh a dhéanamh i dtaobh athrú i stádas na scoile, ach go raibh comhaontú idir an bord bainistíochta agus an pátrún ar an stádas nua a bhí á lorg ag teastáil. D’aithin sé go raibh polasaí ag an bhfreagróir chéad-ainmnithe aontas an phatrúin a éileamh le haghaidh athrú stádas, a bhí oiriúnach agus dlithiúl, in san aighneacht aige.

7.7 Aighníodh thar cheann an páirtí iar-fhógra go raibh sé riachtanach a chead a fháil sula ndéanfadh an fhreagróir chéad ainmnithe cinneadh maidir le hathrú stádas agus nach raibh sé seo i gcoinne an tAcht.

Cinneadh
7.8 Is cleachtadh comhoibritheach é oideachas a sholáthar. Tá aitheantas tugtha san Act do na cearta agus dualgaisí ag na páirtithe éagsúla atá páirteach i soláthar an oideachais ar nós an tAire Oideachais agus Eolaíochta, na patrúin, na boird bainistíochta, na cigirí, na príomhoidí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí. Leagann alt 6 den Acht cuspóirí an tAcht síos agus foráiltear go dtabharfadh gach duine bainteach le cur i ngníomh an Acht aird orthu. Na cuspóirí atá ábhartha don chás seo ná iad seo a leanas:-

      (e) an ceart atá ag tuismitheoirí a leanaí a chur ar scoil is rogha leis na tuismitheoirí a chur chun cinn, ag féachaint do chearta pátrún agus d'úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní;

      (l) cuntasacht an chórais oideachais a mhéadú, agus

      (m) follasacht a mhéadú i dtaca le cinntí a dhéanamh sa chóras oideachais, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta araon.”

7.9 Is ciorclán riaracháin iad na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta dár data an 22ú Eanair, 1965. Maíonn riail 33 mar a leanas:-
      Sanction of Minister for Change of Type of School

      33. When a school has been recognised as a school for boys or for girls, solely, or as a mixed school, the sanction of the Minister must be obtained for any change in the type of school. A girls’ school which provides facilities for the teaching of infant boys – that is in standards up to and including first standard – is not deemed to be a mixed school.”


Ról an phátrúin agus ról an bhoird bainistíochta
7.10 Caithfidh seasamh an phátrúin, lastigh de structúr an Acht a scrúdú. Aithníonn alt 8(1) mar phátrúin scoile, chun críocha na hAchta, na pearsain nó comhlachais a bhí i gceannas ar chuile scoil aitheanta ar dáta tosaithe Páirt II den Acht. Luann sé mar a leanas:-
      “8. —(1) Measfar—

      (a) gurb é nó gurb í an duine atá, ag tosach feidhme an ailt seo, aitheanta ag an Aire mar phátrún bunscoile, agus

      (b) ………

      an pátrún chun críocha an Achta seo agus déanfaidh an tAire ainm an duine nó na ndaoine sin, de réir mar is cuí, a thaifeadadh i gclár a choimeádfaidh an tAire chun na críche sin.”

Chuimsigh sé seo aitheantas an páirtí iar-fhógra mar phátrún Scoil Naomh Therese. Forálann alt 8(6) den Acht go comhallfaidh pátrún na scoile na feidhmeanna agus go feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a thugtar don phátrún faoi aon Acht don Oireachtas nó le haon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó le haon ghníomhas, cairt, airteagail bhainistíochta nó ionstraim eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú scoile. Forálann sé:-
      “(6) Comhallfaidh pátrún scoile na feidhmeanna, agus feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí, a thugtar don phátrún leis an Acht seo agus cibé feidhmeanna agus cumhachtaí eile a thugtar don phátrún le haon Acht den Oireachtas nó le haon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó le haon ghníomhas, cairt, airteagail bhainistíochta nó ionstraim eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú na scoile.”
7.11 Forálann alt 10 d’aitheantas do scoileanna. Le haitheantas a fháil forálann alt 10(2) go bhféadfadh an tAire scoil nó scoil beartaithe a ainmniú mar scoil atá aitheanta “ar iarraidh chuige sin a bheith déanta ag pátrún scoile nó scoile beartaithe”. I measc na nithe a chaithfí a chruthú chun sástacht an tAire sula d’fhéadfaí aitheantas a fháil ná:-

per s.10(2)(c) “go ngeallann an pátrún go gcuirfidh an scoil an curaclam arna chinneadh de réir alt 30 ar fáil”

per s.10(2)(d) “go gcomhaontaíonn an pátrún cigireacht agus meastóireacht rialta ag an gCigireacht a cheadú agus comhoibriú leis an gcéanna

per s.10(2)(f) “go gcomhaontaíonn an pátrún go n-oibreoidh an scoil de réir cibé rialachán a dhéanfaidh an tAire ó am go ham faoi alt 33 agus de réir an Achta seo agus de réir aon téarmaí agus coinníollacha eile a bheidh ag gabháil, le réasún, le haitheantas ón Aire”.

7.12 Forálann alt 14(1) den Acht do bhunú agus comhaltas boird bainistíochta. Forálítear go mbeidh sé mar “d[h]ualgas pátrúin, chun a chinntiú go ndéanfar scoil aitheanta a bhainistiú le meon comhpháirtíochta, bord bainistíochta a cheapadh más indéanta é, ar bord é a mbeidh comhaontú ann, maidir lena chomhdhéanamh, idir pátrúin scoileanna, cumainn náisiúnta tuismitheoirí, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus an tAire.”

7.13 Baineann alt 15(1) le feidhmeanna boird bainistíochta. Luann sé, inter alia, go mbeidh sé ina “d[h]ualgas boird an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin”. Forálann alt 15(2) le linn do bhord a fheidhmeanna a chomhall go ndéanfaidh an bhoird mar a leanas:-

      “…

      (b) déanfaidh sé spiorad sainiúil na scoile, mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíocha agus spioradálta is bun le cuspóirí agus stiúradh na scoile agus is saintréithe den chéanna, a chosaint agus beidh sé cuntasach don phátrún as iad a chosaint amhlaidh, agus gníomhóidh sé i gcónaí de réir aon Achta den Oireachtas nó aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna, agus de réir aon ghníomhais, cairte, airteagal bainistíochta nó aon ionstraime eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú na scoile,

      (c) rachaidh sé i gcomhairle leis an bpátrún agus coinneoidh sé ar an eolas é nó í maidir le cinntí agus tograí de chuid an bhoird,

      (d) foilseoidh sé, i cibé modh is dóigh leis an mbord, le comhaontú an phátrúin, a bheith cuí, beartas na scoile i dtaca le ligean isteach agus rannpháirtíocht sa scoil…

      (f) beidh aird aige ar úsáid éifeachtúil acmhainní … ar leas an phobail i ngnóthaí na scoile agus ar chuntasacht do mhic léinn, dá dtuismitheoirí, don phátrún, don fhoireann agus don phobal dá bhfónann an scoil…”

Ceadaíonn alt 16 díscaoileadh bord bainistíochta ag patrún agus do chur amach as oifig ball den bhord. Forálann alt 17 díscaoileadh an bhoird ag patrún nuair atá sé ar iarraidh ón Aire.

7.14 Ní fhágann na forálacha reachtúla aon amhras ach go bhfuil nádúr níos príomha nó réamhtheachtach ag ról an phátrúin ná ag ról an bhoird bainistíochta. Is dealraitheach go mbeartaítear san Acht gur díorthach de chuid an phátrún is ea an bord bainistíochta, le gníomhiú mar bhainisteoir ar an scoil ó lá go lá in éindí leis an bpríomhoide. Léiríonn an ról príomha, réamhtheachtach seo an codarsnacht idir ról buan nó marthanach an phátrúin agus an nádur sealadach ag na rólanna do na baill éagsúla den bhoird. Seasann an phátrún do shuim úinéirí talamh agus foirgneamh na scoile. Soláthródh iad seo de shíor don aidhm scoil a bhunú le sainchreideamh nó meon éagsúil, nó d’aidhm acadúil nó sóisialta. Is iarracht le nádúr buan nó síoraí mar sin í bunaíocht scoile agus leagann alt 15(2)(b) den Acht dualgas ar an mbord a bheith freagrach don phátrún as ucht “spiorad sainiúil na scoile, mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíocha agus spioradálta is bun le cuspóirí agus stiúradh na scoile agus is saintréithe den chéanna a chosaint”.

7.15 Ar an lámh eile de tá an bord bainistíochta déanta suas do dhaoine éagsúla, tuismitheoirí san áireamh, a d’fhéadfadh a gcuid ama sa scoil a bheith ar feadh tréimhse sách ghearr. Aithníonn an tAcht an nádur buan do ról an phátrún agus an nádur géilliúil atá ag ról an bhoird agus caractar neamhbhuan ballraíocht an bhoird.

7.16 Ag féachaint ar ról uachtarach an phátrúin, nádur buan an ról sin, nádur sách neamhbhuan an bhoird bainistíochta agus an fáth gurb é an pátrún atá díreach freagrach don Aire mar gheall ar na ngealltanas tugtha don Aire faoi alt 10 den Acht ar ghnéithe criticiúla ar ritheadh na scoile agus nach é an bhord bainistíochta, an fáth gurb é feidhm an phátrúin an bord a bhunú agus go bhfuil an cumhacht ag an bpátrún ball den bhoird a chur as oifig agus leis an bord ar fad a díscaoileadh, faoi réir cead an Aire, ní féidir, i mo thuairim, é a bheith ráite gur ghníomhaigh an tAire go mí-réasúnach nó in aghaidh an dlí ag leanacht polasaí ag éileamh cead an phátrúin in aon iarratas stádas scoile a athrú. Athraíonn a leithéad d’athrú, átá á lorg ag na hiarratasóirí sa chás seo, go bunúsach agus go buan nádúir na scoile agus an bealach a ritear í. Mar gheall air seo tá cead an phátrúin, mar an duine atá suim bhuan aige sa scoil, oiriúnach. Go deimhin nuair a thugtar faoi deara na sonraí go léir leagtha amach thuas, tá sé doshamhalta nach mbeadh cead an phátrúin ag teastáil le haghaidh iarratas d’athrú mar atá lorg ag na hiarratasóirí.

7.17 Ní féidir liom glacadh le haighneacht na n-iarratasóirí, mar gheall nach bhfuil cead an phátrúin sainráite faoi riail 33 do na Rialacha do Scoileanna Náisiúnta le haghaidh athrú aitheantas, nach bhfuil sé ag teastáil ar chor ar bith. Is ciorclán riaracháin iad na rialacha seo agus níl aon bhunús reachtúla acu. Dá bhrí sin, agus gan é a bheith ar neamhréir leis an Acht, ní féidir leis an gciorclán an bealach ina bhfuil na forálacha san Acht le feidhmiú. Má éileann an tAcht, forléireofar i gceart, go dtógann ról an phátrúin tosaíocht ar ról an bhoird bainistíochta in aon ábhar úd cosúil leis an gceann anseo, ní féidir leis an gciorclán an toradh a athrú nó dul i dtioncar ar an dtoradh go cinneadh eile. Ag an am ar eisíodh an ciorclán, ní raibh aon boird bainistíochta. An t-aon páirtí ab fhéidir leis athrú stádas nó cineál scoil a lorg ná an patrún. Mar gheall ar seo ní hábhar iontais é nach bhfuil aon foráil déanta i riail 33 don duine ar féidir leis iarratas d’athrú aitheantas a dhéanamh a aithint. Tá mé sásta nach bhfuil an míniú seo nó an fórsa seo ag an riail, a áitíonn na hiarratasóirí.

7.18 Tá sé soléir go bhfuil an freagróir chéad-ainmnithe i dteideal polasaithe a fhoirmliú. Muna bhfuil aon fhoráil san Acht ag déiléal go sonrach leis an mbealach ina bpléfidh sé le ceist athrú aitheantas nó athrú cineál scoil, atá meabhraítear i riail 33, mar sin, mar údar feidhmiúcháin, tá sé i dteideal coinníollacha réasúnta a leanacht leis an ábhar seo a rialiú, faoi réir forálacha an Acht mar atá pléite thuas. Maidir le seo ba chóir é a choimeád i gcuimhne gurb é an pátrún amháin ar féidir leis/léi iarratas a dhéanamh do chuspóir an aitheantais faoi alt 10 den Acht. Is léir gurb ionann athrú cinéal scoile nó stádas mar a bhí á lorg ag na hiarratasóirí agus athrú i mbonn aitheantas agus mar sin, i mo thuairim, tá sé ceangalailte chomh dhlúth le ceist an aitheantais go bhfuil ar a laghad údar maith ag polasaí an fhreagróir a éilíónn cead an phátrúin d’athrú mar sin. Go hinargóinte, d’fhéadfá a rá go dtugtar aitheantas do scoil de réir an chineál scoil a fhaightear aitheantas sa chéad áit amháin. Mar sin is athrú i stádas nó cinéal scoil mar atá á lorg ag na hiarratasóirí sa chás seo ná athrú ina bhfuil aitheantas nua de bhun alt 10. Más amhlaidh é seo, tá sé soléir ansin go dtugann alt 10 cead don phátrún amháin iarratas mar sin a dhéanamh.

7.19 Cuireadh argóint ar aghaidh ar son na hiarratasóirí gur sháraigh polasaí an Aire cearta bhunreachtiúla na dtuismitheoirí faoi Airteagal 42 agus a gcearta reachtúla toisc go raibh siad i dteideal a chur i bhfeidhm ar an scoil a rogha stádas don scoil. Ní féidir le seo a bheith ceart. Ní chiallaíonn an ceart bunreachtúil nó reachtúil páiste a chuir chuig do rogha scoil go gcaithfidh an scoil í féin a stádas a athrú le cloí le rogha na dtuismitheoirí.

7.20 Mar gheall ar na reasunta ata leagatha amach thuas ta orm na faoiseamh ata a lorg sna himeachtai seo a dhiultiu.

Formheasta: Ó Néill J.










Ar ais ar barr an leathanach