Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Beoláin -v- Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Fahy & chuid eile
Lua Neodrach:
[2001] IESC 37
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
230/99
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
1998 No. 110 JR
Dáta Seachadta:
04/04/2001
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
McGuinness J. Hardiman J., Geoghegan J.
Breithiúnas ó:
Hardiman J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
McGuinness J.
Hardiman J.
Geoghegan J.



AN CHÚIRT UACHTARACH

(ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH)


McGuinness B
Hardiman B
Geoghegan B
100/98 JR

230 /99

SÉAMUS Ó BEOLÁIN
IARRATASÓIR
AGUS

AN BREITHEAMH DÚICHE, MARY FAHY, STIÚRTHÓIR NA nIONCHÚISEAMH-POIBLI, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT ÉIRE AGUS AN TARD-AIGHNE

FREAGRÓIRÍ

DRÉACHTBHREITH Hardiman B. tugtha ar an 4ú lá de Aibreáin 2001

CÚLRA
Toghairmeadh an tIarratasóir le teacht os comhair na Cúirte Dúiche ar an 18ú Meán Fómhair 1997 le líomhain a fhreagairt go ndearna sé cion i gcoinne Rannóg 49(3) agus (6)(a) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 mar atá ionsáite ag Rannóg 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Rinne sé ráiteas, trína aturnae, gur mhian leis an cás a rith trí Ghaeilge agus gur theastaigh uaidh go gcuirfí na doiciméid ábhartha go léir ar fáil dó i nGaeilge. Is cosúil go ndearna sé déileáil go hiomlán i nGaeilge leis na Gardaí le linn an fhiosrúcháin arbh é a thoradh gur cuireadh an líomhain thuasluaite ina choinne, gur seirbheáladh toghairm air sa teanga sin agus gur cuireadh in iúl dó i nGaeilge toradh anailíse a rinne An Lia-Bhiúró um Shabháilteacht ar Bhóithre ar ar chinn an t-ionchúiseamh a gcás a bhunú. Ní fhaca an Chúirt seo, áfach, an dá dhoiciméad deiridh a luadh.

Is cosúil go ndearna an breitheamh a bhí ag suí sa Chúirt Dúiche ar dháta fillte na toghairme a ordú do gach taobh aighneacht i scríbhinn a ullmhú faoin gceist an raibh an t-iarratasóir i dteideal dáiríre na cáipéisí a bhain leis an gcás a fháil i nGaeilge. Aithníodh gurbh iad na cáipéisí seo ná An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994, An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1995 agus Rialacha na Cúirte Dúiche. D'ullmhaigh an tIarratasóir na haighneachtaí seo atá ar taispeáint sna himeachtaí seo faoi láthair. Ní dhearna an Stát aon aighneacht i scríbhinn sa Chúirt Dúiche ná sa Chúirt seo.

Cuireadh an cás ar atráth sa Chúirt Dúiche ansin go ceann ceithre mhí chun deis a thabhairt do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí nó d'údaráis eile Stáit na cáipéisí a bhí i gceist a chur ar fáil. Cuireadh na himeachtaí ar atráth ar deireadh go dtí an 12ú Eanáir 1998. Luan a bhí sa lá sin. Ar an lá deiridh oibre roimh an dáta atrátha, an Aoine 9ú Eanáir, fuair an tIarratasóir doiciméad ar líomhnaigh sé gur pháirtaistriúchán nó dréachtaistriúchán é den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Admhaítear nárbh aistriúchán oifigiúil an t-aistriúchán sin.

Cuireadh an cás ar atráth ar roinnt ócáidí ina dhiaidh sin agus ar a laghad faoi dhó ar an gcúis shonrach nach raibh breitheamh le Gaeilge ar fáil lena éisteacht. Ar an 13ú Feabhra 1998 d'iarr an tIarratasóir trína Abhcóide go ndéanfadh an Freagróir céadainmnithe Ordú ag treorú do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí na cáipéisí ábhartha a chur ar fáil. Dhiúltaigh an Breitheamh léannta Dúiche a leithéid d'Ordú a dhéanamh. Ar an 19ú Márta 1998, ceadaíodh don Iarratasóir iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh i modh athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Feicfear téarmaí an Ordaithe seo thíos.

Tá tuilleadh eolais maidir le hiarrachtai an Iarratasóra chun na cáipéisi ábhartha a fháil i nGaeilge le feiceáil sna mionnscríbhinní a comhdaíodh sna himeachtaí seo agus sna doiciméid a thaispeántar iontu. I litir gan dáta ó Oifig na bhFoilseachán Rialtais, ar cosúil gur rannóg d'Oifig na nOibreacha Poiblí í, dúradh le haturnae an Iarratasóra maidir leis na cáipéisi ábhartha:

      "... ... (they) are not available in the Irish Language and that, to date, there are no bilingual versions available of the Road Traffic Acts and that only the 1948 District Court Rules are available in Irish.

      As regards printing of publications in Irish, it is entirely up to the Department which issues the publication in the first place, and I therefore suggest you try the relevant Government Departments to find out if these publications are to be printed in an Irish version. "

I mionnscríbhinn ar an 11ú Feabhra 1999, go gairid roimh éisteacht na hArdChúirte, dúirt an Ceannfort William Collins, ball de Roinn Tráchta an Gharda, Caisleán Bhaile Átha Cliath, go raibh aistriúcháin oifigiúla Ghaeilge den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1995 ar fáil ar an dáta sin agus go raibh faoi Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit cóipeanna díobh a sholáthar d'aturnae an Iarratasóra. Dúirt sé gur fiosraíodh cén uair a bheadh aistriúchán oifigiúil de Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil agus gur cuireadh in iúl dó:
      "... ... . it is the intention of the Department of Justice Equality and Law Reform to provide such a translation, however there is at present no date fixed for the production of same ".
Dúirt sé ansin go raibh corpas substaintiúil de reachtaíocht phríomha agus d'Ionstraimí Reachtúla gan aistriú go fóill; go raibh sé ar intinn ag Rúnaíocht Thithe an Oireachtais agus ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí go mbeadh na Riatacha ar fáil i nGaeilge "as soon as circumstances permit ".

I mionnscríbhinn á fhreagairt thagair an tUasal Synnott, aturnae an Iarratasóra, do chiorclán dar dháta an 23ú Feabhra 1998 a seoladh chuig gach Roinn Rialtais ó Phríomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais. Níor cuireadh an doiciméad seo ar fáil don Chúirt ach níor séanadh a raibh ann. I nGaeilge a luaitear an doiciméad agus is cosúil go ndeir sé nach mbeidh sé indéanta, de bharr ganntanais foirne agus an mhéadaithe atá tarlaithe in obair a bhaineann le reachtaíocht phríomha, freastal a thuilleadh ar iarratais ó Ranna Rialtais ar Ionstraimí Reachtúla a aistriú go Gaeilge. Tá teastas sínithe ag oifigeach nach ísle céim ná Rúnaí Cúnta, ag rá go bhfuil gá tromchúiseach nó fiorphráinn le leagan Gaeilge, riachtanach sular féidir obair dá leithéid sin a dhéanamh. Deir an tUasal Synnott gan bhréagnú go gcreideann sé nár eisíodh aon teastas den chineál sin maidir le Rialacha na Cúirte Dúiche.

I litir eile dar dháta an 31ú Márta 1998 dúirt Rúnaí Príobháideach an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, i nGaeilge, gur mhian leis a chur in iúl go raibh Rialacha na Cúirte Dúiche sínithe ag an Aire agus gur seoladh chuig an bPríomh-Aistritheoir iad ar an 25ú Márta 1997 lena n-aistriú go Gaeilge. Dúirt sé go raibh breis is 1,200 leathanach sna Rialacha agus nárbh fhios go fóill cén uair a bheadh leagan Gaeilge réidh. Dúirt sé freisin gur ghnó don Aire Comhshaoil é ceist leaganacha Gaeilge de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus 1995. Ábhar suntais é seo, ráite ceann d'aighneachtaí an Stáit a phléitear thios.

AN STAID FAOI LÁTHAIR
Is cosúil gur mar seo a leanas atá an staid faoi láthair maidir le cáipéisí ábhartha a bheith ar fáil i nGaeilge. Tá cóip den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 ar fáil i nGaeilge ó thús. Cuireadh i gcló é in éineacht leis an leagan Béarla agus sna himleabhair cheangailte de na Reachtanna tá na téacsanna Béarla agus Gaeilge ar leathanaigh ar aghaidh a chéile. Insítear gur "tiontú oifigiúil/official translation" é an téacs Gaeilge, téarma a thagraíonn d'fhoráil bhunreachtúil a phléitear thíos. Is cosúil gur tháinig deireadh le himleabhair cheangailte de na Reachtanna a chur ar fáil sa bhfoirm seo le Reachtanna na bliana 1979. Cuireadh roinnt Reachtanna ar fáil i nGaeilge ón am sin i leith, cé nach bhfuil aon fhianaise ann a léireodh cé mhéad ná cén bonn ar a roghnaítear Reachtanna le haistriú. Ní raibh aon aistriúchán, oifigiúil ná eile, ar fáil den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 ná den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1995 (agus is cosúil nár cuireadh aon cheann ar fáil) ag an am ar shínigh an tUachtarán na hAchtanna sin chun iad a fhógairt ina ndlí de réir an Bhunreachta. Ní raibh aon chóip d'Achtanna 1994 ná 1995 ar fáil nuair a eisíodh toghairm i gcoinne an Iarratasóra. Cuireadh aistriúchán neamhoifigiúil nó neamhchríochnaithe d'Acht 1994, is cosúil a rinneadh go speisialta de bharr a iarratais, ar fáil don Iarratasóir in Eanáir 1998. Cuireadh aistriúcháin oifigiúla den Acht sin agus d'Acht 1995 ar fáil ag staid éigin go gairid roimh an 11ú Feabhra 1999. Níor cuireadh aon leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 ar fáil go dtí seo agus is cosúil nach féidir le hOifig an Phríomh-Aistritheora tús a chur le hobair ar a leithéid de leagan in éagmais teastais ó oifigeach nach ísle céim ná Rúnaí Cúnta Roinne Rialtais. Seo de bharr brú oibre agus ganntanas foirne in oifig an Phríomh-Aistritheora i dTithe an Oireachtais.

TÁBHACHT NA gCÁIPÉISÍ ÁBHARTHA
Níor ceistíodh go dáiríre go bhfuil na cáipéisí ábhartha go léir tábhachtach do dhuine atá ag cosaint líomhna gur sháraigh sé Rannóg 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 mar a leasaíodh é sa Chúirt Dúiche. Cé gur thoirmeasc Rannóg 49 d'Acht 1961 an cion ar a dtugtar tiomáint ar meisce, níl aon fhoráil inti maidir le cionta inamhrais a imscrúdú, ná le cúisimh a chruthú faoi réir na Rannóige sin, le tagairt do thástálacha anála ná d'anailís fola ná fuail. Rinneadh soláthar do na nithe seo i bhforálacha reachtúla éagsúla ó 1969 i leith: rinneadh an-chuid aisghairme agus leasuithe ar na forálacha sin. Is in Achtanna 1994 agus 1995 atá an cur síos reachtúil ar chion na tiomána le hiomarca alcóil sa cholainn, bunaithe ar chruthúnas anailíse fola nó fuail.

Tá líon mór forálacha i Rialacha na Cúirte Dúiche le héifeacht ar stiúradh triaileacha achoimre sa Chúirt Dúiche. Tá líon mór foirmeacha oifigiúla iontu freisin le húsáid acu siúd a bhfuil gnó acu os comhair na Cúirte Dúiche, na foirmeacha chun finnéithe a thoghairm agus chun fógraí achomhairc a thabhairt, san áireamh. Tá sé dodhéanta go praiticiúil dul chun dlí i gceart agus go héifeachtúil sa Chúirt Dúiche gan eolas agus rochtain ar na Rialacha agus na foirmeacha. Bhí an leagan roimhe sin (1948) de Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil sa dá theanga.

Is cóir a rá agus baineann sé le hábhar nach bhfuil aon cheist ann go bhfuiltear ag diúltú Rialacha na Cúirte Dúiche a chur ar fáil don Iarratasóir: is é cás an Fhreagrára é go gcuirfear leagan Gaeilge ar fáil, ach níl ceann ar fáil faoi láthair agus ní féidir a rá cén uair a thiocfaidh athrú ar an staid sin. Tá cóipeanna de na cáipéisí ábhartha le fáil go réidh, ar ndóigh, i mBéarla.

AN GHAEILGE SA BHUNREACHT AGUS SNA CÚIRTEANNA
Tugann an Bunreacht ionad speisialta, uathúil don Ghaeilge mar a thug an Bunreacht roimhe sin i 1922. Ó tharla leanúnachas agus comhsheasmhacht tuairime breithiúnaí thar an tréimhse ó 1922 i leith, baineann sé le hábhar na forálacha atá iontu araon a leagan amach.

D'fhoráil Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann:

      "Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann, ach có-aithneofar an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair nó do liomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáth-úsáid ionta."
Forálann Airteagal 8 den Bhunreacht:
      "1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

      2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifgiúil eile.

      3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifgiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de."

Níor achtaíodh aon dlí riamh den chineál a bhí ar intinn san abairt dheiridh de gach aon airteagal. Is é an tuairim scolártha maidir leis na forálacha sin d'úsáid aon teanga

amháin go heisiach ná gur achtaíodh iad "to provide for the contingency of the entry of Northern Ireland into (the State)": Féach mar shampla Kohn: The Constitution of the Irish Free State (Londain 1932) leathanach 123.

I dtaca le reachtaíocht, séard atá ar intinn sa scéim bhunreachtúil a leagtar amach in Airteagail 20 agus 25 den Bhunreacht ná go dtairgfidh an Taoiseach bille (seachas bille a luaitear é a bheith ina bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht a leasú), a ritheadh nó a mheastar a bheith rite ag dhá Theach an Oireachtais, don Uachtarán chur é a shiniú agus é a fhógairt ina dhlí. Forálann Airteagal 25.4.3 agus 4 mar seo a leanas:

      " 3. Is é téacs de Bhille a gcuirfidh Uachtarán a lámh leis ná an téacs a ritheadh nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais agus, má ritear Bille nó má mheastar é a bheith rite amhlaidh sa dá theanga oifigiúla, cuirfidh an tUachtarán a lámh le téacs Gaeilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an Bhille.

      4. I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amhátn, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile. "

I dtaca le hAirteagal 8, creidim go bhfuil feidhm lena ndúirt An Príomh-Bhreitheamh Kennedy in Ó Foghludha -v- McClean (1934) IR469, faoi fhorleiriú Airteagal 4 de Bhunreacht 1922, maidir leis an Airteagal seo freisin. Dúirt an Príornh-Bhreitheamh léannta:
      "One of the distinguishing marks of a nation, in the sense of a distinct people (though not a necessary or universal mark) is the possession of a common national language. This nation of ours possessed that distinguishing characteristic in the Irish language. It was the common speech of every Irish man down to comparatively recent times, when it yielded before immense pressure, compulsion in the schoods, social political and commercial forces. For some years before the Treaty of 1921 there was an active but slow and difficult struggle to recover the lost ground. The language position at the date of the enactment of the Constitution is so fresh in our memories as to need no statement but the importance of it here is for the interpretation of Article 4. The declaration by the Constitution that the National Language of the Saorstát is the Irish language does not mean that the Irish language is, or was at that historical moment, universally spoken by the people of the Saorstát, which would be untrue in fact, but it did mean that it is the historic distinctive speech of the Irish people, that it is to rank as such in the nation, and by implication that the State is bound to do everything within its sphere of action (as for instance in State provided education) to establish and maintain it in its status as the national language and to recognise it for all official purposes as the national language. There is no doubt in my mind but that the term 'national' in the Article is wider than, but includes, 'official' in which respect only the English language is accorded Constitutional equality. None of the organs of the State, legislative, executive, or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State without offending against the Constitutional provisions of Article 4."
Measaim go mbaineann tuiscint an iar-Phriomh-Bhreithimh léannta ar an téarma "náisiúnta/national" mar théarma atá níos leithne ná an téarma "oifigiúil/official", ach a thugann an chiall sin san áireamh, chomh maith céanna le hAirteagal 8. Go deimhin, tá sé soiléir sa téacs forlámhach (Gaeilge) den Bhunreacht gur óna stádas mar theanga náisiúnta a eascraíonn stádas na Gaeilge mar an phriomhtheanga oifigiúil. Leanann an tuiscint seo ón bhfocal cúisíoch "ós" sa téacs forlámhach.

Creidim gur cuí d'fhorléiriú Airteagal 8 freisin an impleacht a chuireaun an Príomh-Bhreitheamh Kennedy i dtéacs Bhunreacht 1922 go bhfuil oibleagáid cheangailteach ar an Stát i leith na teanga, sna téarmaí a leagann sé amach. Creidim go dtionscnaíonn Airteagal 8, taobh amuigh d'aon éifeacht eile is féidir a bheith aige, ordaitheach Bunreachtúil nach mór do na cúirteanna a mheá agus iad ag déileáil le cás den chineál seo. Aontaím le breithiúnas Ó hAnluain B in Ó Murchú -v- Cláraitheoir na gCuideachtaí agus an tAire Tionscal agus Tráchtála [1988] LR.S.R. (1980-1998) 42 nuair a dúirt sé:

      "Táim den bharúil go bhfuil forálacha Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann níos treise maidir leis an aitheantas a thugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, na mar a bhí Airteagal 4 de Bhunreacht an tSaorstáit"
Is suimiúil cuimhneamh nuair a bhí Airteagal 8 den dréacht-Bhunreacht á phlé, ar 25 Bealtaine 1937, ag Dáil Éireann mar Choiste, gur diúltaíodh do thogra go mbronnfaí comhstádas náisiúnta agus oifigiúil ar an mBéarla. Agus é ag míniú an téarma "náisiúnta/national" sa chomhthéacs seo, dúirt an tUasal De Valera:
      "It (the Irish language) is the language most associated with this nation; the language that is in accordance with the traditions of our people. We are a separate people and our language was spoken until a little over one hundred years ago generally by our people" (Dáil Éireann 25 Bealtaine 1937, colún 987).
Dá réir sin, glacadh leis an leagan atá ann faoi láthair d'Airteagal 8 lena chur os comhair an phobail.

Rinneadh stádas na teanga a mheá go hindíreach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach in Groener -v- An tAire Oideachais agus Coiste Gairmoideachais Chathair Átha Cliath (cás 379/87, Breithiúnas 28 Samhain 1989). Thug Groener, bean Ollannach, agóid i gcoinne dhiúltú an Aire í a cheapadh mar léachtóir buan sa phéintéireacht i gColáiste Gairmoideachais ar an mbonn gur theip uirthi sa tástáil Ghaeilge. Dúirt sí go raibh an riachtanas go bpasálfaí tástáil sa teanga i gcoinne fhiorálacha Dhlí na gComhphobal Eorpach i dtaca le saorghluaiseacht oibrithe. Cuireadh an cás faoi bhráid na Cúirte Eorpaí faoi réir Airteagal 177 de Chonradh na Róimhe maidir le pointí áirithe ar a raibh "... .. is regard to be had to a policy of the Irish State that persons holding the post should have a competent knowledge of the Irish language, where such knowledge is not required to discharge the duties attached to the post? " Ba é breith na Cúirte:

      "A permanent full time post of lecturer in public vocational education is a post of such a nature as to justify the requirement of linguistic knowledge within the meaning of ... ... . regulation 1612/68 ... ... . provided that the linguistic requirement is imposed as part of a policy for the promotion of the national language which is, at the same ttme, the first official language and provided that that requirement is applied in a proportionate and non discriminatory manner"
Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit i a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit nó de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.

IMEACHTAÍ CÚIRTE
Éilíonn Airteagal 34 den Bhunreacht agus feictear ann gur i gCúirteanna amháin, trí bhreithiúna a cheaptar ar an modh atá leagtha amach sa Bhunreacht, ina suí go poiblí de ghnáth, a riartar cúrsaí ceartais. Is cuid iad cumhachtaí na mBreithiúna sin de na cumhachtaí a thagann ón bpobal faoi Airteagal 6 den Bhunreacht. Is cuid de chumhacht an Rialtais é an chumhacht bhreithiúnach, mar aon leis na cumhachtaí reachtaíochta agus feidhmeannais.

Leanann sé gur cuid den ní sin ar ar thug mé dioscúrsa poiblí an náisiúin agus gnó oifigiúil an Stáit, iad tionscnamh cúisimh choiriúil más mionchúiseamh é nó eile ag oifigeach reachtúil, agus breithniú tar éis sin ag Breitheamh.

Tá saoránach a thoghairmtear faoi phróis éigeantach (a eisíodh i nGaeilge cé nach bhfuil an pointe seo bunúsach) chun cúisearnh a fhreagairt sa Chúirt, i dteideal go soiléir an freagra sin a thabhairt i nGaeilge más mian leis. Ná ní féidir é a bheith faoi mhíbhuntáiste agus é á dhéanamh sin, de bharr a rogha dlíthiúla teanga. Thairis sin, tá sé i dteideal a fhreagra a thabhairt i nGaeilge cibé acu a thuigeann sé Béarla nó nach dtuigeann. Féach An Stát (Mac Fhearraigh) -v- Mac Gamhna [1984] I.R.S.R. (1980-1998) 38.

Rinneadh amach an toradh seo roimh ré go deimhin sa bhreith i bhfad níos luaithe in Attornev General -v- Joyce and Walsh (1929) IR 526 áit a ndúirt An Chúirt Achomhairc Choiriúil, ag trácht ar dhaoine a thug fianaise i nGaeilge ag triail choiriúil:

      "The Irish language however, is not merely the vernacular language of most if not all of the witnesses in question in the present case, but holds a special position by virtue of the Constitution of the Saorstát, in which its status is recognised and established as the national language of the Saorstát, from which it follows that, whether it be the vernacular language of a particular citizen or not, if he is competent to use the language he is entitled to do so. Therefore it may be said that all those who gave their evidence in the Irish language in the present case had as it were a double right to do so: first on general principles of Natural Justice as their vernacular language and secondly, as a matter of Constitutional right" (aibhsiú curtha leis)
Tá sé soiléir freisin ó chás Mac Fhearraigh nach féidir a ordú do dhlíthi ar mian leis a chás a phlé i nGaeilge, ná iallach a chur air, sin a dhéanamh i mBéarla ar chúinsí caoithiúlachta, ná de bharr an ama bhreise a bheadh riachtanach chun a cheisteanna nó a aighneachtaí a aistriú ar son na ndaoine sin gan inniúlacht i nGaeilge.

Déileálann dhá chás eile go sonrach leis an gceart ar cháipéisi dlíthiúla a bheith ar fháil i nGaeilge. In Ó Murchú -v- Cláraitheoir na gCuideachtaí agus an tAire Tionscal agus Tráchtála [1988] I.R.S.R. (1980-1998) 42, ba mhian leis an Iarratasóir cuideachta a chorprú i nGaeilge. Ní raibh na foirmeacha reachtúla riachtanacha ar fáil i nGaeilge, áfach, agus lorg sí Ordú Mandamus ag ordú do na Freagróirí iad a chur ar fáil. Cuireadh na foirmeacha ar fáil ina dhiaidh sin agus ba é saincheist na gcostas an t-aon saincheist sa chás. D'éiligh na húdaráis nach raibh sí i dteideal na gcostas ar an mbonn nach raibh oibleagáid ar an Stát na doiciméid a chur ar fáil i nGaeilge agus go bhféadfadh sí, ar aon nós, a haistriúchán féin a dhéanamh ar na foirmeacha ábhartha. Dhámh Ó hAnluain B a costais ar an Iarratasóir agus dúirt sé:

      "Tá sé soiléir gur caitheadh airgead Stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní fheictear dhom go bhfuil cothrom na Férnne le fáil ag an gcuid sin den phobal gur mian leo an gnó a dhéanamh tré mheán an phrímh-theanga oifigiúíl muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibh-sin freisin"
Aontaím go hiomlán leis an dearcadh sin.

Cás a bhaineann go mór le hábhar an cháis seo faoi láthair is ea Delap -v- An tAire Dlí agus Cirt Éire agus an tArd-Aighne [1990] I.R.S.R. (1980-1998) 46. Ba rnhian leis an Uasal Delap, Aturnae, aistriúchán oifigiúíl de Rialacha na nUaschúirteanna a bheith ar fáil aige agus lorg sé Mandamus agus faoiseamh dearbhaithe. Mar a tharla, cuireadh in iúl don Chúirt ar deireadh go raibh aistriúchán á ullmhú. Deonaíodh dearbhú den oibleagáid bhunreachtíúl atá ar an Stát leagan Gaeilge de na rialacha ábhartha a sholáthar. Mhaígh Ó hAnluain B go raibh an ceart ag saoránach faoin mBunreacht a thaobh féin de chás ar bith a phlé i nGaeilge ach, i gcomparáid leo siúd atá sásta a gcás a phlé i mBéarla, go bhfuil a leithéid de shaoránach faoi mhíbhuntáiste mura bhfuil na rialacha cuí ar fáil i nGaeilge.

Aontaím le breithiúnas Ó hAnluain B in Delap agus leanfainn é go hómósach. Aontaím go háirithe lena chur sios ar staid saoránaigh ar mian leis dul chun dlí san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach i nGaeilge:-

      "Tá sé de cheart aige fén mBunreacht a thaobh féin des na himeachta a riaradh go hiomlán as Gaeilge, má's mian leis rogha do dhéanamh den phríomh-theanga oifigiúil. Táim den bharúil go bhfuil constaic mhór san mbealach roimhe má's mian leis an nGaeilge agus má tharlaíonn ag an am gcéanna nach bhfuil aon leagan oifigiúil ar fáil den dlí a gheibhtear ins na Rialacha maidir le riaradh na n-imeachta, nó des na foirmeacha a ghabhann leo, agus nach bhfuil cothrom na Féinne le fáil aige sa chás san i gcomparáid leis an aicme den phobal a bhíonn lán-tsásta an leagan Béarla d'úsáid i gcónal. "
Aontaím freisin le breithiúnas bhreithimh léannta na hArd-Chúirte, Laffoy B., sa chás seo nuair a deir sí:
      "Táim ar aon intinn le Ó hAnluain B. faoi éifeacht forálacha an Bhunreachta i leith na fíricí sa chás seo. Sí mo thuairim go bhfuil dualgás ar an Stát de reir forléiriú cruinn 34.3.1 ag imoibrú le Alt 40.3.1., i gcómhthéacs Alt (sic) 8, tiontú oifigiúil Rialacha 1997 a chur ar fáil laistigh de threimhse réasúnta tar eis don Freagróir sa triú áit thuasluaite glacadh leo sa leagan Béarla, agus, go bhfuil ceart cómhaoibhneasach neamháirithe pearsanta ag an saoránach faoi Alt 40.3.1 go gcóimhlíonfar an dualgas sin. "
Tabharfar faoi deara gur cuireadh béim láidir sa dá chás deiridh, agus in Mac Fhearraigh, ar cheart na ndaoine sin ar mhian leo a ngnó dlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge go gcuirfí cóir orthu ar chomhchéim leis an gcóir a chuirfí orthu siúd ar mhian leo a leithéid a dhéanamh trí Bhéarla. Ag cuimhneamh ar stádas na Gaeilge feictear domsa go bhfuil siad siúd ar mian leo í a úsáid i dteideal iomlán é sin a dhéanamh agus i dteideal gach áis atá riachtanach chur é a dhéanamh ar a laghad sa mhéid is atá áiseanna dá leithéid ar fáil dóibh siúd a úsáideann an dara teanga oifigiúil. Le linn an achomhairc seo faoi láthair a éisteacht, dhiúltaigh an tAbhcóide ar son an Stáit a thuairim a thabhairt bealach nó bealach eile faoin gceist an raibh an tIarratasóir i dteideal aistriúcháin oifigiúil de Rialacha na Cúirte Dúiche faoin dlí. Feicfear i gcás Ó Murchú gur shéan an Stát go dearfach go raibh Ó Murchú i dteideal leagain Ghaeilge de na foirmeacha faoi Acht na gCuideachtaí. Is é mo thuairimse nach bhfuil an dearcadh diúltach nó débhríoch seo ag an Stát ag teacht le stádas bunreachtúil na teanga náisiúnta, le polasaí an Stáit féin le fada ná le ceart an tsaoránaigh ar chomhionannas faoin dlí.

Fágann sin breitheanna na Cúirte Uachtaraí (Ó Dálaigh P.B. Kingsmill Moore agus Walsh B.) in Attarney-General v. Coyne and Wallace [1967] 101 ILTR 17., le meá. Sa chás sin, i gcomhthéacs fógra a seirbheáladh i nGaeilge amháin go rabhthas chun ionchúiseamh a dhéanamh faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, d'fhorléirigh Kingsmill Moore B., Airteagal 8 den Bhunreacht, agus shainigh Walsh B. gur aontaigh sé leis faoin bpointe seo, mar seo a leanas:

      "It was argued for the Attorney General that the true meaning of the Article was that either languages (sic) might be used unless provision had been made by law that one language only was to be used for some one or more official purposes. On consideration I consider this construction to be correct ".
Feictear dom gurb é éifeacht an chinnidh seo ná go mbronnann sé ar dhuine, cibé acu an oifigeach é nó nach ea, an ceart ar rogha a dhéanamh cé acu de na teangacha oifigiúla a úsáidfidh sé d'aon bheart oifigiúil ar leith. Baineann an rogha sin lena thaobh féin den bheart: ní féidir le haon duine rogha teanga a ordú do dhuine eile. In Coyne and Wallace, ba é an fhianaise gurbh iondúil i gcuid áirithe den tír fógraí go rabhthas chun ionchúiseamh a dhéanamh agus toghairmeacha a sheirbheáil i nGaeilge. Ní fhéadfadh sé seo, áfach, ceart Cosantóra ar a chás a rith i mBéarla dá mba mhian leis, a eisiamh. Sa tslí chéanna féadfaidh Cosantóir é féin a chosaint i nGaeilge, cé go mb'fhéidir gur tionscnaíodh imeachtaí ina choinne i mBéarla. Ó tharla téarmaí Airteagail 8, .agus an polasaí oifigiúil dátheangachais a bhfuil an Stát geallta dó, caithfidh an Stát úsáid ceachtar den dá theanga a éascú gan idirdhealú. Tá sé ar neamhréir iomlán leis an dátheangachas dlíthe a chur ar fáil in aon teanga amháin, agus ní dhéantar a leithéid go bhfios dom in aon tír dhátheangach eile.

Maidir le hábhar sonrach na Rialacha, níl aon amhras orm gur dearbhriachtanas é leagan Gaeilge de Rialacha gach Cúirte le bheith chomh héifeachtach ag dul chun dlí i nGaeilge agus a bheifí i mBéarla. Ba é an mórfhaillí ba mheasa ag dlíodóir ar bith é dul chun Cúirte gan eolas cuimsitheach ar na Rialacha. Má tá níos mó ná caint dhíomhaoin le bheith sa cheart cothrom ar dhul chun dlí i nGaeilge agus i mBéarla, mar Ghearánaí nó mar Chosantóir, ní mór an t-ábhar seo a chur ar fáil. Beagnach seachtó bliain ó shin, i gcás Ó Foghludha -v- McCIean, a luadh thuas thrácht Kennedy PB ar an ngá a bhí le sraith iomlán de Rialacha na nUaschúirteanna ar leith ó agus éagsúil ó na rialacha a d'fhág rialtas na Breataine. Dúirt sé:

      "It is manifest that there must be a complete and self contained code of Rules of Court governing the whole procedure and practice of the High Court and the Supreme Court, made as soon as circumstances will allow. That code, whenever it comes, must be made in the Irish language as it will also be made in the English language, and it must set out all the common forms in both languages. Until this has been done we shall not have a vocabulary of the ordinary legal technical terms in the Irish language established and recognised in general use. At present, owing to the Rules of Court having been made only in English, anyone who wishes to use the Irish language in legal proceedings must make a vocabulary of his own for the technical terms used in English, a highly inconvenient state of affairs, as his choice of equivalence may not be recognised by his opponents or by the officers of the Court. " (aibhsiú curtha leis)
Is é mo thuairim go mbaineann an réasúnaíocht chéanna le Rialacha na Cúirte Dúiche. Tá na Rialacha sin fiorthábhachtach, mar a dúradh thuas, le dul chun dlí sa Chúirt sin. I dtaca le cionta achoimre a thriail, tá forálacha iontu maidir le nithe rithábhachtacha ar nós seirbheáil, cumhachtaí chun cur ar atráth, cumhachtaí leasúcháin, agus an éifeacht a bhíonn ag éagsúlachtaí idir an cion a líomhnaíodh sa toghairm agus an fhianaise iarbhír a tugadh sa Chúirt. Chomh maith leis sin, tugann na Rialacha na foirmeacha cuí atá le húsáid do ghnó bunúsach ar nós finné a thoghairm agus fógra achomhairc a thabhairt. In éagmais leagain oifigiúil de na foirmeacha seo i nGaeilge, d'fhéadfadh finné míthoilteanach a gheobhadh toghairm i nGaeilge gan teacht i láthair, agus dá ndéanfaí iarracht é a ordú, d'fhéadfadh sé a agóid nach raibh an toghairm sa bhfoirm cheaptha. D'fhéadfadh páirtí ar a seirbheálfaí fógra achomhairc pointe den chineál céanna a dhéanamh. Arís, ní mór doiciméad ina bhfuil toradh na hanailíse a rinne An Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre, má tá sé le bheith inghlactha mar fhianaise, a bheith sa bhfoirm a ceapadh go reachtúil agus d'fhéadfaí agóid i gcoinne aistriúcháin néamhreachtúil. Nílim ag tabhairt aon tuairim maidir le bailíocht aon agóide mar a shamhlaítear thuas: tá siad á lua chun na deacrachtaí breise a léiriú a d'fhéadfadh a bheith sa tslí ar cheachtar páirtí a d'fhéachfadh le dul chun dlí sa teanga náisiúnta, in éagmais aistriúcháin oifigiúil ar Achtanna agus ar orduithe.

Is fiú cuimhneamh gur cuireadh aistriúchán Gaeilge ar fáil den leagan roimhe seo de Rialacha na Cúirte Dúiche a rinneadh i 1948. Is cosúil i dtaca leis seo, mar a tharla i gcás na Reachtanna, go bhfuil gannchion tromchúiseach i soláthar ábhar dlíthiúil i nGaeilge ón mbliain 1980 nó mar sin. Ni féidir a rá ach gur teip é seo an t-ordaitheach bunreachtúil in Airteagai 8 a chomhlíonadh, teip nach leithscéal d'aon sórt ina leith é an ganntanas foirne is cosúil atá in Oifig an Phriomh-Aistritheora i dTithe an Oireachtais.

Taobh amuigh den ordaitheach bunreachtúil ar tagraíodh dó, agus den ghá atá ann caitheamh le daoine ar mian leo an Ghaeilge a úsáid don ghnó oifigiúil ar chomhchéim leo siúd a úsáideann an Béarla, níl cúrsaí mar atá siad faoi láthair ag teacht le polasaí an Stáit mar atá leagtha síos go dlíthiúil le mórán blianta. Tá An tAcht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 agus na codanna ábhartha de na hAchtanna Aturnaethe a lean é leagtha amach chun a chinntiú go mbeidh lucht cleachtaidh dlí, cibé Aturnaethe ná Abhcóidí iad, inniúil ar Ghaeilge a úsáid. Is ó lucht gairme na dlí amháin a earcaítear breithiúna. Mhaígh teideal fada An tAcht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge 1945 gurbh é a bhí ann ná "Acht da udaru Iontsamhla caighdeanacha Gaeilge do thearmai airithe do chur ar fail chun críocha dlí agus do dheanamh socruithe chun foirmeacha agus fasaí dlithiula Gaeilge d fhoillsiu." Agus é ag cur an Bhille i láthair, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, an tUasal Ó Beolláin:

      "At present there is a diffculty in the way of any extensive use of the Irish language for legal purposes. The whole of the law, with the exception of the Constitution, is contained in the English language only and numerous words and phrases used in the law have been given technical meanings, as distint from the ordinary meaning, by statutes and judicial decisions. It is necessary to have corresponding technical terms in Irish, in order that Irish may be used for legal purposes. "
De bhun téarmaí an Achta, rinneadh deich gcinn d' "Orduithe Téarmaí" idir 1947 agus 1956 a thiomsaigh réimsí den dlí ó dhlí na coiriúlachta go dlí na gcuideachtaí go probháid agus go riarachán. Tá siad bailithe anois sa bhfoilseachán foclóireachta "Téarmaí Dlí". Níos déanaí, tugadh spreagadh oifigiúil, trí mheán Bhord na Gaeilge do thaighde Fasach, grúpa dlíodóirí ar cainteoirí Gaeilge iad, agus iad ag cur a dtuarascála "An Ghaeilge agus an Dlí" i dtoll a chéile i 1986. Déanann Ordú 120 de Rialacha na nUaschúirteanna (1986) soláthar d'ateangairí a bheith ceangailte leis na hUaschúirteanna agus chun Mionnscríbhinni a chomhdófaí i gceachtar den dá theanga oifigiúil a aistriú go dtí an ceann eile ar iarratas ó aon duine nach dtuigeann an bhunteanga. Níos déanaí fós, san Acht um Sheirbhís Chúirteanna, tá oibleagáid shonrach ar An Bord Seirbhísí Cúirteanna ceann a thabhairt do pholasaí an dátheangachais maidir le Seirbhísí Cúirte.

Éilíonn S.7 den Acht go ndéanfaidh an tSeirbhís nua pleananna straitéiseacha a ullmhú go rialta a dhéanfaidh:

      "... ... ... ... ..(d)

      ceann a thabhairt do pholasaí an Rialtais i leith an dátheangachais agus go háirithe, don ghá atá lena chinntiú go bhfuil líon sách mór den fhoireann ann a bhfuil ar a gcumas seirbhís a thabhairt sa Ghaeilge chomh maith leis an mBéarla" (aibhsiú curtha leis).


NA FÍRICÍ A LÉIRÍTEAR SA CHÁS SEO
Ar neamhchead d'fhorálacha an Bhunreachta a scrúdaíodh thuas agus don pholasaí comhsheasmhach reachtaíochta a léirítear sna hachtanna ar tagraíodh dóibh, thar thréimhse seachtó bliain nach mór, is eagal go léiríonn an cás seo faoi láthair teip maidir leis an ábhar is bunúsaí dá luaitear thuas a sholáthar. Is le déanaí is measa an teip seo. Tuigfidh aon duine a bhfuil teacht aige ar an reachtaíocht atá i gcló gur tréigeadh ó 1980 i leith an polasaí a bhí ann roimhe sin aistriúcháin oifigiúla a ullmhú d'fhormhór mór na mbillí a ritear i mBéarla de réir mar a théann siad tríd na céimeanna bunreachtúla go dtí go bhfógraítear ina ndlí ar deireadh iad. Níl ach lion nach fios go cinnte ach gur beag é de reachtanna ann a aistríodh ar an dóigh sin ó 1980. De réir fhianaise an cháis seo, is de bharr ganntanais foirne agus brú oibre in Oifig Phríomh-Aistritheora Thithe an Oireachtais atá cúrsaí mar atá. Caithfidh gurb iad na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre na hachtanna is minicí a agraítear den chorpas iomlán reachtaíochta. Is dócha go ndéantar na céadta míle cúiseamh faoi réir na nAchtanna sin gach bliain. Ní cosúil, áfach, go ndearnadh iarracht ar bith an leagan nua den chód tráchta bóthair a aistriú agus níor aistríodh Achtanna 1994 agus 1995 ar deireadh go dtí gur thionscain an tIarratasóir seo faoi láthair a imeachtaí.

Caithfear béim a leagan air go bhfuil an polasaí táimhe seo go soiléir agus go hoscailte i gcoinne an tsainriachtanais atá in Airteagal 25.4.4: "I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile. "

Nuair a cuireadh an méid seo ina leith san argóint le linn éisteacht an Achomhairc seo thug Abhcóide an Stáit dhá fhreagra, iad araon neamhfhiúntach dar liom. Ba é an chéad fhreagra, cé go nglactar leis go bhfuil oibleagáid ann na hAchtanna a aistriú, nach ndeir an Bunreacht cén uair atá sé sin le déanamh. De réir na hargóna seo, b'fhéidir go nimeodh na blianta, agus an Reachtaíocht atá i gceist á húsáid go laethúil gan aon aistriúchán a bheith ar fáil, gan an Stát a bheith ag teip ina oibleagáid chomh fada is a bheadh sé i gceist dáiríre ag na húdaráis an t-aistriúchán a chur ar fáil ar dháta éigin sa todhchaí. Caithfidh go bhfuil sé soiléir nach réitíonn an argóint seo ar bhealach ar bith le stádas bunreachtúil na teanga náisiúnta ná leis an bpolasaí atá ann le fada maidir leis an dátheangachas i ngnó na gCúirteanna, a cuireadh in iúl arís i bhfoirm reachtúil chomh déanach le 1996. I mo thuairimse, caithfidh go bhfuil sé le tuiscint ó théarmaí Airteagal 25.4.4. go bhfuil ar a laghad an riachtanas ann an t-aistriúchán oifigiúil a sholáthar chomh luath agus is féidir agus is soiléir go bhfuil ábhar maith argóna ann (nach ndearnadh sa chás seo) go gcaithfidh sé a bheith ar fáil sula dtugtar faoin Acht a chur i bhfeidhm ar dhuine atá inniúil agus ar mian leis a ghnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí Ghaeilge.

Má fhorléirítear Airteagal 25.4.4. ina chomhthéacs bunreachtúil agus ar bhealach cuspóiriúil, is soiléire fós an tuiscint seo. Baineann Airteagal 25 leis na céimeanna trína bhfógraítear ina dhlí bille a ritheadh nó a mheastar a ritheadh in dhá Theach an Oireachtais. Gnáthamh gasta é an gnáthamh atá leagtha síos. De ghnáth, nuair a thairgtear Bille don Uachtarán le síniú agus le fógairt ina dhlí, bíonn sé le síniú idir cúig agus seacht lá tar éis a thairiscint. Is féidir an tréimhse seo a laghdú ar na cúinsí a shamhlaítear in Airteagal 25. Díreach i ndiaidh na bhforálacha in Airteagal 25.4.2 agus 3 agus roimh an bhforáil in Airteagal 25.4.5., a fhorálann do théacs dlí a rollú "chomh luath agus is féidir é" tar éis a shíniú agus a fhógairt, tarlaíonn an reacht is mó atá i gceist anseo ag foráil d' aistriúchán oifigiúil.

Ina theannta sin, is é an t-aon chúis a d'fhéadfaí a cheapadh leis an riachtanas atá ann aistriúchán oifigiúil a eisiúint ná go bhféadfadh na daoine sin arbh é a mian dleathach é a ngnó dlíthiúil a dhéanamh sa cheann sin de na teangacha oifigiúla nárbh í an teanga í inar ritheadh an Bille. Ó tá siad i dteideal é sin a dhéanamh is léir go bhfuil sé miréasúnta, sa ghnáthchiall agus sa chiall dhlíthiúil atá leis an téarma sin, an t-aistriúchán sin a choinneáil uathu ar feadh tréimhse ar bith ama, agus cinnte ar feadh na mblianta agus fiú ar feadh deich nó scór de bhlianta nó breis mar a tharla, faraor, i gcás reachtanna iomadúla.

Is iomaí foráil reachtúil atá ann a chuireann oibleagáid ar an saoránach rudaí áirithe a dhéauamh ar iarratas ó dhuine atá ceaptha chuige. Ceann de na cinn is coitianta díobh seo is ea an oibleagáid ainm agus seoladh a thabhairt do bhall den Gharda Síochána i gcúinsi áirithe. Féach mar shampla Rannóg 107 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, forannóga (1) agus (4) a cheadaíonn do Gharda eolas a iarraidh agus nach leagann síos aon am sonrach chun géilleadh don iarratas béil seo. Is féidir an argóint a shamhlú go furasta a dhéanfaí ar son an Stáit dá n-éileodh saoránach go raibh sé i dteideal tréimhse uaireanta an chloig, gan trácht ar mhíonna nó blianta a scaoileadh thart sula ngéillfeadh sé. Ar an mbunús díreach céanna, go gcaithfear focail reachtúla nó bunreachtúla a mhíniú i dtaca lena gciall agus lena gcuspóir follasach, dhiúltóinn don tairiscint gur féidir leis an Stát moill ar feadh tréimhse éiginnte a chur ar sholáthar aistriúcháin oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais.

Ba é an dara freagra a thug an tAbhchóide ar son an Stáit, ná cé go raibh oibleagáid gan amhras ann aistriúchán oifigiúil ar Achtanna a chur ar fáil, gur ar Thithe an Oireachtais amháin a bhí an oibleagáid seo. Dúradh nach raibh Tithe an Oireachtais inchúisithe sna Cúirteanna as a ngníomh nó as a n-éighníomh. Mar sin, cé go bhfuil oibleagáid ann aistriúchán oifigiúil a sholáthar ar an reachtaiocht go léir, is ar aonán nach féidir a imphléadáil sna Cúirteanna a luíonn an oibleagáid sin. Dá réir sin, ní féidir an ceart ar aistriúchán oifigiúil a chur i bhfeidhm sa dlí.

Ní fhéadaim a rá ach gur olc agus gur tromchúiseach an airí í an argóint seo ar Údaráis Stáit atá ag obair faoin mBunreacht. Is argóint i nach bhfuil fiúntas dá laghad inti, fiú amháin ina cáil mar argóint. Ní leagtar in áit ar bith sa Bhunreacht an oibleagáid ar Thithe an Oireachtais aistriúchán oifigiúil a chur ar fáil agus ní heol dom aon fhoráil reachtúil a dhéanann sin. Is ríshoiléir ón gcomhfhreagras a taispeánadh sa chás seo gurbh é dearcadh an bhaill sin den Stát a ndeachaidh an tIarratasóir ina mhuinín agus é ag iarraidh aistriúcháin oifigiúil a fháil (An Roinn Dlí agus Cirt) gur gnó é an t-aistriúchán don Roinn a mhol an reachtaíocht, sa chás seo an Roinn Comhshaoil.

Is fior go luaitear, sa dá théacs den Bhunreacht, an oibleagáid atá ann aistriúchán oifigiúil a chur ar fáil, gan trácht ar aon duine ná aon aonán ar a luíonn an oibleagáid seo. Aistriúchán "oifigiúil " atá le cur ar fáil, áfach. Tá sé le tuiscint uaidh seo go luíonn an oibleagáid ar dhuine a bhfuil post aige mar oifigeach in oifig éigin agus feictear dom go bhfuil sé sin ag teacht leis an dearcadh a chuir an Roinn Dlí agus Cirt in iúl gurb í an oifig atá i gceist ná oifig an Aire a thug isteach an Bille. Más mar seo atá, ar ndóigh ní ionann sin agus a rá gur gá gur san oifig sin a d'ullmhófaí an t-aistriúchán, ná fiú gúr státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí a dhéanfadh an t-aistriúchán: tá an fhoclaíocht ag teacht go hiomlán leis an aistriúchán a dhéanamh ar bhonn conartha nó eile, fad is a dhéanfaí é a fhaomhadh go hoifigiúil.

Chuaigh an tAbhcóide ar son an Stáit i muinín théarmaí ghnáthrialacha Dháil Éireann (1986) mar thaca lena aighneachtaí. Ní dhearnadh an aighneacht seo san Ard-Chúirt. "Language" is teideal d'Ordú 17 agus forálann sé mar leanas:

      "17(1) All proceedings in the Dáil shall be conducted through the medium of the Irish or the English language.

      (2) The order paper, the journal of proceedings of the Dáil and all other appropriate documents shall be issued in the Irish and English languages

      (3) The clerk shall cause to be made an official translation into the English language of every law enacted by the Oireachtas in Irish, and an official translation into Irish of every law enacted by the Oireachtas in English. "

Ní fheictear dom go scaoileann sé an Stát, ná aon cheann dá bhaill, ó Airteagal 25.4.4. a chomhlíonadh, gur leagadh an dualgas seo ar an gcléireach trí ghnáthrialacha a cinneadh sa Teach. Tá impléadáil á déanamh ar an Stát féin, faoina ainm bunreachtúil Éire, sa chaingean seo agus ní dhearnadh aon agóid ina choinne sin. Is gnó don Dáil amháin ar ndóigh iad gnáthrialacha na Dála a cinneadh de réir Airteagal 15.10 den Bhunreacht agus ní dhearnadh aon iarracht sna himeachtaí seo iad a chur i bhfeidhm sna Cúirteanna. Ní ghlacaim go bhfuil sé mar éifeacht ag dualgas a leagan ar oifigeach de chuid an Tí trí ghnáthrialacha na Dála, dualgas nach leagann an Bunreacht air, go gceadaíonn sé don Stát féin gan oibleagáid follasach a chomhlíonadh. Tá cumhachtaí agus díolúinte imleora ag an Dáil agus ag a baill, agus tá siad i dteideal iad a bheith acu, chun a bhfeidhmeanna atá lárnach don chineál Rialtais a éilíonn an Bunreacht a chomhlíonadh. Ach ní fheictear domsa gur féidir le rialacha agus gnáthrialacha ceachtar de na Tithe cealú a dhéanamh ar dhliteanas an Stáit i bpróis dhlíthiúil a d'agair saoránach ar ar bhronn imeachtaí locus standi chun gearán a dhéanamh faoi shárú oibleagáide bunreachtúla. Dá gcreidfí a mhalairt, b'ionann é agus a chreidiúint gur choisc an Bunreacht féin leigheas ar shárú a théarmaí féin.

NEAMART OIFIGIÚIL ÉIFEACHTACH
Is cosúil go gcruthaíonn an cás seo, nuair a mheastar é in éineacht leis na cásanna eile a luadh go bhfuiltear tagtha chuig staid anois, atá ag teacht chun cinn le fiche bliain nó mar sin, nach soláthraítear ábhar tábhachtach dlíthiúil i nGaeilge ach go fánach agus gur minic sin mar fhreagairt ar dhlíthíocht nó ar bhagairtí dlíthíochta. Is amhlaidh an scéal ní amháin maidir le hábhar le haghaidh úsáide i gcúrsaí cointinneacha, ar nós ionchúisimh choiriúil, ach i gcás foirmeacha reachtúla a úsáidtear go coitianta mar iad siúd a thagann faoi Acht na gCuideachtaí. Deir Tuarascáil Fasach 1986 "... ... . bhí sé geall le bheith do-dhéanta teacht ar bhundoiciméid, fiú, a chuirfeadh beartaíocht shimplí thráchtála i gcrích sa chéad teanga oifigiúil ". Deir sé freisin:

      "Tá a bheag nó a mhór de neamhaird déanta ag Rialtais i ndiaidh a chéile den Ghaeilge mar bheotheanga in úsáid oifigiúil agus laethúil i gcúrsaí Dlí agus sa chóras riaracháin a bhaineann leis an Dlí, (má fhágaimid i leataoibh aon tagairt do sheasamh gradamach na teanga). Mar chruthú ar seo is é an Béarla amháin, geall leis, atá in úsáid ag an Stát i gcúrsaí uile a bhaineann le nós imeachta Cúirte, gnóthaí a bhaineann le talamh agus maoin, agus gnáthfheidhmiú Ranna agus Gníomhaireachtaí Stáit."
Caithfidh mé a rá gur cosúil go gcruthaíonn stair an cháis atá á chaibidil faoi láthair fírinne na gcáintí seo. Creidim go bhfuil sé ceart a rá chomh maith:
      "Tá sé ag éirí níos coitianta de réir a chéile go mbeadh seirbhís chúngaithe á tairiscint do chainteoirí Gaeilge ar iarratas amháin agus faoi réir í a bheith caothúil don chóras, seachas ina cheart ab initio. Ba dheacair a mhaíomh go bhfuil an méid seo ag teacht le Airteagal 8 den Bhunreacht. "
Is é mo dhearcadhsa go bhfuiltear tagtha chuig staid anois nach ndéanfadh ach duine a mbeadh neamhspleáchas agus dianseasmhacht thar an ngnáth ag baint leis nó léi iarracht ar ghnó dlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge. Má lorgaíonn a leithéid de dhuine Reacht i nGaeilge ó shiopa oifigiúil an Rialtais, is é is dóichí ná go ndéarfar leis nach bhfuil sé ar fáil. Níl aon leagan Gaeilge ann de na foirmeacha atá riachtanach chun éileamh simplí a thionscnamh sa Chúirt Dúiche, ná de na foirmeacha a chuirfeadh ar chumas duine, mar shampla, finné a thoghairm nó achomharc a thosú. Léiríonn an taithí phraiticiúil sna cásanna a luadh sa bhreithiúnas seo gur rímhinic is gá dlíthíocht nó bagairt dlithíochta chun go gcuirfear na doiciméid seo ar fáil. Agus cúrsaí mar atá, cúrsaí nach bhfuil aon fhonn oifigiúil ann iad a athrú, déantar daoine a mhímhisniú nó a chosc ó ghnó dlíthiúil a dhéanamh trí mheán na teanga náisiúnta. Ní aon ionadh é faoi na cúinsí sin nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an nGaeilge ná ag cainteoirí Gaeilge maidir le gnáthúsáid na teanga náisiúnta sna cúirteanna. Is fior go bhfuil eisceachtaí breátha ann ón bpolasaí neamairt de facto seo, ar nós staidéir scolártha, chríochnúil ar théacs Gaeilge Bhunreacht na hÉireann a cuireadh ar fáil anuraidh faoi choimirce Choiste Uile-Pháirti an Oireachtais ar an mBunreacht. Tá dea-shampla tugtha os comhair an tsaoil freisin ag dlíodóirí mar iad siúd ar dhá thaobh an cháis faoi láthair agus ag breithiúna, an Breitheamh Ó hAnluain, iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte, go suntasach ina measc, a léirigh gur féidir argóint chasta, chaolchúiseach agus breitheanna suaitheanta a dhéanamh go foirfe sa teanga náisiúnta. Ní mór fáiltiú freisin roimh fhoilseachán de chuid Chomhairle Chorpraithe na dTuairiscí Dlí d'Éirinn, is é sin imleabhar speisialta de Thuairiscí Éireann a chuimsíonn cásanna a éisteadh agus a cinneadh i nGaeilge idir 1980 agus 1998. Ach is eisceachtaí iad seo ar toradh iad ar inspreagadh agus ar obair dhaoine ar leith atá tiomnaithe don ghnó sin. Ní féidir leo athrú ar bith a chur ar an bhfirinne lom go n-aireoidh an té a lorgaíonn bunábhar dlíthiúil i nGaeilge go bhfúil sé ag goilleadh ar na hoifigigh óna lorgaíonn sé iad agus is cinnte go n-aireoidh sé go ndéileáilfi níos gasta agus níos éifeachtúla lena ghnó má thaobhaíonn sé an Béarla. Ní fhéadaim a rá ach gur cian i gcoinne mheon agus bhunbhrí na bhfocal sa Bhunreacht é an staid seo. Táim cinnte nár tharla sé de bharr aon chinneadh a rinne aon oifigeach nó aon chomhlachas d'aonturas. Ach tharla sé agus ní mór é a chur ina cheart má tá an dlí le riar mar a bhí ar intinn sa Bhunreacht.

Tá an dátheangachas, nó an t-ilteangachas i réim i dtíortha iomadúla agus ar ndóigh cuireann an tAontas Eorpach doiciméid choimpléascacha, ar doiciméid dhlíthiúla cuid mhór díobh, ar fáil gach lá sna teangacha oifigiúla go léir. Níl aon amhras orm gur féidir na cáipéisí dlíthiúla ábhartha go léir a chur ar fáil i nGaeilge. Níl aon amhras orm go bhfuil an tIarratasóir sa chás seo i dteideal leagan Gaeilge a fháil de Rialacha na Cúirte Dúiche más mian leis sin, agus is léir gur mian. Séard atá ag teastáil ná córas mar a bhí ann ar feadh na mblianta: ceann a chuir cáipéisí dlíthiúla ar fáil go rialta sa dá theanga oifigiúil, mar is léir a tharlaíonn i dtíortha eile a bhfuil polasaí dátheangach nó ilteangach iontu agus níl an teip leanúnach a leithéid de chóras a sholáthar comhsheasmhach leis an mBunreacht. Sa chomhthéacs seo, níl le feiceáil sa bhéalghrá a thugtar don teanga náisiúnta, ach, le focail shuaithinseacha an Ollaimh John M. Kelly nach maireann a úsáid, "focal scoir don Ghaeilge".

POINTÍ EILE A TARRAINGÍODH ANUAS
Is léir gur fasach cumhachtach i bhfabhar an Iarratasóra sna himeachtaí seo é cás Delap. Ní dhearnadh aon iarracht é a shuaithniú ar an mbonn nach ionann an tábhacht atá le Rialacha na Cúirte Dúiche agus atá le Rialacha na nUaschúirteanna. I mo thuairimse bhí an ceart ag na Cosantóirí gan aon phointe den tsaghas seo a dhéanamh ás rud é nach féidir aon idirdhealú inchosanta a dhéanamh. Aighníodh, áfach, go bhféadfaí cás Delap a shuaithniú ar an mbonn gurbh aturnae é an tUasal Delap (agus gurb ea) a bhí nó a d'fhéadfadh a bheith ag plé le hiomad cásanna éagsúla sna cúirteanna agus gur lena leas iarbhír nó poitéinsiúil iad na rialacha ina n-iomláine agus gur saoránach go simplí é an tIarratasóir ar lena leas aon chás amháin. B'fhéidir, a aighníodh, go bhféadfadh sé féin nó a aturnae na rialacha ábhartha a aistriú iad féin.

Is é mo dhearcadhsa nach bhfuil an pointe sin inchosanta. Is é obair Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche atá sna rialacha, is é sin ionadaithe ó na breithiúna agus ó dhá bhrainse na ndlíodóirí gairmiúla le cabhair seirbhísí dréachtóra agus dréachtóra cúnta gairmiúil. Sainobair chúramach chruinn í an obair sin. Níl sé réasúnta go nglacfaí leis go mbeadh na scileanna riachtanacha ag an Iarratasóir nó ag a aturnae ach an oiread chun aistriúchán a bheadh inghlactha sa dlí a dhéanamh ná go mbeadh na hacmhainní aige na sainscileanna dlíthiúla atá riachtanach chuige sin a fhostú. Cén fáth a leagfaí an dualgas seo air ar chor ar bith, ós rud é nach leagtar ar an saoránach é atá sásta a ghnó dlíthiúil a dhéanamh sa dara teanga oifigiúil? Thairis sin, i dtaca le haistriúchán "baile" ar thoghairm finné géilleann an Stát go mb'fhéidir nach mbeadh éifeacht lena leithéid de dhoiciméad ach aighníonn sé "b fhéidir go dtiocfadh an finné ar aon nós ". Is léir gur staid mhíshásúil é seo agus go léiríonn sé go foirfe an t-easpa cothroime a fhulaingíonn duine ar mian leis a ghnó dlíthiúil a dhéanamh sa teanga náisiúnta. Níor éirigh leis an Stát nuair a chuaigh sé i muinín an fhéidearthachta seo go bhféadfadh saoránach a aistriúchán féin a dhéanamh i gcás Ó Murchú maidir le foirmeacha Acht na gCuideachtaí. Aontaím le breith na hArd-Chúirte sa chás sin agus dhiúltóinn an aighneacht sa chás seo ar na cúiseanna céanna.

Aighníodh chomh maith leis sin, fiú dá mbeadh sé de cheart ag an Iarratasóir cóip de na Rialacha a fháil i nGaeilge, nach raibh sé i dteideal faoisimh de bharr éagmaise leagain Ghaeilge mura bhféadfadh sé dochar a shuí. Feictear dom gurb éard a chiallaíonn an pointe seo go praiticiúil ná go bhfuil sé á dhlí ar an Iarratasóir a léiriú nach bhfuil sé in ann na Rialacha i mBéarla a thuiscint. In Mac Fhearraigh lorg An Binse Achomhairc Fostaíochta a thabhairt ar an Iarratasóir a chás a thabhairt chun dlí i mBéarla ón uair ab eol dóibh gur thuig sé an teanga sin agus má b'ea nach ndéanfaí dochar dó. Aontaím le breith na hArd-Chúirte sa chás sin ag diúltú do dhearcadh an Bhinse. Creidim go bhfuil duine i gcás an Iarratasóra anseo i dteideal mar cheart bunreachtúil an t-ábhar atá i gceist a fháil sa teanga náisiúnta cibé atá sé nó nach bhfuil sé taithíoch, nó compordach sa dara teanga oifigiúil.

Is é an pointe is bunúsaí dá dtarraingíonn an tUasal Gaffney, S.C. chuige féin go síodúil ná seo: cé acu is tábhachtaí: ceart an phobail go gcuirfí an dlí i bhfeidhm nó ceart an tsaoránaigh Gaeilge a úsáid? Aighníonn sé gur "gá ceann acu géilleadh don cheart eile ".

Creidim go láidir nach bhfuil a leithéid de ghá ann go ngéillfeadh ceann de na cearta seo don cheart eile. I Stát inarb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúil, agus atá geallta do pholasaí dátheangachais faoi shainordú reachtúil, is gá na dlíthe a eisiúint, agas nuair atá sin riachtanach, iad a fheidhmiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. I gcás mar é seo faoi láthair, áit nach bhfuil aon cheist faoi chumas agus faoi mhian bona fide an tsaoránaigh an teanga náisiúnta a úsáid feictear dom gur ní aisteach thar na bearta é iarracht a dhéanamh codarsnacht a chruthú idir a cheart é sin a dhéanamh agus ceart an phobail go bhfeidhmeofaí an dlí. Thairis sin, níl aon deacracht dhosháraithe ann an dlí a fheidhmiú trí mheán na teanga náisiúnta agus na príomhtheanga oifigiúla agus cibé deacracht ab fhéidir a bheith ann i dtaca leis seo is de bharr neamairt an Stáit é thar thréimhse scór bliain is breis i leith na teanga náisiúnta. Má tharlaíonn sé go dtugtar aghaidh ar na deacrachtaí i mbealach fánach ná ad hoc, tá sin amhlaidh mar gheall ar nach raibh an Stát toilteanach aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos comhleanúnaí.

Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den tsaol ó ghéilliúlacht i gcúrsaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agas atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh. Mar an gcéanna caithfidh an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht agus ní féidir é a chloisteáil ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin. Go háirithe, ni féidir an Stát a chloisteáil ag gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas is breis atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois.

FAOISIMH
In ainneoin cinntí na hArd-Chúirte i dtaca le hoibleagáidí an Stáit, cinntí a n-aontaím leo, níor tugadh aon fhaoiseamh don Iarratasóir ar chúiseanna éagsúla. Diúltaíodh dá an dearbhú a lorg sé "that the Respondents named in the third and fourth paragraph of these proceedings have a constitutional obligation to supply the official translation of the Acts of the Oireachtas in the first official language when the President signs a bill in the second official language" ar an mbunús "the text of the Constitution confirms, in paragraph 25.4 the contents of (the declaration sought). It is my opinion that it would serve no useful purpose for this Court to confirm the matter".

Ba ghníomh gan tairbhe de ghnáth ag Cúirt é ciall fhollasach airteagail den Bhunreacht a dhearbhú. Ach sílim gur chóir don Chúirt seo é sin a dhéanamh anseo mar gheall ar an teip nach féidir a shéanadh maidir leis an bhforáil bhunreachtúil shainordaitheach seo a chomhlíonadh, agus le súil trína dhearbhú go nglacfar go dáiríre leis an dualgas seo faoi dheireadh. Mura dtarlaíonn sé seo, b'fhéidir go mbeidh ar Iarratasóir éigin i bhfad aimsire faoiseamh sainordaithe a lorg sa scéal. Ba chóir go bhféadfaí glacadh leis ar ndóigh, nach ligfidh an Stát, an ceathrú Freagróir ainmnithe, dá leithéid de chás a theacht chun cinn trí neamart leanúnach.

Nuair a leag sé amach an dearbhú atá á éileamh aige rinne an tIarratasóir é sin i bhfocail ghinearálta, gan na Reachtanna dá dtagródh an dearbhú a theorannú leo siúd atá i gceist ina chás Tráchta Bóthair. Is é mo dhearcadhsa go bhfuil an locus standi aige chun é seo a dhéanamh, mar shaoránach atá in ann agus ar mian leis dlíthe a thíre a scrúdú ina teanga náisiúnta agus a príomhtheanga oifigiúil. Dá réir sin, ní chreidim go n-ídíonn sé a sheasamh chun an faoiseamh seo a lorg go dtarlaíonn sé go bhfuil na Reachtanna is mó atá ag déanamh cúraim dó faoi láthair aistrithe go Gaeilge.

Diúltaíodh dearbhú don Iarratasóir freisin "that the Respondents named in the third and fourth paragraphs of these proceedings have a constitutional obligation to supply the official translation of (the Rules of the Dtstrict Court) in the first official language" ar an mbonn cé go raibh oibleagáid ar an Stát an t-aistriúchán oifigiúil de Rialacha 1997 a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus cé go raibh sé de cheart pearsanta ag an Iarratasóir go gcomhlíonfaí an oibleagáid seo, nár theip fós ar an Stát í a chomhlíonadh. Ba ar an mbonn go raibh na rialacha fada é seo, go raibh toirt mhór oibre le déanamh ag an bPríomh-Aistritheoir, agus nach raibh tréimhse réasúnta ama chun leagan neamhoifigiúil de na rialacha a sholáthar caite go fóill.

Tugadh breith na hArd-Chúirte ar 17 Meitheamh 1999. Bhí timpeall is dhá mhíle, dhá chéad is caoga lá caite idir na rialacha a ghlacadh agus éisteacht an achomhairc seo ar 10 Iúil 2000. Fiú ar an dáta sin, níor féadadh aon tásc a thabhairt cén uair a bheadh aistriúchán oifigiúil ar fáil. Níor séanadh nach gcuirfeadh an t-aistritheoir oifigiúil tús leis an obair in éagmais teastais den chineál ar cuireadh síos air níos luaithe sa bhreith seo, nó nár eisíodh a leithéid de theastas. Mar sin, de réir na fianaise, níl aon dul chun cinn déanta san obair aistriúcháin inniu thar mar a bhí ar an dáta ar ar faomhadh na Rialacha, beagnach ceithre bliana ó shin. Creidim go bhfuil sé míréasúnta an scéal a bheith amhlaidh, agus gur dóichí gur mar sin a leanfaidh sé, ar neamhchead soiléir, oscailte d'oibleagáid an Stáit agus do cheart pearsanta an Iarratasóra, mura ndéanann an Chúirt seo níos mó ná neamart an Stáit a cháineadh go simplí. Mar sin, dhéanfainn an dearbhú seo freisin agus tá súil agam nach mbeidh gá le dul chun dlí a thuilleadh chun a chinntiú go gcomhlíonfar é.

Is é an faoiseamh deiridh a d'éiligh an tIarratasóir ná Ordú Toirmisc ag srianadh leanúint leis na himeachtaí ina choinne go dtí go soláthrófaí aistriúchán de na cáipéisí cuí. Ní gan mórán machnaimh a chinn mé nár chóir an faoiseamh seo a thabhairt don Iarratasóir. Leigheas lánroghnach is ea Ordú Toirmisc. Tá aitheantas iomlán tugtha cheana do chearta an Iarratasóra mar chainteoir Gaeilge sna faoisimh dhearbhaithe a deonaíodh. Ní léir dom gur gá go séanfaí a chearta mar chainteoir Gaeilge ar dlíthí é freisin sna himeachtaí atá ar feitheamh sa Chúirt Dúiche. Beidh cumhachtaí leathana chun na cearta sin a shlánú ag an mBreitheamh Dúiche léannta a éistfidh an cás agus beidh ar a chumas na himeachtaí a scriosadh amach murar féidir é sin a dhéanamh. Is ar an Ionchúisitheoú agus ní ar an gCosantáir a thitfidh ualach aon deacrachta dosháraithe a tharlódh de bharr teip sna caipéisí ábhartha, ar nós rialacha, Reachtanna, agus aon fhoirmeacha reachtúla atá/nó a bheidh ábhartha, a aistriú. Ach ní fheictear dom gur chuí glacadh leis roimh ré go dtarlóidh aon deacracht mar sin.

Bheadh dul amú tromchúiseach ar na Freagróirí a ainmníodh sa dara go dtí an cúigiú háit dá nglacfaidís leis go mbeadh feidhm in aon chás dá leithéid amach anseo leis an smaointeoireacht arbh é a toradh gur diúltaíodh Ordú Toirmisc sa chás seo. Agus í á teorannú féin le faoiseamh dearbhaithe tá an Chúirt seo ag glacadh leis go ngníomhófar de réir na ndearbhuithe sa chás áirithe seo agus go ginearálta. Trí gan géarchéim nó náiriú a chur sa bhealach ar na húdaráis sa chás áirithe seo, faoi réir chumhachtaí an Bhreithimh Dúiche léannta a luadh thuas, tá an Chúirt ag léiriú na measa is airde ar na hargóintí a tugadh chun cinn maidir le ceart an phobail ionchúiseamh a dhéanamh. Mura ndéanfaí beart de bharr na ndearbhuithe a tugadh, dá neamhdhóchúla é sin, d'athrófaí go sonrach cothromaíocht na gcearta sin a chuaigh i gcion ar an rogha bhreithiúnach a dhéanamh. Agus d'fhéadfadh sé seo tarlú i gcás a mbeadh géarchéim nó íogaireacht níos mó ag baint leis ná mar atá leis an gcás seo faoi láthair. Táthar ag súil go bhféadfar a leithéid de ghéarchéim a sheachaint sa todhchaí, tríd na dearbhuithe seo a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé míchuí, de bharr na gcúiseanna a tugadh, aon bheart eile ar nós toirmisc a dhéanamh. Tá an gnáth-ionchúiseamh Cúirte Dúiche sa chás seo curtha ar atráth le ceithre bliana nach mór. Is ar aon chúis amháin a tharla sé seo: bhí fonn ar an Iarratasáir a chearta bunreachtúla mar chainteoir Gaeilge a bhaint amach. Níor shéan an Stát na cearta seo ach bhí sé lán-mhíthoilteanach aon chéim dhearfach a thabhairt maidir lena ndeonú ach amháin ag an mhóimint dheireanach agus é sin faoi bhagairt, nó ag tabhairt aghaidh ar, imeachtaí dlíthiúla. Agus sna himeachtai sin féin, ghlac an Stát seasamh uaireanta a bhí cúng, dlíthíoch, mionchúiseach, róshimplithe. Go híorónta, is minic a thugtar "drunk driving points" i mbeagán focal ar aighneachtaí dlíthiúla ina ndéanfaí argóintí den chineál sin. Ní dea-shampla é iad a fheiceáil á n-úsáid ag an Stát.

Dheonóinn an dá dhearbhú atá leagtha amach thuas agus dhiúltóinn ordú toirmisc.










Ar ais ar barr an leathanach