Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Murchú -v- An Taoiseach & chuid eile
Lua Neodrach:
[2010] IESC 26
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
91/05
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2000 426 JR
Dáta Seachadta:
05/06/2010
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
Murray C.J., Kearns P., Hardiman J., Fennelly J., Macken J.
Breithiúnas ó:
Macken J.
Stádas:
Formheasta


AN CHÚIRT UACHTARACH
91/2005
      Murray, An Príomh-Bhreitheamh
      Kearns, Uachtarán
      Hardiman, Brmh.
      Fennelly, Brmh.
      Macken, Brmh.

      IDIR/


      PÓL Ó MURCHÚ
Freagróir/ Iarratasóir
-agus-

AN TAOISEACH, AN TANÁISTE AGUS AN tAIRE FIONTAR, TRÁDÁLA AGUS FOSTAÍOCHTA, AIRE NA MARA AGUS ACMHAINNÍ NADÚRTHA, AN tAIRE FIONTAIR PHOIBLÍ, AN tAIRE COSANTA, AN tAIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA, AN tAIRE TALMHAÍOCHTA, BIA AGUS FORBARTHA TUAITHE, AN tAIRE AIRGEADAIS, AN tAIRE SLÁINTE AGUS LEANAÍ, AN tAIRE COMHSHAOIL AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL, AN tAIRE GNÓTHAÍ SÓISIALTA, POBAIL AGUS TEAGHLAIGH, AN tAIRE EALAÍON, OIDHREACHTA, GAELTACHTA AGUS OILEÁN, AN tAIRE DLÍ, CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, AN tAIRE TURASÓIREACHTA, SPÓIRT AGUS ÁINEASA, AN tAIRE OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE

Achomharcóirí/Freagróirí
      Breithiúnas arna thabhairt an 6ú Bealtaine, 2010 ag Macken, Brmh

      Leis an Ordú arna dhéanamh chomh fada siar le mí Dheireadh Fómhair 2000, dheonaigh an Ard-Chúirt (O’Neill, Brmh. ) cead don fhreagróir, mar iarratasóir, tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh maidir le roinnt faoiseamh, ar féidir achoimre a thabhairt orthu mar seo a leanas:


        1. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí, le chéile, leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an t-iarratasóir, d’Achtanna an Oireachtaisuile, de na hIonstraimí Reachtúla uile agus de Rialacha na Cúirte uile, agus (i gcás Rialacha na Cúirte) gach leasú, aguisín agus innéacs a ghabhann leo;

        2. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an t-iarratasóir, d’iomlán Achtanna an Oireachtais, Ionstraimí Reachtúla agus de Rialacha na Cúirte thuas ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla nó an tiontú oifigiúil Béarla, ar a n-áirítear go gcuirfear an dá leagan nó na haistriúcháin amach agus ar fáil go comhuaineach.

        3. Ordú Mandamus ag tabhairt ar na hachomharcóirí na hAchtanna réamhráite don tréimhse idir 1981 agus 2000 a chur amach agus a chur ar fáil sa chás nach bhfuil ceann ar bith ar fáil go fóill, gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

        4. Ordú Mandamus ag tabhairt go gcuirfidh na hachomharcóirí ar fáil Rialacha na Cúirte nach bhfuil curtha amach go fóill sa phríomhtheanga oifigiúil nó in aistriúchán díobh, gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

        5. Ordú Mandamus ag tabhairt ar na hachomharcóirí go ndéanfaidh siad, leagan oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil nó tiontú oifigiúil díobh a chur amach agus a chur ar fáil feasta do gach uile Achtanna an Oireachtais agus na hIonstraimí Reachtúla, ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte, faoi mar a dhéantar cur síos orthu thuas, ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla nó an tiontú oifigiúil Béarla, nó go gcuirfear an dá leagan sin ar fáil go comhuaineach dá réir sin.


      Rinneadh an tOrdú thuas de bhun iarratais a rinneadh, bunaithe ar Ráiteas chun an Fógra Iarratais a fhorasú arna fhorasú, ar a uain, ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir an 31ú Iúil, 2000.

      Le Ráiteas Cur i gCoinne, dar dáta an 22ú Eanáir, 2001, phléadáil na hachomharcóirí gur chuid d’fhreagracht inmheánach an Oireachtais ab ea aon dualgas a cuireadh ar an gcéad fhreagróir mar a bhí ag an am, Cléireach na Dála, maidir leis an reachtaíocht a bhí i gceist a chur ar fáil i nGaeilge, agus nach raibh an páirtí sin freagrach don iarratasóir ar aon bhealach i dtaca leis seo. Scriostar é mar pháirtí sna himeachtaí ar an gcéad lá den éisteacht ó bhéal maidir leis an gcás a bhí os comhair na hArd-Chúirte in 2001, agus níl sé ina pháirtí san achomharc seo.

      Ina theannta sin phléadáil na hachomharcóirí, mar fhreagróirí ar an iarratasóir, é seo a leanas ag cur i gcoinne an iarratais:


        1. Is dualgas Stáit é an dualgas faoi Airteagal 25.4 den Bhunreacht, a thiteann ar an Rialtas a chomhlíonadh mar ghníomh de chumhacht chomhallach an Stáit;

        2. Níor theip ar aon duine de na freagróirí leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil de na hAchtanna uile lenár bhain a chur amach nó a chur ar fáil;

        3. Tá socruithe cuí curtha i bhfeidhm ag an Rialtas chun tiontú oifigiúil d’Achtanna uile an Oireachtais a chur ar fáil ó Bhéarla go Gaeilge. Socruithe cuimsitheacha iad seo a bhí ordaithe roimh an iarratas a bheith eisithe le haghaidh athbhreithnithe bhreithiúnaigh;

        4. Níl dualgas bunreachtúil ann tiontú oifigiúil a chur ar fáil d’Achtanna an Oireachtais go comhuaineach;

        5. Níl dualgas bunreachtúil ann gach uile Ionstraim Reachtúil a eisítear i dteanga oifigiúil amháin a thiontú sa teanga oifigiúil eile. Má tá dualgas den sórt sin ann, ní mór tréimhse réasúnta a thabhairt leis an dualgas a chomhlíonadh. Is ag an Rialtas amháin atá an discréid chun réasúntacht na tréimhse a thomhais, ach go gcomhlíonfar an dualgas;

        6. Glacann an Rialtas leis an riachtanas Rialacha na Cúirte uile a chur ar fáil i leagan Gaeilge chomh maith le leagan Béarla, agus chomh fada is nach bhfuil an dá leagan ar fáil fé láthair déanfar pé rud is gá, as seo amach, chun an easpa sin a réiteach chomh luath is féidir ar bhonn réasúnta.


      Seachas na bpléadálacha a shéanadh tuilleadh, níor ghlac na hachomharcóirí le beachtas ná le cruinneas na bhfíoras arna ndeimhneasc i mionnscríbhinn an fhreagróra agus cuireadh ar a chruthúnas de sin é.

      Cúlra an Éilimh
      D’fhonn comhthéacs a thabhairt don achomharc is gá rud éigin a rá faoi bhunús an éilimh. Is aturnae cleachtach é an freagróir, a bhfuil cleachtas aige i Cé Árann, i mBaile Átha Cliath. I measc a chuid cliant, tá cuid mhaith daoine ar mian leo idirbheartaíochtaí a bhfuil bunús dlí leo a dhéanamh i nGaeilge, nó cumas níos fearr a bheith acu sin a dhéanamh i nGaeilge. Tá Gaeilge líofa ag an bhfreagróir féin agus b’fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil go leor daoine den sórt sin mar chliaint aige. Go bunúsach deir sé, i ndáiríre, gur míbhuntáiste dó féin agus dá chliaint nach bhfuil reachtaíocht ar fáil i nGaeilge. Sin bun agus barr a dheacrachta, dar leis. Áirítear leis an reachtaíocht atá i gceist Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla, ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte. Dheimhneasc sé ina mhionnscríbhinn thuas go raibh sé níos deacra aige le himeacht ama freastal a dhéanamh ar na cliaint thuas ar an mbealach céanna is a fhreastalaíonn sé ar chliaint atá toilteanach Béarla a úsáid i gcúrsaí dlí. Dúirt sé go háirithe gur constaic mhór ina chás féin nach bhfuil aon leagan/aistriúchán Gaeilge ar fáil go minic den rud sin ar a nglaonn sé “dlí substainteach agus/nó den dlí maidir le riaradh na n-imeachtaí”. Dheimhneasc sé freisin i gcás Rialacha na Cúirte, toisc nach bhfuil fáil orthu i nGaeilge, ar a n-áirítear foirmeacha a ghabhann leis na Rialacha, go raibh air go minic, ag gníomhú thar ceann na gcliant sin ar mian leo a gcuid gnóthaí dlí a dhéanamh trí Ghaeilge, anró agus costas a chur air féin aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil de na Foirmeacha, nó duine éigin eile a íoc chun an obair sin a dhéanamh. Bhí moill i gceist leis sin, agus ní raibh sé cinnte i ndeireadh na dála go nglacfaí sa chúirt leis an leagan a chuir sé ar fáil. Ina theannta sin, maidir le hAchtanna an Oireachtais, dúirt sé ina mhionnscríbhinn go raibh air iad seo a úsáid go rialta maidir lena chliaint agus luann sé, mar shampla, dhá reachtanna, an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 arna dheimhneasc sé nach raibh aon tiontú Gaeilge ar fáil dó ag an am, agus bhí an cás céanna amhlaidh i gcás an Achta um Bannaí, 1997.

      Cheangail sé lena mhionnscríbhinn an comhfhreagras téagartha go léir a malartaíodh leis na hachomharcóirí éagsúla sna himeachtaí, chomh maith le daoine eile, agus thug sé go leor sonraí maidir leis seo.

      Na Boinn Dlí arna Maíomh
      Rinne an freagróir, mar iarratasóir san Ard-Chúirt, an argóint go bhfuil an dualgas bunreachtúil aistriúchán comhuaineach a chur ar fáil de Reachtanna sa teanga oifigiúil seachas sa teanga ina ritheann an tOireachtas é, nó leagan ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná sin a rith agus a shínigh an tUachtarán ina dhlí i mBéarla, sa chás reatha, go Gaeilge, bunaithe air seo a leanas:


        (1) Cuireann Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht, arna léamh as féin, ar léirmhíniú ceart a fháil dá fhoclaíocht, an dualgas sin ar na hachomharcóirí;

        (2) Atreisíonn Airteagal 25, arna léamh in éineacht le hAirteagal 8 den Bhunreacht, an dualgas, toisc gur gá Airteagal 25 a léamh mar Airteagal atá faoi réir fhorálacha Airteagal 8 maidir le Gaeilge a ainmniú mar an phríomhtheanga oifigiúil; agus

        (3) Gearrann Airteagal 40 dualgas intuigthe aistriúchán a dhéanamh, go comhuaineach nuair a shínítear Acht ina dhlí, ar leagan sa phríomhtheanga oifigiúil d’fhonn a chinntiú go ráthaítear cearta pearsanta an tsaoránaigh maidir le comhionannas a fháil, agus dá uireasa sin ní thugtar ómós, cosaint ná tacaíocht do chearta pearsanta den sórt sin.


      Gairtear na boinn atá éilithe thuas mutatis mutandis maidir le gach Ionstraim Reachtúil (ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte, a gcuid Foirmeacha agus Aguisíní).

      Níor ghlac na hachomharcóirí leis na háitithe thuas. D’áitigh siad an méid seo a leanas:


        (a) Níor theip ar an rialtas gach Acht den Oireachtas a thiontú go Gaeilge, ach, i gcontrátha leis sin, go raibh faoin rialtas sin a dhéanamh sular eisíodh na himeachtaí seo;

        (b) Cé gur glacadh leis gur gá Rialacha na Cúirte a aistriú ó na leaganacha Béarla atá ann i láthair na huaire go Gaeilge, sa mhéid nach raibh leaganacha aistrithe den sórt sin ar fáil ag an am, bhí sé i gceist ag an rialtas an easpa sin a réiteach chomh luath agus ab fhéidir;

        (c) Níl aon dualgas bunreachtúil ann Ionstraimí Reachtúla a aistriú go Gaeilge; agus ní ghearrann an Bunreacht aon dualgas, cibé faoi Airteagal 25.4.4 arna léamh as féin, nó arna léamh le haon Airteagal eile, ar a n-áirítear Airteagal 8, aistriúchán a dhéanamh go comhuaineach leis an leagan Béarla ar Achtanna an Oireachtais nó ar Ionstraimí Reachtúla (ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte).


      Dean gach páirtí tagairt ar chásdlí Éireannach agus eachtrach chun tacú lena gcuid argóintí faoi seach.

      Breithiúnas na hArd-Chúirte: Forais an Achomhairc
      Tháinig an cás chun éisteachta thar thréimhse trí lá i mí Dheireadh Fómhair, 2001 agus forchoimeádadh an breithiúnas. I mí Iúil 2004 thug an breitheamh Ard-Chúirte léannta (Smyth, Brmh.) le fios do na páirtithe gur dealraíodh dó féin go raibh na saincheisteanna sa chás, seachas an cheist maidir le costais, inphléite i bhfianaise dhá Acht den Oireachtas a bhí tagtha i bhfeidhm ó dháta na héisteachta, eadhon, an tAcht um an Dlí Reachtúil (Athráiteas), 2002 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (“Acht 2003”). Ar an 30 Iúil, 2004, thug na páirtithe aitheasc don Chúirt arís. Thug gach páirtí le fios gur mheas siad nach raibh an cheist inphléite, go háirithe toisc nár chuir Acht 2003 aon dualgas i bhfeidhm maidir le hIonstraimí Reachtúla (ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte) agus nár chuir sé ach iorad aon dualgas i bhfeidhm maidir leis ceist ama nó leis an mbealach a dhéanfaí aon aistriúchán orthu sin go Gaeilge a fhoilsiú ná a eisiúint, seachas i gcás Achtanna an Oireachtais. Is amhlaoidh nár mheas na páirtithe go raibh Acht 2002 ábhartha do na saincheisteanna a bhí le cinneadh, agus níl se i gceist san achomharc seo.

      Bhí na hachomharcóirí den tuairim ag an am sin gur chóir don Chúirt, sula ndéanfaí aon bhreithiúnas nó aon orduithe, fios a bheith aige ar forbairtí áirithe a bhí tarlaithe tar éis na héisteachta in 2001, ar a n-áirítear iad seo a leanas:


        (1) Achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a raibh roinnt dá chuid forálacha tagtha i bhfeidhm,

        (2) Leithdháileadh acmhainní breise ag an rialtas i dtreo aistriúcháin bhreise ar Achtanna an Oireachtais sa chás nach raibh siad ann cheana,

        (3) Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003,

        (4) Breithiúnas na Cúirte Uachtaraí in TD v. The Minister for Education [2001] 4 I.R. 259, a dhéileáil go sonrach le himthosca ina bhféadfadh cúirteanna orduithe éigeantacha a dheonú a bheadh dírithe ar armghéag feidhmiúcháin an rialtais.


      Mheas na hachomharcóirí gur chóir na hábhair seo a chur faoi bhráid an bhreithimh Ard-Chúirte léannta agus aird a thabhairt ar, inter alia, an gcineál faoiseamh a bhí á lorg ag an bhfreagróir, go háirithe na hOrduithe Mandamus. Eisíodh Fógra Foriarratais agus mionnscríbhinn forais d’fhonn cead a fháil tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh sula dtabharfadh an chúirt a breithiúnas. Bhí an Foriarratas in-aischurtha don 7ú Nollaig, 2004, an lá a raibh an cás le lua aris os comhair na hArd-Chúirte. Dar leis na hachomharcóirí, dhiúltaigh an breitheamh Ard-Chúirte léannta éisteacht leis an bhforiarratas, agus thug sé a bhreithiúnas láithreach. Deir an freagróir gur éisteadh an foriarratas agus gur díbheadh é ansin. Fillfidh mé air seo níos déanaí sa bhreithiúnas.

      Thug an breitheamh Ard-Chúirte léannta le fios, áfach, sa bhreithiúnas ex tempore, a rinnigh se as Béarla amhain, a tugadh an lá sin, go raibh an tAcht um an Dlí Reachtúil (Athráiteas) 2002 agus Acht 2003 achtaithe ag an Oireachtas ó éisteadh an cás, agus mheas sé “addressed a great deal of the plaintiff’s concerns”. Rinne sé tagairt go háirithe do alt 7 d’Acht 2003 ina bhforáiltear mar seo a leanas:


        “As soon as may be after the enactment of any Act of the Oireachatas, the text thereof shall be printed and published in each of the offical languages simultaneously”

      Ag agairt an chinnidh in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279, dúirt sé gur dheonaigh an Chúirt faoisimh dhearbhaitheacha áirithe sa chás sin (ach gur dhiúltaigh sí toirmeasc), agus luaigh sé na sleachta seo a leanas:

            “1. That the applicant had a constitutional right to conduct his side of the proceedings entirely in Irish without obstacle nor disadvantage in comparison with the person who was content to use English, regardless of whatever his facility in English, and that he could not be compelled to do so in English.

            2. That the third and fourth respondents had a constitutional obligation to provide an official translation of the Rules of the District Court 1997 in the first official language to the public so that the applicant could conduct his side of the proceedings entirely in Irish without obstacle or disadvantage.

            3. That the State had a constitutional obligation to make available an official translation of Acts of the Oireachtas in the first official language to the public in general when the President signed the text of a Bill in the second official language.

            4. That there was not, taking into account the right of the people to prosecute crimes, a real danger that the applicant would not receive a fair trial given the wide powers of the District Court to secure the rights of the applicant as an Irish speaker, including the power to strike out the prosecution if that could not be done.”

      Ag tarraingt airde arís ar an bhfíoras go raibh Acht 2003 i bhfeidhm, dúirt an breitheamh Ard-Chúirte léannta ina dhiaidh sin an méid seo a leanas:

        “I ought not give Orders of Certiorari, Mandamus or Declarations when the granting of them by the Court would supplant the Oireachtas’s discretion in that regard.

        Essentially the plaintiff has won his action. The Act itself is a sufficient embodiment, on an undertaking that the work will be done in terms that the Acts are to be available within three years as provided for, and priority given to Statutory Instruments referred to (the Rules of Court). I accept that a concession is not a basis for an order in a constitutional action. I am not prepared to make draconian orders.

        While the Statutory Instruments are not spelt out in the Act of 2003, and as O’Beolain held in favour of an obligation to translate Acts (and Rules of Court) it would seem to me to be an impediment (inhibition?) on the Plaintiff if the Statutory Instruments were not translated”.


      Leis an Ordú dar dáta an 7ú Nollaig, 2004, ag leanúint ón mbreithiúnas, dhearbhaigh an Ard-Chúirt, cé nach ndearna sí ordú mandamus, go bhfuil, in ainneoin sin, (a) dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí leagan/tiontú oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil don phobal iomlán, ar a n-áirítear an t-iarratasóir (an freagróir), i nGaeilge d’iomlán Achtanna an Oireachtais agus gach Ionstraim Reachtúil ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach na leaganacha oifigiúla Béarla, ar a n-áirítear an dá leagan a chur amach go comhuaineach; agus (b) go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí leagan/tiontú oifigiúil a chur amach agus a chur ar fáil don phobal iomlán, ar a n-áirítear an t-iarratasóir (an freagróir) sa phríomhtheanga oifigiúil de Rialacha na Cúirte go léir, ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte Uachtaraígh, Rialacha na Cúirte Cuarda, agus Rialacha na Cúirte Dúiche, mar aon le leasuithe, aguisíní agus innéacsanna leo sin, ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach an leagan/tiontú oifigiúil Béarla, agus go gcuirfí an dá leagan ar fáil go comhuaineach. Bhí na dearbhuithe sin le forfheidhmiú go héifeachtach ar an dáta iomchuí nuair a thiocfadh forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm, is é sin le rá, tráth nach déanaí ná trí bliana ón 14ú Iúil 2003.

      Le Fógra Achomhairc dar dáta an 4ú Márta, 2005 rinne na hachomharcóirí achomharc ón mbreithiúnas go substaintiúil mar seo a leanas:


        1. Gur dhein an Breitheamh [Ard-Chúirte léannta] faillí diúltú d’iarratas na bhfreagróirí tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh de bhun an Fhógra Foriarratais arna eisiúint i dtaca leis sin, agus go raibh an diúltú i gcoinne réasúin agus gur deineadh neamhaird ar dhualgas na Cúirte in imeachtaí bunreachtúla cinntí a bhunú ar iomlán an eolais a bhí ar fáil agus ar éisteacht aighneachtaí cuí, go háirithe nuair a bhí tréimhse fada ama idir éisteacht an cháis agus caint ar breith a thabhairt.

        2. Gur dhein an Breitheamh faillí dlí nuair a chinn sé go bhfuil dualgas bunreachtúil ann leagan oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil, nó tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil, de na hIonstraimí Reachtúla uile a dhéantar a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile agus gur dhein sé faillí nuair a chinn sé, i gcás ina bhfuil dualgas bunreachtúil ann tiontú nó leagan oifigiúil d’Achtanna an Oireachtais, d’Ionstraimí Reachtúla nó de Rialacha na Cúirte a chur amach agus a chur ar fáil agus é sin a dhéanamh ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoina gcuirtear amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan Béarla agus an dá leagan a chur amach agus a chur ar fáil go comhuaineach.

        3. Gur theip ar an mBreitheamh aon aitheantas a thabhairt do chearta an achomharcóra (nó is cirte a rá do chearta an Rialtais) a rogha modh a dhéanamh le feidhm a thabhairt d’aon dualgas maidir le haird a thabhairt ar mhórchaiteachas poiblí, plé le deacrachtaí feidhmiúla, idirdhealú a dhéanamh idir Achtanna, Ionstraimí Reachtúla agus/nó Rialacha na Cúirte ar bhonn réasúnach, meastachán a dhéanamh ar an éileamh ar na haistriúcháin, meastachán a dhéanamh ar an leibhéal tábhachta a bhaineann le haon téacs dlí faoi leith, meastachán a dhéanamh ar riachtanais na n-aistriúchán, agus plé ceart a chur ar bun maidir leis na beartais agus na gníomhartha is cuí a roghnú do chur chun cinn na Gaeilge.

        4. Gur theip ar an mBreitheamh Ard-Chúirte léannta aitheantas a thabhairt do ghníomhartha an Stáit i dtacaíocht leis an nGaeilge agus le stádas na Gaeilge faoi Airteagal 8 den Bhunreacht, trí ord agus tábhacht gníomhartha teanga a roghnú, go háirithe, nuair is faoi bheartas teanga é sin, seachas aitheantas a thabhairt don dualgas in Airteagal 25.4.

        5. Gur dhein an Breitheamh faillí dlí nuair a chinn sé Dearbhuithe a thabhairt i leith an dualgais bhunreachtúil chun tiontú oifigiúil d’Achtanna an Oireachtais agus de Rialacha na Cúirte a chur ar fáil nuair nach raibh na hachomharcóirí seo ag conspóid an dualgais sin.

        6. Gur dhein an Breitheamh faillí dlí nuair a chinn sé forfheidhmiú éifeachtach na ndearbhuithe bunreachtúla a chónascadh le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

        7. Gur theip ar an mBreitheamh aon fháth réasúnach nó aon fháthanna réasúnacha a thabhairt i leith na gcinntí, na ndearbhuithe nó na n-orduithe sa chás seo.

        8. Gur theip ar an mBreitheamh aon aird a thabhairt ar dheacrachtaí dosháraithe a bheadh mar thoradh ar a chinneadh go háirithe de bharr easpa aistritheoirí gairmiúla chun tabhairt faoin obair i leith riaráistí taobh istigh d’aon achar réasúnta.


      Feicfear sna Forais Achomhairc go n-áiríonn na hachomharcóirí cead chun aighneachtaí agus mionnscríbhinní a thugann foras don fhoriarratas dar dáta an 30ú Samhain, 2004 a admháil san achomharc, de bhun fhorálacha Riail 58, Ordú 8 de Rialacha na nUaschúirteanna.

      Níor comhdaíodh aon chrosachomharc maidir le haon chuid den bhreithiúnas nó den fhoirm Ordaithe a rinneadh. Ina chuid aighneachtaí scríofa chuig an gCúirt seo, deimhníonn an freagróir, áfach, nach bhfuil aon ordú mandamus á lorg aige (ní dhearnadh aon ordú), ach gur chóir don Chúirt seo seasamh leis na dearbhuithe go léir a rinne an breitheamh Ard-Chúirte léannta ina Ordú. Áitíonn an freagróir nár theip ar an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta déileáil le foriarratas an achomharcóra chun breis fianaise a thabhairt ar aird. Ina áit sin, deir sé go ndearna an breitheamh Ard-Chúirte léannta amhlaidh ach gur dhíbh sé an foriarratas. Is leor a rá leis sin go ndéanann an tOrdú dar dáta an 7ú Nollaig, 2004, an tOrdú óna ndéantar an t-achomharc seo, réamhaithris, inter alia, mar seo a leanas:


        “Agus ar luadh inniu an Fógra Fhoriarratais thar ceann na bhFreagróirí 2-17 dar dháta an 30ú lá Samhain 2004 ag lorg cead chun tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh

        Agus ar gclos do na h-Abhcóide réamhluaite,

        Diúltaítear an cead sin”


      Ní úsáidtear ach uair amháin an abairt “agus ar gclos do na h-Abhcóide réamhluaite” maidir le hábhair a tharla an 7ú Nollaig 2004 san Ordú, agus ní luaitear in aon chor aon mhionnscríbhinn a thug foras don fhoriarratas breis fianaise a thabhairt ar aird. Ní léir dom in aon chor gur osclaíodh go hiomlán an foriarratas, arna bhreithniú ag an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta agus arna dhíbhe, mar atá á áitiú ag an bhfreagróir. Ina ionad sin dealraíonn sé ón Ordú gurb éard a tharla ná gur thug abhcóide na n-achomharcóirí nádúr an fhoriarratais le fios, gur chuala an chúirt trácht ón abhcóide thar ceann an fhreagróra, agus go ndearnadh an foriarratas a dhíbhe in limine. Dealraíonn sé domsa, áfach, nach mbeadh aon athbhreithniú le dhéanfaidh ar an bhfaisnéis bhreise is mian leis na hachomharcóirí a chur isteach don Cuirt seo, de bhun Ordú 58, Riail 8, ábhartha, ach amháin tar éis dom teacht ar mo chonclúidí faoi chinntí an bhreithimh Ard-Chúirte léannta agus maidir le haon ordú iarmhartach a dhéanfar ar na cinntí sin.

      Chuir gach aon páirtí aighneachtaí mionsonraithe i scríbhinn isteach chuig an gCúirt seo inar thug siad cuntas ar na boinn agus ar an réasúnaíocht dhlíthiúil a bhí mar thaca lena seasamh faoi seach ar achomharc dóibh.

      Argóint Ghinearálta na nAchomharcóirí maidir leis an mBreithiúnas
      Dar le hargóint na n-achomharcóirí, tá an tOrdú a rinne an breitheamh Ard-Chúirte léannta i dtéarmaí chomh leathan sin go leagann sé ualach ró-throm ar an Stát, idir na hacmhainní atá i gceist agus chumas réasúnta na ndualgas arna ngearradh ag an Ordú a chomhlíonadh, agus aird go speisialta ar théarmaí an-leathana na ndearbhuithe a rinneadh. Áitíonn na hachomharcóirí lena chois sin, gur chóir don bhreitheamh Ard-Chúirte léannta, agus aird aige ar an gcineál ordaithe a bhí i gceist aige a dhéanamh, smaoineamh ar an bhfianaise bhreise a bhí na hachomharcóirí ag iarraidh a chur faoina bhráid sula ndearna sé Ordú ar bith den sórt sin. Ina theannta sin déanann siad an argóint seo a leanas: de bhrí nach raibh aon réasúnaíocht mhionsonraithe sa bhreithiúnas, tá sé deacair a bheith cinnte faoin mbunús beacht ar a tháinig an breitheamh Ard-Chúirte léannta ar a chinneadh aistriúchán comhuaineach ar gach Acht, Ionstraim Reachtúil, agus Riailacha na Cúirte a chur san áireamh laistigh de raon na ndualgas bunreachtúil a mheas sé a bheith ann. Deir siad freisin nach ndearna an breitheamh Ard-Chúirte léannta aon tagairt ina bhreithiúnas d’aon chinneadh bunaithe ar Airteagal 40 den Bhunreacht.

      Maidir le substaint an ábhair, áfach, cuireann na hachomharcóirí - mar atá le feiceáil go soiléir óna gcuid aighneachtaí scríofa - teorainn lena n-achomharc chuig dhá fhoras measartha chaola. Ní shéanann siad go bhfuil dualgas orthu faoi théarmaí Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht tiontú oifigiúil a chur ar fáil d’Acht de chuid an Oireachtais, sa teanga oifigiúil seachas an teanga sin arna chuir an tUachtarán a lámh leis. Agus ní dhearna siad, dar leis na hachomharcóirí, argóint i gcoinne Ordú Laffoy, Brmh. in Ó Beoláin v. Fahy, supra., maidir le Rialacha na Cúirte Dúiche, ach áitíonn siad a mhalairt, nár thug siad dúshlán don Ordú Ard-Chúirte a rinneadh sa chás sin, agus arna dheimhniú ag an gCúirt seo, ar an mbunús gur ghlac siad lena n-aistriú laistigh de thréimhse ama réasúnta.. Tugann na hachomharcóirí a ndúshlán san achomharc seo ar an gcéad dul síos, don chuid sin den bhreithiúnas agus d’Ordú na hArd-Chúirte a dhearbhaigh go raibh siad faoi dhualgas bunreachtúil aistriúchán a dhéanamh go Gaeilge, nó Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla (ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte) a chur ar fáil i leagan Gaeilge go comhuaineach le leagan foilsithe a gcuid téacsanna i mBéarla. Ar an dara dul síos, tugann siad a ndúshlán don chuid sin den bhreithiúnas agus d’Ordú na hArd-Chúirte a dhearbhaigh go raibh siad faoi dhualgas bunreachtúil aistriúchán a dhéanamh go Gaeilge ar aon cheann nó ar gach ceann de na hIonstraimí Reachtúla (ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte): déanann siad an argóint nach bhfuil a leithéid de dhualgas le fáil sa Bhunreacht. Deir siad freisin, agus é ráite aige nár chóir dó orduithe tromchúiseacha a dhéanamh, ar a n-áirítear dearbhuithe, i bhfianaise fhorálacha Acht 2003, agus an discréid arna dílsiú san Oireachtas, agus chomh míchuí is a bhí sé an discréid sin a ionadú, nár chóir don bhreitheamh Ard-Chúirte léannta orduithe a bheith déanta aige a bhí ag dul i gcoinne na gcinntí sin.

      Argóint Ghinearálta na bhFreagróirí maidir leis an mBreithiúnas
      Dar leis an bhfreagróir, bhí cinntí an bhreithimh Ard-Chúirte léannta ceart de réir an dlí, ag leanúint, a áitíonn sé, cinntí na Cúirte seo i gcás Ó Beoláin v. Fahy, supra., ar cinntí iad a deir an freagróir a bhaineann leis an ábhar céanna. Déanann an freagróir an argóint gur chóir an t-achomharc seo a dhíbhe, agus dá thoradh seo bheadh sé de dhualgas ar na hachomharcóirí gníomh cosúil leis seo a leanas a ghlacadh:


        (a) Beidh riachtanas ann an dá leagan d’iomlán Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil chomh luath is a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille agus a fhógraíonn sí an Bille ina Dhlí, de bhun Airteagal 25.4.1;

        (b) Cuirfear tús leis an nós a bhí ann roimhe seo ionas, mar thoradh air sin, go gcuirfear ar fáil leaganacha de gach Ionstraim Reachtúil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna leis, nó go comhuaineach leis, an mbunleagan arna chur de láimh ag an Aire, beag beann ar an teanga inar ullmhaíodh an buntéacs;

        (c) Beidh Rialacha uile na Cúirte ar fáil go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla, mar aon le gach leasú, foirm agus innéacs a ghabhann leo.


      Mar thoradh air sin, deir an freagróir go dtabharfaí aird iomlán ar “Corpas Dlí na hÉireann”, de réir mar is ceart, sa dá theanga oifigiúla, de réir fhorálacha Airteagail 8, 25, 40 agus Airteagail eile den Bhunreacht. Bheadh sé mar thoradh dlíthiúil air seo, a deirtear, go ndeonófaí comhaird agus comhstádas do gach teanga oifigiúil agus dá gcuid cainteoirí, ar aon dul le Coinbhinsiúin Eorpacha agus Idirnáisiúnta, chun gan aon chúis gearáin a thabhairt d’aon pháirtí (is é sin le rá páirtí ar mian leis a ghnóthaí dlí a dhéanamh i dteanga amháin thar an gceann eile).

      Conclúid maidir le heisiúint dualgais maidir le haistriúchán comhuaineach a dhéanamh ar Achtanna an Oireachtais:
      Seard atá ráite in Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht, sa leagan Gaeilge, ná an méid seo a leanas:


        “I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille í dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.”

      Is mar seo a leanas atá sé sa leagan Béarla:

        “Where the President signs the text of a Bill in one only of the official languages, an official translation shall be issued in the other official language.”

      Táim sásta, ag breathnú ceann ar aghaidh air, nó trí léirmhíniú ceart a fháil ar an Airteagal seo, nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann reachtaíocht a achtú sa dá theanga oifigiúla. Is léir go bhféadfar an phríomhtheanga oifigiúil, Gaeilge, nó an dara teanga oifigiúil, Béarla, a úsáid chun críche reachtaíocht a achtú. Ní gá Bille, nuair a chuireann an tUachtarán a lámh leis, a shíniú sa dá theanga. Is léir é seo freisin ó fhoclaíocht an Airteagail féin a shamhlaíonn tíolacadh Bille le lámh a chur leis agus a fhógairt i dteanga oifigiúil amháin, de bhrí nach mbeadh aon riachtanas ann thairis sin tagairt do leagan “sa teanga oifigiuil eile”. Chomh luath is a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille, i dteanga amháin, is Acht é ansin, de bhua fhorálacha Airteagal 25.4.1 den Bhunreacht. Is mar seo a leanas a léann an tAirteagal sin:

        “Déanann dlí de gach Bille an lá a chuireann an tUachtarán a lámh leis faoin mBunreacht seo agus is dlí é an lá sin agus ón lá sin amach agus, mura léir a mhalairt d'intinn ina thaobh, is é an lá sin a thagann sé i ngníomh.”

      Mar sin, cé go dtráchtann Airteagal 25.4.4 ar leagan a bheith ar fáil sa teanga oifigiúil eile sa chás nach gcuirtear “Bille” de láimh ach i leagan amháin, dealraíonn sé domsa gurb é léirmhíniú ceart an Airteagail seo nár gurb é an rud a chuirfear ar fáil ná tiontú oifigiúil Bille chomh luath is a chuirtear lámh leis, is é sin, Acht an Oireachtais. Glacann an freagróir leis seo, toisc nach ndéantar aon argóint go gciallaíonn Airteagal 25.4.4 gur cheart leagan de Bhille a chur ar fáil go comhuaineach, ós rud é go bhfuil an freagróir ag tagairt i gcónaí do dhualgas maidir le hAchtanna an Oireachtais. Cé go ndéanann an freagróir roinnt plé freisin ar an idirdhealú idir ‘a lámh a chur leis’ agus ‘a fhógairt’, ní mheasaim gur féidir leis seo an chiall atá le hAirteagal 25.4.4 i ndáiríre a athrú.

      Níl aon rud le rá in Airteagal 25.4.4 maidir le tráthúlacht an cháis, rud a aithnigh an Chúirt seo in Ó Beoláin v. Fahy, supra., is é sin le rá, maidir leis an gceist a bhaineann le cathain a chuirfear ar fáil leagan de Bhille sa teanga seachas an teanga ina gcuirtear lámh leis. Níl aon fhocal nó frása teamparálta/ama le fáil i gceachtar leagan teanga den Airteagal seo a bhí in úsáid ag dréachtóirí an Bhunreachta a d’fhéadfadh tacú le tuairim an fhreagróra go bhfuil dualgas ag éirí ón bhfoclaíocht atá in úsáid, chun aistriúchán comhuaineach a thabhairt nó a chur ar fáil sa teanga oifigiúil eile, nuair a cuireann an Uachtarán lamh le Bille i dteanga oifigiúil amháin. I leagan Gaeilge an Airteagail, ní labhraítear ach amháin faoi “I gcás an tUachtarán do chur a láimhe … ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach …”, cé go dtráchtann an leagan Béarla air Where the President signs the text of a Bill … an official translation shall be issued …”. Ní thugann an focal “I gcás”, i nGaeilge, a chiallaíonn “Where” nó “In the case of”, ná an frása “Where the President signs”, i mBéarla, aon tráthúlacht faoi leith, gan trácht ar riachtanas a ghearradh go gcaithfidh fáil chomhuaineach a bheith ag an bpobal ar Bhille arna chur de láimh i dteanga amháin, sa dara teanga. Níl aon éifeacht ag an dualgas, arna léiriú ag “ní foláir tiontú a chur amach” i nGaeilge agus ag “an official translation shall be issued”, i mBéarla, ar an gceist a bhaineann le tráthúlacht an dualgais sin.

      Ar an lámh eile, má bhí sé i gceist ag lucht cheaptha an Bhunreachta, nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille i dteanga oifigiúil amháin, gur chóir go mbeadh aistriúchán den leagan sin ar fáil go comhuaineach sa teanga oifigiúil eile, mar atá á áitiú ag an bhfreagróir, bheadh an dualgas sin sách simplí lena ghearradh, agus trí theanga chomh simplí agus chomh díreach céanna a úsáid. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh, mar shampla, sa chás go gcuireann an tUachtarán téacs Bille a thíolactar i dteanga amháin de láimh, gur chóir go gcuirfeadh an tUachtarán a lámh le leagan den Bhille sa teanga oifigiúil eile ag an am céanna, nó láithreach bonn ina dhiaidh sin. Nó d’fhéadfaí foráil a bheith déanta go simplí, sa chás go gcuireann an tUachtarán a lámh le Bille i dteanga oifigiúil amháin, gur chóir tiontú oifigiúil de sin a fhoilsiú go comhuaineach sa teanga oifigiúil eile.

      Níor glacadh le ceachtar de na réitigh an-simplí sin, áfach. Ina theannta sin, táim sásta go bhfuil tacaíocht laistigh d’Airteagal 25.4 féin don tuairim gurb é ba chóir a aistriú ná leagan de Bhille arna chur de láimh ag an Uachtarán gan aon teorainn ama a bheith i gceist lena haistriú. Léann Airteagal 25.4.5:


        “Chomh luath agus is féidir é tar éis Bille a shíniú agus é a fhógairt ina dhlí, ní foláir an téacs den dlí sin lena mbeidh lámh an Uachtaráin nó, i gcás lámh an Uachtaráin a bheith le téacs Gaeilge agus le téacs Sacs-Bhéarla an dlí sin, an dá théacs sínithe sin a chur isteach ina iris nó ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí, agus is fianaise dhochloíte ar fhorálacha an dlí sin an téacs a chuirfear isteach ina iris, nó an dá théacs a chuirfear isteach ina n-iris, amhlaidh.”

      Sa chás go mbeadh argóint an fhreagróra ceart, is beag fiúntais a bheadh ag forálacha Airteagal 25.4.4, dá ma rud é go raibh an dá leagan le bheith ar fáil go comhuaineach, ar sínú an tUachtarán, níl aon amhras faoi ach nach ndéanfadh lucht ceaptha an Bhunreachta foráil don dá chás dhifriúla in Airteagal 25.4.5 áit a gcuirtear leagan teanga amháin de Bhille i láthair an Uachtaráin, nó ina áit sin, Bille atá le cur de láimh sa dá theanga oifigiúla.

      Sula ligim ar leataobh an ghné seo den achomharc, ba chóir dom tagairt a dhéanamh do na breithiúnais mhionsonraithe agus léannta a thug McGuinness Brmh agus Hardiman Brmh i gcás Ó Beoláin v. Fahy, supra. Tá sé i gceist agam déileáil leis an gcás sin freisin faoin gcéad cheannteideal eile, ach tá gné áirithe amháin de na breithiúnais a chaithfidh mé a lua ag an bpointe seo, de bhrí go ndéanann an freagróir an cinneadh seo a ghairm mar thaca lena argóint maidir le hAirteagal 25.4.4. Dheonaigh gach aon breitheamh dearbhuithe de réir théarmaí an Fhógra Foriarratais arna thíolacadh den chéad uair ag an iarratasóir sna himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh san Ard-Chúirt. Rinneadh an dearbhú, mar a bhí á lorg ann, i dtéarmaí dualgais bhunreachtúil a éilíodh nó dualgais chun Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal, ar a n-áirítear an t-iarratasóir sa chás sin, “when the President signs the text of a Bill in the second official language”. I leagan Gaeilge an dearbhaithe a bhí á lorg faightear an “when” sa chomhthéacs sin, díreach mar is ceart “nuair a gcuireann an tUachtarán a lámh …”. Áitíonn an tUasal O’Tuathail, abhcóide sinsearach don fhreagróir san achomharc seo, in argóint ó bhéal go léirítear an cur síos a dhéantar ar an dualgas atá ar fáil in Airteagal 25.4.4 tríd úsáid a bhaint as an téarma “when/nuair” seo sna leaganacha Béarla agus Gaeilge. Ní úsáideann Airteagal 25.4.4, áfach, ceachtar de na focail “when” nó “nuair”, agus creidim go bhfuil an baol ann lena n-úsáid go dtabharfar forchiall an-difriúil don Airteagal seo, de bhrí go bhféadfadh ciall theamparálta a bheith ag na focail seo, i gcomhthéacsanna áirithe. Ní aontaím mar sin, le hargóint an fhreagróra gur ceart é a ra go bhfuil an dualgas curtha síos mar sin. Níor mheas breithiúnas McGuinness, Brmh nó Hardiman, Brmh go bhfuil riachtannas bunreachtúil ann faoi Airteagal 25.4.4 aistriúchán comhuaineach a dhéanamh. Táimse tar éis a rá nach bhfuil aon fhocail theamparálta theoranta san Airteagal arna ghairm ag an bhfreagróir sa chás seo chun tacú le dualgas bunreachtúil aistriúchán comhuaineach a dhéanamh.

      Táim sásta, nuair a léitear Airteagal 25.4.4 i gceart, nach ann don dualgas bunreachtúil atá áitithe maidir le haistriúchán comhuaineach a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil, de Bhille arna chur de láimh sa teanga eile, is é sin le rá, Acht an Oireachtais.

      An Argóint maidir le hAirteagal 8:
      Téann an freagróir, mar sin féin, i dtuilleamaí Airteagal 25.4.4., nuair a léitear é i gcomhar le hAirteagal 8 den Bhunreacht, mar thaca lena argóint go gcuireann an Bunreacht in ainneoin sin dualgas chun tiontú nó leagan d’Acht an Oireachtais a chur ar fáil go comhuaineach chomh luath is a chuireann an tUachtarán a lámh leis. Léann Airteagal 8 den Bhunreacht mar seo a leanas:

            “1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

            2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

            3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de”.

      Déantar argóint an fhreagróra ar an bhforas, d’fhonn aitheantas iomchuí agus ceart a thabhairt do stádas bunreachtúil na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil, go gcaithfidh leaganacha Gaeilge d’Achtanna an Oireachtais a bheith ar fáil go comhuaineach leis an leagan Béarla dóibh sin b’fhéidir ar mian leo Gaeilge a úsáid ina gcuid gnóthaí dlí, mar shampla. Braitheann an argóint sin go pointe áirithe ar an tuairim go bhfuil dualgas bunreachtúil ann Achtanna den sórt sin a bheith ar fáil ar “théarmaí nach lú a mbuntáiste ná an tAcht i mBéarla”, frása a tógadh is cosúil ó chásdlí áirithe i gCeanada arna ghairm in Ó Beoláin v. Fahy, supra. Ina bhreithiúnas sa chás reatha, áfach, ní dhearna an breitheamh Ard-Chúirte léannta aon tagairt in aon chor faoi Airteagal 8 d’an Bhunreachtas

      Áitíonn na hachomharcóirí nach bhfuil sé iomchuí féachaint ar bhunreachtanna tíortha, cosúil le Ceanada, nó ar chásdlí maidir le bunreachtanna den sórt sin, nuair a bhítear i mbun machnaimh ar Airteagal 8, toisc, i gcodarsnacht leis an seasamh in Éirinn nuair a rinneadh dlí den Bhunreacht, ní raibh an Stát scartha nó roinnte in dhá phobal teanga ar leithligh agus dhifriúla, mar a bhí i gcás Cheanada, rud a spreagann ábhar machnaimh difriúil ar fad. Cé go raibh limistéir Ghaeltachta laistigh den Stát, níorbh áiteanna iad sin nár múineadh Béarla go coitianta iontu, nó nár tuigeadh, cloiseadh nó nár labhraíodh Béarla iontu. Agus ina theanta sin is iomaí duine ar fud an Stáit a mhaígh go raibh siad oilte i nGaeilge agus i mBéarla araon. Ní hé an cás é mar sin gur glacadh le hAirteagal 8, mar a thugann an freagróir le fios, ag féachaint le dhá phobal mona-theangacha a éascú laistigh de Stát amháin, mar a bhí i gcás Cheanada. Is a mhalairt de scéal a bhí ann, dar leo. Agus an Bunreacht á ghlacadh, ní raibh foráil ann ach do cheangal éigeantach amháin maidir le tiontú oifigiúil téacsanna dlí, agus ní raibh i gceist an uair sin féin ach Achtanna an Oireachtais, agus sin é an dualgas atá in Airteagal 25.4.4. Déanann siad an argóint nach féidir le hAirteagal 8 na dualgais a éiríonn faoi Airteagal 25 a thabhairt don fhreagróir ina argóint.

      Áitíonn na hachomharcóirí freisin nach féidir leis an bhfreagróir iarracht a dhéanamh, mar a dhéanann sé, go ndéanfaí aistriú go Gaeilge, mar a mholann sé, ar “Chorpas Dlí na hÉireann”, de bhun fhorálacha Airteagal 25.4.4 nuair a léitear iad i gcomhar le hAirteagal 8. Cuireann siad béim air nach bhfuil foráil in aon chor sa Bhunreacht a éilíonn go ndéanfaí aistriú ar Reachtanna réamh-1922, ná go deimhin ar Ionstraimí Reachtúla nó ar Orduithe réamh-1922. Níl aon dualgas sa Bhunreacht ach an oiread chun téacsanna a bhaineann leis an dlí coiteann nó le breithiúnais chúirteanna na hÉireann a aistriú. Níl aon fhoráil idirthréimhseach sa Bhunreacht, sa leagan a ghlacadh i 1937, ag éileamh go ndéanfaí dlíthe atá ann cheana a aistriú laistigh d’aon thréimhse ama. Níl aon chúis ann, mar sin, dar leis an argóint, Airteagal 25.4.4. a fhorléiriú ar bhealach atá i gcontrátha leis na focail a roghnaíodh chun an dualgas atá ann a léiriú, nuair a léitear go nádúrtha é. Ní féidir le hiarracht an fhreagróra forálacha Airteagal 8 den Bhunreacht a ghairm a bheith mar bhonn cirt, go dleathach ná go bunreachtúil, le haon athrú ar an seasamh sin. Téann an freagróir i gcoinne na hargóinte deiridh sin nuair a deir sé nach bhfuil siad ach ag iarraidh seasamh leis na dearbhuithe a deonaíodh san Ard-Chúirt i dtaca le hAchtanna an Oireachtais, le hIonstraimí Reachtúla agus le Rialacha na Cúirte. Téann siad i dtuilleamaí bhreithiúnais McGuinness, Brmh agus Hardiman, Brmh in Ó Beoláin, supra. Sa chéad cheann díobh sin, dúradh:


        “Is ceist í seo faoi cheart dul chun cúirte daoine a labhraíonn ceachtar den dá theanga oifigiúla atá ainmnithe in Airteagal 8 den Bhunreacht.”

      Sa dara ceann, dúradh:

        “Ag cuimhneamh ar stádas na Gaeilge feictear domsa go bhfuil siad siúd ar mian leo í a úsáid i dteideal iomlán é sin a dhéanamh agus i dteideal gach áis atá riachtanach chun é a dhéanamh ar a laghad sa mhéid is atá áiseanna dá leithéid at fáil dóibh siúd a úsáideann an dara teanga oifigiúil.”


      Conclúid maidir le hAirteagal 8
      Ní mheasaim go dtacaíonn ceachtar den dá ráiteas deiridh seo, astu féin, agus go háirithe le haird ar an gcomhthéacs inar úsáideadh iad sa chás thuas, leis an dualgas atá á áitiú, eadhon, gur chóir, nuair a léitear é le hAirteagal 8 den Bhunreacht, Airteagal 25.4.4 a léirmhíniú mar rud a chiallaíonn go bhfuil dualgas ar na hachomharcóirí leagan comhuaineach nó aistriúchán den Acht i nGaeilge a chur ar fáil nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille a tíolacadh di le síniú i mBéarla. Níl aon amhras faoi ach go dtacaíonn an breithiúnas thuas, agus cúpla ceann eile, a dtagraítear dóibh freisin sa bhreithiúnas sin, leis an áitiú gur chóir aistriúcháin den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó fiú amháin laistigh de thréimhse ama an-ghearr, rud a ndíreoidh mé air níos déanaí sa bhreithiúnas seo.

      Ina theannta sin, cé go ngairtear Airteagal 8.3, ní thugann sé seo aon chúnamh don fhreagróir i ndáiríre. Tá stádas an dá theanga leagtha amach go soiléir in Airteagal 8.1 agus Airteagal 8.2. Is foráil chumasúcháin é Airteagal 8.3 a cheadaíonn, agus nach gcuireann mar dhualgas, forálacha dlí a ghlacadh, tríd Acht nó ar shlí éigin eile, d’fhonn ceachtar den dá theanga a úsáid chun críoch oifigiúil amháin nó níos mó ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de. Mar fhoráil chumasúcháin, dar le hargóint na n-achomharcóirí, is é atá agus a bhí i gceist nó mar aidhm ag lucht ceaptha an Bhunreachta, arna léiriú in Airteagal 8.3, ná caomhnú agus síneadh úsáid na Gaeilge a éascú, agus aontaím leis sin. Ardaíodh an chiall atá le hAirteagal 8.3 agus chinn an Chúirt seo í (an Príomh-Bhreitheamh O’Dalaigh, Kingsmill Moore Brmh agus Walsh, Brmh), in Attorney-General v. Coyne and Wallace [1967] 101 ILTR 17, agus inar dúirt Kingsmill Moore:


        “I was at first inclined to the view that 8(3) meant that an official document to be operative must be both in Irish and English, unless provision had been made by law sanctioning the use of only one of the languages. It was argued for the Attorney General that the true meaning of the Article was that either languages (sic) might be used unless provision had been made by law that one language only was to be used for some one or more official purposes. On consideration I consider this construction to be correct. Accordingly, I am of opinion that the decision of the District Justice was not correct and the case should be sent back to him to enter continuances.”

      D’aontaigh Walsh Brmh go sainráite leis an léamh a rinne Kingsmill Moore Brmh ar Airteagal 8(3) den Bhunreacht. Ina theannta sin, in Delap v. An dAire Eli agus Cirt [1980-1998] IR (Tuairiscí Speisialta) 46, ghlac O’Hanlon leis go raibh sé faoi cheangal ag an léirmhíniú thuas ar Airteagal 8.3 den Bhunreacht.

      Maidir le hAirteagail 8.1 agus 8.2, rinneadh seachadadh ar na breithiúnais in Ó Beoláin v. Fahy, supra., i gcomhthéacs áirithe. Ní mór é sin a leagan amach. Bhí an t-iarratasóir cúisithe as cionta i gcontrátha le forálacha áirithe den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, arna leasú. Bhí Gaeilge ag an bhfear agus seirbheáladh an toghairm air i nGaeilge, agus is i nGaeilge a dhéileáil na Gardaí leis ar feadh an fhiosrúcháin ar fad. Bhí sé tugtha le fios aige don Chúirt go raibh fonn air a chosaint a bheith i nGaeilge agus go raibh sé ag iarraidh go ndéanfaí na doiciméid chuí a sheirbheáil air i nGaeilge, agus, go háirithe, bhí sé ag iarraidh leaganacha Gaeilge den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994 (ina ndearnadh leasú ar Acht na bliana 1961), den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1995, agus de Rialacha na Cúirte Dúiche 1997, ionas go bhféadfadh sé a chosaint a dhéanamh sa chúirt i nGaeilge. Ní raibh na doiciméid sin ar fáil. Mar thoradh air sin, cuireadh na himeachtaí sa Chúirt Dúiche ar athló ó am go ham chun ligean d’údaráis an Stáit na doiciméid a bhí á lorg a chur ar fáil, agus lena chinntiú go raibh breitheamh a raibh Gaeilge ar a thoil aige nó aici ar fáil chun an cás a éisteacht. Cuireadh dréacht-aistriúcháin nó aistriúcháin neamhoifigiúla de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus 1995 ar fáil ach níor cuireadh aon aistriúchán ar fáil de Rialacha na Cúirte Dúiche, agus lorg an t-iarratasóir, trína abhcóide, ordú ag treorú don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iad a chur ar fáil. Dhiúltaigh an Breitheamh Dúiche an t-iarratas sin agus lorg an t-iarratasóir athbhreithniú breithiúnach, ar a n-áirítear Ordú Toirmisc, chomh maith le dearbhuithe. Ba iad na dearbhuithe a lorgaíodh in aghaidh an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus na hÉireann ná, ar an gcéad dul síos, go raibh dualgas bunreachtúil ar na páirtithe sin aistriúcháin go Gaeilge a chur ar fáil don iarratasóir ar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus 1995; ar an dara dul síos, go raibh dualgas bunreachtúil ar na cosantóirí sin, ar a n-áirítear an t-iarratasóir, Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal “nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga” agus dearbhú deiridh go raibh dualgas bunreachtúil ar na cosantóirí céanna tiontú oifigiúil a chur ar fáil d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 93/1997 (Rialacha na Cúirte Dúiche 1997) don phobal, ar a n-áirítear an t-iarratasóir.

      Diúltaíodh san Ard-Chúirt do na faoisimh a lorgaíodh. Rinne an t-iarratasóir achomharc leis an gCúirt seo. Rinne an triúr breitheamh seachadadh ar bhreithiúnais sa Chúirt seo. Deir na hachomharcóirí san achomharc seo go bhfuil sé tábhachtach tuiscint a bheith ann ar na boinn dhifriúla ar a mbunaíonn an triúr breitheamh a gcuid breithiúnas. Bhí beirt bhreithimh i bhfabhar an achomharcóra, agus bhí duine amháin ina choinne.

      Sa mheid go bhuineann sé le breithiúnas McGuinness, Brmh, a bhí i bhfabhar an achomharcóra, dúirt sí, sa chuid ábhartha dá breithiúnas, an méid seo a leanas:


        “Mar a chuir abhcóidí ar an dá thaobh ar shúile na cúirte seo, ní leagann Airteagal 25.4.4 aon fhráma ama síos maidir le soláthar aistriúcháin ar gach Bille/Achta. Ach is cosúil ón Airteagal ar fad gur nós imeachta sách scioptha a bhí i gceist. In aon áit a bhfuil teorainneacha ama i gceist is teorainneacha gearra iad. Tá an modh oibre réamh-1980 trína gcuirtí aistriúcháin ar fáil nach mór go comhuaineach le hachtú an reachta, níos cosúla go mór le tiúin ghinearálta an Airteagail ná an bealach atá ann anois nach gcuirtear aistriúchán ar fáil ach amháin nuair atá gá speisialta nó práinneach leis, chomh fada agus is féidir leis an gcúirt a dheimhniú. Ba mhó a bheadh cuma na macántachta ar argóint na bhfreagróirí gur cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt don aistriúchán murach an fhíric gur ar éigin atá aon aistriúchán oifigiúil curtha ar fáil le fiche bliain. Ní féidir ‘tréimhse réasúnach’ a thabhairt air sin. Go deimhin féin ní dócha go gcuirfí aistriúchán go deo ar na reachtanna atá i gceist sa chás seo - reachtanna atá á n-úsáid go laethúil ins an Chúirt Dúiche - murach iarracht an iarratasóra agus a chomhairleoirí dlí.”

      Chinn McGuinness, Brmh freisin mar seo a leanas:

        “Deirimse go bhfuil an Stát thar thréimhse ama fada ag sárú an dualgais bhunreachtúil seo go scannalach neamhnáireach agus go mba cheart don Chúirt seo aird a dhíriú go poiblí ar nádúr sainordaitheach an dualgais atá leagtha síos in Airteagal 25.4.4. Deonaím an faoiseamh a d’iarr an t-iarratasóir in alt (e) den fhógra foriarratais. Agus mé ag tabhairt an fhaoisimh dhearbhaithe seo, táim ag glacadh leis go gcuirfidh an Stát chuige leis an bhfaillí láithreach a leigheas taobh istigh de achar gearr.”

      Ghlac Hardiman, Brmh. dearcadh difriúil ina bhreithiúnas, agus eisean i bhfabhar an achomharcóra freisin. Agus súil á choinneáil aige ar fhorbairt na bhforálacha maidir leis an nGaeilge i mBunreacht Saorstát Éireann, agus cinntí an Phríomh-Bhreithimh Kennedy glactha aige in O Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469, rinne sé tagairt ansin do bhreithiúnas O’Hanlon, Brmh in Ó Murchú v. Registrar of Companies & the Minister for Industry & Commerce [1988] I.R.S.R. 42 a chuir béim ar an tábhacht a bhí le forálacha Airteagal 8 den Bhunreacht ó thaobh aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ar bhonn níos láidre ná mar a thugtar in Airteagal 4 den Bhunreacht roimhe sin. Dúirt Hardiman, Brmh an méid seo a leanas:

        “Is í mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit nó de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.”

      Ag cur an chinnidh sin i bhfeidhm, tháinig sé ar an gconclúid nach bhféadfaí an t-achomharcóir sa chás sin a chur faoi mhíbhuntáiste i gcomhthéacs cúisimh choiriúil a chosaint in imeachtaí na Cúirte Dúiche, agus go raibh dualgas ann an dá Acht a lorgaíodh agus Rialacha infheidhmithe na Cúirte Dúiche a chur ar fáil don pháirtí sin, i nGaeilge.

      Maidir leis an tsaincheist shonrach a bhaineann leis an gceanglas bunreachtúil leagan Gaeilge a chur ar fáil de Bhille arna thíolacadh don Uachtarán agus arna shíniú aici, níor mheas sé go raibh an argóint dhúbailte a cuireadh i láthair thar ceann an Stáit inmholta. Bhain an chéad argóint le heaspa aon dualgas teamparálta shonrach a bheith sa Bhunreacht agus bhain an dara ceann leis an dualgas a bhí ag luí, ní leis na freagróirí ach le Tithe an Oireachtais. Ní gá dom an dara ábhar sin a bhreithniú i gcomhthéacs an achomhairc seo. Mar sin féin, maidir leis an gceist a bhaineann le cathain a thagann an dualgas chun cinn maidir le haistriúchán a chur ar fáil, deir Hardiman, Brmh:


        “De réir na hargóna seo, b’fhéidir go n-imeodh na blianta, agus an reachtaíocht atá i gceist á húsáid go laethúil gan aon aistriúchán a bheith ar fáil, gan an Stát a bheith ag teip ina oibleagáid chomh fada is a bheadh sé i gceist dáiríre ag na húdaráis an t-aistriúchán a chur ar fáil ar dháta éigin sa todhchaí. Caithfidh go bhfuil sé soiléir nach réitíonn an argóint seo ar bhealach ar bith le stádas bunreachtúil na teanga náisiúnta ná leis an bpolasaí atá ann le fada maidir leis an dátheangachas i ngnó na gcúirteanna, a cuireadh in iúl arís i bhfoirm reachtúil chomh déanach le 1998. I mo thuairimse, caithfidh go bhfuil sé le tuiscint ó théarmaí Airteagal 25.4.4 go bhfuil ar an laghad an riachtanas ann an t-aistriúchán oifigiúil a sholáthar chomh luath agus is féidir agus is soiléir go bhfuil ábhar maith argóna ann (nach ndearnadh sa chás seo) go gcaithfidh sé a bheith ar fáil sula dtugtar faoin Acht a chur i bhfeidhm ar dhuine atá inniúil agus ar mian leis a ghnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí Ghaeilge.”

        “… Ina theannta sin, is é an t-aon chúis a d’fhéadfaí a cheapadh leis an riachtanas atá ann aistriúchán oifigiúil a eisiúint ná go bhféadfadh na daoine sin arbh é a mian dleathach é a ngnó dlíthiúil a dhéanamh sa cheann sin de na teangacha oifigiúla nárbh í an teanga í ina ritheadh an bille. Ó tá siad i dteideal é sin a dhéanamh is léir go bhfuil sé míréasúnach, sa ghnáthchiall agus sa chiall dhlíthiúil atá leis an téarma sin, an t-aistriúchán sin a choinneáil uathu ar feadh tréimhse ar bith ama, agus cinnte ar feadh na mblianta agus fiú ar feadh deich nó scór de bhlianta nó breis mar a tharla, faraor, i gcás reachtanna iomadúla.”


      Measaim go dtugann breithiúnais McGuinness, Brmh agus Hardiman, Brmh i gcás Ó Beoláin v. Fahy, supra., tacaíocht iomlán do na conclúidí nach bhfuil na hachomharcóirí i dteideal aistriúcháin ar Achtanna an Oireachtais a choinneáil siar ar feadh tréimhsí ama atá míréasúnta, agus/nó a théann caol díreach i gcoinne stádas na Gaeilge mar an chéad phríomhtheanga oifigiúil de bhun Airteagal 8 den Bhunreacht. Is léir ón dá bhreithiúnas go gcaithfear an dualgas maidir le leaganacha Gaeilge a chur ar fáil d’Achtanna an Oireachtais a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó chomh luath agus is féidir é sin a dhéanamh.

      Níor thángthas ar aon chinneadh, mar sin féin, in aon bhreithiúnas maidir le dualgas leagan d’Acht a chur ar fáil “go comhuaineach” nó “ag an am céanna”. Dá mbeadh sé i gceist é sin a dhéanamh, breithním gur dóigh go mbeadh sé luaite go ríshoiléir. Dá bhféadfaí, ar an lámh eile, agus aird ar aon débhrí a d’fhéadfadh a theacht chun cinn ó úsáid na bhfocal “when/nuair” san fhaoiseamh a lorgaíodh agus a deonaíodh i gcás Ó Beoláin, a thuiscint as sin go raibh sé i gceist go léireodh sé sin dualgas comhuaineach den sórt sin, ní aontóinn féin le léirmhíniú den sórt sin, rud nach ritheann ó ghnáth-theanga Airteagal 25, ná ó na breithiúnais. I gcás Ó Beoláin is léir nár cheap ceachtar de na mór-bhreithiúnais gur comhlíonadh an dualgas bunreachtúil a thagann chun cinn ó Airteagal 25.4.4 ar feadh tréimhse fada ama. Tá sé áisiúil arís ar ais forálacha Acht 2003 a lua, agus alt 7 a fhorálann A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.” (béim curtha leis). Is léir dar liom go leanann an fhoráil seo go dlúth cinneadh Hardiman, Brmh in Ó Beoláin v. Fahy, supra., go gcaithfear na haistriúcháin a chur ar fáil “chomh luath agus is féidir”. Dealraítear domsa freisin go bhfuiltear ag comhlíonadh an dualgais a bhaineann le haistriúchán in Airteagal 25.4.4. den Bhunreacht go dóthanach agus go hiomchuí.

      Áitíonn an freagróir sna himeachtaí seo gur chóir dualgas malartach a fháil, eadhon, dualgas a bheith ar na hachomharcóirí gur chóir, nuair a shíníonn an tUachtarán Bille i mBéarla, an leagan Gaeilge den Acht sin a chur ar fáil “ar théarmaí nach lú a mbuntáiste” ná an leagan Béarla. Ag féachaint air ar bhonn bunreachtúil, dealraíonn sé domsa go bhfuil foráil iomlán i bhforálacha Airteagal 25 le haghaidh rud den sórt sin. Má shíníonn an tUachtarán Bille agus má thíolactar é i dteanga amháin, caithfidh aistriúchán den bhille sin a bheith ar fáil sa teanga eile. Sa chás, mar sin, go ndéantar Bille a thíolacadh i nGaeilge, caithfear leagan Béarla den Bhille mar a síníodh é a chur ar fáil chun an ceanglas bunreachtúil a chomhlíonadh. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar an Bille a thíolacadh i mBéarla caithfear leagan nó aistriúchán de a chur ar fáil i nGaeilge. Is cosúil domsa, áfach, go n-úsáidtear an frása, "ar théarmaí nach lú a mbuntáiste”, i ndáiríre, mar rud atá mar an gcéanna, nó mar rud nach bhfuil difriúil go hábhartha, ó “go comhuaineach” mar atá an focal sin in úsáid ag an bhfreagróir. Is cosúil gur tóigeadh an frása ó chásdlí i gCeanada. Is minic a tharlaíonn sé go gcuidíonn sé leis an gCúirt féachaint ar chásdlí i ndlínsí eile toisc é a bheith úsáideach i gcásanna a bhaineann le léirmhíniú an Bhunreachta, go háirithe nuair a bhíonn forálacha an-chosúla sa chásdlí sin. Is uirlis an-áisiúil í seo agus is léir ó athbhreithniú ar chásdlí na Cúirte seo gur féidir an cur chuige seo a ghlacadh i gcásanna ábhartha. Déantar tagairt mhór, go háirithe, in aighneachtaí scríofa an fhreagróra, do chásdlí Cheanada, agus don bhealach ar tugadh faoi na dualgais bunreachtúla a gearradh ansin maidir le teanga, agus aird ar ndóigh ar a chomhthéacs polaitiúil áirithe agus ar Chairt um Chearta Cheanada. Cé go nglacaim leis go bhféadfadh sé gur cur chuige iomchuí é seo i gcuid mhaith cásanna, nílim go hiomlán cinnte ag an am céanna go gcuidíonn gairm chásdlí den sórt sin ó dhlínsí eile, cosúil le Ceanada (nó go deimhin ó thíortha analógacha eile, - cosúil, mar shampla, leis an mBeilg nó an Afraic Theas) linn teacht ar thuairim cheart maidir le léirmhíniú a fháil ar na ceanglais teanga áirithe nó na dualgais a éiríonn ó Airteagal 25.4.4 nó ó Airteagal 8 den Bhunreacht sa chás seo. Is soiléirseach an rud é, i gcás teanga, b’fhéidir níos mó arís ná mar atá i gceist i gcás aon cheist chultúrtha eile, go bhféadfadh na comhthéacsanna sóisialta, polaitiúla agus/nó stairiúla a bheith, agus gur minic leo a bheith, an-difriúil, ag brath ar na himthosca áirithe a eascraíonn ag aon am faoi leith nuair a ghlactar le bunreachtanna, agus go deimhin ag brath ar theanga na n-ionstraimí bunreachtúla féin. Anuas air sin, is annamh a dhéantar Bunreachtanna a dhréachtú sa teanga ceannann céanna i ndlínsí difriúla, agus i ndeireadh na dála, ar ndóigh, is í an teanga a úsáidtear sa Bhunreacht an ceann is tábhachtaí ar fad agus nach mór a léamh sa chomhthéacs ar leith. Ní dóigh liom go n-athraíonn úsáid an téarma “ar théarmaí nach lú a mbuntáiste” ar aon bhealach na conclúidí ar ar tháinig mé maidir leis na dualgais bunreachtúla a thagann chun cinn. I ndiaidh dom fáil amach nach bhfuil ceanglas ar bith ann faoin mBunreacht aistriúchán comhuaineach a dhéanamh ar Bhille a dhéantar a thíolacadh i dteanga amháin sa teanga oifigiúil eile, cuimsíonn forálacha Acht 2003, i mo thuairim, comhlíonadh dóthanach le haon dualgas bunreachtúil arna háitiú bunaithe ar an bhfrása “ar théarmaí nach lú a mbuntáiste”.

      Ní thugann na cinntí in Ó Beoláin v. Fahy supra. tacaíocht d’argóint an fhreagróra go gcuireann Airteagal 25.4.4, nuair a léitear é in éineacht le hAirteagal 8 den Bhunreacht, dualgas aistriúchán comhuaineach a dhéanamh ar Acht Oireachtais go Gaeilge áit a shíníonn an tUachtarán é ina dhlí i leagan Béarla. Táim sásta, chomh fada is a bhaineann sé le hAchtanna an Oireachtais, nach n-aimsítear an dualgas atá á háitiú maidir le haistriúchán comhuaineach trí Airteagal 8 a léamh in éineacht le hAirteagal 25.4.4 den Bhunreacht.

      Ionstraimí Reachtúla
      Tá sé beartaithe agam déileáil le hIonstraimí Reachtúla ar bhonn ginearálta, agus níos déanaí, le Rialacha na Cúirte, a thagann freisin faoi cheannteideal Ionstraimí Reachtúla ach a gcaithfear, ar na cúiseanna a luaim thíos, caitheamh leo astu féin i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo.

      Ina bhreithiúnas ar an gceist a bhaineann le hIonstraimí Reachtúla, dúirt an breitheamh Ard-Chúirte léannta:


        “While the Statutory Instruments are not spelt out in the Act of 2003, and as O’Beolain v Fahy held in favour of an obligation to translate Acts and Rules of Court, it would seem to me to be an impediment (inhibition?) on the Plaintiff if the S.I.s were not translated”.

      Dar le haighneachtaí scríofa an fhreagróra, áitítear gur ghlac abhcóide na n-achomharcóirí leis, ar an gcéad lá a éisteadh an cás os comhair an bhreithimh Ard-Chúirte léannta, go raibh dualgas orthu Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla a chur amach agus a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla, ach nár aontaigh siad leis an bhfreagróir maidir le cathain ba chóir é sin a dhéanamh. Áitítear ina theannta sin thar a cheann toisc go ndearna an breitheamh Ard-Chúirte léannta a bhreithiúnas bunaithe ar a chonclúid go bhfuil Achtanna agus Ionstraimí Reachtúla fite fuaite ina chéile agus nach féidir iad a scaradh óna chéile, agus nach bhfuil ciall ar bith leis mar sin Achtanna a aistriú gan na hIonstraimí Reachtúla a rinneadh faoi na hAchtanna a aistriú freisin. Deir an freagróir go ndearnadh cinneadh an bhreithimh Ard-Chúirte léannta i gceart, bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte seo in Ó Beoláin v. Fahy, supra., agus áitíonn sé, agus aird aige ar an méid dlí atá ar fáil trí mheán Ionstraimí Reachtúla, ar a n-áirítear iad sin a leasaíonn Achtanna an Oireachtais, nach féidir teacht ar aon idirdhealú dleathach idir “a person’s right” (ceart an duine), mar a ghlaonn an freagróir air, gach Ionstraim Reachtúil a bheith ar fáil, mar aon le gach Acht, i nGaeilge, agus níl ciall ná réasún le haon hiarracht a déantar idirdhealú den sórt sin a dhéanamh.

      Tosnaíonn na hachomharcóirí, ina gcuid aighneachtaí scríofa, trí shéanadh gur ghéill siad go raibh aon dualgas ann Ionstraimí Reachtúla a aistriú le linn éisteacht na hArd-Chúirte nó go raibh an éisteacht teoranta i dtaca le hargóint maidir le cathain ba chóir an dualgas sin a chomhlíonadh. Deir siad go ndearna an Fógra Cur i gCoinne, na mionnscríbhinní a comhdaíodh agus na haighneachtaí scríofa ar fad a rinneadh san Ard-Chúirt, agóid i gcoinne aon dualgas den sórt sin, agus deir siad go dúirt abhcóide sinsearach thar ceann an achomharcóra ar an 7ú Nollaig 2004 nach bhféadfadh sé aontú leis go raibh a leithéid de ghéilleadh déanta riamh aige, agus go raibh treoracha aige seasamh an achomharcóra a dhearbhú agus a dheimhniú don chúirt. Ba é an seasamh sin ná nár ghlac siad leis go raibh aon dualgas bunreachtúil ann aon cheann de na hIonstraimí Reachtúla, nó iad ar fad, a aistriú. Áitíonn siad nach dtacaíonn athscríbhinn éisteacht na hArd-Chúirte leis go raibh aon ghéilleadh den sórt sin ann, agus tarraingíonn siad aird na Cúirte seo ar an bhfíoras nach ndéanann an breithiúnas réamhaithris in aon áit ar a leithéid de ghéilleadh, ná nach raibh an breithiúnas bunaithe ar ghéilleadh líomhnaithe den sórt sin.

      Ina theannta sin, déanann na hachomharcóirí an argóint nach féidir a rá ón mbreithiúnas cén bunús ar a rinneadh cinneadh an bhreithimh Ard-Chúirte léannta maidir le hIonstraimí Reachtúla, de bhrí go raibh sé glactha aige leis nár luadh iad in aon chor in Acht na bliana 2003. Deir siad nach bhfuil dualgas bunreachtúil mar atá áitithe ann i ndáiríre agus go raibh an breitheamh Ard-Chúirte léannta mícheart de réir an dlí agus é ag teacht ar aon chinneadh eile. Díríonn siad, inter alia, ar raon na n-údarás nó na ngealltanas, ar a n-áirítear gealltanais reachtúla, atá i dteideal de réir an dlí Ionstraimí Reachtúla den sórt sin a dhéanamh, mar thacaíocht le haon easpa dualgais bhunreachtúil atá orthu, nó ar an Rialtas, aistriúchán comhuaineach go Gaeilge a chur ar fáil ar gach Ionstraim Reachtúil arna ndéanamh. Deir na hachomharcóirí go bhfuil an Rialtas tiomanta síneadh a chur, mar chuid dá fheidhmiúchán, agus ar bhonn riaracháin, leis an raon Ionstraimí Reachtúla a aistreofar agus áitíonn siad gur cinneadh beartais de chuid an Rialtais é seo. Deir siad áfach in ainneoin aighneachtaí an fhreagróra, nár cuireadh na Rialacha agus na hOrduithe a rinneadh faoi Bhunreacht Saor Stát Éireann amach go comhuaineach sa dá theanga i gcónaí, agus tugann siad samplaí díobh seo.

      Déanann siad an argóint freisin mar seo a leanas: de bhrí nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann gach Acht den Oireachtas a aistriú go comhuaineach leis an leagan arna shíniú ag an Uachtarán, bheadh sé míchuí amach is amach de réir an dlí ag an gCúirt seo a rá go bhfuil dualgas den sórt sin ann áfach i gcás Ionstraimí Reachtúla.

      Conclúid maidir le hIonstraimí Reachtúla
      Ní dóigh liom gur féidir leis na difríochtaí atá ag éirí maidir leis an mbunús ceart don bhreithiúnas an cheist atá os comhair na cúirte seo a réiteach, ceist a bhaineann le raon aon dualgas bunreachtúil atá ar na hachomharcóirí aistriúchán a dhéanamh ar Ionstraimí Reachtúla nó leagan Gaeilge dóibh a chur ar fáil don phobal ar fad, ar a n-áirítear an freagróir, go comhuaineach leis na leaganacha arna ndéanamh nó arna síniú i mBéarla. Is í sin an phríomhcheist, agus is é an dearbhú Ard-Chúirte a bhaineann leis sin a bhfuil na hachomharcóirí ag tabhairt a ndúshlán dó. Tugann siadsan a ndúshlán freisin d’aon dualgas bunreachtúil ginearálta a bheith ann gach Ionstraim Reachtúil, nó iad ar fad, a aistriú.

      Níl sé curtha ina luí orm go bhfuil an ceart ag an bhfreagróir gurb é bunús chinneadh an bhreithimh Ard-Chúirte léannta go bhfuil Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla chomh fite fuaite sin is go dtagann siad laistigh d’aon dualgas bunreachtúil iad a aistriú go Gaeilge, go comhuaineach nó ar shlí éigin eile, leis an Ionstraim Reachtúil a dhéanamh i mBéarla. Níl aon rud sa bhreithiúnas a thacódh leis an gconclúid sin mar léirmhíniú réasúnach ar na cinntí a rinneadh. Níl aon rud sa Bhunreacht féin ach an oiread a thacódh le conclúid go bhféadfaí, fiú amháin má tá Ionstraimí Reachtúla agus Achtanna an Oireachtais fite fuaite ina chéile, Ionstraim Reachtúil, a bhfuil sainmhíniú agus stádas áirithe aici mar fhoreachtaíocht, a fhorléiriú go deo amhail is dá mba Acht Oireachtais í, chun críche Airteagal 25.4.4, nó amhail is dá mbeadh sí cosúil ar aon bhealach le hAcht Oireachtais ionas go gceadófaí iad a bhreithniú laistigh de raon aon dualgas bunreachtúil a éiríonn ón Airteagal sin. Dréachtaíodh Airteagal 25 chun déileáil le comhthéacs áirithe. Seo é an scéim nó an próiseas trína ndéantar Billí, arna rith ag dhá Theach an Oireachtais, a thíolacadh le cur de láimh ag an Uachtarán, na teorainneacha ama atá i gceist leis sin, agus an mheicníocht trína bhfógraítear ina ndlí Achtanna an Oireachtais. Ní haon iontas é mar sin, nach gcuirtear reachtaíocht tharmligthe i bhfoirm Ionstraimí Reachtúla san áireamh laistigh dá scóip. Tá sé sin amhlaidh is cuma cén neart atá le ceangal le hAirteagal 8 den Bhunreacht maidir leis an teanga náisiúnta.

      Ní dhéileálann an Bunreacht go sainráite le ceist an aistriúcháin chuig teanga amháin nó teanga eile, nó le leagan a chur ar fáil i dteanga amháin nó i dteanga eile, de gach Ionstraim Reachtúil nó aon cheann a dhéantar, agus is cinnte nach ndéileálann sé le haon rud a chuireann in iúl gur chóir é sin a dhéanamh ar bhonn comhuaineach le leagan a rinneadh agus a síníodh sa teanga eile. Más rud é go bhfuil na hachomharcóirí faoi dhualgas den sórt sin, áfach, chun leagan a chur ar fáil i nGaeilge d’Ionstraimí Reachtúla arna bhfoilsiú i mBéarla, ní féidir leis an bhfíoras go ndéanann gnóthais nó institiúidí nó comhlachtaí seachas, mar shampla, Aire iad seo, nó gur féidir leo iad a dhéanamh, seasamh i mbealach an dualgais sin a bheith ar na hachomharcóirí.

      Tá sé raite agam cheana féin agam nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann Achtanna an Oireachtais, arna dtíolacadh le cur de láimh ag an Uachtarán i mBéarla, a aistriú go comhuaineach go Gaeilge, bíodh sin faoi Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht nó nuair a léitear an tAirteagal sin in éineacht le hAirteagal 8. Bunaithe ar na hargóintí ar achomharc, agus ar an gcásdlí, nílim in ann aon bhunús dlí a fháil ar a bhféadfaí a rá go bhfuil aon dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí aistriúchán a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an freagróir, de gach Ionstraim Reachtúil, cibé duine a rinne iad, go comhuaineach le fáil nó le déanamh nó le foilsiú na nIonstraimí Reachtúla sin i mBéarla.

      Cé go bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon dualgas den sórt sin ann maidir le haistriúchán comhuaineach ar Ionstraimí Reachtúla, agus gur léir ar an gcaoi chéanna ón gcásdlí, ar a n-áirítear Ó Beoláin v. Fahy, supra., agus Delap v. Minister for Justice supra, go bhféadfadh dualgas a bheith ann i gcás áirithe chun Ionstraimí Reachtúla sonracha a chur ar fáil d’fhonn rochtain cheart ar an gCúirt a éascú dóibhsean ar mian leo déileáil le himeachtaí i nGaeilge - cé nár cuireadh argóint ar bith den sórt sin maidir le hIonstraimí Reachtúla i láthair san achomharc seo - ní fhaighim aon dualgas bunreachtúil ginearálta gach aon Ionstraim Reachtúil a rinneadh de bhun Acht den Oireachtas a aistriú agus a chur ar fáil don phobal iomlán, ar a n-áirítear an freagróir. Ní fhaigheann argóint an fhreagróra gur chóir dó seo leanúint ó Airteagal 8 agus Airteagal 25.4.4 á léamh le chéile, agus/nó Airteagal 34 agus Airteagal 40 den Bhunreacht, aon tacaíocht ón gcásdlí.

      Táim sásta go bhfuil an ceart ag na hachomharcóirí de réir an dlí san argóint a dhéanann siad nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ginearálta den sórt sin ann. D’aithin McGuinness, Brmh é seo in Ó Beoláin v. Fahy, supra. nuair a bhíothas ag déileáil le hIonstraimí Reachtúla (sa chás sin Rialacha sonracha na Cúirte) áit, cé gur dheonaigh sí faoiseamh dearbhaitheach, go dúirt sí:


        “Ní miste dom a rá go mbaineann an t-ordú dearbhaithe seo le hIonstraim Reachtúil Uimhir 93 de 1997 amháin. Ná glactar leis go bhfuilim a rá gur gá gach ionstraim reachtúil a aistriú. Is cás ar leith rialacha na cúirte de bharr a dtábhacht don saoránach atá ag lorg a chearta nó a cearta dul chun na cúirte.”

      Aontaím leis an teorainn seo ar an gceart a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hIonstraimí Reachtúla áirithe, agus déileálaim anois le Rialacha na Cúirte.

      Os rud e nach bhfuil aon dualgas ginearálta ann maidir le haistriúchán, ní féidir liom aon tacaíocht a thabhairt do chinneadh an bhreithimh Ard-Chúirte léannta go bhfuil dualgas ann leagan Gaeilge a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an freagróir, d’aon Ionstraim Reachtúil, nó iad ar fad, go comhuaineach lena bhfoilsiú i mBéarla, agus ní thugann forálacha Airteagal 25.4.4, cibé má léitear iad astu féin, nó i gcomhair le hAirteagal 8 den Bhunreacht nó le haon airteagal eile den Bhunreacht, aon bhunús lena léirmhíniú mar rudaí a chruthaíonn dualgas ginearálta den sórt sin.

      Rialacha na Cúirte
      Ina bhreithiúnas deir an breitheamh Ard-Chúirte léannta, ag lua Ó Beoláin v. Fahy, supra.:


        “2. That the third and fourth respondents had a constitutional obligation to provide an official translation of the Rules of the District Court, 1997, in the first official language to the public so that the applicant could conduct his side of the proceedings entirely in Irish without obstacle or disadvantage.”

      Maidir lena chinneadh ar an gceist seo sa chás reatha, dúirt sé:

        “Essentially the plaintiff has won his action. The Act itself is a sufficient embodiment on an undertaking that the work will be done in terms that the Act are to be available within three years as provided for, and priority given to S.I.’s referred to [The Rules of Court]. I accept that a concession is not a basis for an order in a constitutional action. I am not prepared to make draconian orders.”

      Cé go n-áiríonn an hachomharcóirí Rialacha na Cúirte faoi chatagóir ghinearálta na nIonstraimí Reachtúla, agus an ceart acu, féachann siad le hidirdhealú a dhéanamh maidir le Rialacha na Cúirte bunaithe ar an gcomhthéacs sonrach inar ndearnadh ráitis i ndlí-eolaíocht na Cúirte seo, nó na hArd-Chúirte, maidir le Rialacha den sórt sin, ar mhaithe lena áitiú nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí nó go deimhin ar an Rialtas aistriúchán go Gaeilge a chur ar fáil don phobal tríd is tríd (ar a n-áirítear an freagróir) de Rialacha na Cúirte uile (agus de gach leibhéal den Chúirt), nó sin a dhéanamh go comhuaineach le foilsiú a gcuid leaganacha Béarla.

      Mar thaca leis an gcur chuige seo déanann siad tagairt ar dtús báire don chinneadh in Delap v. Minister for Justice supra., inar rialaigh O’Hanlon, Brmh go sainráite nach bhfuil aon dualgas ann Rialacha na Cúirte a aistriú ag éirí as Airteagal 8 den Bhunreacht. Ina áit sin fuair sé dualgas a éiríonn as an gceart a bhaineann le rochtain ar na cúirteanna, in éineacht leis an gceart atá ag páirtí in imeachtaí cúirte a thaobh féin de na himeachtaí sin a riaradh i nGaeilge, agus an “constaic mhór” a bhí os a chomhair mar gheall ar chomh casta le Rialacha na Cúirte mar aon leis na foirmeacha forordaithe agus an dualgas atá ann in imthosca den sórt sin cloí leis na Rialacha, ceart a fhorasú i dtaca le Rialacha den sórt sin i nGaeilge sa chás sin.

      Díríonn abhcóide thar ceann na n-achomharcóirí freisin ar mar a chaitear leis an dualgas Rialacha na Cúirte a aistriú go Gaeilge arna bhreithniú ag an gCúirt seo in Ó Beoláin v. Fahy, supra., ach tugtar le fios gur chóir a bheith cúramach ag féachaint ar na barúlacha i mbreithiúnais an cháis sin agus na ceisteanna san achomharc reatha á mbreithniú. Ina gcuid aighneachtaí scríofa tagraíonn na hachomharcóirí don “self-evident failure to comply with the express terms of Article 25.4.4.” (teip mar is léir cloí le téarmaí sainráite Airteagal 25.4.4) mar bhunús chun léirmhíniú a fháil ar na breithiúnais in Ó Beoláin mar rud atá sainráite i “trenchant terms” (téarmaí géara). Deir siad, áfach, toisc go bhfuil dualgas follasach in Airteagal 25.4.4. go n-aistreofaí Achtanna an Oireachtais, gur chóir an tAirteagal sin a thuiscint mar rud a thugann le fios nár shamhlaigh lucht ceaptha an Bhunreachta go raibh aon dualgas níos leithne á gearradh ar orgáin an Stáit, agus, go háirithe, aon phrionsabal níos leithne le baint as Airteagal 8, arna léamh as féin nó in éineacht le hAirteagal 25.4.4., ar a n-áirítear aon phrionsabal níos leithne a mbeadh tionchar aige ar dhualgas ar bith maidir le haistriúchán Rialacha na Cúirte uile.

      Ar an dara dul síos, áitíonn na hachomharcóirí an méid seo a leanas: má dhéanann an freagróir an argóint a dhéanann sé ar an mbunús gur aturnae é agus mar sin go bhfuil sé de cheart aige rochtain a fháil ar “gach ábhar dlí in Éirinn” de bhun Airteagal 8, nó Airteagal 25.4.4. in éineacht le hAirteagal 8, shínfeadh dualgas den sórt sin go loighciúil chuig téacs na mbreithiúnas arna seachadadh ag na cúirteanna, ciorcláin riaracháin agus ábhair eile, go háirithe agus aird ar an bhfíoras go bhfuil go leor cinntí de chuid na nUaschúirteanna ina n-aimsítear léirmhínithe údarásacha ar reachtanna nó ar Ionstraimí Reachtúla ábhartha. Aighnítear, áfach, nach féidir aon dualgas a aimsiú sa Bhunreacht a thacaíonn le dualgas den sórt sin. Tugann sé sin, a deirtear, léargas breise go n-éiríonn an dualgas bunreachtúil a bhaineann le haistriúchán go heisiach nó go haonair as raon Airteagal 25.4.4.

      In aighneachtaí ó bhéal chuig an gCúirt, deir na hachomharcóirí an méid seo a leanas: cé go nglacann siad leis gur chóir go mbeadh Rialacha na Cúirte ar fáil sa dá theanga, agus sa chás nach bhfuil fáil ar leagan Gaeilge díobh, go bhfuil an Rialtas tiomanta, ar bhonn riaracháin, a chinntiú go mbeidh fáil orthu laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis fhoilsiú leagan Béarla de na Rialacha, in ainneoin sin bhí teipthe ar an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta ligean do na hachomharcóirí fianaise a chur os comhair na Cúirte maidir leis na céimeanna a bhí glactha ag an Rialtas chun sin a dhéanamh. Deir siad dá mbeadh fianaise curtha san áireamh ag an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta, díreach mar ba chóir dó a dhéanamh, go mbreathnófaí ar na céimeanna a tógadh i ndáiríre mar chinn a bhí réasúnach agus iomchuí.

      Tugann an freagróir tuairim glan díreach in aghaidh an tseasaimh maidir le Rialacha na Cúirte a bheith ar fáil, agus deir sé, amhail an dáta ar chomhdaigh sé a chuid aighneachtaí scríofa chuig an gCúirt seo go déanach in 2008, gur mar seo a bhí an cás: ní raibh leagan oifigiúil nó aistriúchán ar Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil go dtí mí Eanáir, 2005, agus níl leasuithe díobh sin aistrithe go Gaeilge go fóill, in ainneoin bhreithiúnas na Cúirte seo in Ó Beoláin v. Fahy, supra; níl Rialacha na Cúirte Cuarda ann ach i mBéarla amháin ó 2001 i leith, ach níl aon leagan ná aon aistriúchán ar na Rialacha seo ann, nó de na leasuithe a ghabhann leo; bhí an scéal céanna ann maidir le Rialacha na nUaschúirteanna a tháinig i bhfeidhm an 1ú Deireadh Fómhair, 1986, áit a raibh tiontú oifigiúil go Gaeilge ar fáil i mí Iúil, 1990, ach ní bheadh sé sin amhlaidh murach cinneadh na hArd-Chúirte in Delap v. The Minister for Justice, supra; ní raibh na leasuithe éagsúla a rinneadh ar Rialacha na nUaschúirteanna ó tugadh isteach iad i mBéarla i 1986 ar fáil i nGaeilge, agus anuas air sin ní raibh na foirmeacha ná na hinnéacsanna a bhí ag gabháil leis na Rialacha curtha ar fáil. Téann sé i dtuilleamaí le Ó Beoláin v Fahy, supra. mar thaca le ceanglas maidir le haistriúchán comhuaineach a thabhairt, ar a n-áirítear dul i dtuilleamaí Airteagail 8, 25.4.4, 34 agus 40.

      Conclúid maidir le Rialacha na Cúirte
      Sula ndéileálaim leis na saincheisteanna sonracha maidir le Rialacha na Cúirte, ba chóir dom a mheabhrú go ndúirt na hachomharcóirí nár tháinig an breitheamh Ard-Chúirte léannta ar aon chinneadh ina bhreithiúnas go gcuireann Airteagal 40 den Bhunreacht, nuair a léitear as féin é nó in éineacht le haon Airteagal eile, dualgas maidir le haistriúchán comhuaineach nó leagan i nGaeilge a chur ar fáil don phobal i gcoitinne (ar a n-áirítear an freagróir), agus aontaím leis sin. Deir na hachomharcóirí freisin nach ndéanann siad féin aon argóint san achomharc seo maidir le hAirteagail 30 agus 40, ar an mbunús nach raibh siad seo mar chuid de bhunús bhreithiúnas an bhreithimh Ard-Chúirte léannta. Bhunaigh an breitheamh Ard-Chúirte léannta in Ó Beoláin v. Fahy, supra., a raibh tionchar an-mhór aige, dar lena bhreithiúnas, ar an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta sa chás seo, a cinneadh ar Airteagal 34 in éineacht le hAirteagal 40 den Bhunreacht i gcomhair na gcinntí a rinne sí maidir leis an dualgas bunreachtúil, agus a ndearna Ó Beoláin achomharc ina dtaobh. In ainneoin sin, is léir ó mhachnamh a dhéanamh ar dhá bhreithiúnas na Cúirte seo atá i bhfabhar Ó Beoláin san achomharc sin go raibh siad bunaithe ar Airteagal 8 in éineacht le hAirteagal 25.4.4. Cé gur aontaigh Hardiman, Brmh ina bhreithiúnas leis an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta maidir le ceist rochtana cothroime ar an gCúirt ag éirí as Airteagal 34 agus Airteagal 40, creidim gur fearr a bhreithiúnas a thuiscint mar cheann a bhraitheann go mór ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

      Toisc nach bhfuil aon tagairt in aon chor i mbreithiúnas an bhreithimh Ard-Chúirte léannta do Airteagal 40 den Bhunreacht, is é mo thuairim go bhfuil a chuid cinntí, bunaithe mar atá siad ar chinneadh na Cúirte seo in Ó Beoláin v. Fahy, bunaithe freisin ar Airteagail 25 agus 8 den Bhunreacht. Agus aird agam ar na forais achomhairc, agus faoi réir gach a ndeirim thíos, ní mheasaim go bhfuil aon saincheist os comhair na Cúirte seo ag éirí ó bhreithiúnas an bhreithimh Ard-Chúirte léannta a cheanglaíonn orm machnamh a dhéanamh ar an éifeacht ghinearálta, más ann di, a bheadh ag Airteagail 34 nó 40 den Bhunreacht ar an dualgas atá á háitiú maidir le Rialacha na Cúirte, cé go ndéanann an freagróir Airteagal 40 a ghairm ina chuid aighneachtaí scríofa.

      Táim tar éis a chinneadh cheana nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí aistriúcháin chomhuaineacha nó aon aistriúchán eile a chur ar fáil de na hIonstraimí Reachtúla go léir don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an freagróir. Titeann Rialacha na Cúirte, de bhrí gur Ionstraimí Reachtúla iad, go hiondúil laistigh den cheannteideal céanna. Táim tar éis a chinneadh, mar sin féin, go bhféadfadh, maidir le hIonstraimí Reachtúla, duine a bheith i dteideal a éileamh toisc nach bhfuil Ionstraim Reachtúil áirithe nó fiú amháin níos mó ná ceann amháin ar fáil i nGaeilge, go gcuimseodh sé sin, i gcás áirithe, cosc nó bac ar dhuine den sórt sin iarracht a dhéanamh a cheart maidir leis an bpríomhtheanga oifigiúil a úsáid in imeachtaí cúirte a chosaint, nó ar a laghad ar bith maidir lena t(h)aobh féin d’imeachtaí cúirte. Tá an cás céanna amhlaidh i gcás Rialacha na Cúirte. Mar a luadh thuas, is cosúil go bhfuil sé sin soiléir ón gcásdlí, ar a n-áirítear Ó Beoláin v. Fahy, supra. agus Delap v. An tAire Dli agus Cirt, supra., cé go ndéanaim tagairt arís don sliocht thuas ó bhreithiúnas McGuinness, Brmh maidir leis na teorainneacha a bhaineann le ceart den sórt sin. Níl aon duine den sórt sin, áfach, fiú mar chliant de chuid an fhreagróra, páirteach sna himeachtaí seo. Ina áit sin déantar an t-éileamh go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na hachomharcóirí don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an freagróir, leagan Gaeilge nó aistriúchán Gaeilge a chur ar fáil, go comhuaineach nuair atá fáil ar an leagan Béarla, de gach Ionstraim Reachtúil, ar a n-áirítear Rialacha na Cúirte.

      Is ceart a rá, díreach mar a áitíonn na hachomharcóirí, go raibh O’Hanlon, Brmh cúramach i gcás Delap v. Minister for Justice, supra. ag rá nach raibh a leithéid de dhualgas in Airteagal 8 den Bhunreacht, ach ina áit sin a bhreithiúnas a bhunú ar an na cearta atá leagtha amach thuas, a éiríonn ó Airteagail 34 agus 40, agus iad á meas in éineacht.

      Is í an cheist a thagann chun cinn mar sin ná chomh mór, más ann di, atá na hachomharcóirí faoi dhualgas bunreachtúil i leith an fhreagróra, mar bhall den phobal i gcoitinne, Rialacha na Cúirte uile a chur ar fáil i nGaeilge. Táim sásta nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann sin a dhéanamh go comhuaineach le déanamh nó le foilsiú Rialacha na Cúirte i mBéarla. Ní leanann sé ach an oiread ón gcásdlí go bhfuil dualgas bunreachtúil ginearálta ann gach Riail den sórt sin a fhoilsiú i nGaeilge, don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an freagróir, mar bhall den phobal i gcoitinne sin. Maidir leis Rialacha na Cúirte, ní deir na hachomharcóirí ach amháin go bhfuil an Rialtas, ag glacadh leis an “riachtanas” atá ann iad seo a aistriú, tiomanta, ar bhonn riaracháin, é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnach. Is dóigh liomsa nach bhfuil an seasamh seo go hiomlán neamh-chomhsheasmhach le seasamh luaite na n-achomharcóirí maidir leis an achomharc seo. Ina bhFógra Cur i gCoinne phléadáil na hachomharcóirí gur ghlac an Rialtas leis an riachtanas Rialacha na Cúirte a aistriú. Ina gcuid aighneachtaí scríofa, cuimsíonn siad é seo a leanas, maidir le Rialacha na Cúirte:


        “Ní dhearna na hachomhaircóirí aon argóint i gcoinne an ordaithe a rinne Laffoy, Brmh. in O Beoláin agus a dainghíodh sa Chúirt Uachtarach”

      Tá an argóint atá acu bunaithe ar an áitiú go bhfuil an cás dlí go nuige seo teoranta, maidir le Rialacha na Cúirte, ar an mbealach céanna le hIonstraimí Reachtúla, chuig dualgas a éiríonn as an mBunreacht, ina dtreo siúd a lorgaíonn Rialacha sonracha na Cúirte i nGaeilge d’fhonn ligean dóibh rochtain cheart a bheith acu ar an gcúirt chun a gcuid cearta a chosaint in imeachtaí cúirte.

      Cé go bhfuilim sásta nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ginearálta ann Rialacha na Cúirte a chur ar fáil i nGaeilge don phobal i gcoitinne, ar a n-áirítear an freagróir, nuair a fhoilsítear iad i mBéarla, cibé go comhuaineach go ar shlí éigin eile, ní féidir, áfach, neamhaird a dhéanamh don seasamh sonrach atá ag an bhfreagróir maidir le Rialacha na Cúirte. Sa chás nach gcuirtear freagróir, mar atá sa chás reatha, faoi mhíbhuntáiste díreach de bharr nach bhfuil Rialacha na Cúirte faoi leith aige, sa chás seo i nGaeilge, ag éirí go sonraíoch nó go tráthúil, as imeachtaí cúirte faoi leith a thabhairt nó a chosaint mar a bhí cás an iarratasóra in Ó Beoláin v. Fahy, supra., ach ina áit sin mar aturnae a raibh raon cliant aige a bhí ag iarraidh a gcuid gnóthaí dlí a dhéanamh i nGaeilge nó a bhí ag iarraidh comhairle a fháil i nGaeilge maidir leo, tá seasamh difriúil ann féin ag an bhfreagróir sin ach é faoin oiread céanna míbhuntáiste. Go deimhin, is cosúil gur aithin na hachomharcóirí sin san achomharc seo a ainmníodh freisin mar pháirtithe Stáit in Ó Beoláin v. Fahy, supra., seasamh duine cosúil leis an bhfreagróir. Is léir é seo ó bhreithiúnas Hardiman, Brmh sa chás sin. Rinne sé tagairt d’argóint an Stáit go bhféadfaí cás Delap v. The Minister for Justice supra, a idirdhealú ón seasamh a tháinig chun cinn in Ó Beoláin, ar an mbunús gur aturnae a bhí san Uasal Delap a raibh baint aige i ndáiríre nó a bhféadfadh baint a bheith aige le héagsúlacht mhór cásanna a bhí os comhair na gcúirteanna agus mar sin “bhí leas iarbhír nó féideartha aige sna Rialacha ina n-iomláine” agus nach raibh san iarratasóir (Ó Beoláin) ach “saoránach nach bhfuil leas aige ach i gcás amháin”. Cé gur dhiúltaigh Hardiman, Brmh don idirdhealú sin, aithníodh sa bhreithiúnas a rinne sé, agus é sin ceart dar liom, go raibh idirdhealú fíorasach agus dlíthiúil idir an pobal i gcoitinne (ar a n-áirítear an freagróir) ar lámh amháin, agus an freagróir seo, a bhfuil tionchar suntasach agus ábhartha ag easnamh Rialacha na Cúirte, a gcuid foirmeacha agus innéacsanna air, ina phost mar aturnae a bhfuil cleachtas cúirte leathan aige agus, ar ndóigh, mar oifigeach den Chúirt freisin. Sa chás reatha tá sé deimhneasctha ag an bhfreagróir go bhfuil dualgas air a thabhairt faoi, nó páirtí eile a fháil a thabharfaidh faoi, aistriúchán a dhéanamh ar, go bunúsach, foirmeacha nó aguisíní forordaithe leis Rialacha na Cúirte toisc nach bhfuil a leithéid ann i nGaeilge, cás nach féidir leanúint leis in aon chor.

      Ní féidir a rá nach gcuimsíonn easpa a leithéid de Rialacha, a gcuid leasuithe, foirmeacha agus innéacsanna, cibé de chuid na nUaschúirteanna, na Cúirt Cuarda nó na Cúirte Dúiche, bac ar aturnae, cosúil leis an bhfreagróir, cliantacht shuntasach a bheith aige ar mian leo tabhairt faoina gcuid gnóthaí dlí i nGaeilge, agus nach bhfuil éifeacht thromchúiseach ag an easpa sin seo ar rochtain cheart ar chúirt agus/nó ar chomhairlí a thabhairt ag éirí as, nó i dtaca le, hábhair arna gclúdach ag Rialacha na Cúirte. Ní hamháin go síneann siad seo chuig cúrsaí coiriúla agus iarratais shibhialta, ach freisin baineann siad le saincheisteanna a d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad chomh soiléir sin ar an gcéad amharc, rudaí cosúil le cúrsaí probháide nó rudaí a bhaineann le coimircíocht, nó cúrsaí eile a d’fhéadfadh sé nach bhfuil siad chomh soiléir in imeachtaí arna rialú ag Rialacha na Cúirte. In Ó Beoláin, mar shampla, agus i ndiaidh dó glacadh le cinntí an Phríomh-Bhreithimh Kennedy, in O’Foghludha v. McClean, supra., maidir le fáil a bheith ar Rialacha na nUaschúirteanna, dúirt Hardiman, Brmh:


        “Is í mo thuairim go mbaineann an réasúnaíocht chéanna le Rialacha na Cúirte Dúiche. Tá na Rialacha sin fíorthábhachtach, mar a dúradh thuas, le dul chun dlí sa chúirt sin. I dtaca le cionta achoimre a thriail, tá forálacha iontu maidir le nithe ríthábhachtacha ar nós seirbheála, cumhachtaí chun cur ar atráth, cumhachtaí leasúcháin, agus an éifeacht a bhíonn ag éagsúlachtaí idir an cion a líomhnaíodh sa toghairm agus an fhianaise iarbhír a tugadh sa chúirt. Chomh maith leis sin, tugann na rialacha na foirmeacha cuí atá le húsáid do ghnó bunúsach ar nós finné a thoghairm agus fógra achomhairc a thabhairt.”

      Cuimsíonn na samplaí seo raon beag de na foirmeacha a theastaíonn chun imeachtaí cúirte a chomhlíonadh arna rialú ag Rialacha na Cúirte, foirmeacha a d’fhéadfadh, murach comhlíonadh den sórt sin, iarmhairtí tromchúiseacha suntasacha a bheith ag a n-easpa do chliaint aturnae a bhfuil baint aige nó aici le cúrsaí den sórt sin, nó don aturnae é nó í féin, cosúil leis an bhfreagróir. Caithfear soláthar Rialacha den sórt sin a chinntiú laistigh de thréimhse ama réasúnach, agus más féidir é chomh luath agus is féidir tar éis iad a fhoilsiú i mBéarla, d’fhonn freagairt don dualgas maidir lena chinntiú go gcomhlíontar na Rialacha maidir le rochtain ar chúirt nó le himeachtaí arna rialú ag Rialacha na Cúirte.

      I bhfianaise an méid seo thuas, d’fhéadfaí a bhreithniú go bhfuil sé iomchuí mar sin a chinntiú, i bhfianaise na gcinntí in Ó Beoláin v. Fahy, agus an glacadh atá, ar thaobh na n-achomharcóirí sa chás reatha, le tiomantas Rialacha na Cúirte a chur ar fáil i nGaeilge, cibé ar cuireadh iad seo, ag an bpointe seo ama, ar fáil laistigh de thréimhse réasúnach nó nár cuireadh. In ainneoin sin, measaim nach gá féachaint ar an ábhar breise a bhí na hachomharcóirí ag iarraidh ar an mbreitheamh Ard-Chúirte léannta a bhreithniú, roimh aon Ordú a dhéanamh sna himeachtaí reatha. Ar an gcéad dul síos, is é an cás atá ann nach raibh, tar éis thart ar 40 bliain, Rialacha na nUaschúirteanna, a gcuid leasuithe, foirmeacha agus aguisíní curtha ar fáil i nGaeilge faoi dheireadh na bliana 2008. Dealraítear, ar an dara dul síos, nach raibh an seasamh maidir le Rialacha na Cúirte Cuarda agus Dúiche feabhsaithe chomh mór is go raibh leaganacha Gaeilge díobh sin ar fáil go fóill, ar an dáta ar chomhdaigh an Chúirt seo aighneachtaí scríofa ón bhfreagróir go déanach in 2008, in ainneoin an ordaithe arna dhéanamh in Ó Beoláin v. Fahy, supra. in 2001. Níor chuir na hachomharcóirí aon sonraí isteach mar fhreagairt air. Tá sé soiléirseach, dar liomsa, nach féidir go bhfuil aon tiomantas á chomhlíonadh anseo, tiomantas a admhaíonn na hachomharcóirí féin a bheith faoi cheangal aige, ná an tiomantas é a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnach, ná an dualgas bunreachtúil a chinntiú go dtugtar rochtain chuí ar chúirt nó ar imeachtaí cúirte dóibh sin ar mian leo é sin a dhéanamh trí Ghaeilge, trí aturnae a chuireann comhairle orthu a fhéachann le ceanglais teanga an chliaint a chomhlíonadh agus sin á dhéanamh aige. Mar sin féin, síneann an breithiúnas seo mar is gá an dualgas uaithi sin atá sonraithe in Ó Beoláin v. Fahy, supra. chun seasamh áirithe aturnae, cosúil leis an bhfreagróir, a chlúdach. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh na freagróirí gach céim is gá a dhéanamh láithreach chun gach aistriúchán is gá a sholáthar chun an riachtanas sin a chomhlíonadh. Ar an mbonn go bhfaighidh na hachomharcóirí réiteach ar an seasamh maidir le Rialacha na Cúirte, laistigh de thréimhse ama réasúnach ón mbreithiúnas seo, ní dóigh liom go bhfuil gá aon Ordú a dhéanamh thar an dearbhú a leanann.

      Cinneadh
      Agus ag tabhairt aird ar na cinntí thuas, dhéanfainn Ordú ag cur breithiúnas agus Orduithe na hArd-Chúirte ar leataobh. Dhéanfainn dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ann Rialacha na Cúirte, ar a n-áirítear gach leasú, foirm agus innéacs a ghabhann leo, a chur ar fáil i nGaeilge don fhreagróir, ina cháil mar dlídóir, a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith foilsithe i mBéarla.










Ar ais ar barr an leathanach