Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Na Coimisinéirí Ioncaim -v- An Coimisinéir Teanga
Lua Neodrach:
[2015] IEHC 110
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2013 287 MCA
Dáta Seachadta:
02/20/2015
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Mac Eochaidh J.
Stádas:
Formheasta

Neutral Citation: [2015] IEHC 110
AN ARD-CHÚIRT
[2013 Uimh. 287 den MCA]
ÁBHAR ACHOMHAIRC DE BHUN ALT 28 D’ACHT NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA, 2003
IDIR
NA COIMISINÉIRÍ IONCAIM
ACHOMHARCÓIR
AGUS
AN COIMISINÉIR TEANGA
FREAGRÓIR
BREITHIÚNAS an Bhreithimh Choilm Mhic Eochaidh a tugadh an 20ú lá Feabhra 2015
1. Seo achomharc de bhun alt 28 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a fhorálann gur féidir le páirtí in im scrúdú ag an bhfreagróir i ndiaidh torthaí agus moltaí, achomharc a dhéanamh lei san Ard-Chúirt ar phointe dlí.

2. Rinne an freagróir an cinneadh gur theip ar an achomharcóir go neamh dhleathach chun leabhrán a sheoladh faoin gcáin mhaoine áitiúil i nGaeilge nuair a rinne siad cumarsáid le húinéirí maoine.

Cúlra:
3. Thug an Rialtas an cháin mhaoine áitiúil (CMÁ) isteach i Nollaig 2012. Leagadh an fhreagracht an pobal a chur ar eolas faoin gcáin nua agus an cháin a bhailiú ar an achomharcóir. Bhí éifeacht ag an gcáin mhaoine áitiúil ón 1 Iúil 2013. Faoi na cúinsí seo, deir an t-achomharcóir go raibh fíor-bheagán ama acu chun eolas faoin gcáin nua a scaipeadh, chun córas clárúcháin a bhunú agus chun tús a chur leis an bpróiseas bailithe. Chuir an t-achomharcóir leabhrán i dtoll a chéile (dar dáta an 31 Eanáir 2013) dar teideal “Do Threoir ar Cháin Mhaoine Áitiúil & conas íoc agus comhdaigh” (“Your Guide to Local Property Tax and how to pay and file”). Foilsíodh an leabhrán i nGaeilge agus i mBéarla (bhí an dá leagan i bhfoilseachán singil) agus scaipeadh é ar oifigí áitiúla cánach, leabharlanna áitiúla agus ionaid um fhaisnéis do shaoránaigh.

4. Ina dhiaidh sin, seoladh ábhar sa phost chuig úinéirí maoin chónaithe ina raibh litir agus foirm/tuairisceán cánach. Seoladh an litir chuig úinéirí ainmnithe maoine agus bhí tagairt inti d’uimhir aitheantais na maoine ar leith, uimhir aitheantais phearsanta an úinéara agus meastachán ar an méid cánach atá le híoc. San áireamh sa chlúdach litreach céanna bhí cóip den leabhrán faisnéise “Do Threoir ar Cháin Mhaoine Áitiúil & conas íoc agus comhdaigh” (“Your Guide to Local Property Tax and how to pay and file”). Tá an leagan den leabhrán seo dar dáta Feabhra 2013. Seachas ón dáta, bhí an leabhrán a seoladh sa phost éagsúil ar dhá bhealach ón leabhrán a scaipeadh ar oifigí áitiúla cánach, leabharlanna poiblí, agus ionaid um fhaisnéis do shaoránaigh. Ar an gcéad dul síos, bhí an leabhrán faisnéise i mBéarla amháin (cé gur seoladh é i nGaeilge chuig daoine a thug le fios gur theastaigh uathu go ndéileáiltear leo i nGaeilge) agus ar an dara dul síos, maíodh sa leabhrán go raibh an fhaisnéis go léir a bhí cuimsithe ann bunaithe ar an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 agus ar an mBille Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú), 2013. (Tugadh le fios dom gur ghá an Bille Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) (Leasú), 2013 a lua agus gur dhócha gurbh earráid a bhí ann seo a fhágáil ar lár san eagrán níos luaithe.)

5. Tá an litir a seoladh chuig úinéirí maoine ar taispeáint agus is féidir tabhairt faoi deara go bhfuil ainm agus seoladh an tseolaí clóite i gcúinne uachtarach clé an chéad leathanaigh den litir.Tá na focail “Mar Uinear do Maoine: [uimhir na maoine ar leith luaite]” le sonrú ina dhiaidh sin.Mar seo a leanas is ea téacs tosaigh na litreach:

      “A X, a chara,

      Táim ag scríobh chugat toisc go dtaispeánann taifid na gCoimisinéirí Ioncaim gur tusa an t-úinéir nó an duine faoi dhliteanas Cáin Mhaoine Áitiúil [CMÁ] maidir leis an mhaoin chónaithe:[seoladh cruinn na maoine arna shainaithint].

      Faoi iamh agam leis seo tá Tuairisceán Cáin Mhaoine Áitiúil (Foirm LPT1) don mhaoin seo, nach mór duit a chomhlánú agus a chur ar ais chuig na Coimisinéirí, fiú más díolmhaithe an mhaoin.Leis seo freisin tá leabhrán a mhíníonn CMÁ, ina bhfuil treoir chéim ar chéim chun an Tuairisceán a chomhlánú.”

Mar seo a leanas atá alt deiridh na litreach a seoladh chuig sealbhóirí tí:
      “Léigh le do thoil an leabhrán CMÁ iniata.Tá eolas agus treoir ann chun cabhrú leat do Thuairisceán a chomhlánú agus a chur ar ais.Leagtar amach chomh maith ar leathanach 11 na forais atá ann i leith achomhairc in aghaidh gnéithe éagsúla CMÁ.
6. Ba é an t-áitiú lárnach a chur an t-achomharcóir chun cinn ná go raibh an chumarsáid sin idir an t-achomharcóir agus sealbhóir aonair maoine. Níor chumarsáid a bhí inti leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne. Ba chumarsáid phríobháideach a bhí inti idir an t-achomharcóir agus an cáin íocóir.

7. Fuair an freagróir gearáin ó mhuintir an phobail faoi shárú ar alt 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Rinne an freagróir an cinneadh chun tabhairt faoi imscrúdú de bhun alt 21 (c) den Acht.

8. Is cuí roinnt forálacha den Acht a leagan amach sula leanaim ar aghaidh le cur síos a dhéanamh ar thorthaí imscrúdú an Choimisinéara. Déanann Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 cur síos ar dhualgais chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na Gaeilge agus cearta an phobail ina leith seo. Míníonn an teideal fada gurb é cuspóir an Achta chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críocha oifigiúla sa Stát, chun dualgais chomhlachtaí poiblí a leagan amach maidir le teangacha oifigiúla an Stáit agus chun oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú. Tá Cuid 3 den Acht dar teideal “Comhlachtaí Poiblí” agus forálann sí an méid ábhartha a leanas:

      “9(3) I gcás in a ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlach tgur i nGaeilge, nó i mBéarl aagus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.

Cinneadh an Fhreagróra:
9. Dheimhnigh imscrúdú a rinne an Coimisinéir gur theip ar Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim forálacha fho-ailt 9(1) agus 9(3) d’Acht 2003 a chomhlíonadh nuair a eisíodh faisnéis i scríbhinn, i bhfoirm leabhrán faisnéise maidir le cáin mhaoine áitiúil agus nach raibh an chumarsáid sin a rinneadh leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne i nGaeilge nó go dátheangach.

10. Thug tuarascáil an Choimisinéara an méid a leanas faoi deara:

      “Baineann an fhoráil i bhfo-alt 9(3) d’Acht nadTeangacha Oifigiúla le cineál ar leith cumarsáide faisnéise a dhéanann comhlachtaí poiblí faoin Acht leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne.Sa chás is go dtagann cumarsáid áirithe faoi scáth fho-alt 9(3) den Acht, tá dhá rogha ag comhlacht poiblí ina leith – go mbeadh an chumarsáid sin trí Ghaeilge amháin nó go mbeadh sí dátheangach (Gaeilge agus Béarla). Ní fhágtar an rogha sa chás sin gur i mBéarla amháin a dhéanfaí an chumarsáid.

      Ní raibh aon amhras sa chás seo ach:


        • gur comhlacht poiblí a thagann faoi scáth an Achta a bhí i mbun na cumarsáide;

        • gur i scríbhinn, tríd an bpost, a eisíodh an chumarsáid;

        • go raibh sé mar aidhm ag an gcumarsáid sin faisnéis a sholáthar.


      Dá mba leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne an chumarsáid sin, ní bheadh aon amhras ach go mbeadh sé san áireamh faoi fho-alt 9(3) den Acht. Bhí an leabhrán faisnéise i dteannta ábhar eile – litir phearsanta agus foirm thuairisceáin phearsanta a scaipeadh ar c.1.69 milliún sealbhóir maoine ar fud an Stáit. Ní dhearnadh aon chás go raibh dualgas ar Oifig nagCoimisinéirí Ioncaim an litir phearsanta nó an fhoirm chuí a sholáthar go dátheangach.Bhí dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim, de bharr forálacha ina scéim teanga, an litir phearsanta agus an fhoirm a sholáthar trí Ghaeilge dóibh siúd a chláraigh leo lena ngnóthaí cánach a láimhseáil trí Ghaeilge.Bhí aird tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an ngné seo agus is cosúil gur trí Ghaeilge a eisíodh an litir, an fhoirm agus an leabhrán faisnéise chucu siúd a bhí cláraithe lena ngnóthaí cánach a dhéanamh trí Ghaeilge.

      Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9(3) den Acht, mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán CMÁ a eisíodh chuig daoine aonair ainmnithe ina raibh faisnéis phearsanta shonrach maidir le dualgais CMÁ an duine aonair.Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina n-iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair; i bhfocail eile, gur ghnó príobháideach é nár bhain ach leis na cáiníocóirí a bhí i gceist agus nár chumarsáid é le haicme den phobal i gcoitinne.

      Chonacthas don imscrúdú gurbh é an bhunfhaisnéis chéanna a bhí á dáileadh ar bheagnach 1.7 milliún duine ar fud an Stáit sa leabhrán faisnéise seo; ba dhaoine iad a raibh ceangal comónta eatarthu mar shealbhóirí maoine – daoine ar cheart faisnéis ar leith faoin gCáin Mhaoine Áitiúil a sheoladh chucu.Ní raibh aon amhras ar an imscrúdú ach gurbh ‘aicme den phobal i gcoitinne’ iad na sealbhóirí maoine seo faoi réir na ngnáthchleachtas i dtaca le forléiriú reachtúil.

      Níor leor litir phearsanta a bheith i dteannta na cumarsáide faisnéise seo le cealú a dhéanamh ar an dualgas é a eisiúint go dá theangach nó i nGaeilge amháin. D’fheadfaí idirdhealú sonrach a dhéanamh idir an chuid den chumarsáid a bhí aonarach agus pearsanta, agus an chuid arbh fhaisnéis don phobal i gcoitinne a bhí ann.Ní fhoráiltear sa reachtaíocht don chumarsáid a bheith ina aonar nó a bheith tánaisteach do chumarsáid eile.Fad is atá sí á déanamh ag comhlacht poiblí faoin Acht i scríbhinn le haicme den phobal i gcoitinne le faisnéis a sholáthar, tagann sí faoi bhrí na forála i bhfo-alt 9(3) den Acht.”

11. Tá sé ina argóint ag an achomharcóir go ndearna an freagróir earráid dlí trí mhíthuiscint a bhaint den Acht. Thug an t-achomharcóir le fios gur fhíor-thábhachtach gur seoladh clúdach litreach ina raibh an fhaisnéis agus an t-ábhar chuig úinéirí maoine agus gur marcáladh é le “Príobháideach & Faoi Rún”. Bhí seoladh pearsanta ar an litir agus bhí sonraí pearsanta ar an Tuairisceán cánach.

Conclúidí:
12. Comhaontaíonn na páirtithe gurbh ionann an chumarsáid idir na Coimisinéirí Ioncaim agus úinéirí ainmnithe maoine agus cumarsáid a rinne comhlacht poiblí i scríbhinn.

13. Níl aon deacracht agam an leabhrán faisnéise a shainaithint mar chumarsáid i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim le haicme den phobal i gcoitinne.Tá an aicme sin inaitheanta mar dhaoine a bhfuil úinéireacht acu ar mhaoin chónaithe. Ní fhéadfaí a áitiú, i ndáiríre, nach raibh sé de chuspóir ag an leabhrán faisnéis a sholáthar don aicme sin. Cé nach ndearna mé cur síos ar ábhair an leabhráin sa bhreithiúnas seo, is fíor le rá go ndéanann an leabhrán cur síos ar an gcáin mhaoine agus go soláthraíonn sé faisnéis maidir leis an mbealach is féidir an cháin a íoc. Tacaíonn an chaoi gur úsáideadh an leabhrán céanna mar fheachtas faisnéise poiblí sular tosaíodh an feachtas pearsantaithe leis an tuairim seo. Meabhraítear gur scaipeadh céad eagrán an leabhráin (bhí thart ar 70,000 cóip de) ar leabharlanna, oifigí um fhaisnéis do shaoránaigh agus oifigí áitiúla cánach i nGaeilge agus i mBéarla. Níor lorg an t-achomharcóir an argóint a dhéanamh sna himeachtaí seo nár chumarsáid a bhí sa chéad eagrán den leabhrán a bhí á rialáil faoi alt 9(3), a cheanglaíonn an leabhrán a sholáthar i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

14. Ní athraíonn an bealach a scaipeadh an leabhrán a shaintréithe. Ní athraíonn an chaoi gur ghabh litir phearsantaithe agus foirm phearsantaithe leis an dara heagrán agus go raibh sé faoi iamh i gclúdach litreach a bhí marcáilte le ‘Príobháideach agus Faoi Rún’, gur chumarsáid ó chomhlacht poiblí i scríbhinn le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a sholáthar don aicme sin a bhí sa leabhrán.

15. Lorg an t-achomharcóir le cur ina luí ar an gcúirt, má sheastar le léirmhíniú an fhreagróra, go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí, amach anseo, faisnéis a chorprú, ar cheart di bheith i leabhrán, i litreacha pearsantaithe ina ionad sin, chun an dualgas a sheachaint chun leabhráin a fhoilsiú go dátheangach. Nílim faoin tuairim go mbeadh an cineál sin d’iompar ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí. Táim cinnte gurb eol go maith do chomhlachtaí poiblí go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí an Acht 2003 úsáid úsáid na Gailge a spreagadh ar mhaithe le cuspóirí oifigiúla. In aon chás, caithim leis an gceist maidir le cibé acu an ionann nó nach ionann litir a seoladh go pearsanta do gach duine d’aicme den phobal ar mhaithe le faisnéis a sholáthar ó chomhlacht poiblí agus cumarsáid atá á rialáil faoi alt 9(3) mar cheist oscailte nach gá cinneadh a dhéanamh uirthi san achomharc seo. Deirim an méid seo mar gheall nach bhfuil mé cinnte an bhféadfadh comhlacht poiblí ceanglais an ailt a sheachaint trí fhaisnéis a sheoladh i litreacha pearsantaithe chuig daoine ainmnithe d’aicme.

16. Dá n-éireodh le hargóintí an achomharcóra, chiallódh sé nach mór go mbeadh leabhrán (gur cumarsáid faoi alt 9(3) í) a scaiptear ar dhaoine gan a n-ainmneacha a úsáid i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla, ach níor ghá don leabhrán céanna, dá seolfaí é sa phost i gclúdach litreach ar a bhfuil duine ainimnithe, ach a bheith i mBéarla. Ar an gcuma chéanna, bheadh ar an leabhrán céanna i gclúdach litreach a sheoltar go simplí chuig “An tÁititheoir” gan aon fhaisnéis eile a lua ar an gclúdach litreach, a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Is í mo thuairim nach iad seo na torthaí a bhí beartaithe ag an Oireachtas. I mo thuairim, ní sheachnaíonn cumarsáid alt 9(3) den Acht a chomhlíonadh díreach mar gheall go dtugtar an fhaisnéis d’aicme den phobal i gcoitinne tríd an gcumarsáid a sheoladh go pearsanta chuig gach duine den aicme sin – mar shampla, tríd an gcóras poist nó trí ríomhphost.

17. Mar fhocal scor, comhaontaím leis an bhfreagróir go bhféadfaí cumarsáid ina bhfuil roinnt cáipéisí a dheighilt idir earraí nach mór dóibh alt 9(3) a chomhlíonadh agus earraí nach gá dóibh alt 9(3) a chomhlíonadh.

18. Diúltaím an t-achomharc agus seasaim le torthaí an fhreagróra.










Ar ais ar barr an leathanach