Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Mac Aodháin -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2010] IEHC 40
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2008 No. 532 J.R.
Dáta Seachadta:
02/19/2010
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Clarke J.
Stádas:
Formheasta

Uimhir Luaite Neodrach: [2010] IEHC 40

AN ARD CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

[2008 No. 532 J.R.]




IDIR

PASCAL MAC AODHÁIN
IARRATASÓIR
AGUS

ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, RIALTAS NA hÉIREANN, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, AGUS AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS an Bhreithimh Clarke tugtha an 19 Feabhra, 2010

1. Réamhrá
1.1 Is é atá sa bhreithiúnas seo ná ceist a bhaineann le follasú doiciméad a éiríonn as imeachtaí a ardaíonn ceisteanna tábhachtacha maidir le Breithiúna Dúiche a leithdháileadh ar dhúichí áirithe ina labhraítear Gaeilge.

1.2 Sna himeachtaí substaintiúla éilíonn an t-iarratasóir (“An tUasal Mac Aodháin”) go bhfuil teidlíocht aige ar roinnt faoiseamh maidir le ceapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan chuig Dúiche Uimh. 1, mar aon le faoisimh eile a éiríonn as an méid teidlíochta a deirtear a bheith ag an Uasal Mac Aodháin ar ghnó áirithe cúirte a stiúradh trí Ghaeilge. Is iad na t-aon cheisteanna a éiríonn sna himeachtaí substaintiúla atá ábharthach don iarratas seo ná iad sin a bhaineann le ceapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan chuig Dúiche Uimh. 1.

1.3 Sa chomhthéacs sin lorgaíonn an tUasal Mac Aodháin go ndéanfaí catagóir aonair doiciméad a fhollasú. Tugann na freagróirí (“an Stát”) conspóid in aghaidh theidlíocht an Uasail Mhic Aodháin ar an bhfollasú sin. Dírím, mar sin, ar na saincheisteanna sonracha atá i gceist.

2. Na Saincheisteanna
2.1 Lorgaíonn an tUasal Mac Aodháin go ndéanfaí an chatagóir seo a leanas de dhoiciméid a fhollasú:-

      “Cáipéis ar bith a thug na freagróirí Stáit san áireamh agus forálacha alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais á meas ag na freagróirí Stáit í gcomhthéacs an Breitheamh léannta Zaidan a cheapadh ina bhreitheamh Dúiche do Dhúiche 1.”
2.2 Deirtear go bhfuil doiciméid laistigh den chatagóir sin ábharthach don tsaincheist maidir le cibé ar chomhlíon an Stát a chuid oibleagáidí reachtúla maidir le ceapachán breithimh dúiche chuig Dúiche Uimh. 1, nó nár chomhlíon. Sa chomhthéacs sin, tá sé iomchuí tagairt a dhéanamh d’alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 (“Acht 1924”), ina ndéantar foráil mar seo a leanas:-
      “Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d’áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsaid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.”
2.3 Deirtear thar ceann an Uasail Mhic Aodháin (ag cur iontaoibh ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in Ó Monacháin v. An Taoiseach agus Daoine Eile [1980 – 1998] T.É.T.S. 1), go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát (cé nach dualgas iomlán é) féachaint lena chinntiú go mbeidh an leibhéal Gaeilge a éilítear le halt 71 ag breitheamh a cheapfar i limistéar Cúirte Dúiche ábharthach ina n-úsáidtear an Ghaeilge ar an mbealach a bhfuil cur síos déanta air san alt sin. Is léir go moltar san alt, sa mhéid is go bhfuil sé indéanta é sin a dhéanamh, go mbeadh an oiread eolais ar an nGaeilge ag Breitheamh Dúiche a cheaptar chuig limistéar den sórt sin is a chuirfeadh ar a chumas aon imeachtaí a bheadh os a chomhair nó os a comhair a stiúradh i nGaeilge gan aistritheoir a bheith ag teastáil uaidh nó uaithi. Ar mhaithe le cúrsaí tagartha tagróidh mé don chaighdeán Gaeilge sin mar an leibhéal reachtúil Gaeilge.

2.4 Sa mhéid is a bhaineann sé leis na faoisimh ábharthacha a éilítear, is é an cás atá á dhéanamh ag an Uasal Mac Aodháin, mar sin, ná go bhfuil teipthe ar an Stát, sa mhéid is go bhfuil indéanta, breitheamh a cheapadh a bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge sin aige nó aici.

2.5 Ba chóir a thabhairt ar aird gur cuireadh fianaise os comhair na Cúirte thar ceann an Uasail Mhic Aodháin, san iarratas ar chead, a thug le fios nach raibh an leibhéal reachtúil Gaeilge ag an mBreitheamh Dúiche léannta atá i gceist. Ní thuigim gur thug an Stát conspóid in aghaidh na saincheiste sin mar ábhar fíorais. Ar an gcaoi chéanna, ní dhealraíonn sé go bhfuiltear á chonspóidiú gur dúiche í Dúiche Uimh. 1 lena mbaineann foráil alt 71. Sna himthosca sin is cosúil go nglactar leis go bhfuil dualgas ar an Stát, sa mhéid is go bhfuil sé indéanta, breitheamh a cheapadh chuig an dúiche sin a bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge aige nó aici. Is i gcomhthéacs an fhíorais gur ceapadh breitheamh nach raibh an leibhéal reachtúil Gaeilge aige a éiríonn na saincheisteanna sna himeachtaí substaintiúla. Sa mhéid is a bhaineann sé leis an iarratas seo baineann na saincheisteanna ábharthacha leis na bearta nó na céimeanna, más ann dóibh, a ghlac an Stát le féachaint lena chuid dualgas faoi alt 71 a chomhlíonadh agus is ar na saincheisteanna sin a dhírítear an follasú.

2.6 Cuireann an Stát i gcoinne an iarratais ar fhollasú ar dhá bhonn. Ar an gcéad dul síos, deirtear nach bhfuil na doiciméid a iarrtar ábharthach. Ar an dara dul síos, deirtear gur chóir, mar gheall ar bheartas poiblí, nach dtreoródh an chúirt follasú na ndoiciméad iarrtha, fiú amháin má tá siad ábharthach. Molaim go ndéileálfaí le gach ceann de na saincheisteanna astu féin. Dírím ar dtús, mar sin, ar cheist na hábharthachta.

3. Ábharthacht
3.1 Faoin gceannteideal seo déanann an Stát an argóint nach mbeidh follasú ábharthach de ghnáth in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, rud a chuireann an iontaoibh ar, i measc údaráis eile, bhreithiúnas Geoghegan Bh. in Carlow Kilkenny Radio Ltd. v. Broadcasting Commission of Ireland [2003] 3 I.R. 528 ag lch 531, áit a dúradh an méid seo a leanas:-

      “It is trite law that judicial review is not concerned with the correctness of a decision, but rather with the way the decision is reached. It follows that the categories of document which a court would consider were necessary to be discovered will be much more confined than if the litigation related to the merits of the case.”
3.2 Ar an mbunús sin déantar an argóint gur annamh a bheidh follasú ábharthach, mar gheall go mbaineann athbhreithniú breithiúnach leis an bpróiseas cinnteoireachta seachas le tuillteanas an chinnidh. Déantar tagairt do shliocht eile ó bhreithiúnas Geoghegan Bh. in Carlow Kilkenny Radio, ag lch 537, áit a ndeirtear an méid seo a leanas:-
      “discovery will not normally be regarded as necessary if the judicial review application is based on procedural impropriety as ordinarily that can be established without the benefit of discovery.”
3.3 Ina theannta sin, tá údarás soiléir ag an tuairim nach féidir le gearánaí, i ngach cás (agus go háirithe in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh), dearbhú lom gan bhunús a dhéanamh agus ansin éileamh a dhéanamh ar fhollasú doiciméad agus é nó í ag súil go bhféadfadh fianaise a bheith sna doiciméid sin chun tacú lena éileamh. Féach, mar shampla, Re Rooney’s Application [1995] N.I. 398 ag 414-415 de réir Carswell L.J. agus R. v. Health Secretary ex p. Hackney London Borough Council (Neamhthuairiscithe, 29 Iúil 1994).

3.4 Thrácht Murray Bh., in Aquatechnologie Ltd. v. National Standards Authority of Ireland [2000] I.E.S.C. 64, don cheist freisin ar an mbealach seo a leanas:-

      “… an applicant for discovery must show it is reasonable for the Court to suppose that the documents contain information which may enable the applicant to advance his own case or to damage the case of his adversary. An applicant is not entitled to discovery based on mere speculation or on the basis of what has been traditionally characterised as a fishing expedition.”
3.5 Ó na húdaráis sin is cosúil go bhfuil sé tábhachtach in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, nuair a bhítear ag smaoineamh ar ábharthacht, a aithint conas a d’fhéadfadh an doiciméad atá i gceist a bheith ábharthach do na cineálacha sonracha saincheisteanna a thiocfaidh i gceist san iarratas ábharthach ar athbhreithniú breithiúnach seachas é a bheith ábharthach do na ceisteanna substaintiúla a bhí os comhair an chinnteora. Ar an gcaoi chéanna ní mór bunús inchreidte a leagan síos chun go dtabharfar le fios go bhfuil an cineál doiciméadúcháin a lorgaítear ann i ndáiríre.

3.6 In aghaidh an chúlra sin, ní mór díriú ar fhíorais an cháis seo. Tá an cineál cinnidh a bheidh le déanamh ag an gCúirt, ag an éisteacht shubstaintiúil sna himeachtaí seo, cineál difriúil ón ngnáthchinneadh a bhíonn mar ábhar ag imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Baineann formhór na n-agóidí i gcoinne athbhreithnithe bhreithiúnaigh ina mbíonn cinnteoireacht i gceist le hagóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh a dhéanann duine nó comhlacht a bhfuil an teidlíocht dhlíthiúil aige cinneadh gar-bhreithiúnach a dhéanamh nó cinntí a dhéanamh atá ina gceangal dlí a eascraíonn ó chumhacht reachtúil a chleachtadh. I roinnt cásanna is iad na t-aon shaincheisteanna a bhféadfaí a bheith ag súil leo i ndáiríre ná iad sin a bhaineann le ceisteanna nós imeachta (is iondúil nach mbeadh follasú ábharthach maidir leo sin) nó ceisteanna maidir le cibé an raibh sé de cheart ag an gcinnteoir teacht ar an gconclúid a rinneadh ar bhunús na n-ábhar agus na fianaise a bhí os comhair an chinnteora a bhí i gceist, nó nach raibh. Arís ar ais, ar an gcoinníoll go bhfuil na hábhair ábharthacha go léir a bhí os comhair an chinnteora os comhair na Cúirte, is deacair a rá conas a d’fhéadfaí a rá go bhfuil gá le follasú.

3.7 Tá catagóirí áirithe cinntí áfach nach dtagann an cinnteoir ar chonclúid a bhaineann le fianaise nó ábhair áirithe a bheith á mheas aige/aici in aon chor. I bhformhór cásanna, is sa chatagóir sin a bhíonn cinntí maidir le breithimh a cheapadh agus go deimhin breithimh den chúirt dúiche agus chuarda a leithdháileadh ar limistéir dhúiche nó ar limistéir chuarda áirithe.

3.8 Ní leagtar aon cháilíocht faoi leith síos sa Bhunreacht maidir le breitheamh a cheapadh. In The State (Walshe) v. Murphy [1981] I.R. 275 b’éigean do rannán den Chúirt seo smaoineamh ar bhailíocht cheapachán breithimh dúiche. Sa chás sin mheas Finlay Ua., ag labhairt thar ceann na cúirte rannaí, go raibh forálacha alt 51 d’Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936 (inar forordaíodh íoschoinníollacha cleachtais maidir le ceapachán chuig binse na Cúirte Dúiche) comhsheasmhach leis an mBunreacht agus bhreithnigh sé cibé, ag labhairt go hoibiachtúil agus de réir an ailt arna fhorléiriú i gceart, an raibh an breitheamh dúiche a bhí i gceist cáilithe i ndáiríre lena cheapadh nó nach raibh. Tá sé tábhachtach, ar ndóigh, béim a chur air nár bhain an cheist sa chás sin le cibé an raibh nó nach raibh aon ghné de chinneadh an rialtais an breitheamh dúiche a bhí i gceist a ainmniú i gcomhair ceapacháin ag an Uachtarán neamhdhleathach mar chinneadh. Cinneadh in Walshe nach raibh sé de rogha, mar ábhar dlí, ag an Rialtas an breitheamh dúiche a bhí i gceist a ainmniú de bhrí nach raibh an cháilíocht riachtanach aige. Ba cheanglas iomlán í an íoscháilíocht chleachtais a bhí á meas in Walshe, ar ndóigh, ach níl dualgais an Rialtais faoi alt 71 d’Acht 1924 iomlán.

3.9 Ní gá, ar ndóigh, aghaidh a thabhairt ar aon bhealach cinntitheach ar na saincheisteanna a ardófar sna himeachtaí substaintiúla. In ainneoin sin is léir domsa ó Walshe go bhfuil, ar a laghad ar bith i gcásanna áirithe, sé oscailte do na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ar cibé ar chomhlíon ceapachán breithimh dúiche an dlí nó nár chomhlíon. Dealraítear domsa ag leanúint ón tairiscint sin agus ó chinneadh na Cúirte Uachtaraí in Ó Monocháin, a bhfuil tagairt déanta agam dó cheana féin, go bhfuil sé ar a laghad ar bith oscailte do na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Rialtais maidir le breitheamh dúiche a ainmniú chuig dúiche áirithe, sa chás go bhfuil an dúiche atá i gceist ceangailte ag forálacha alt 71 d’Acht 1924. Ní hé sin le rá go mbeidh gnáthchinneadh a dhéanann an Rialtas aon duine a ainmniú don Uachtarán chun é nó í a cheapadh chuig aon chúirt mar ábhar athbhreithnithe de ghnáth maidir le tuillteanas ginearálta an chinnidh a dhéanann an Rialtas. Ar an gcaoi chéanna ní hiondúil go ndéanfar athbhreithniú ar ghnáthchinneadh maidir le breitheamh a leithdháileadh ar bhonn buan chuig dúiche nó ciorcad. Má tá sainfhoráil reachtúil ann, áfach, maidir leis na himthosca ina gcaithfear ceapachán nó ainmniúchán a dhéanamh chuig dúiche nó chuig ciorcad áirithe, feictear domsa, ag leibhéal prionsabail, gur féidir argóint a dhéanamh ar a laghad gur féidir géilliúntas an Rialtais leis an bhforáil reachtúil ábharthach a ardú in imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

3.10 Ní cás é seo ina ndéanann an Rialtas cinneadh bunaithe ar ábhair agus ar bhreathnú sainithe. Is cirte a rá gur cás é a bhfuil an Rialtas scaoilte faoi de ghnáth ach faoina gcaithfidh sé gníomhú, i gcás breitheamh dúiche a cheapadh ar bhonn buan chuig dúiche áit a bhfuil an leibhéal riachtanach Gaeilge in úsáid ghinearálta, d’fhonn a chinntiú, sa mhéid is go bhfuil sé indéanta, go bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge ag an mbreitheamh atá i gceist. Sna himthosca sin is dóigh liom go mbeadh sé réasúnach ceist a chur maidir le ceisteanna fíorais a bhaineann leis an leibhéal iarrachta a rinne an Rialtas, ó thaobh iarracht a dhéanamh a chinntiú an raibh breitheamh ar fáil a raibh an leibhéal reachtúil Gaeilge aige nó aici le ceapadh go buan i nDúiche Uimh. 1. Níl aon amhras faoi ar ndóigh ach go mbeidh díospóireacht shuntasach dhlíthiúil ag an éisteacht shubstaintiúil maidir leis na céimeanna a chaithfidh an Rialtas a ghlacadh i ndáiríre chun an dualgas cáilithe atá air, gan amhras, a chomhlíonadh ag eascairt ó alt 71 d’Acht 1924. Mar sin féin is ceist mheasctha dlí agus fíorais í an cheist maidir le cibé ar chomhlíon an Rialtas a chuid dualgas faoi alt 71 nó nár chomhlíon. Is iad na fíorais a d’fhéadfadh a bheith ábharthach ná na hiarrachtaí a rinne an Rialtas le teacht ar iarrthóir oiriúnach a mbeadh an leibhéal reachtúil Gaeilge aige nó aici.

3.11 Tá an cinneadh ginearálta sin faoi réir cáilíochta áfach. Ba chóir a thabhairt ar aird nach ndealraíonn sé domsa go bhféadfadh aitheantas aon bhreitheamh dúiche a d’fhéadfaí a mheas lena cheapadh chuig Dúiche Uimh. 1 a bheith ábharthach. Is é an rud atá ábharthach ná an méid fiosrúcháin a rinne an rialtas ina leith agus torthaí na bhfiosrúchán sin (seachas daoine aonair a aithint). In imthosca mar sin mheasfainn in aon chás go mbeadh sé iomchuí aon doiciméid a chur in eagar ar bhealach a bhainfeadh ó nochtadh aon ábhar a d’fhéadfadh breitheamh aonair dúiche a aithint.

3.12 Is gá ansin díriú ar an gceist maidir le cibé ar taispeánadh go bhfuil féidearthacht réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid ábharthacha a bheith ann. Is cosúil dar liomsa go bhfuil bunús ann lena rá go bhféadfadh doiciméadúchán ábharthach a bheith ann. Le linn na hargóinte tarraingíodh m’aird ar thuarascáil an Choimisinéara Teanga ina bhfuil achoimrí maidir le himscrúduithe a rinne an Coimisinéir sin sa bhliain 2007. Le linn don Choimisinéir Teanga torthaí imscrúdaithe a leagan amach, imscrúdú a tionscnaíodh i ngearán a tháinig ó Chonradh na Gaeilge maidir le ceapachán chuig Dúiche Uimh. 1, dúirt sé gur cuireadh sraith ceisteanna os comhair an Tánaiste agus an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Is cosúil ó na freagraí a tugadh don Choimisinéir Teanga go raibh doiciméid ann a bhí ábharthach don imscrúdú a rinne sé ach gur coinníodh siar go dlisteanach go leor de na doiciméid sin de bhrí gur bhain siad le himeachtaí Rialtais, agus mar sin bhí an Coimisinéir den tuairim nach mbeadh sé sábháilte cinntí a dhéanamh agus moltaí a eisiúint in imthosca uile an cháis. Tugann athbhreithniú ar na ceisteanna a d’ardaigh an Coimisinéir Teanga le fios go bhfuil forluí éigin ar a laghad idir na ceisteanna a thriail sé a ardú mar thoradh ar an ngearán a rinne Conradh na Gaeilge a bhfuil tagairt déanta agam dó agus saincheisteanna a d’fhéadfadh a theacht chun cinn in imeachtaí substaintiúla an cháis seo. É sin ráite, ní thugaim aon tuairim ag an tráth seo maidir le moladh intuigthe a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar de roinnt de na ceisteanna a ardaíodh a deir go bunúsach nach amháin go gcaithfidh an Rialtas féachaint le breitheamh dúiche a aimsiú a bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge aige nó aici ó na breithimh dúiche atá ann cheana sa chás go dtagann ceapachán buan chuig dúiche ábharthach chun cinn, ach go gcaithfidh an Rialtas smaoineamh freisin, sa chás nach mbeidh dóthain breitheamh láncháilithe ann a bheidh réidh agus toilteanach gníomhú maidir le dúichí den sórt sin, ar bhreithimh eile a cheapadh a mbeidh an leibhéal reachtúil Gaeilge acu. Ní féidir cinneadh a dhéanamh ach amháin ag an éisteacht shubstaintiúil an bhfuil dualgas den sórt sin ar an rialtas agus, má tá, méid an dualgais sin. Ní cosúil go n-éilíonn an follasú a lorgaítear san iarratas seo go nochtfaí doiciméid atá ábharthach do cheapachán breithiúna dúiche go ginearálta nó ag aon phointe áirithe ama, ach tá sé teoranta go sonrach do dhoiciméid atá ábharthach do leithdháileadh buan breithimh chuig Dúiche Uimh. 1.

3.13 Tá bunús inchreidte ann, mar sin féin, le creidiúint go bhféadfadh doiciméadúchán ábharthach a bheith ann. Ar na cúiseanna a d’fhéach mé le hanailís a dhéanamh orthu táim sásta go bhféadfadh sé go bhfuil an doiciméadúchán sin ábharthach do na saincheisteanna a d’fhéadfaí a ardú sna himeachtaí. Faoi réir ag an atheagrú iomchuí ar thagair mé dó agus don cheist maidir le beartas poiblí a ndíreoidh mé uirthi anois, ba chóir doiciméid den sórt sin a fhollasú.

4. Beartas poiblí
4.1 Thagair Abhcóide an Stáit do Murphy v. Dublin Corporation [1972] I.R. 215 inar léir gur féidir doiciméid a tharraingt siar ó nochtadh in imthosca ar lú an leas poiblí ina nochtadh (mar chúnamh le réiteach cóir a fháil ar na himeachtaí ábharthacha) ná an leas poiblí, ar chúiseanna Stáit, a d’fhéadfaí a bhaint amach trí neamhnochtadh. Is léir ó Murphy (agus é athdhearbhaithe ag an gCúirt Uachtarach in Ambiorix v. Minister for the Environment (No. 1) [1992] 1 I.R. 277) gur faoin gcúirt atá sé go bunúsach measúnú a dhéanamh faoi ar chóir tús áite a thabhairt do leas an phobail thar fhíricí aon chás ar leith. Nuair is iomchuí ba chóir don Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid atá i gceist chun cabhrú léi an measúnú sin a dhéanamh.

4.2 Mar sin féin déantar tagairt anuas air sin don bhreithiúnas a thug O’Neill Bh. in Leech v. Independent Newspapers (Ireland) Ltd. [2009] I.E.H.C. 259, áit, i gcomhthéacs an fhollasaithe a lorgaíodh maidir le doiciméid a d’éirigh as fiosrúchán a rinneadh ar mhaithe le leas an phobail in imthosca inar deimhníodh do na rannpháirtithe san fhiosrúchán ábharthach go mbeadh rúndacht ar fáil dóibh, ar dhúirt O’Neill Bh. an méid seo a leanas:-

      “[T]he viability of this form of pubic inquiry would almost certainly be defeated if there was risk of disclosure, where confidentiality had been sought from and granted by the person conducting the inquiry.”
4.3 Is fíor a rá, in Ambiorix, gur dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach glacadh le hargóint a cuireadh chun tosaigh thar ceann chosantóir an Stáit sa chás sin sa mhéid go raibh catagóirí áirithe doiciméad a bhí, iontu féin, faoi réir ag an mbuntáiste a bhainfeadh le díolúine ar mhaithe le leas an phobail. Ní fheicim gur imigh breithiúnas O’Neill Bh. in Leech ón tairiscint leathan sin. Ní hé go bhfuil na doiciméid a bhain leis an bhfiosrúchán a bhí i gceist in Leech i gcatagóir a bhfuil díolúine aici ó nochtadh. Is amhlaidh go raibh leas an phobail ar mhó é ná nochtadh an bhfíricí in Leech i gceist i gceadú do dhaoine déileáil le fiosrúchán den chineál a bhí i gceist ar bhonn rúnda, seachas go raibh an fhaisnéis a bhí le fáil sna doiciméid iad féin ar dhóigh go mbeadh a nochtadh contrártha do leas an phobail.

4.4 Ar an mbunús sin ní dhealraíonn sé domsa go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil aon leas pobail riachtanach ann a chuirfeadh bac ar nochtadh na foirme faisnéise teoranta a lorgaíodh sa chás seo. Ní lorgaíonn an tUasal Mac Aodháin nochtadh ar gach doiciméad atá ábharthach maidir le hainmniúchán an bhreithimh léannta dúiche chuig Dúiche Uimh. 1. Ní lorgaíonn sé ach an oiread doiciméid atá ábharthach do cheapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan nó aon bhreitheamh eile chuig an mbinse. Lorgaítear ina áit sin doiciméid atá ábharthach don cheist shonrach maidir le cibé ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Rialtas sách maith a chuid dualgas faoi alt 71 d’Acht 1924 maidir leis an mBreitheamh Dúiche Zaidan a ainmniú chuig Dúiche Uimh. 1. Ní lorgaítear doiciméadúchán eile a d’fhéadfadh a bheith ábharthach don cheapachán sin agus nach mbaineann le ceisteanna a bhaineann le halt 71 d’Acht 1924 a chomhlíonadh. Feicim go rímhaith go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal ó thaobh cosc a chur ar nochtadh aon chatagóir doiciméad níos leithne. Mar sin féin, ag glacadh leis go bhfuil dualgas reachtúil sonrach ar an Rialtas faoi alt 71 d’Acht 1924, dealraítear dom nach bhféadfadh doiciméid a bhain leis an gceist faoi cibé ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Rialtas i ndáiríre an dualgas reachtúil sin a bheith, iontu féin, faoi réir ag díolúine ó nochtadh bunaithe ar leas an phobail.

4.5 Sa chás go bhfuil aon ábhair shonracha in aon doiciméid den sórt sin, sa chás go bhféadfaí a dheimhniú go bhféadfadh nochtadh na faisnéise féin a bheith contrártha do leas an phobail, ansin bheinn sásta ceist den sórt sin a mheas dá n-ardófaí í ar an mbealach cuí sa mhionnscríbhinn follasaithe le tacaíocht ó fhianaise iomchuí sa mhionnscríbhinn sin. Sna himthosca sin d’fhéadfadh sé go mbeadh orm athbhreithniú a dhéanamh ar an doiciméadúchán ábharthach d’fhonn teacht ar bhreithiúnas. Mar sin féin, chun críocha na ceiste a thagann aníos ag an bpointe ama seo, ní mheasaim go bhfuil sé iomchuí a bheith den tuairim go bhfuil aon díolúine ghinearálta ó leas an phobail a chuirfeadh cosc ar fhollasú doiciméad den sórt a lorgaíodh sa chás seo.

4.6 Ar an gcaoi chéanna nílim sásta, sa chás go bhfuil dualgas reachtúil sonrach ar an Rialtas faoi alt 71 d’Acht 1924, go mbeadh sé iomchuí tuairim ghinearálta ar bith a ghlacadh a thabharfadh le fios nár chóir doiciméadúchán ag leibhéal an Rialtais a nochtadh díreach mar gheall go bhféadfaí lena leithéid de nochtadh doiciméid a ullmhaítear le haghaidh cruinnithe Rialtais a nochtadh. Tá sé tábhachtach a rá nach síneann an follasú a lorgaítear sa chás seo chuig aon cheist maidir le tuillteanas cheapachán an Bhreithimh Dúiche Zaidan chuig Dúiche Uimh. 1, seachas na ceisteanna a bhaineann le ceapachán breithimh a bhfuil an leibhéal reachtúil Gaeilge aige nó aici mar bhreitheamh buan sa dúiche ábharthach. Sna himthosca sin measaim gur nochtadh iomchuí é an nochtadh teoranta a lorgaítear sa chás seo ag féachaint do na nithe a bhfuil foráil déanta dóibh in Airteagal 28.4.3 den Bhunreacht. Thitfeadh ceisteanna a d’fhéadfadh baint a bheith acu leis an tuillteanas atá le breitheamh amháin nó breitheamh eile a cheapadh nó breitheamh amháin nó breitheamh eile a leithdháileadh ar dhúiche nó ar chiorcad ar leith, dar liom, isteach i gcatagóir dhifriúil ar bhealach nach bhféadfaí ábhair a nochtann an díospóireacht sa chomh-aireacht maidir le tuillteanas aon cheapachán nó leithdháileadh faoi leith a bheith mar ábhar nochta i ndáiríre.

4.7 Ag glacadh leis an gconclúid sin ní mheasaim go bhfuil an breithiúnas a thug McGovern Bh. in Minister for Education and Science v. Information Commissioner [2009] 1 I.R. 588 ábhartha.

5. Conclúidí
5.1 Ar na cúiseanna a d’fhéach mé le hanailísiú táim sásta, mar sin, go bhfuil, faoi réir ag an atheagrú ar thagair mé dó ag alt 3.11 thuas, go bhféadfadh doiciméid laistigh den chatagóir a lorgaíodh a bheith ábharthach do na ceisteanna is dóigh a thiocfaidh chun cinn ag éisteacht na n-imeachtaí substaintiúla.

5.2 Ar na cúiseanna a d’fhéach mé le hanailísiú freisin nílim sásta go bhfuil aon díolúine ghinearálta ar mhaithe le leas an phobail ná aon chosc bunreachtúil a chuirfeadh cosc ar dhoiciméid laistigh den chatagóir sin ó bheith nochta fiú amháin má bhí fianaise faoi chinntí rialtais i ndoiciméid den sórt sin. Ní hé sin le rá áfach nach bhféadfadh doiciméid aonair a bheith laistigh den chatagóir (nó codanna de dhoiciméid den sórt sin) áit a bhféadfadh an fhaisnéis atá taifeadta iontu a bheith ar dhóigh inti féin a tharraingeodh díolúine ar mhaithe le leas an phobail maidir le nochtadh. Más amhlaidh atá an cás nó más mian leis an Stát a dhearbhú go bhfuil an cás amhlaidh, is é an bealach is oiriúnaí le déileáil le cás den sórt sin ná gur chóir díolúine den sórt sin a éileamh sa mhionnscríbhinn follasaithe ar an ngnáthbhealach. Ní tharlódh sé sin ach amháin dá mbeadh sé soiléir go dtarraingeodh gach doiciméad den sórt sin díolúine ar mhaithe le leas an phobail agus go mbeadh sé oiriúnach gan ordú ar fhollasú a dhéanamh de bhrí nárbh fhiú follasú a threorú in imthosca den sórt sin.

5.3 Beidh ordú ar fhollasú mar sin sna téarmaí a lorgaítear faoi réir ag an teidlíocht a bhfuil tagairt déanta agam di maidir le hatheagrú a dhéanamh. Éistfidh mé arís le habhcóide an Stáit maidir le haitheantas an duine ar chóir dó nó di an mhionnscríbhinn a mhionnú agus maidir leis an uair ar chóir an mhionnscríbhinn sin a thabhairt.










Ar ais ar barr an leathanach