Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Conaire -v- An Breitheamh Dúice Uinsin Mac Gruairc & Chuid eile
Lua Neodrach:
[2009] IEHC 430
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2007 1718 JR
Dáta Seachadta:
10/06/2009
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
O'Neill J.
Stádas:
Formheasta

Uimhir Luaite Neodrach: [2009] IEHC 430

AN ARD CHÚIRT
2007 1718 JR
STIOFÁN Ó CONAIRE
IARRATASÓIR
AGUS

AN BREITHEAMH DÚICHE UINSIN MAC GRUAIRC,

AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ,

ÉIRE

AGUS

AN tArd AIGHNE

FREAGRÓIRÍ

Breithiúnas O’Neill B. tughta ar an 6ú Deireadh Fómhair, 2009

1. Na faoisimh atá á lorg
1.1 Dheonaigh an Chúirt seo cead ar an 17ú Nollaig, 2007, chun dul i mbun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag lorg na bhfaoiseamh seo a leanas:-

      1. Dearbhú go bhfuil an cúisí ar mian leis a chosaint ar ionchúiseamh a riaradh as Gaeilge i dteideal na ráitis finné atá ag dul dó a fháil as Gaeilge go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge gan bhac, gan míbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid.

      2. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an dara freagróir ainmnithe agus/nó ar an tríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe anseo tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog cúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge, a theanga dhúchais, an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit gan bhac gan míbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

      3. Ordú certiorari ag cealú cinneadh an chéad fhreagróra nach bhfuil an t-iarratasóir i dteideal tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog chúisimh 460336.

      4. Ordú mandamus ag tabhairt ar an dara freagróir nó ar an dtríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog chúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir.

      5. Ordú toirmisc ag cosc ar na freagróirí, a gcuid seirbhísigh agus gníomhairí, ó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh de bhun bileog chúisimh 460336 go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtú orthu sa chás de bhun bileog chúisimh 460336 ar fáil don iarratasóir.

      6. Ordú toirmisc ag cosc ar na freagróirí, a gcuid seirbhísigh agus gníomhairí ó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh de bhun bileog chúisimh 460336.

2. Na Fíricí
2.1 Is cainteoir dúchais Gaeilge ó Rosmuc, Contae na Gaillimhe, an t-iarratasóir sa chás seo, a bhfuil cónaí air anois i mBaile Átha Cliath. Ar an 23ú Eanair, 2006, cúisíodh é le cion in aghaidh alt 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, mar atá leasaithe ag alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994. Tugadh os comhair an Chúirt Dúiche i mBaile Átha Cliath é maidir leis an gcion seo agus chuir sé in iúl don Chúirt gur mhian leis an cás a chosaint i nGaeilge.

2.2 Ar an 13ú Feabhra, 2006, dheonaigh an Chúirt seo cead don iarratasóir imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscain chun iad seo a leanas a fháil i nGaeilge: Rialacha na Cúirte Dúiche 1997; Achtanna agus ionstraimí reachtúla éagsúla; na bileoga chúisimh agus an teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser. Socraíodh an cás sin tar éis don Stáit aistriúcháin Ghaeilge ar na gcáipéisí thuasluaite a chur ar fáil dó.

2.3 Cuireadh an cás ar ais go dtí an Chúirt Dúiche. Ar an 15ú Deireadh Fómhair, 2007, do lorg an iarratasóir dáta trialach os comhair Breitheamh le Gaeilge agus ordú “Gary Doyle”, a dheonaigh an freagróir chéad ainmnithe. Mar thoradh ar an ordú Gary Doyle sheol an dara freagróir ainmnithe dhá ráitis finné agus cóip den taifead coimeádta chuig an iarratasóir. Bhí an dá ráitis finné i mBéarla agus an cóip den taifead coimeádta i nGaeilge. Scríobh aturnaetha an t-iarratasóra litreacha ar an 22ú Samhain, 2007, agus ar an 5ú Nollaig, 2007, chuig an nGarda Ionchúisimh ag lorg aistriúcháin Gaeilge de na ráitis finné. Níor tugaadh aon fhreagra ar na litreacha seo.

2.4 Ar an 10ú Nollaig, 2007, nuair a tháinig an cás le héisteacht sa Chúirt Dúiche, rinne an t-iarratasóir iarratas don fhreagróir chéad ainmnithe go gcuirfí ar fáil aistriúcháin Gaeilge de na ráitis finné dó, ionas go mbeadh sé in ann a chosaint a ullmhú agus a stiúradh as Gaeilge. Dhiúltaigh an freagróir chéad ainmnithe don iarratas seo toisc go raibh sé den tuairim gur leor soláthar na háiseanna teangaireachta ó bhéal ar lá na trialach go slánófaí ceart an iarratasóra a chosaint a stiúradh as Gaeilge. D’eascair ceist ansin maidir le cruinneas an leagan Gaeilge den teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser agus cuireadh an cás ar atráth go dtí an 14ú Eanair, 2008, ionas go bhféadfadh an Stát aistriúchán cruinn den teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser a chur ar fáil.

2.5 Thionscain na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo ar an 17ú Nollaig, 2007. I bhfógra forriarratas den dáta an 16ú Aibreáin, 2008, rinne an freagróir dara ainmnithe iarratas na himeachtaí seo a chur ar leataobh ar an mbonn gur mí-úsáid próisis a bhí iontu. Diúltaíodh don t-iarratas seo ar an 11ú Samhain, 2008.

3. Aighneachtaí na nAbhcóidí
3.1 D’aighnigh An tUasal Ó Tuathail A.S., thar ceann an iarratasóra, go raibh ceart bunreachtúil faoi Alt 8 agus/nó ceart faoin dlí coitianta cás a stiúradh as Gaeilge gan míbhuntáiste, gan chonstaic nó bhac agus gur sarú ar an gceart seo diúltiú do na ráitis finné a sholáthar. D’aighnigh sé nach raibh sé ag déanamh an cás nach bhfaighfeadh an iarratasóir triail chothrom, ach go raibh sarú á dhéanamh ar chearta teanga an iarratasóra. D’aighnigh sé gur chruthaigh cás An Stát (Mac Fhearraigh) v. MacGamhnia (1980-1998) T.É.T.S. 29 go mba chóir don té a roghnaíonn a chás a stiúradh as Gaeilge a bheith ar an leibhéal chéanna leis an té a roghnaíonn a chás a stiúradh as Béarla. D’aighnigh sé gur fhormheas an Chúirt Uachtarach leis an gcur chuige seo in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279. Bhraith sé freisin ar Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1980-1998) T.É. 46, Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil (1980-1998) T.É. 52 and Attorney General v. Coyne and Wallace (1967) 101 I.L.T.R. 17 maidir le seo. D’áitigh An tUasal Ó Tuathail go mba chóir idirdhealú a tharraingt idir an teangeolaíocht agus an aistriúcháin, sa mhéid is dá n-aistreofadh an ateangaire an cháipéis sin sa Chúirt ar lá na trialach amháin, go mbeadh an t-iarratasóir fágtha gan deis deileáil leis an gcáipéis lena aturnae roimh an éisteacht.

3.2 Aigníodh go raibh soláthar na ráitis finné chomh tábhachtach nó níos tábhachtaí fiú amháin ná soláthar na rialacha cúirte nó Achtanna ábhartha, toisc go raibh siad lárnach do chosaint an cás ar leith déanta i gcoinne an duine cúisithe agus go mbeadh fíor-chonstac nó mhíbhuntáiste in aghaidh an iarratasóir dá mba rud é go raibh air a chás a chosaint gan aistriúchán dóibh curtha ar fáil roimh an trial. Fiú dá mbeadh anró riaracháin ag baint lena n-aistriúcháin, a d’áitigh An tUasal Ó Tuathail, ní fhéadfaí é seo a úsáid mar leithscéal gan iad a sholáthar. Bhraith sé ar an gcás Ceanadach, R. v. Beaulac (1999) 1 S.C.R. 768 maidir le seo.

3.3 Luaigh An tUasal Ó Tuathail go raibh nós ann an leabhar fianaise a sholáthar i nGaeile agus rinne sé tagairt do mhionscríbhinn aturnae an iarratasóra, An tUasal Mac Aodháin, arna mionniú an 18ú Nollaig, 2007, agus mionnscríbhinn an Uasail Ó Murchú, aturnae eile a chleachtann i nGaeilge, arna mionniú ar an dáta céanna, maidir le seo. D’áitigh sé gur mhian leis an Stát anois an nós seo a bhriseadh agus Béarla a bhrú ar an iarratasóir.

3.4 D’aighnigh An tUasal Ó Braonáin A.S., thar ceann an bhfhreagróir dara ainmnithe, nach raibh aon dualgas cóipeanna do ráitis finné a sholáthar do dhaoine cúisithe. Níor aontaigh sé go raibh nós ann aistriúchán don leabhar fianaise a sholáthar sa ghnáthchúrsa do dhuine cúisithe nó go bhfuil dualgas ghinearálta é sin a dhéanamh. D’áitigh sé go bhféadfaidh iarratas d’aistriúchán a dhéanamh i ngach cás, ach gan níos mó ná seo.

3.5 D’aighnigh sé go ndéanann ráitis finné suas bunús an cháis a chaithfidh an duine cúisithe freagra a thabhairt air ach, ina aighneasa, ní raibh sé léirithe ag an iarratasóir don Chúirt go dtiocfadh constac sa bhealach air mura n-aistreofadh na ráitis finné go Gaeilge. Luaigh sé go bhféadfaí glacadh leis mar thátal gur thuig sé agus a chomhairleoirí dlí céard a dúirt na ráitis i mBéarla agus, mar thoradh ar sin, nach raibh aon baol ann do thrial míchothrom. D’aighnigh sé gur bhain An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia (1980-1998) T.É. 29 le ráitis ó bhéal sa Chúirt amháin agus gurb fhéidir é a idirdhealú. D’aighnigh sé, sa bhreis, go raibh sé lastigh do rogha an fhreagróir chéad ainmnithe diúltiú don iarratas na ráitis finné a chuir ar fáil don iarratasóir i nGaeilge.

3.6 Rinne An tUasal Ó Braonáin iarracht idirdhealú a dhéanamh idir Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279 agus an cás seo, sa mhéid is go raibh soláthar rialacha cúirte faoi chaibidil sa chás sin, cáipéis theicniciúil. Rinne sé idirdhealú sa bhreis idir an cás sin ar an mbonn go bhforáil Artigeal 25.4.4 den Bhunreacht, go sainiúil, Achtanna a bheith aistrithe isteach sa teanga oifigiúil eile. Luaigh sé nach raibh sé in ann ceart comhfhreagrach a aithint maidir le aistriúcháin ráitis finné. D’áitigh sé narbh é Airteagal 8 den Bhunreacht a d’aithin an Chúirt Uachtarach mar bhuncloch cearta an iarratasóra na rialacha cúirte a bheith curtha ar fáil i nGaeilge, ach, Artigeal 25.4.4.

3.7 D’aighnigh sé go raibh comhthéachs dlithiúil ábhartha dhifriúil i gCeanada, nach bhfuil a leithéad in Éirinn agus nár cóir an dictum i Beaulac a lenúint. Luaigh sé an breithiúnas ón gCúirt seo (Charleton Brmh.) le gairid in Ó Gríofáin v. Éire [2009] I.E.H.C.188 le tacú lena aighneas go bhfaighfeadh an t-iarratasóir trial chothrom in easnamh na gcáipéisí aistrithe.

3.8 D’aontaigh An tUasal Ó Máille A.S., thar ceann an triú agus an ceathrú bhfreagróirí, le aighneachtaí an Uasail Ó Braonáin agus lean sé iad. Thug sé faoi deara go bhfuil dhá chorpas dlí ag baint le cearta teanga, ceann amháin atá bunaithe ar phrionsabail an cheartais aiceanta, ag baint le daoine nach féidir leo teanga an Chúirt a thuiscint agus sa dara dul síos an chorpas dlí atá díorthaithe ó Airteagal 8 den Bhunreacht, atá bunaithe ar cheart rogha a dhéanamh maidir le ceann amháin de na teangacha oifigiúla.

3.9 D’aighnigh sé gurb í an phríomhcheist don Chúirt seo a chinntiú ná an bhfuil difríocht idir na ceisteanna a eascraíonn sa chás seo agus iad siúd a d’eascraigh in Ó Beoláin? D’áitigh sé go raibh siad fíor-dhifriúil toisc gur bhain an cás sin le soláthair cáipéisí theicniciúla. Mheabhraigh sé freisin gur chinntigh Charleton Brmh. in Ó Gríofáin v. Éire [2009] I.E.H.C. 188 nach raibh ceart ag duine cúisithe faoin mBunreacht do gach blúire páipéar a bheith tugtha dó nó di i nGaeilge le cosaint a stiúradh. D’aighnigh sé chomh maith nach raibh sonraí tugtha ag an iarratasóir maidir le cén constaic nó bac a bhí ina bhealach muna dtabharfaí na ráitis finné aistrithe dó.

4. Airteagal 8 den Bhunreacht
4.1 Is í an cheist lárnach atá le cinntiú sna himeachtaí seo ná an sarú ar fhorálacha Airteagal 8 den Bhunreacht an teip ar pháirt an Stáit ráitis finné i nGaeilge a sholáthar don iarratasóir. Ag croílár an cháis seo ná fairsinge chearta an iarratasóir agus/nó dualgas an Stáit faoi Airteagal 8 cáipéisí oifigiúla a sholáthar i nGaeilge. Ag an éisteacht ní dhearna an t-iarratasóir an cás nach bhfaighfeadh sé trial chothrom in easnamh na ráitis finné aistrithe. Dá bhrí sin, baineann an cás le cearta “teanga” amháin seachas cearta “trial chothrom”.

4.2 Foráiltear le hAirteagal 8 den Bhunreacht mar seo a leanas:-

      “1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

      2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

      3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.”


Ceart nó dualgas?
4.3 Sa chás Ó Gríbín v. An Chomhairle Mhúinteoireachta (Neamhtuairiscítear, An Ard Chúirt, 21ú Nollaig, 2007) le déanaí thug Murphy Brmh. faoi deara go bhfuil Airteagal 8 curtha in iúil ar mhodh dearbhaithe. Mar thoradh ar seo chinntigh sé, mar sin, nár chruthaigh sé cearta ach gur fhorchur sé dualgaisí intuigthe ar an Stát:-
      “4.1 Ní chuireann airteagail 8 den Bhunreacht cearta ar fáil maidir le stadas an teanga Ghaeilge agus cuirtear é i bhfoirm dearbhaithe. Cuireann an dearbhú seo den Ghaeilge mar an chead teanga oifigiúil, áfach, dualgais intuigthe ar an Stáit.”
Le linn a bhreithiúnas thagair Murphy Brmh. don sliocht seo a leanas ó bhreithiúnas an Phríomh-Bhreitheamh Kennedy in Ó Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469 a fhorléirigh Airteagal 4 de Bhrunreacht an tSaorstát, réamhtheachtaí Airteagal 8, sa mhodh seo a leanas ag lch. 483:-
      “The declaration by the Constitution that the National language of the Saorstát is the Irish language … did mean … by implication, that the State is bound to do everything within its sphere of action … to establish and maintain it in its status as the National language … None of the organs of the State, legislative, executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provisions of Art. 4.”
4.4 I gcás Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1980 – 1998) T.É.T.S. 46, bhraith Ó hAnluain Brmh. ar an sliocht thuas freisin ó bhreithiúnas an Phríomh-Bhreitheamh Kennedy nuair a rialaigh sé go raibh dualgas ar an Stáit aistriúchán do Rialacha na n-Uaschúirteanna a chuir ar fáil lastigh d’achar réasúnta don Choiste Rialacha agus an tAire glacadh leis na rialacha Béarla. Rialaigh sé sa chás sin gur theip ar an Stát an dualgas seo a chomhlíonadh.

4.5 Luaigh Hardiman Brmh. an sliocht céanna ó bhreithiúnas an Phríomh-Bhreitheamh Kennedy agus é á mheas brí Airteagal 8 den Bhunreacht, in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279 ag lch. 316 agus chinn sé mar a leanas:-

      “Creidim gur cuí d'fhorléiriú Airteagal 8 freisin an impleacht a chuireann an Príomh-Bhreitheamh Kennedy i dtéacs Bhunreacht, 1922, go bhfuil oibleagáid cheangailteach ar an Stát i leith na teanga, sna téarmaí a leagann sé amach. Creidim go dtionscnaíonn Airteagal 8, taobh amuigh d'aon éifeacht eile is féidir a bheith aige, ordaitheach bunreachtúil nach mór do na cúirteanna a mheá agus iad ag déileáil le cás den chineál seo.”
Léann aistriúchán an sliocht seo mar a leanas ag lch. 339:-
      “I believe that Kennedy C.J.’s implication into the text of the Constitution of 1922 of a binding obligation on the State in relation to the language, in the terms which he sets out, is appropriate also to the construction of Article 8. I believe that Article 8 gives rise, apart from any other effect it may have, to a constitutional imperative requiring to be considered by the courts in dealing with a case of this kind [translation].”
Luaigh sé freisin gur aontaigh sé le breithiúnas Ó hAnluain Brmh. in Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí (1988) T.É. 42 nuair a chuir sé in iúl an tuairim ag lch. 45 go raibh forálacha Airteagal 8 “níos treise maidir leis an aitheantas a tugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ná mar a bhí Airteagal 4 de Bhunreacht an tSaorstáit” or “ stronger in terms of the recognition given to Irish as the first official language of the State than Article 4 of the Free State Constitution was [aistriúchán]”.

4.6 Dá bhrí sin, tá se soléir go fhorchuireann Airteagal 8 dualgas ceangailteach ar an Stát seasamh le stádas na Gaeilge mar an chéad teanga oifigiúil. Cruthaíonn sé riachtanas bunreachtúil, is é sin, ordú dearfach éigeantach a chaithfidh an Stát cloí leis.

An ceart chothrom le dul i mbun dlíthíocht
4.7 Déanann an dlíeolaíocht soléir é freisin, áfach, go bhfuil ceart bunreachtúil cás a stiúradh i gceachtar de na teangacha oifigiúla. D’aithin Ó hAnluain Brmh. é seo go sainráite in An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia (1980-1998) T.É.T.S. 29 agus arís i Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1980 – 1998) T.É.T.S. 46 agus dearbhaíodh é seo sa Chúirt Uachtarach sa chás Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279 ina dhiadh sin. Bhain Ó hAnaluain Brmh., le linn a bhreithiúnas, na prionsabail seo a leanas ó chásanna a tháinig os comhair na cúirteanna i nGaeilge: go bhfuil an ceart ag duine teacht chun cúirte agus a chás nó a cás a dhéanamh i nGaeilge dá mba mhian leo; nach raibh cumas an duine sin a rinne an rogha sin ar leith Béarla a labhairt ábhartha; go gcaithfidh glacadh leis an am nó costais bhreise a tábhaíodh le haistriúcháin chun seasamh leis an mBunreacht agus aon am ar mhian le páirtí a chás nó a cás a dhéanamh don Chúirt cibé trí aighneas, fianaise a thabhairt nó trí croscheistiú, go raibh an ceart aige nó aici faoin mBunreacht é seo ar fad a dhéanamh as Gaeilge dá mba mhian leis nó léi. D’aithin Ó hAnaluain Brmh. go hintuigthe, áfach, nár chiallaigh rogha páirtí sna himeachtaí a roghnú a gcás a stiúradh i nGaeilge go gcaithfeadh an páirtí eile sna himeachtaí a dhéanamh mar an gcéanna, nuair a dúirt sé go bhféadfadh aistritheoir a cheapadh le haistriúcháin a dhéanamh ar an méid a bhí ráite nó scríofa i nGaeilge. Sa chás ba dhéanaí do Delap v. An tAire Dlí agus Cirt, Éire agus an tArd Aighne (1980 – 1998) T.É.T.S. 46 rialaigh sé go sainráite nach bhféadfadh an cheart ceann de na teangacha oifigiúla a roghnú a fhorchur ar an bpáirtí eile sna himeachtaí. D’fhormheas Hardiman Brmh. an mheon seo in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. ag lch. 321.

4.8 Thacaigh Hardiman Brmh. freisin leis an bprionsabal thuas um dheileáil go chothrom idir iad siúd a roghnaigh a ndlíthíoht a stiúradh i nGaeilge agus iad siúd a roghnaigh é a leithéad a dhéanamh i mBéarla ag lch. 320:-

      “Tabharfar faoi deara gur cuireadh béim láidir sa dá chás deiridh, agus i Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia (1982) T.É. 29, ar cheart na ndaoine sin ar mhian leo a ngnó dlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge go gcuirfí cóir orthu ar chomhchéim leis an gcóir a chuirfí orthu siúd ar mhian leo a leithéid a dhéanamh trí Bhéarla. Ag cuimhneamh ar stádas na Gaeilge feictear domsa go bhfuil said siúd ar mian leo í a úsáid i dteideal iomlán é sin a dhéanamh agus i dteideal gach áis atá riachtanach chun é a dhéanamh ar a laghad sa mhéid is atá áiseanna dá leithéid ar fáil dóibh siúd a úsáideann an dara teanga oifigiúil. Le linn an achomhairc seo faoi láthair a éisteacht, dhiúltaigh an t-abhcóide thar ceann na bhfreagróirí a thuairim a thabhairt bealach amháin nó bealach eile faoin gceist an raibh an t-iarratasóir i dteideal aistriúcháin oifigiúil de Rialacha na Cúirte Dúiche faoin dlí. Feicfear in Ó’Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí (1988) T.É. 42 gur shéan an Stát go dearfach go raibh Ó’Murchú i dteideal leagan Gaeilge de na foirmeacha faoi Acht na gCuideachtaí. Is í mo thuairimse nach bhfuil an dearcadh diúltach nó débhríoch seo ag an Stát ag teacht le stádas bunreachtúil na teanga náisiúnta, le polasaí an Stáit féin le fada, ná le ceart an tsaoránaigh ar chomhionnanas faoin dlí.”
Tá an t-aistriúchán don sliocht seo ar lch. 342 agus léann sé mar seo a leanas:-
      “It will be noted that in the two last mentioned cases, and in An Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia (1982) T.É. 29, heavy emphasis was placed on the right of those wishing to conduct their legal business in Irish to equality of treatment with those wishing to do so in English. Having regard to the status of the Irish language it seems to me that persons wishing to use it are absolutely entitled to do so and to be afforded every necessary facility in doing so at least to the extent that such facilities are available to those using the second official language. In the course of the hearing of the present appeal, counsel for the respondents declined to express a view one way or the other on the question of whether the applicant was entitled as a matter of law to an official translation of the District Court Rules. It will be observed that in Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí (1988) T.É. 42, the State positively denied that Ms. Ó Murchú was entitled to an Irish version of the forms under the Companies Act. In my view this negative or ambiguous attitude on the part of the State is inconsistent with the constitutional status of the national language, with the long-standing policy of the State itself and with the citizen’s right to equality before the law.”
Chinn sé go gcaithfí úsáid don dá theanga oifigiúla a éascú gan idirdhealú sna téarmaí seo a leanas ag lch. 321:-
      “Ó tharla téamaí Airteagail 8, agus an polasaí oifigiúil dátheangachais a bhfuil an Stát geallta dó, caithfidh an Stát úsáid ceachtar den dá theanga a éascú gan idirdhealú. Tá sé ar neamhréir iomlán leis an dátheangachas dlíthe a chur ar fáil in aon teanga amháin, agus ní dhéantar a leithéid go bhfios dom in aon tír dhátheangach eile.

      Maidir leh ábhar sonrach na rialacha, níl aon amhras orm ach gur dearbh-riachtanach é leagan Gaeilge de rialacha gach cúirte, le bheith chomh héifeachtach ag dul chun dlí i nGaeilge agus a bheifí i mBéarla. Ba í an mhórfhaillí ba mheasa ag dlídóir ar bith, dul chun cúirte gan eolas cuimsitheach ar na rialacha. Má tá níos mó ná caint dhímhaoin le bheith sa cheart cothrom ar dhul chun dlí i nGaeilge agus i mBéarla, mar ghearánaí nó mar chosantóir, ní mór an t-ábhar seo a chur ar fáil.”

Tá an leagan aistrithe don sliocht seo ar lch. 343 agus deireann sé:
      “In view of the terms of Article 8, and the official policy of bilingualism to which the State is committed, the State must facilitate the use of either language without discrimination. The production of laws in one language only is totally inconsistent with bilingualism, and is not paralleled to my knowledge in any other bilingual country.

      On the specific topic of the rules, I have no doubt that an Irish version of the rules of every court is an absolute essential for the conduct of litigation as effectively in Irish as in English. It would be the grossest negligence for any practitioner to approach a court without a competent knowledge of the rules. If the equal right to litigate, whether as plaintiff or defendant, in Irish as in English is to be more than a shibboleth, this material must be provided.”

4.9 Ón sliocht thuas tá sé soléir gur mheas Hardiman Brmh. go bhfuil dualgas ar an Stát a chinntiú go bhfuil an dá theanga oifigiúla ar chomhchéim má fheidhmeann dlíthí a cheart é féin a chosaint tré mhéan na Gaeilge nó Béarla agus nár cóir leatrom a dhéanamh air mar gheall ar cheann amháin a roghnú thar an ceann eile. Thug sé aghaidh ar phracticúlachtaí do dhearbhú an cheart seo nuair a luaigh sé go raibh daoine a roghnaigh a ngnó dlíthiúil a stiúradh i nGaeilge “i dteideal gach áis atá riachtanach chun é a dhéanamh ar a laghad sa mhéid is atá áiseanna dá leithéid ar fáil dóibh siúd a úsáideann an dara teanga oifigiúil.” Bhí soláthar na nAchtanna agus rialacha cúirte, ina bharúil, lárnach don cheart chotrom dul i ndlíthíocht. D’aontaigh sé freisin ag lch. 318 le barúil Uí hAnluain Brmh. i Mac Fhearraigh go bhfuil duine i dteideal a chás a dhéanamh i nGaeilge gan aird arbh fhéidir leis Béarla a thuiscint.

Soláthar aistriúcháin oifigiúla do cháipéisí áirithe
4.10 Dealraíonn sé ó bhreithiúnas an Chúirt Uachtaraí in Attorney General v. Coyne and Wallace [1967] 101 I.L.T.R. 17 má eisíonn an Stát cáipéis gur féidir leis a bheith i gceachtar do na teangacha oifigiúla. Sa chás sin seirbháileadh fógra go bhfuil ar intinn ionchúiseamh a dhéanamh faoi alt 55(2) (b) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (“Act 1961”) i nGaeilge ar na freagróirí nár labhair Gaeilge. Rinne Ó Dálaigh Príomh-Bhreitheamh idirdhealú idir fógra scríofa, de bhun alt 55(2) (b) do Acht 1961 agus rabhadh ó bhéal faoi alt 55(2) (a) de Act 1961 agus dúirt ag lch. 22:-

      “A vrbal [sic] warning which is given in a language that is not understood (directly or by interpretation) is not communicated; the words are launched on the air and lost. A written notice on the other hand remains. The recipient, if a monglot Chinese, can seek out an interpreter who will tell him what the notice says. It seems to me reasonable to infer that so far as a written notice under paragraph (b) is concerned that it was the intention of the Oireachtas that it would be written in either the national language or the other official language and that no specific provision for the exclusive use of either one or other language was made because it was recognised that in this island a monglot English speaker, equally with a monglot Irish speaker, could readily ascertain what such a notice meant if delivered to him in the language he did not know.

      It therefore seems to me that a notice under paragraph (b) will be valid if written either in Irish or English and that the notice will not be invalid if the recipient does not understand either Irish or English, or is illiterate, or does not understand either language. In any such case he can readily have the meaning of the notice explained to him.”

4.11 Chinntigh Kingsmill Moore Brmh. ag lch. 25 gurb fhéidir le ceachtar do na teangacha oifigiúla a úsáid do cháipéisí oifigiúla mura raibh socrú déanta sa dlí go n-úsáidfaí ceann amháin de na teangacha:-
      “I was at first inclined to the view that 8(3) [den Bhunreacht] meant that an official document to be operative must be both in Irish and English, unless provision had been made by law sanctioning the use of only one of the languages. It was argued for the Attorney General that the true meaning of the Article was that either languages might be used unless provision had been made by law that one language only was to be used for some one or more official purposes. On consideration I consider this construction to be correct.”
4.12 Ní dóigh gur bheartaigh an Chúirt Uachtarach gur éiligh Airteagal 8 ar an Stáit cáipéis a sholáthar do dhuine chúisithe sa teanga iarbhír oifigiúil áirithe a thuig sé nó sí. Sa chás sin, áfach, níor lorgaíodh aistriúcháin do na fograí faoi seach gan ionchúiseamh a dhéanamh agus chuir Kingsmill Moore Brmh. in iúl obiter, ag deireadh a bhreithiúnas, d’fhóinteacht aistriúcháin ar fhógra a thabhairt dá gcuirfeadh an faighteoir in iúl a neamhfhios maidir leis an teanga ina bhfuil sé.

4.13 Bhain Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí (1988) T.É. 42 le soláthar foirmeacha reachtúla i nGaeilge, ina raibh líonadh na bhfoirmeacha riachtanach le comhlacht a ionchorprú. Cuireadh na foirmeacha sin ar fáil don iarratasóir ar deireadh. An t-aon cheist a bhí os comhair Ó hAnluain Brmh. ná costaisí. Rialaigh sé gur sáraíodh cearta an iarratasóir fén mBunreacht agus go raibh sé réasúnta imeachtaí a thionscain agus bhronn sé costaisí i bhfábhar an iarratasóir. D’aithin Ó hAnluain Brmh. le go mbeadh cothromaíocht idir iad siúd ar mhian leo a ngnó oifigiúil a stiúradh as Gaeilge agus iad siúd a roghnaigh a leithéad a dhéanamh as Béarla go gcaithfidh na foirmeacha a chur ar fáil i nGaeilge freisin ag lch. 44:-

      “Tá sé soléir gur caitheadh airgead Stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní fheictear dhom go bhfuil cothrom na Féinne le fail ag an gcuid sin den phobal gur mian leo an gnó a dhéanamh tré mheán an phrímh-theanga oifigiúil muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibh-sin freisin.”
4.14 I Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil (1980-1998) T.É. 52 lean Ó hAnluain Brmh. Attorney General v. Coyne v. Wallace (1967) 101 I.L.T.R. 17. Sa chás sin d’éiligh an t-iarratasóir go raibh Na Rialacháin um Fehithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú) 1986 (Ionstraim Reachtúil Uimhir 445 de 1986) neamh-bhailí toisc go ndearna siad sarú ar Airteagal 8 den Bhunreacht. Bhí an t-iarratasóir cúisithe sa Chúirt Dúiche toisc nach raibh na treoir-mharc cuí á thaispeáint aici ar a plátaí clárúcháin mar gheall go raibh “BAC” (Baile Átha Cliath) curtha isteach aici go “D” (Dublin). Rialaigh Ó hAnluain Brmh. go raibh sé ceart don Oireachtas agus don Aire Comhshaoil aon rogha ba mhian leo a dhéamamh idir an dá theanga oifigiúla agus iad ag roghnú na treoir-mharc. Dúirt sé an méid seo sna téarmaí seo a leanas agus rinne sé idirdhealú idir a rialacháin i gcás Delap ar lch. 55:-
      “De ghnáthach, nuair nach ndeintear socrú le dlí d’fhonn ceann amháin den dá theanga oifigiúil a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de, is ceadaithe don Stát pé rogha is mian leis a dhéanamh idir an dá theanga. San mbreithiúnas a thug mé i gcás Antoin Delap v. An tAire Dlí agus Cirt, (13 Iuil 1990) d’fhéadfaí a rá go rabhthas ag plé le heisceacht nár bhain an ghnath-riail sin leis. Cinnte, bhí gnó oifigiúil de chuid an Stáit i gceist, ach ina theannta san bhí i gceist ná an ceart atá ag gach saoránach fén mBunreacht rochtain a bheith aige ar na Cúirteanna d’fhonn a chearta a dhearbhú agus a chosaint. Ar an ábhar sin, bhíos den bharúil go mbéadh sarú dá dhéanamh ar an gceart san muna gcuirfí Rialacha na nUas-Chúirteanna ar fáil san da theanga oifigiúil.”
4.15 Bhain cásanna Delap v. An tAire Dlí agus Cirt (1980-1998) T.É.T.S. 46 agus Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279 le, inter alia, soláthar aistriúcháin oifigiúla Gaeilge de na rialacha cúirte, Rialacha na nUaschúirteanna sa chéad chás agus Rialacha na Cúirte Dúiche sa dara chás. Sa dá chás rialaíodh go raibh teip ar pháirt an Stáit a dhualgas bhunreachtúil a chomhlíonadh agus sarú ar an gceart chothrom le dul i mbun dlíthíocht mar gheall ar teip an Stáit na n-aistriúcháin a chur ar fáil. In Ó Beoláin luaigh Hardiman Brmh. gur aontaigh sé leis an mBreitheamh léannta Ard Chúirte sa chás sin go raibh an Stát faoi dhualgas, faoi Airteagal 34.3.1 den Bhunreacht i bpáirtíocht le hAirteagal 40.3.1 den Bhunreacht, i gcomhthéacs Airteagal 8 den Bhunreacht aistriúchán oifigiúil de Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 a chur ar fáil lastigh d’achar réasúnta tar éis don Aire glacadh leis an leagan Béarla dóibh agus go raibh ceart phearsanta neamhshonraithe comhchoibhneasach go gcomhlíonfaí an dualgas seo.

4.16 Sa chás Ó Gríofáin v. Éire [2009] I.E.H.C. 188 le gairid do lorg an iarratasóir, inter alia, dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ar an Stát aistriúchán oifigiúil Gaeilge do phriontáil ó ráiteas ón meaisín anáileadáin intoxilyser. Rialaigh an Chúirt nár bhain soláthar cáipéis oifigiúil Stáit i mBéarla ó cheart an iarratasóra a chosaint a stiúradh as Gaeilge ar bith agus nach raibh baol dáiríre ann go mbeadh trial míchothrom ann.

5. Cinneadh
5.1 Tá sé roghnaithe ag an iarratasóir, fé mar atá sé de cheart bhunreactúil aige, a chosaint i leith imeachtaí na Cúirte Dúiche a stiúradh i nGaeilge. Mar a aithníodh, áfach, i An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia, Delap v. An tAire Dlí agus Cirt and in Ó Beoláin v. Fahy ní théann an ceart seo le rogha a dhéanamh chomh fada leis an rogha seo a fhorchur ar an bpáirtí eile sna himeachtaí. Tá an Stát, mar ionchúisí, ina pháirtí sna himeachtaí sa Chúirt Dúiche agus tá an cás a dhéanann sé i gcoinne an duine cúisithe bunaithe ar na ráitis finné i gceist. Tá sé soléir nach féidir rogha an iarratasóir a chosaint a stiúradh i nGaeilge a fhorchur ar an Stát ina ról mar ionchúisí.

5.2 Is éard atá faoi chaibidil sna himeachtaí seo ná easnamh na haistriúcháin Gaeilge do dhá ráitis finné. Tá nádúr an ráiteas finné tábhachtach. Is cáipéis é a leagann amach sonraí an eachtra a thionscain cúisiú an duine cúisithe agus is iondúil go bhfuil sé ceaptha i dteanga neamh-theicniciúil. Cruthaíonn a bhfuil ann bunbhrí an cháis i gcoinne an duine cúisithe a chaithfidh sé freagra a thabhairt air. Tá sé níos mó ná fógra lom don chás le bheith freagraithe. Cuireann sé an duine cúisithe san airdeall don fhianaise iarbhír a thabharfar viva-voce ag an trial ó na finné a ghlaoitear orthu le fianaise a thabhairt. D’fhéadfadh cros-cheistiú a dhéanamh ar na ráitis sin ag an trial.

5.3 Eascraíonn an cheist maidir le cén chaoi a shuíonn an teip ar pháirt an Stáit an iarratasóir a sholáthar le haistriúcháin do na ráitis seo leis an gceart cothrom le dul i mbun dlíthíocht i gceachtar de na teangacha oifigiúla. Mar a dúirt Hardiman Brmh. in Ó Beoláin caithfidh an Stát “ceachtar den dá theanga a éascú gan idirdhealú” agus go bhfuil daoine a roghnaíonn Gaeilge a úsáid “i dteideal gach áis atá riachtanach chun é a dhéanamh ar a laghad sa mhéid is atá áiseanna dá leithéid ar fáil dóibh siúd a úsáideann an dara teanga oifigiúil.” Níl an cur chuige seo tógtha ag Hardiman Brmh. aontaithe go sainráite i mbreithiúnas McGuinness Brmh. in Ó Beoláin, ach baineann a formheas ar dicta Ó hAnluain Brmh. i gcás Delap go hintuigthe le formheas don réasúnaíocht sin. Faigheann an cur chuige chothromaíochta seo macalla láidir i mbreithiúnas Bastarache Brmh. sa chás R. v. Beaulac [1999] 1 S.C.R. 768, cinneadh an Chúirt Uachtaraí i gCeanada. Bhain an cás sin le léirmhíniú alt 530(1) de Chóid Choiriúil Ceanada, a thug don duine cúisithe an ceart, iomlán faoi alt 530(1) agus faoi réir discréid na cúirte faoi alt 530(4), ceann de na dhá theanga oifigiúla a roghnú le bheith curtha chun trial os comhair breitheamh agus giúre nó breitheamh amháin más cuí, nó más gá sna imthosca a bheith curtha chun trial os comhair breitheamh agus giúre atá dhá theangach. Foráileann alt 530(4) nuair nach ndéantar an t-iarratas in achar thráthúil, gur féidir leis an gCúirt a dhéantar an t-iarratas do rogha a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil sé ar leas an cheartais go dtugtar a rogha teanga don duine cúisithe.

5.4 Léiríonn na sleachta seo a leanas an béim ar an ngné chothromaíochta agus luíonn siad go soléir le líon na sleachta i mbreithiúnas Hardiman Brmh. Ag lch. 789, alt 22:-

      “…

      Equality does not have a lesser meaning in matters of language. With regard to existing rights, equality must be given true meaning. This Court has recognized that substantive equality is the correct norm to apply in Canadian law. Where institutional bilingualism in the Courts is provided for, it refers to equal access to services of equal quality for members of both official language communities in Canada. ….”

Ag lch. 798, alt 39:-
      “I wish to emphasize that mere administrative inconvenience is not a relevant factor. The availability of court stenographers and court reporters, the workloads of bilingual prosecutors or judges, the additional financial costs of rescheduling are not to be considered because the existence of language rights requires that the government comply with the provisions of the Act by maintaining a proper institutional infrastructure and providing services in both official languages on an equal basis. As mentioned earlier, in the context of institutional bilingualism, an application for service in the language of the official minority language group must not be treated as though there was one primary official language and a duty to accommodate with regard to the use of the other official language. The governing principle is that of the equality of both official languages.”
5.5 Cé gur féidir a rá go bhfuil foráil reachtúil soléir le tacaíocht ó fhoráil bhunreachtúil i gCeanada atá, mar ábhar soléir dlí, de dhíth ar chur i bhfeidhm an cur chuige cothromaíocht den chineáil seo maidir leis an dhá theanga oifigiúla, sa dlínse seo níl aon fhoráil reachtúil dá leithéad. Is féidir an bhunús dlíthúil don teidlíocht a éilíónn an iarratasóir sa chás seo a fháil i léirmhíniú ceart ar Airteagal 8 den Bhunreacht, dá dtabharfaí léirmhíniú dá leithéid tacaíocht do chás an iarratasóra. Is cosúil, i mo thuairimse, ón dictum thuasluaite ó bhreithiúnas Kennedy Príomh-Bhreitheamh maidir le Airteagal 4 do Bhunreacht Saorstát Éireann, ag cur béim ar nádúr ordaitheach an dualgas a luíonn ar an Stát tacú leis an dátheangachas, agus go hiondúil stádas príomha an teanga Gaeilge, maraon leis an dictum comhchosúla nó ní ba láidre ag Hardiman Brmh. in Ó Beoláin ar an ábhar céanna, go gcuirtear ar an Stát an chineáil dualgas éigeantach chun a chinntiú go bhfuil na háiseanna agus seirbhísí céanna ar fáil ag úsáideoirí an teanga Gaeilge agus atá ar fáil ag úsáideoirí an teanga Béarla i ndiúscairt ghnó phoiblí.

5.6 Chun a dhéanamh amach, céard go díreach atá iarrtha ar an Stát i gcomhthéacs “cearta teanga” tá sé tábhachtach cur síos cruinn a thabhairt ar nádur na cearta faoi chaibidil. Sa chás seo tá an tasc déanta níos éasca toisc an lámháltas déanta thar cheann an iarratasóir nach raibh aon cheisteanna chearta aiceanta nó próiséis chothrom sa chás seo.

5.7 Glactar leis gur féidir leis an iarratasóir trial chothrom a fháil ar neamhaird le toradh na himeachtaí seo. D’fhéadfaí an rud céanna a rá, is dóigh liom, maidir le na cásanna uilig ar dearnadh díospóireacht orthu ar na ceisteanna seo os comhair an Chúirt seo agus an Chúirt Uachtarach le blianta beaga anuas. É sin ráite, ar son an tsoléireacht, ba chóir a mheabhrú nach bhféadfadh aon leid d’aon míchothromaíocht sa phróiséis a bheith ann dá mba rud é go raibh an t-iarratasóir sásta an leagan Béarla do cibé cháipéis faoi chaibidil a úsáid.

5.8 Sa dlíeolaíocht le dáta cuireadh in iúl an fhadhb mar cheist rochtain ar cheartas. I mo thuairmse, is míniú neamhdhiongbhálta ar cheist na “gcearta teanga”. Arís, dá mba rud é go raibh na hiarratasóirí sna cásanna roimhe seo sásta an leagan Béarla do na cháipéisí i gceist a úsáid níorbh fhéidir aon leid d’aon chonstaic dá rochtain ar cheartas a bheith ann.

5.9 Is é an réaltacht, i mo thuairmse, ná gur cearta neamhspleácha iad na cearta a dhearbhaíonn na iarratasóirí, a bhfuil iontu agus a raon le fáil in Airteagal 8 den Bhunreacht. Tá cur i bhfeidhm phracticiúl na gcearta sin, don Chúirt seo, an-amhrasach. Ar dtús tá an-dheacracht le cinntí an Chúirt Uachtaraigh sa chás Attorney General v. Coyne and Wallace agus an cinneadh in Ó Beoláin a réiteach. Sa chéad chás, rialaíodh go raibh an Stát, in easnamh reacht ag éilimh air cháipéis a eisiúnt i gceann amháin de na dhá theanga oifigiúla, i dteideal rogha a dhéananmh cén teanga oifigiúil le n-úsáid. In Ó Beoláin, áit a fhormheas Hardiman Brmh. agus McGuinness Brmh. go sainráite réasúnaíocht Ó hAnluain Brmh. i gcás Delap, rialaíodh gur sarú ar dhualgas an Stáit faoi Airteagal 8 teip leanúnach Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 a fhoilsiú i nGaeilge, d’ainneoin gur roghnaigh an Stáit agus do iarbhír gur fhoilsigh sé na rialacha i mBéarla. Thug Hardiman Brmh. aghaidh ar an gceist seo ag lch.320-321:-

      “Fágann sin breitheanna na Cúirte Uachtaraí ( Ó Dálaigh P.B., Kingsmill Moore agus Walsh Brúna.) in Attorney General v. Coyne and Wallace (1963) 101 I.L.T.R. 17, le meá. Sa chás sin, i gcomhthéacs fógra a seirbheáladh i nGaeilge amháin go rabhthas chun ionchúiseamh a dhéanamh faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, d'fhorléirigh Kingsmill Moore Brmh., Airteagal 8 den Bhunreacht, agus shainigh Walsh Brmh. gur aontaigh sé leis faoin bpointe seo, mar seo a leanas ag lch. 25:-

        "It was argued for the Attorney General that the true meaning of the Article was that either languages (sic ) might be used unless provision had been made by law that one language only was to be used for some one or more official purposes. On consideration I consider this construction to be correct."

      Feictear dom gurb íéifeacht an chinnidh seo ná go mbronnann sé ar dhuine, cibé acu an oifigeach é nó nach ea, an ceart rogha a dhéanamh cé acu de na teangacha oifigiúla a úsáidfidh sé d'aon bheart oifigiúil ar leith. Baineann an rogha sin lena thaobh féin den bheart: ní féidir le haon duine rogha teanga a ordú do dhuine eile. In Attorney General v. Coyne and Wallace (1963) 101 I.L.T.R. 17, ba é an fhianaise gurbh iondúil i gcuid áirithe den tír fógraí go rabhthas chun ionchúiseamh a dhéanamh agus toghairmeacha a sheirbheáil i nGaeilge. Ní fhéadfadh sé seo, áfach, ceart cosantóra chun a chás a rith i mBéarla dá mba mhian leis, a eisiamh. Sa tslí chéanna, féadfaidh cosantóir é féin a chosaint i nGaeilge, cé go mb'fhéidir gur tionscnaíodh imeachtaí ina choinne i mBéarla. Ó tharla téamaí Airteagail 8, agus an polasaí oifigiúil dátheangachais a bhfuil an Stát geallta dó, caithfidh an Stát úsáid ceachtar den dá theanga a éascú gan idirdhealú. Tá sé ar neamhréir iomlán leis an dátheangachas dlíthe a chur ar fáil in aon teanga amháin, agus ní dhéantar a leithéid go bhfios dom in aon tír dhátheangach eile.

      Maidir le hábhar sonrach na rialacha, níl aon amhras orm ach gur dearbh-riachtanas é leagan Gaeilge de rialacha gach cúirte, le bheith chomh héifeachtach ag dul chun dlí i nGaeilge agus a bheifí i mBéarla [béim curtha leis].”

Léann an aistriúchán Béarla ag lch. 25 mar seo a leanas:-
      “It remains to consider the judgments of the Supreme Court (Ó Dálaigh C.J., Kingsmill Moore and Walsh JJ.) in Attorney General v Coyne and Wallace (1963) 101 I.L.T.R. 17. There, Kingsmill Moore J., with whom Walsh J. expressly agreed on this point, construed Article 8 of the Constitution, in the context of a notice of intention to prosecute under the Road Traffic Acts which had been served in Irish only, as follows:-

        ‘It was argued for the Attorney General that the true meaning the Article was that either languages (sic) might be used unless provision had been made by law that one language only was to be used for some one or more official purposes. On consideration I consider this construction to be correct.’

      It appears to me that the effect of this finding is to confer on a person, whether an official or not, a right to choose which of the official languages he will use for any particular official transaction. This choice relates to his side of the transaction: no-one can dictate another’s choice of language. In Attorney General v. Coyne and Wallace (1963) 101 I.L.T.R. 17, the evidence was that in a particular part of the country it was usual to serve notices of intention to prosecute and summonses in Irish. This, however, could not exclude the right of a defendant to conduct his case in English if he wished. Similarly a defendant may conduct his defence in Irish, although proceedings may have been commenced against him in English. In view of the terms of Article 8, and the official policy of bilingualism to which the State is committed, the State must facilitate the use of either language without discrimination. The production of laws in one language only is totally inconsistent with bilingualism, and is not paralleled to my knowledge in any other bilingual country.

      On the specific topic of the rules, I have no doubt that an Irish version of the rules of every court is an absolute essential for the conduct of litigation as effectively in Irish as in English [béim curtha leis].”

5.10 An idirdhealú a eascraíonn anseo, is cosúil, ná idir ábhar dhoiciméadach, ann féin a bhfuil fórsa agus éifeacht dlí ar nós ionstraim reachtúil aige, m. sh. rialacha cúirte agus ábhar dhoiciméadach, ábhar go mba chóir breathnú air mar ghinte ag taobh amháin nó an taobh eile don dlíthíocht agus maidir le sin a bhfuil gach taobh nó go deimhin gach duine a ghineann an ábhar dhoiciméadach i dteideal rogha a dhéanamh cibé cén cheann den dhá theanga oifigiúla atá le n-úsáid ann. Mar sin, cé go gcaithfidh na rialacha cúirte a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla, dealraíonn sé gur féidir le cáipéisí atá ginte ag aon taobh le dul chun cinn a dhéanamh i gcás a bheith i rogha teanga an duine ar leis an cháipéis. Tugann an toradh réasúnach ar an sintéis seo le tuiscint, mar shampla, go luíonn rogha cén teanga a úsáidtear i toghairm, cibé toghairm thionscainaimh nó toghairm fhinné, nó fógra go bhfuiltear chun dul ar aghaidh mar a bhí i cás Coyne leis an nGarda a dhéanann an iarratas d’eisiúnt dá leithéad. Mar an gcéanna, le bileoga chúisimh bheadh an garda ábhartha i dteideal rogha an teanga a dhéanamh.

5.11 Leanann sé de riachtanas ar an anailís seo go mbeadh sé ina ábhar do na húdaráis ionchúiseamha go hiomlán cinneadh cén teanga oifigiúil ina mbeadh ráitis na bhfinné, ag fagáil ar leataobh ar ndóigh aon chúrsaí cearta aiceanta. Ní gá a rá, sa chéad ásc, tá an duine ag tabhairt an ráiteas i dteideal an teanga a roghnú ina ndéanann sé nó sí an ráiteas. Toisc go n-eascraíonn siad ón ionchúisemh agus gur cás an ionchúiseamh iad, atá i dteideal roghnú cén teanga oifigiúil atá le n-úsáid iontu mar an údarás poiblí atá ag foilsiú nó ag nochtú na cáipéisí seo agus go bhfuil gach taobh i dteideal an teanga a roghnú ina gcuirfidh siad a gcás i láthair, agus mar gheall nach bhfuil aon taobh i dteideal a rogha teanga a fhorchur ar an taobh eile, leanann sé de riachtanas, i mo bhreithiúnas, ar na húdaráis atá pléite thuas nach bhfuil ceart ag an iarratasóir sa chás seo faoi Airteagal 8, mar atá léirmhínithe in Attorney General v. Coyne and Wallace agus in Ó Beoláin freisin, na haistriúcháin do na ráitis finné faoi chaibidil sa chás seo a bheith tugtha dó.

5.12 Ar an mbealach seo tá cóir chothrom idir an dhá theanga bainte amach. Fresin, i gcomhthéacs cóir chothrom, caithfear a choimeád i gcuimhne gurb éard atá á lorg anseo ná haistriúcháin ar ráitis finné déanta i mBéarla. Gan amhras ag an trial tabharfaidh na finné i gceist a bhfianaise i mBéarla mar atá siad i dteideal a dhéanamh. Tá sé roinnt saorga nó neamhréalaíoch aon míchothromaíocht idir an dá theanga a mhaíomh sna himthoscaí seo.

6. Conclúid
6.1 Do na cúisenna leagtha amach thuas caithfidh mé diúltiú do na faoisimh lorgtha sna himeachtaí seo.










Ar ais ar barr an leathanach