Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Cuinn -v- An Taoiseach & chuid eile
Lua Neodrach:
[2018] IEHC 816
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2014 754 JR
Dáta Seachadta:
07/25/2018
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Clarke C.J.
Stádas:
Formheasta

[2018] IEHC 816
AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

Uimhir Taifid: 2014/754 JR
      Idir/
Donnchadh Ó Cuinn
Iarratasóir
Agus

An Taoiseach, An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionnannais, An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Éire agus An tArd-Aighne, agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Freagróirí

Breithiúnas an Phríomh-Bhreithimh ag suí mar Bhreitheamh na hArd-Chúirte tugtha ar an 25ú lá de Iúil 2018

1. Réamhrá agus Saincheisteanna
1.1 Baineann an cás seo, agus ní don chéad uair, le hidirghníomhú an dlí bainteach le tiomáint ar meisce agus ceisteanna maidir le hinfhaighteacht doiciméid ábhartha as Gaeilge. Go bunúsach tá shá shaghas shaincheist a thagann chun cinn. Baineann an chéad cheann le hinfhaighteacht aistriúcháin go Gaeilge de Rialacha Cúirte éagsúla. Sna heachtraí atá tar éis tarlú, is amhlaidh go mbaineanna na saincheisteanna seo go mórmhór le ceisteanna faoi thráthúlacht mar tá sé soiléir, gur aistríodh go Gaeilge gach nó nach mór gach ceann de na Rialacha Cúirte ábhartha go raibh tagairt ann dóibh sa ráiteas chun an t-iarratas a fháil don athbhreithniú breithiúnach sa chás seo, sula raibh aon ionchúiseach féidearthach den iarratasóir (“an tAth. Ó Cuinn”) le haghaidh tiomáint ar meisce i gceist. Bíodh sin mar atá, is amhlaidh go bhfuil an tAth. Ó Cuinn ag agóint fós go bhfuil sé i dteideal dearbhaithe maidir le neamhláithreacht tosaigh d’aistriúcháin Ghaeilge de na doiciméid atá i gceist.

1.2 Baineann an dara shaincheist leis an bhfíric gur tugadh cóip Bhéarla amháin den asphrionta riachtanach atá le tabhairt amach sa chás go ndéantar tástáil anála le gléas anáileadáin ar dhuine, don Ath. Ó Cuinn. Ó éisteacht an cháis seo, tá an Chúirt Uachtarach tar éis breithiúnas a thabhairt i DPP v. Avadenei [2017] IESC 77. Ar a laghad tháinig an breithiúnas sa chás sin ar réiteach cinnitheach ar go leor de na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith tar éis teacht aníos go teoiriciúil faoin dteideal sin. Dá bhrí sin, baineann na ceisteanna a thagann aníos faoin dteideal sin go bunúsach leis an saincheist maidir le haon rud a bheith fágtha le cinneadh a dhéanamh faoi ó tharla Avadenei. Beartaím deighleáil leis an dá shaincheist ceann ar cheann.

2. An Chéad Shaincheist
2.1 Maidir leis an gcéad shaincheist, tá sé soiléir go bhfuil roinnt tábhachta ag baint le ord na n-imeachtaí agus sa chomhthéacs sin tá sé oiriúnach Rialacha Cúirte speiciseacha a bhí i gceist faoin am go raibh éisteacht an cháis ar siúl a aithint. Sa chomhthéacs sin ní mór a aithint go raibh roinnt mearbhaill sa chomhfhreagras idir an dlíodóir ag tabhairt ionadaíochta don Ath. Ó Cuinn agus na húdaráis ábhartha maidr le rialacha áirithe a cuireadh ar fáil in aistriúchán Gaeilge agus cathain. Tá sé féidearthach go deimhin go bhféadfadh an mearbhall seo a bheith ábharach maidir le ceist na gcostas mar, sa mhéid is go bhféadfadh gur chuir na húdaráis ábhartha leis an mearbhall sin, d’fhéadfadh an méid céanna tús na n-imeachtaí a fhírinniú.

2.2 Sa mhéid is go mbaineann sé le na fíorcheisteanna a thagann aníos sa chás seo, tá sé tábhachtach a aithint gur bhraith an ráiteas forais a tionscnaíodh ar son an tAth. Ó Cuinn ar neamhláithreacht aistriúchán Gaeilge de na rialacha seo leanas a leagtar amach i sceideal don ráiteas forais:

      1. R.I. Uimh. 94 de 2010: Cúirt Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008) Rialacha 2010

      2. R.I. Uimh. 39 de 2012: Cúirt Dúiche (Fíneálacha) Rialacha 2012

      3. R.I. Uimh. 99 de 2013: Cúirt Dúiche (Taifeadh ar Imeachtaí) Rialacha 2013

      4. R.I. Uimh. 17 de 2014: Tairiscint Fianaise/Seirbhís doiciméid in imeachtaí coiriúla

Cuireadh béim freisin, ag ailt. 5 agus 6 den ráiteas forais ar neamhláithreacht aistriúchán Gailge de R.I. 141/2011. Is é seo an tOrd Iompair (Athrú Ainm na Roinne agus Teideal an Aire) 2011. D’athraigh an gléas sin teideal an Aire a bhí i dteideal reachtaíocht thánaisteach a dhéanamh faoi Achtanna Tráchta ar Bhóithre éagsúla.

2.3 Ní mór a rá go bhfuil sé soiléir go bhfuil an tagairt sa sceideal ábhartha don Ionstraim Reachtúil 17 de 2014 mícheart. Is é an teideal ceart don Ionstraim Reachtúil sin ná Rialacha Cúirte Dúiche (Nós Imeachta) 2014. Mar is léir óna ainm bhain na rialacha sin le nósanna imeachta sibhialta amháin agus níl aon bhaint acu le hionchúiseach coiriúil ar nós mar atá i gceist leis na himeachtaí seo. In aighneachtaí athbhreithnithe a tionscnaíodh don ath-éisteacht don chás seo, aithníodh nách raibh aon bhaint ag R.I. 17 de 2014 leis na himeachtaí coiriúla seo agus tugadh le fios nách raibh aon chás á leanúint maidir le seo.

2.4 I rith na héisteachta, rinneadh tagairt do rialacha áirithe eile a dúradh, a d’fhéadfadh a bheith ábharach in ionchúiseamh coiriúil dá leithéid seo. Feictear domsa áfach go raibh na himeachtaí seo bainteach leis an gcás a rinneadh sa ráiteas ar na forais amháin, a bhí mar ábhar ag an gcead chun athbhreithniú breithiúnach a thabhairt. Sna cúinsí sin, feictear domsa go mba cheart dom plé leis an gceist ar cheart dearbhú a thabhairt i leith na rialach atá fágtha a aithníodh thuas.

2.5 Sa chomhthéacs sin tá sé riachtanach an t-am ar cuireadh aistriúchán Gaeilge de de na rialacha sin ar fáil a shonrú.
R.ISínithe Aistriúchán ar Fáil
94 de 20108ú Márta 2010Feabhra 2015
39 de 20125ú Feabhra 2012Meán Fómhair 2014
99 de 201323ú Márta 2013Meán Fómhair 2014
17 de 201427ú Eanáir 2014Meitheamh 2016

2.6 Ní mór na dátaí ar cuireadh na haistriúcháin Ghaeilge ábhartha ar fáil a fheiscint i gcomhthéacs ord na n-imeachtaí a chríochnaigh le hionchúiseamh an tAth. Ó Cuinn.

2.7 Is í an líomhain ná go raibh an tAth. Ó Cuinn ciontach den chion tiomáint ar meisce ar an 29ú Márta 2014. Dealraíonn sé ansin gur chuir an Garda Marcus J. O’Dowd as Leitir Ceanainn iarratas isteach ar an 27ú Aibreán 2014 go dtí an tAonad Riaracháin Próiseála Lárnach ar son an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le haghaidh toghairm leis an gcion ábhartha líomhnaithe. Thug an toghairm, a bhí i mBéarla, le fios go gcuirfí an cion ábhartha ina leith an tAth. Ó Cuinn (a bhí ainmnithe i mBéarla freisin) “Letterkenny No. 1, the Courthouse, Letterkenny, Co. Donegal” agus go dtarlódh sé seo ar “13 Oct 2014 at 10:30”.

2.8 Bhí an toghairm atá i gceist dátaithe ar an 12ú Bealtaine 2014.

2.9 Ní mór a aithint gur cuireadh na himeachtaí roimh na Cúirte Dúiche ar athló ar an 13ú Deireadh Fómhair 2014 go dtí an 19ú Eanáir 2015 ach idir an dá linn cuireadh tús le himeachtaí an athbhreithniú bhreithiúnaigh seo le hiarratas chun cead imeachta le haghaidh athbhreithniú breithiúnach tugtha ag MacEochaidh B. ar an 17ú Nollaig 2014.

2.10 Ar mhaithe le comhláine, ba chóir a aithint gur éist O’Hanlon B. le himeachtaí san Ard-Chúirt ar dtúis (Ó Cuinn v. An Taoiseach & ors [2015] IEHC 794) agus bhíodar mar ábhar ag achomharc go dtí an Chúirt Achomhairc. Níl aon chúntas scríofa ar bhreithiúnas na Cúirte Achomhairce.

2.11 Dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc do chinneadh na hArd-Chúirte áfach agus sheol said an t-ábhar ar ais le haghaidh a thuilleadh éisteachta sa Chúirt seo. Níl na cúiseanna gur ghlac an Chúirt Achomhairc leis an gcur chuige seo bainteach leis na saincheisteanna a thagann aníos sa chás seo níos mó, agus mar sin, níl sé riachtanach tagairt níos mó a dhéanamh do sin. Míníonn sé, áfach, cén fáth gur thóg sé chomh fada don chás seo seo a bheith mar ábhar an bhreithiúnais seo.

2.12 Ón insint thuas tá sé soiléir faoin am gur cuireadh tús leis na himeachtaí san athbhreithniú breithiúnach seo i Nollaig 2014, bhí aistriúchán Gaeilge ar fáil den dá Rialacha Cúirte Dúiche ábhartha go ndéantar tagairt dóibh sa Sceideal don ráiteas ar na forais. Ní raibh aistriúchán d’Ionstraim Reachtúil 94 de 2010 (An tAcht um Cheartas Coiriúil 2008 (Cúnamh Frithpháirteach)) Rialacha 2010 le fáil go dtí an 12ú Feabhra 2015 beagnach dhá mhí i ndiaidh tosú na n-imeachtaí. Bhí an toghairm i gcoinne an tAth. Ó Cuinn ag cur tiomáint ar meisce ina leith curtha ar athló go dtí an Eanáir dár gcionn (Eanáir 2016). Dá bhrí sin, sa chomhthéacs sin, bheadh fáil ag an tAth. Ó Cuinn agus a chomhairleoirí ar gach ceann de na leasuithe sin do Rialacha Cúirte Dúiche le haghaidh comhairle agus cosaint. An t-aon shaincheist a d’fhéadfadh teacht aníos, mar sin, isea cíbe má tá sé fós oiriúnach sna cúinsí sin, dearbhú a thabhairt.

2.13 Maidir leis an Ionstraim Reachtúil 141/2011, glacaim leis an seasamh glactha ar son Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Ráiteas Cur i gCoinne. Ní raibh an Ionstraim Reachtúil seo ábhartha in aon slí substaintiúil do na himeachtaí faoi thiomáint ar meisce ar feitheamh roimh na Cúirte Dúiche. An t-aon rud a rinne an Ionstraim Reachtúil ábhartha ná ainm agus teideal nua na Roinne agus an Aire bainteach le hábhar a athrú. Go deimhin, tá sé soiléir go sonraíonn Rialúchán (3) den ord teideal an Aire trí thagairt do leagan Gaeilge agus leagan Béarla. Sna cúinsí sin ní fheictear domsa go dtiteann an Ionstraim Reachtúil seo laistigh de scóip dlí-eolaíocht na gcúirteanna a theastaíonn go mbeadh Rialacha Cúirte aistrithe go Gaeilge chun páirtithe a eascú maidir lena ngó leis na cúirteanna a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Aon t-aon éifeacht a bhí leis an Ionstraim Reachtúil seo ná gur athruigh sé teideal an Aire a rinne rialúcháin foai Achtanna Tráchta maidir le foirmeacha a d’fhéadfadh go mbeadh gá iad a thabhairt do dhaoine a theip orthu sa tástáil anála.

2.14 Cé go bhfuil discréid leathan ag na cúirteanna chun dearbhaithe a thabhairt i gcásanna oiriúnacha, tá sé tábhachtach a shoiléiriú nár cheart dearbhaithe a dhéanamah ach amháin má tá feidhm údáideach leo. Gan amhras, is amhlaidh go stiúrfar fócas príomhúil athbhreithnithe breithiúnacha, cosúil leo siúd ina bhfuil an Chúirt páirteach ann faoi láthair, i dtreo bac ar ionchúiseamh dul ar aghaidh nó, ar a laghad, moill a chur ar ionchúiseamh go dtí go dtógfar céimeanna áirithe, cosúil le, i gcomthéacs an cháis seo, rialacha ábhartha a chur ar fáil i nGaeilge.

2.15 Mar a tugadh le fios níos luaithe áfach, faoin am gur tharla éisteacht an cháis atá romham, ní raibh aon mholadh go mba cheart bac a chur le na himeachtaí de bharr neamhláithreacht aistriúchán Gaeilge nó aon rialacha ábhartha mar, faoin am sin, bhí aistriúchán Gaeilge ar fáil do na na rialacha ar fad a bhí i gceist. Sa chomhthéacs sin, ní mór an cheist a chur cíbe feidhm úsáideach a bhain le dearbhú a dhéanamh. Ghlac Abhcóide don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar a laghad chomh fada is a bhain leis an gcéad trí leasú do na rialacha a bhí i gceist, leis go raibh oibleageáid ann na rialacha sin a sholáthar trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, níl aon ghá le dearbhú a dhéanamh chun an oibleagáid sin a bhunú. Ina theannta sin, tá neart cásdlí ó na hUaschúirteanna a shoiléiríonn go bhfuil oibleagáid ann Rialacha Cúirte a sholáthar as Gaeilge.

2.16 Ciallaíonn san nách bhféadfadh aon fheidhm úsáideach a bheith le dearbhú ginearálta eile a dhéanamh maidir leis an oibleagáid chun Rialacha Cúirte a sholáthar as Gaeilge, agus ar an dul céanna, ní fhéadfadh aon fheidhm úsáideach, i gcomhthéacs na rialach speiciseacha ábhartha, a bheith le haon dearbhú a dhéanamh leis an dtoradh go mbeadh na rialacha speiciseacha sin aistrithe go Gaeilge sula bhféadfadh aon iochúiseach a tharlú maidir leis an tAth. Ó Cuinn. Is amhlaidh go mbeadh cúrsaí an-difriúil dá mba rud é nach raibh aon cheann de na saincheisteanna a bhí i gceist ar fáil i nGaeilge, ar ócáid na héisteachta roimh an Ard-Chúirt. Anuas ar sin, da mba rud é nách raibh aon cheann de leasuithe na rialach sin ar fáil trí Ghaeilge ag tús na n-imeachtaí, sa chás sin is amhlaidh go mbeadh fírinniú leis na himeachtaí ar a laghad go dtí an t-am a bheadh fáil ar aistriúchan Gaeilge.

2.17 De bharr na gcúiseanna sin, nílim den tuairim go bhféadfaí aon rud a bhaint amach trí aon dearbhú a dhéanamh i leith na trí ábhar sin agus ní mholaim dearbhú dá leithéid a dhéanamh. Mar a sonraíodh níos luaithe níor coinníodh leis an gcúram maidir le R.I. Uimh. 17 de 2014.

2.18 De bharr na gcúiseanna sin, ní mholaim aon dearbhú a dhéanamh den saghas atá á lorg ar son an tAth. Ó Cuinn agus mar sin diúltaim aon ordú a dhéanamh ar a shon i leith na céad saincheiste. Tugaim aghaidh mar sin ar an dara shaincheist.

3. An Dara Saincheist
3.1 Mar a sonraíodh níos luaithe, bhí an tsaincheist a thagann aníos faoin teideal seo mar ábhar bhreithiúnais na Cúirte Uachtaraí in Avadenei.

3.2 Tá achoimre ar chonclúidí na Cúirte Uachtaraí sa chás sin le fáil sna hailt dheireanacha de bhreithiúnas O’Malley B., ag scríobh don Chúirt. Bhain an chéad cheist a pléadh le léamh na reachtaíochta ábhartha ag rialú an fhoirm ar cheart a thabhairt do dhuine tar éis dóibh a dtástáil análá le gléas anáileadáin a dhéanamh (R. 13(2) den Acht Tráchta 2010). De réir na forála seo ní mór do bhall ábhartha an Gharda Síochána dhá ráitis chomhionainn a sholáthar don duine atá bainteach leis an scéal. Tugtar foirm fhororduithe ar seo.

3.3 Tá an fhoirm fhororduithe go ndéantar tagairt di sa roinn sin foráilte san Acht Tráchta 2010 Rialacha (Foirm Fhororduithe agus Modh na Ráiteas) 2011 (R.I. 541/211). Tá sé foráilte i Rialúchán 3 den Acht sin go bhfuil an fhoirm le bheith leagtha amach sa Sceideal don Rialúcháin. Leagann an Sceideal amach leagan Béarla agus Gaeilge den eolas ar cheart a chur in iúl.

3.4 Sna cúinsí sin, rinneadh O’Malley B. an cinneadh deiridh go “a straightforward literal reading of the regulations indicates that the form should have contained the Irish language version ”.

3.5 Rinne an Chúirt breithniú ansin áfach, cíbe an bhféadfaí r. 12 den Acht Léiriúcháin 2005 a chur i bhfeidhm. Rinne Edwards B. breithniú ar éifeacht r. 12 ar dtúis, ag scríobh go dtí an Chúirt Achomhairc, ag stáitse níos luaithe in Avadenei. Rinne Edwards B. an cinneadh gur cheadaigh r. 12 cúirt chun neamhaird a dhéanamh ar aon diallas ón bhfoirm fhororduithe “providing it is not a deviation of substance or is not misleading in content or effect”. Ó fhíricí an cháis, rinne Edwards B. an cinneadh nách raibh éifeacht ábhartha ag an diallas a tháinig aníos de bharr easpa leagan Gaeilge ar shubstaint an doiciméid.

3.6 Ag scríobh don Chúirt Uachtarach sa chás céanna, rinne O’Malley B., alt. 95, an cinneadh céanna ar deireadh agus mhaígh sé nách raibh an t-ábhar “… in no way misleading, confusing or unfair. No right of the appellant is violated by its admission. Accordingly, whether the matter is looked at solely through the prism of the authorities of this type of prosecution or in the light of the general principles of criminal law, I can see no reason why the form should not be admitted into evidence.”

3.7 Mar sin, ghlac an Chúirt Uachtarach leis an dtuairim gur sháraigh easnamh leagan Gaeilge na rialacha ábhartha go teicniúil, ní chuireann sé seo cosc ar ghlacadh isteach inneachair ó leagan Béarla amháin chomh fada nách féidir a rá, maidir le fíricí cás aonair, go mbeadh a leithéid míthreorach nó éagothrom.

3.8 I gcomhthéacs an cháis seo chuir an Chomhairle in iúl don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go raibh sé róluath ar aon nós chun iarracht a dhéanamh bac a chur ar imeacht na Cúirte Dúiche i gcoinne an tAth. Ó Cuinn ar an mbunús go mbeadh fianaise a d’fhéadfaí a thairiscint ina choinne neamh-inghlactha. Bhí substaint suntasach san aighneacht, agus soiléiríonn cinneadh na Cúirte Uachtaraí a lean in Avadenei cén fáth go mbaineann sé le cúrsaí dlí agus cúrsaí cleachtais. Dá mbeadh cás ann ina bhféadfaí a argóint, bunaithe ar na fíricí, go raibh easnamh leagan Gaeilge éagothrom nó míthreorach, sa chás sin, bheadh gá le fianaise ag an triail a chuirfeadh ina luí ar bhreitheamh na trialach an méid sin agus mar thoradh, a chuirfeadh ina luí ar bhreitheamh na trialach nách bhféadfaí leithscéal a dhéanamh don diallas teicniúil doshéanta ó riachtanais an rialúcháin, i gcúinsí an cháis faoi chabaidil, dá réir r. 12 den Acht Léiriúcháin 2005. Ach is ábhar é sin a bheadh gá le triail chun é a shocrú agus ní fhéadfadh sé bheith mar ábhar stailc réamhghabhálach mar mhodh chun iarracht a dhéanamh bac a chur le triail sa chéad áit.

3.9 Mar shampla, tá an argóint ann go bhféadfaí fadhbanna a chruthú sa chás nách dtabharfaí ach leagan Béarla amháin do chainteoir Gaeilge nách mbeadh Béarla maith acu.

3.10 Ag leanúint ó sin, bheadh sé go hiomlán míchuí ordú a thabhairt do dhianchosc maidir leis an dara saincheist. Má tá aon seans ann an argóint a dhéanamh, i gcúinsí an cháis seo, nách bhféadfaí r. 12 den Úsáid Léiriúcháin a úsáid chun an fhadhb theicniúil a shábháil maidir leis an bhfoirm ábhartha a bheith tugtha don Ath. Ó Cuinn sa leagan Béarla amháin, sa chás sin is ábhar é sin don Chúirt Dúiche le breithniú bunaithe ar an bhfianaise. Dhiúltóinn, ar an mbonn sin, bac a chur leis an triail ar an mbunús aitheanta sa dara saincheist.

3.11 Ag leanúint ó sin, i mo thuairim, caithfear diúltiú d’athbhreithniú breithiúnach. Dhéanfainn ráiteas deiridh áfach sula gcríochnóinn an breithiúnas.

4. Ráiteas Deiridh
4.1 Bhí an cás anseo i leith na foirne ábhartha bunaithe ar neamhchomhlíonadh líomhnaithe le riachtanais reachtúla na nAchtanna Tráchta agus na rialacha bainteach le sin. Ní dhearnadh aon chás speiciseach bainteach le cearta teangan go ginearálta faoin teideal seo, bíodh is go raibh cearta teangan chun tosaigh na hargóinte gan amhras maidir leis an riachtanas aistriúchán go Gaeilge a sholáthar do Rialacha Cúirte, mar is iad cearta teangan a threoraíonn an oibleagáid atá ar an Stát chun leaganacha Gaeilge de Rialacha Cúirte a chur ar fáil.

4.2 Ní shéanfainn an seans go bhféadfadh cúinsí a bheith ann ina bhféadfadh soláthar foirm reachtúil i leagan Béarla amháin cur isteach ar chearta teangan bunreachtúla an duine bainteach leis an scéal. Bhrathfadh na cúinsí ina bhféadfadh a leithéid a tharlú go mór ar fhíricí na heachtra ag leanúint go dtí an fhoirm ábhartha a bheith curtha ar fáil áfach.

4.3 Go praiticiúil, is gá a aithint go ndéanann tromlach suntasach de mhuintir na hÉireann a ngnó ar fad nó nách mór a ngnó laethiúil ar fad trí mheán an Bhéarla. Ní hé sin le rá nách féidir leo siúd ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge é sin a dhéanamh, agus chomh fada agus a bhaineann sé leis an Stát, tá siad i dteideal é sin a dhéanamh. Mar a léirigh mé i mo bhreithiúnas sa Chúirt Uachtarach áfach, in O’Maicin v. Eire & Chuid Eile [2014] IESC 12, tá difríocht idir an anailís a leanann cás ina bhfuil an coincheap a bhaineann le triail chothrom á phlé, i gcomparáid le cás ina bhfuil cearta teangan á bplé. Tá duine ar bith i dteideal an fhianaise agus na himeachtaí a thuiscint i dtriail a bhaineann lena gcearta agus oibleagáidí. Baineann sé seo chomh mór le duine gurb í an Pholainnis nó an tSínis an teanga dúchais acu agus a bhfuil Béarla teoranta acu agus a bhaineann sé le duine ar cainteoir dúchais Gaeilge iad agus nách mbraitheann go hiomlán muiníneach sa Bhéarla.

4.4 Nuair a bhaineann sé le cearta teangan áfach, tá breithniúcháin dhifriúla san áireamh. Sa chás sin, ní bhaineann sé le cíbe an féidir leis an duine aonair na himeachtaí a thuiscint, ach ar tugadh aitheantas ceart do chearta bunreachtúla an duine aonair, faoi Bhunreacht na hÉireann, chun a ngnó leis an Stát a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Bíodh is nách gcuirfí bac ar bith ar dhuine a ngnó leis an Stát a dhéanamh trí Bhéarla, fós féin tá siad i dteideal é a dhéanamh trí Ghaeilge.

4.5 Ach d’fhéadfaí ar a laghad an argóint a dhéanamh, ón dtaobh praiticiúil de, ós rud é go bhfuil claonadh suntasach ann maidir le húsáid an Bhéarla i gcúrsaí laethiúla, nách bhféadfaí oifigeach Stáit a cháineadh go dlisteanach de bharr Béarla a úsáid, ach amháin sa chás go mbeadh bunús fíriciúil ann a thabharfadh le fios go bhféadfadh gur mhian leis an duine bainteach leis an scéal a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní shéanfainn áfach, go bhféadfadh ócáid tarlú ina bhféadfaí cearta teangan a shárú da mba rud é gur bhaith oifigeach Stáit go raibh sé oiriúnach cuid den ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach gur dhiúltaigh siad go míréasúnta é seo a dhéanamh nó socrúcháin a dhéanamh ionas go bhféadfadh duine cumasach go leor sa Ghaeilge an gnó ábhartha a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá sé soiléir áfach, fiú ón anailís ghearr sin, go mbeadh aon bhreithniú ar chúrsaí dá leithéid ag brath go mór ar fhíricí gan amhras, agus go n-ardódh sé ceisteanna maidir leis na hiarmhairtí ar cheart a bheith ann le haghaidh aon teip. Ní gá go gciallódh sé mar shampla, nách bhféadfaí duine a chiontú i gceart le haghaidh cion coiriúil dá mba rud é gur sáraíodh a gcearta teangan sa phróiséas a tháinig roimh an gciontú sin chomh fada is go raibh aon triail a tharla cothrom agus gur deimhníodh a gcearta teangan chomh fada agus ab fhéidir.

4.6 Déanaim na breathnóireachtaí seo chun a léiriú nár bhain an cás seo, chomh fada is a bhaineann sé le soláthar na bhfoirmeacha ábhartha go dtí an tAth. Ó Cuinn, le cearta teangan ann féin ach le léiriúchán reachtúil. Fiú dár cuireadh cás ar bun bunaithe ar chearta teangan, tá sé soiléir ón anailís atá déanta agam go mbeadh cás dá leithéid ag brath go mórmhór ar fhíricí freisin agus go spreagfadh sé ceisteanna dlíthiúla tábhachtacha nách bhféadfaí a fhreagairt ach i gcomhthéacs na bhfíricí nuair a bheidis aimsithe. Mar sin, fiú dár cuireadh cás faoi chearta teangan ar bun, ní bheadh sé oiriúnach, i mo thuairim, breithniú a dhéanamh, cíbe ar cheart bac a chur le triail i gcúinsí an cháis. Go deimhin, ba cheart aon sainheisteanna faoi chearta teangan a thagfadh aníos go fírinneach a phlé ag triail ionas go bhféadfadh breitheamh na trialach cinneadh ceart a dhéanamh bunaithe ar na fíricí ar fad.

5. Conclúd
5.1 Mar gheall ar na cúiseanna ar fad leagtha amach sa bhreithiúnas seo, ní fheictear dom go bhféadfaí aon chuspóir údáideach a bhaint amach trí dhearbhú a thabhairt maidir le hinfhaighteacht leaganacha Gaeilge de na Rialacha Cúirte, an chúis gur rinneadh éileamh le haghaidh athbhreithniú breithiúnach. Bhí na rialacha sin ar fáil i nGaeilge faoin am go bhféadfadh aon triail ionchasach den Ath. Ó Cuinn tarlú, agus tá na prionsabail ghinearálata maidir leis an oibleagáid atá ar an Stát Rialacha Cúirte a sholáthar i nGaeilge seanbhunaithe.

5.2 I gcomhthéacs cinneadh na Cúirte Uachtaraí in Avadenei, nílim den tuairim go bhfuil aon bhunús ceart le hiarracht a dhéanamh bac a chur le triail an tAth. Ó Cuinn ar an mbonn nár soláthraíodh an fhoirm tástáil anála dó ach i mBéarla amháin. Déanaim trácht ghairid áfach ar an idirghníomhú idir shaincheisteanna bainteach le cearta teangan leis na saghas saincheisteanna a tháinig aníos sna himeachtaí seo ach i slí a sholéiríonn nách bhféadfadh cearta dá leithéid bac a chur le triail mar seo, bíodh is go bhféadfadh an poitéinseal a bheith ann, i gcúinsí áirithe, go n-ardófaí na saincheisteanna seo ag triail.










Ar ais ar barr an leathanach