Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Mac Aodháin -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2010] IEHC 335
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2008 532 JR
Dáta Seachadta:
07/30/2010
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Clarke J.
Stádas:
Míformheasta

Uimhir Luaite Neodrach: [2010] IEHC 335

AN ARDCHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

2008 532 JR




IDIR

PASCAL MAC AODHÁIN
IARRATASÓIR
AGUS

ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE, RIALTAS NA hÉIREANN, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, AGUS AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS an Bhreithimh Onóraigh Clarke tugtha an 30ú Iúil, 2010

1. Réamhrá
1.1 Seo dara breithiúnas sna himeachtaí seo. Is féidir cúlra an cháis a fháil i mbreithiúnas a thug mé ar an 19ú Feabhra, 2010 (MacAodháin v. Ireland & Ors (Neamhthuairiscithe, An Ard-Chúirt, Clarke Bh., an 19ú Feabhra, 2010)) agus ní gá é a thabhairt arís anseo. Choinnigh an t-iarratasóir (“An tUasal MacAodháin”) leis na himeachtaí seo agus é á áitiú aige go bhfuil an Rialtas ag sárú a chuid dualgas faoi alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (“Acht 1924”). Deirtear nach gcomhlíonann ceapachán an Bhreithimh Dúiche Zaiden chuig Dúiche 1 (ar limistéar í a chuimsíonn ceantar Gaeltachta) an alt sin má chuirtear san áireamh freisin nach bhfuil dóthain Gaeilge ag an mBreitheamh Dúiche Zaiden chun imeachtaí a stiúradh gan chabhair ó ateangaire.

1.2 Ina theannta sin, ardaítear roinnt saincheisteanna tánaisteacha maidir le doiciméid a aistriú go Gaeilge.

1.3 Bhain an breithiúnas roimhe seo, dár thagair mé níos luaithe, le follasú (“an breithiúnas follasaithe”). Ar na cúiseanna a leagtar amach sa bhreithiúnas follasaithe, d’ordaigh mé go ndéanfadh na freagróirí (“An Stát”) catagóir shainiúil doiciméad a fhollasú. Ós rud é go n-ardaítear an cheist a bhfuil orm cinneadh a dhéanamh ina taobh anois i gcúinsí neamhghnácha maidir le nós imeachta, is cuí ar an gcéad dul síos plé le stair an cháis seo ó thaobh nós imeachta de ó rinneadh an t-ordú follasaithe sin.

2. Stair maidir le Nós Imeachta
2.1 I gcomhlíonadh an ordaithe um fhollasú dár thagair mé cheana rinne an Stát mionnscríbhinn follasaithe. Ardaíodh ceist a bhain le héileamh pribhléide a rinneadh sa mhionnscríbhinn fhollasaithe sin. Rinne an tUasal MacAodháin foriarratas a sheirbheáil inar ceistíodh bailíocht na pribhléide a éilíodh. Fad is a bhí an foriarratas sin ar feitheamh, d’iarr abhcóide ar son an Stáit cead fógra a thionscnamh, ar dúradh faoi go gcuirfeadh sé deireadh leis na himeachtaí dá n-éireodh leis.

2.2 Tionscnaíodh an foriarratas sin. Ós rud é go gcuirfí deireadh leis na himeachtaí i ndáiríre dá n-éireodh leis an iarratas ábhartha, d’aontaigh abhcóidí ón dá thaobh gurbh cuí plé ar dtús le hiarratas an Stáit. Dírítear an breithiúnas seo ar na saincheisteanna a tháinig anuas maidir leis an iarratas sin.

2.3 Ní mór dom rud amháin a rá roimh plé le tuillteanais an iarratais sin. San iarratas sin féachann an Stát le hargóint a dhéanamh go bhfuil na himeachtaí seo aincheaptha. I dtosach báire agus go príomha deirtear nach dtugann alt 71 aon chearta do dhaoine go ndéanfaí imeachtaí a stiúradh ag breitheamh atá in ann plé le fianaise a thugtar trí Ghaeilge mura bhfuil ateangaire i láthair. Ina theannta sin deirtear go bhfuil na himeachtaí seo inphléite de bharr nach é an Breitheamh Dúiche Zaiden breitheamh Dhúiche 1 níos mó. Thairis sin, maidir leis na saincheisteanna breise a ardaíodh mar gheall ar dhoiciméid dlí éagsúla a aistriú, deirtear gur chinn an Chúirt Uachtarach na hábhair sin sa chás Ó Murchú v. An Taoiseach & Ors (Neamhthuairiscithe, An Chúirt Uachtarach, An Breitheamh Macken, an 6ú Bealtaine, 2010).

2.4 Maidir leis an bhforiarratas a ndírítear an breithiúnas seo air, iarrtar ann ordú chun na himeachtaí a scriosadh amach “inter alia” mar nach bhfuil na himeachtaí inargóinte de bharr go ndeirtear nach n-ardaíonn alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 saincheisteanna ar féidir iad a shocrú i gcúirt.

2.5 Go deimhin tá sé de cheart ag an Stát an cheist a chur an amhlaidh go dtugann alt 71, má fhorléirítear i gceart é, aon chearta do dhaoine cosúil leis an Uasal MacAodháin. Níl sé chomh soiléir, áfach, go bhfuil an Stát i dteideal foriarratas a thionscnamh os comhair na Cúirte ina fhéachtar leis na himeachtaí a scriosadh amach ar an mbonn sin.

2.6 Is iomaí bealach atá ag na cúirteanna agus iad ag plé le hiarratas trína n-ardófar saincheisteanna áirithe i gcás atá á chinneadh roimh saincheisteanna eile. Ceadaítear i Rialacha na nUaschúirteanna iarratas a dhéanamh maidir le réamh-shaincheist a thriail. Tá dlí-eolaíocht ann anois maidir le trialacha modúlacha, mar a thugtar orthu, ina gcinntear saincheisteanna de réir a chéile (féach, mar shampla, Cork Plastics v. Ineos Compounds [2007] IEHC 247). Sa chaoi chéanna is féidir tuillteanais imeachtaí i gcomhair suim leachtaithe a tionscnaíodh trí thoghairm achomair a scrúdú ar fhoriarratas ar bhreithiúnas chun a chinneadh an ann do chosaint dháiríre. Thairis sin, tá cosantóirí i dteideal iarraidh an dlínse a agairt a shainítear den chéad uair in Barry v. Buckley [1981] I.R. 306, chun imeachtaí a scriosadh amach mar gurb amhlaidh nach n-éireoidh leo. I gcomhthéacs athbhreithnithe bhreithiúnaigh féadann freagróir iarraidh go ndéanfaí cead a chúlghairm maidir leis an éileamh ábhartha ar fad nó le cuid shainiúil de.

2.7 Rinne gach ceann de na dlínsí ábhartha sin, áfach, teorainneacha a oibriú amach go cúramach maidir leis an méid gur féidir an dlínse atá i gceist a agairt, agus leis na himthosca inar cuí don chúirt idiragairt a dhéanamh. Baineann cúis shoiléir leis seo. Is é cleachtadh na gcúirteanna gur minic gurb é an bealach is faide an bealach is giorra abhaile. Cé go gceapfaí go mbeadh sé tarraingteach saincheisteanna áirithe a phiocadh amach i gcomhair triail luath, níl ann ach tarraingt éadomhain. Féadann a leithéid de ghníomhaíocht moill a chur ar imeachtaí chomh maith le tuilleadh costais a ghearradh orthu. Ar an ábhar sin ní fheidhmítear gach ceann de na dlínsí dár thagair mé ach i gcúinsí a rialaítear go cúramach, áit a bhfuil an chúirt sásta go leanfaidh próiseas feabhsaithe ó thaobh an cháis de mar thoradh ar an ngníomh a mholtar.

2.8 Ní ceadmhach do pháirtí iarracht a dhéanamh cinneadh a fháil maidir le saincheist amháin i gcás ar fhoriarratas gan an dlínse bheacht a hagraítear a shainaithint agus gan na critéir a chomhlíonadh a cuireadh ar bun le go bhfeidhmeodh an dlínse sin. Nílim cinnte, mar sin, gur tionscnaíodh i gceart an foriarratas a thionscain an Stát. Ós rud é, áfach, go raibh an dá thaobh sásta go ndéanfainn cinneadh ar an ábhar, agus ós rud é gur pléadh go hiomlán é, tá sé de rún agam déileáil leis ar a thuillteanais. Ní cóir, áfach, glacadh leis an mbreithiúnas seo amhail is dá mbeadh sé ag toiliú le nós imeachta áit ar féidir foriarratas den chineál seo a thionscnamh gan dlí-eolaíocht sheanbhunaithe a agairt maidir le cinneadh a fháil ar an tsaincheist ábhartha roimh an bpríomh-éisteacht.

2.9 Dírím, mar sin, ar an bpríomh-shaincheist atá i gceist idir an dá pháirtí, is é sin cé acu an féidir nó nach féidir alt 71 d’Acht 1924 a shocrú i gcúirt.

3. An bhfuil Alt 71 inbhreithnithe?

3.1 Caithfidh gurb é an pointe tosaigh ó thaobh alt 71 a mheas cinneadh na Cúirte Uachtaraí in Ó Monachain v An Taoiseach [1980-1998] T.É.T.S. 1. Bhain an cás sin le cointinn gur theip ar an Rialtas alt 71 d’Acht 1924 a chomhlíonadh, maidir le ceapachán an Bhreithimh Dúiche Larkin, mar a bhí ag an am, chuig Dúiche Uimhir 1. Chinn an Chúirt Uachtarach le tromlach dó le haon nár theip ar an Stát a dhualgas a chomhlíonadh faoin alt. Chinn breithiúnas mionlaigh an Bhreithimh Walsh, ag brath ar fhoclaíocht alt 71, cé nach raibh dualgas absalóideach ar an Stát breitheamh a cheapadh a bheadh in ann imeachtaí a éisteacht gan ateangaire, gurb ann mar sin féin do dhualgas coinníollach nár comhlíonadh de réir fhíricí an cháis. Cé go raibh tuairim dhifriúil ag an tromlach (Henchy Bh. agus Griffin Bh.) i ndáil leis na fíricí, nocht an bheirt acu tuairimí faoi dhualgais an Rialtais a bhí cosúil leis a cinn a nocht an Walsh Bh.. Níl rud ar bith in aon cheann de na breithiúnais a thabharfadh le tuiscint go raibh aon bhall den chúirt den tuairim, maidir le cás cuí, nach mbeadh iarratasóir cuí in ann ordú a fháil, maidir leis an Rialtas gan a dhualgais a chomhlíonadh faoi alt 71.

3.2 Agus an breithiúnas sin á chur san áireamh, thug abhcóide ar son an Stáit faoi deara nár áitíodh an cheist cé acu an dtugann nó nach dtugann alt 71 d’Acht 1924 cearta d’aon pháirtí sa chaoi is gur féidir na cearta sin a fhorghníomhú in imeachtaí. Go deimhin tá an ceart ag abhcóide maidir leis sin agus is fíor a rá, mar a thug abhcóide faoi deara, mura ndéantar pointe a áitiú, nach ndéantar cinneadh faoi.

3.3 Bheadh sé ina chúis ionaidh, áfach, mura mbeadh sé luaite ag triúr breitheamh den ghradam agus den chleachtas agus atá ag breithimh na cúirte sa chás Ó Monachain nach bhfuil alt 71 d’Acht 1924 inbhreithnithe dá mba rud é gurb é sin an tuiscint ar cheart a bhaint as an alt. Cé nach bhfuil mé sásta, mar sin, go bhfuil cinneadh cinntitheach déanta faoin bpointe ag an gCúirt Uachtarach sa chás Ó Monachain sa chaoi is mbeadh sé de cheangal orm, mar sin féin creidim gurb údarás suntasach é cás Ó Monachain i bhfabhar na tairisceana go n-ardaítear cearta aonaracha faoi alt 71 d’Acht 1924.

3.4 Is é an argóint a cuireadh ar aghaidh ar son an Stáit nach raibh sé i gceist ag an alt cearta a bhronnadh ar dhaoine aonaracha. Deirtear gurbh é cuspóir an ailt éifeachtacht a bhaint amach trína chinntiú, chomh fada agus is praiticiúil, nach ndéanfaí imeachtaí a mhoilliú agus a dhéanamh níos casta i gcás breithimh a bheadh ag éisteacht cásanna i gceantair Ghaeltachta trí riachtanas a bheith ann ateangairí a bheith i láthair.

3.5 Is fiú a thabhairt faoi deara gurb é an caighdeán Gaeilge atá ar an Rialtas a lorg (a oiread agus is inoibrithe) i gcás bhreithimh dhúiche ábhartha ná caighdeán a ligfeadh don bhreitheamh sin plé le fianaise as Gaeilge (seachas áitiú dlí) gan chabhair ó ateangaire. Cé go mbaineann dúshláin ar leith ó thaobh chumas Gaeilge an rannpháirtí le hargóint dhlíthiúil a stiúradh as Gaeilge gan ateangaire (cibé an abhcóide nó breitheamh atá i gceist), baineann tábhacht ar leith le fianaise. D’fhéadfadh daoine a bhfuil cumas teoranta teanga acu gan aird a thabhairt ar phointí fianaise a bheadh soiléir do dhuine a mbeadh líofacht níos fearr aige.

3.6 D’fhéadfadh go mbeadh buntáiste riaracháin ar leith ag gabháil le breitheamh a bheith ag feidhmiú i gceantar Cúirte Dúiche a chuimsíonn ceantar Gaeltachta a mbeadh dóthain Gaeilge aige nó aici chun nach mbeadh gá le hateangaire maidir le haon fhianaise a thabharfaí as Gaeilge. Bheadh an Rialtas in ann an éifeachtacht riaracháin sin a chur i bhfeidhm ar aon nós, áfach. Rialaíonn an Rialtas cén breithimh a cheaptar go buan chuig ceantair na Cúirte Dúiche. Dá measfaí go mbeadh sé inmhianaithe ó thaobh na héifeachtachta riaracháin de nach gceapfaí ach breithimh a raibh an leibhéal riachtanach Gaeilge acu chuig na ceantair sin, sa chás sin bheadh an Rialtas in ann é sin a chur i bhfeidhm gan aon idirghabháil reachtúil. Bheadh an Rialtas in ann daoine a raibh na cáilíochtaí cuí acu a bheith ceaptha ach iad a bheith ar fáil. Cén fáth mar sin go raibh reachtaíocht ag teastáil?

3.7 Cé nach bhfágaim as an áireamh go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh go raibh caoithiúlacht riaracháin i gceist, táim sásta go léiríonn an reachtaíocht a bheith curtha i bhfeidhm, agus alt 71 mar chuid di, go raibh sé i gceist dualgas dlí a chur ar an Rialtas téarmaí alt 71 a chomhlíonadh. Feictear dom, má tá an ceart ag an Stát, go gcruthódh alt 71 d’Acht 1924 oibleagáid dhlíthiúil nach mbeadh duine ar bith i dteideal a fhorfheidhmiú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gceistíonn an tsaincheist a ardaíodh ar son an Stáit teidlíocht phearsanta an Uasail Mhic Aodháin na saincheisteanna seo a ardú in aon chor, sa chás gur féidir iad a ardú ar chor ar bith. Feictear dom go mbeadh an-leisce ar chúirt tuiscint a fheidhmiú ar aon réim reachtúil go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar Rialtas nach bhfuil aon duine in ann a fhorfheidhmiú. Tá mé sásta mar sin go bhfuil alt 71 inbhreithnithe. Ní gá sa chás seo na paraiméadair a shainiú a dtagródh duine dóibh a d’fhéadfadh a bheith i dteideal alt 71 a agairt, mar nár ardaíodh aon cheist faoi theidlíocht phearsanta an Uasail Mhic Aodháin sna himeachtaí seo. Táim sásta mar sin go bhfuil an tUasal MacAodháin, ó thaobh an phrionsabail de, i dteideal na himeachtaí seo a chothabháil.

3.8 Cé nach raibh siad seo lárnach don chás a rinneadh ar son an Stáit, ba cheart dom aird a thabhairt go hachomair ar dhá cheist eile a ardaíodh le linn na hargóinte.

4. Na Pointí Tánaisteacha

4.1 Bhain an chéad cheist a ardaíodh leis an bhfíoras, nach bhfuil aon amhras faoi, nach bhfuil an Breitheamh Zaiden ina Bhreitheamh ar Dhúiche 1 a thuilleadh. Sna himthosca sin deirtear go bhfuil an cás inphléite. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin gur tháinig an Breitheamh Kilrane i gcomharbas ar an mBreitheamh Zaiden mar Bhreitheamh i nDúiche 1. Ardaíodh ceisteanna comhchosúla faoi an raibh an cumas Gaeilge ag an mBreitheamh Kilrane a sainíodh in alt 71 d’Acht 1924. Ina dhiaidh sin ceapadh an Breitheamh Dúiche Hughes. I litir dár dáta an 2ú Iúil, arna seoladh ag Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit chuig aturnaetha an Uasail Mhic Aodháin, dúradh, mar shoiléiriú ar chomhfhreagras roimhe sin nach gá tagairt a dhéanamh dó, go raibh “roinnt” Gaeilge ag an mBreitheamh Dúiche Hughes. Dúradh freisin gur chur Uachtarán na Cúirte Dúiche in iúl go bhféadfaí, i gcásanna nuair ba chuí é, breitheamh le cumas níos fearr Gaeilge a cheapadh chun plé le hábhair aonaracha de réir cásanna.

4.2 Is amhlaidh mar sin gur ann fós, go féideartha ar a laghad, don tsaincheist lárnach, cé go bhfuil an cheist ar leith a bhaineann leis an mBreitheamh Dúiche Zaiden inphléite má bhreathnaítear go géar uirthi. Tá leibhéal baileach an dualgais atá ar an Rialtas faoi alt 71 d’Acht 1924 fós míshoiléir. Dealraíonn sé dom go dtagann an cás seo go soiléir i gcatagóir na gcásanna áit, cé gurb amhlaidh go bhfuil an tsaincheist a ardaíodh inphléite má bhreathnaítear go géar uirthi, tá gach cosúlacht ann go bhféadfadh an cheist chéanna a bhaineann leis na páirtithe céanna a theacht anuas arís (féach, mar shampla, Condon v. Minister for Labour [1981] I.R. 62). Ní cás é seo, i mo thuairimse, ina bhfuil sé soiléir nach cóir dul ar aghaidh leis ar na forais go bhfuil sé inphléite.

4.3 Bhain na ceisteanna eile a tháinig anuas lena mhéid a ndearnadh cinneadh i gcás Ó Murchú maidir leis na saincheisteanna atá bainteach le haistriú doiciméad dlí, a d’ardaigh an tUasal Mac Aodháin sa chás seo. D’fhéadfadh go bhfuil cinneadh cinntitheach déanta ag an gCúirt Uachtarach i gcás Ó Murchú maidir le cuid de na saincheisteanna a ardaíodh. Níl aon amhras orm nach ndéanfaidh abhcóide ar son an Uasail Mhic Aodháin iarracht, sna haighneachtaí scríofa a chomhdófar nuair a thiocfaidh an t-iarratas seo chun éisteachta, saincheisteanna a athoscailt a chinn an Chúirt Uachtarach go cinntitheach le déanaí. Tá ceisteanna ann go fóill, áfach, faoi cé acu ar chloígh nó nár chloígh an Stát leis na dualgais a cinneadh i gcásanna cosúil le cás Ó Murchú, agus, murar chloígh, céard iad na torthaí ar cheart a bheith ann. Dealraíonn sé dom gurb ábhair iad seo ar cheart iad a chinneadh ag an triail iomlánach.

5. Conclúidí
5.1 Ar na cúiseanna a d’fhéach mé le hanailís a dhéanamh orthu táim sásta, mar sin, go bhfuil alt 71 d’Acht 1924 inbhreithnithe. Is gá anois go gcinnfear an ghné sin de na himeachtaí ar a tuillteanais.

5.2 Níor cheart go ndéanfaí aon ghné de na imeachtaí seo a chinneadh ag an bpointe seo mar gheall ar aon cheann de na pointí tánaisteacha a ardaíodh ar son an Stáit.










Ar ais ar barr an leathanach