Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Gríofáin -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2009] IEHC 188
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2007 45 JR
Dáta Seachadta:
04/23/2009
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
Charleton J.
Stádas:
Formheasta


AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

2007 45 JR




IDIR

TOMÁS Ó GRÍOFÁIN
IARRATASÓIR
AGUS

ÉIRE, AN tARD-AIGHNE, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ

AGUS

AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS an Bhreithimh Charleton tugtha ar an 23ú Aibreán, 2009

1. Tá an t-iarratasóir ag iarraidh ionchúiseamh as tiomáint ar meisce a chosc trí chearta teanga a dhearbhú. Déanann sé agóid go háirithe nach ndearna an meaisín, a chuir léamh uathoibríoch ar fáil faoin leibhéal alcóil ina chorp, an fhoirm, a bhí le síniú mar admháil aige, a phriontáil i nGaeilge.

ÉILEAMH
2. Seo iad na horduithe atá á lorg:

      “1. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an gcéad ar an dara agus ar an triú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar na hIonstraimí Reachtúla atá leagtha amach sa sceideal leis seo arb iad Na Rialacha Cúirte Dúiche reatha iad a bhaineann le hábhar sa chás seo a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théamaí nach lú a mbuntáiste ná na tearmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fail an leagan oifigiúil Béarla.

      2. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an gcéad ar an dara agus ar an triú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. 510/2001) maille lena leasuithe a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théamaí nach lú a mbuntaiste ná na téarmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla ó tharla go bhfuil ceart uathoibríoch ann acomharc a dhéanamh ón gCuirt Dúiche chuig an gCúirt Chuarda mar athéisteacht de novo i gcás coiriúil.

      3. Dearbhú go bhfuil an saoránach lena n-áirítear an t-iarratasóir i dteideal leagain Ghaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) den deimhniú anailíse anála a eisíonn gaireas anála dá dtagraítear in alt 17 den Acht um Thráacht ar Bhóithre 1994 ar an ócáid agus ag an am a leagtar amach in alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994.

      4. Dearbhú go bhfuil an saoránach lena n-áirítear an t-iarratasóir i dteideal leagain Gaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) den deimhniú anailíse anála a eisíonn gaireas anála dá dtagraítear in alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 sa chás go lorgaíonn sé leagan oifigiúil Gaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) de agus go bhfuil an saoránach sin inniúil amhlaidh sa Ghaeilge.

      5. Dearbhú nach féidir iallach a chur ar an saoránach leagan Béarla den deimhniú anailíse anála a eisíonn gaireas anála dá dtagraítear in alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 a shíniú sa chás go lorgaíonn sé leagan oifigiúil Gaeilge/dátheangach (Gaeilge/Béarla) de agus go bhfuil an saoránach sin inniúil amhlaidh sa Ghaeilge.

      6. Ordú Mandamus ag tabhairt ar an gcéad ar an dara agus/nó ar an triú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar na hionstraimí reachtúla atá leagtha amach sa sceideal réamhráite leis seo arb iad Na Rialacha Cúirte Dúiche reatha iad a bhaineann le hábhar sa chás seo a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théarmaí nach lú a mbuntáiste ná na téarmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla.

      7. Ordú Mandamus ag tabhairt ar an gcéad ar an dara agus ar an tríú freagróir tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. 510/2001) maille lena leasuithe a chur amach agus a chur ar fáil don phobal trí chéile ar a n-áirítear an tIarratasóir ar théarmaí nach lú a mbuntaiste ná na téarmaí faoinar cuireadh amach agus faoina gcuirtear ar fáil an leagan oifigiúil Béarla.

      8. Ordú Toirmisc ag cosc ar an gceathrú freagróir a chuid seirbhíseach agus gníomhairí ó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh sna cásanna uimhir R2134/580575 agus R3116G/580575 go dtí go mbeidh tiontu oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar na hionstraimí reachtúla uile atá leagtha amach sa sceideal réamhráite leis seo ar fáil don Iarratasóir.

      9. Ordú Toirmisc ag cosc ar an gceathrú freagróir a chuid seirbhíseach agus gníomhairí ó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh sna cásanna uimhir R2134/580575 agus R3116G/580575 go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar Na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 (I.R. 510/2001) maille lena leasuithe ar fail don Iarratasóir.

      10. Urghaire ag cosc ar an gceathrú freagróir a gcuid seirbhíseach agus gníomhairí ó dhul ar aghaidh leis an ionchúiseamh sna cásanna uimhir R2134/580575 agus R3116G/580575 go dtí go n-éistear agus go dtugtar an bhreith dheiridh san Athnhreithniú Breithiúnach seo.

      11. Aon ordú cuí eile

      12. Costais na nImeachtaí seo.”


FÍRICÍ
3. Ar an 4ú Márta, 2006 d’iarr an Garda James Downey ar an iarratasóir stopadh agus é ag tiomáint a ghluaisteáin, le cláruimhir 06 OY 1428, in aice le Whitehall, An Tulach Mhór, i gcontae Uíbh Fhailí. Bhí comhrá ann i mBéarla, mar gheall gur úsáid an t-iarratasóir an teanga sin. Bhain sé le ceanglais faoi alt 12 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, chun tiománaithe a thástáil maidir leis an méid alcóil a bhí ólta acu agus mar sin de. Agus an nós imeachta ábhartha á leanúint aige, bhí sé mar chonclúid ag an nGarda Downey gur chóir dó an t-iarratasóir a ghabháil ar amhras go raibh sé ag tiomáint ar meisce. Tugadh chuig Stáisiún na nGardaí sa Tulach Mhór é, áit ar tugadh fógra um chearta dó i mBéarla. Ní dhearna sé agóid. Lean an comhrá ar aghaidh ar feadh tamaillín ina dhiaidh sin mar gheall go bhfuil am feithimh ag teastáil faoin nós imeachta sula mbaintear úsáid as meaisín anála chun tástáil a dhéanamh an bhfuil duine os cionn an teorainn ábhartha maidir le tiomáint ar meisce. Tugtar “intoxilyzer” ar an meaisín seo. Nuair a iarradh ar an iarratasóir dhá shampla anála a thabhairt, thosaigh sé ag labhairt i nGaeilge. Bhí an Garda Downey thar a bheith cúirtéiseach leis. Fuair sé scríbhinn chaighdeánach maidir le bheith ag plé leis an bpobal i gcásanna mar sin ó Stáisiún na nGardaí i Sráid an Mhuilinn i nGaillimh, stáisiún a dhéanann a chuid gnó oifigiúil ar fad, meabhráin inmheánacha san áireamh, i nGaeilge. D’úsáid sé é seo chun beartaíochtaí breise a stiúradh trí Ghaeilge. D’iarr sé ar an iarratasóir samplaí dá anáil a thabhairt. Rinneadh é sin. Chuir an meaisín asphrionta ar fáil. Thaispeáin an ráiteas seo go raibh an iomarca alcóil ann. Cuireadh faoi bhráid an iarratasóra é agus iarradh admháil a shíníú faoi alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994. Dhiúltaigh sé ansin é a shíniú mar gheall gur chuir an meaisín an fhoirm ábhartha ar fáil i mBéarla.

4. Maíonn an meaisín go raibh an t-iarratasóir ag tiomáint agus an iomarca alcóil ina chorp, de réir mar a shocraítear sa reachtaíocht ábhartha. Deir an t-iarratasóir ina mhionnscríbhinn go bhfuil sé neamhchiontach as an gcúiseamh seo. Ní dhéanaim trácht ar bith maidir leis seo, mar gheall gur ábhar é sin don chúirt thrialach.

5. I ndiaidh na heachtra seo idir an Garda, an t-iarratasóir agus an meaisín, eisíodh toghairmeacha, scríofa i nGaeilge, ag leagan síos dáta i gcomhair trialach os comhair na Cúirte Dúiche ar dhá chúiseamh. B’iad sin, ar an gcéad dul síos, tiomáint ar meisce bunaithe ar a shampla anála agus, ar an dara dul síos, gan an ráiteas admhála den léamh alcóil a d’eisigh an meaisín a shíniú nuair ba ghá é sin a dhéanamh. Ina theannta sin, thart ar bhliain i ndiaidh na n-imeachtaí seo, seoladh an ráiteas ón meaisín chuig an iarratasóir agus é aistrithe go Gaeilge.

6. Ba é freagra an iarratasóra do na toghairmeacha seo ná dul i mbun comhfhreagrais ag iarraidh roinnt ionstraimí reachtúla ón Stát aistrithe go Gaeilge. Ina measc seo bhí Rialacha na Cúirte Dúiche agus Rialacha na Cúirte Cuarda agus líon mór ionstraimí reachtúla eile a bhain le táillí sa Chúirt Dúiche, dul i gcúirtbhanna agus fiú amháin rialacháin de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní raibh aon ní sa litir óna aturnae a chuir in iúl conas a d’fhéadfadh sé go mbeadh siad ábhartha i ngnáthionchúiseamh, an rud atá i gceist anseo. Gan iad sin, tá locht bunúsach in argóint ar bith ina bhfuil éileamh á dhéanamh ar chearta teanga; MacCárthaigh v. Éire, [2008] I.E.H.C. 158. Bhí said seo ar fad ar fáil i nGaeilge, áfach, ach amháin Rialacha na Cúirte Cuarda. Níl an t-iarratasóir ar triail sa Chúirt Chuarda, áfach. Tá sé ar triail sa Chúirt Dúiche. Tá sé de cheart aige achomharac a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda, má chiontaítear é, ach tugann sé le fios go bhfuil sé neamhchiontach as an gcúiseamh. Táthar ag súil leis go mbainfear an ceartas amach agus tá an chúirt seo i dteideal a bheith dóchasach go ndéanfar sin. De réir mionnscríbhinn Mhichíl Uí Chearúil, scoláire léannta agus teisteoir iontaofa, tá Rialacha na Cúirte Cuarda gar do bheith aistrithe. Deirtear liom go ndéanfar leagan oifigiúil díobh a fhoilsiú an mhí seo chugainn. Ní bhaineann ach cuid de na rialacha seo le hachomhairc ón gCúirt Dúiche. Ar aon nós, beidh siad seo ar eolas ag dlíodóir inniúil ar bith.

Cearta Teanga
7. Táim sásta go bhfuil na freagróirí meáite ar theidlíocht iomlán an iarratasóra faoin mBunreacht a chur ar fáil dó maidir lena chosaint a chur i láthair i nGaeilge. Níl rud ar bith i gceann ar bith de na páipéir a thabharfadh le fios dom go bhfuil oiread is baol beag bídeach ann go bhfuiltear ag caitheamh go dona leis an iarratasóir nó go bhfuiltear ag déanamh leithcheal air de bharr na gcearta sin a dhearbhú.

8. In An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia, [1980-1998] T.É. Tuairisc Speisialta 30 tógadh athbhreithniú breithiúnach mar gheall gur iarr an Binse Achomhairc Fostaíochta go dtabharfaí faoi chroscheistiú ar fhinné a bhí ós a chomhair i mBéarla agus ní i nGaeilge, teanga an iarratasóra ar shásamh a bhí os a chomhair. I ndiaidh athbhreithniú fada ar na húdaráis ábharthacha, rialaigh Ó hAnluain Brmh. nár cur chuige ceart a bhí i gceist leis sin. Sheas sé leis go raibh an ceart ag gach páirtí os comhair cúirte a thaobh nó a taobh den chás a dhéanamh i nGaeilge nó, ag leanúint uaidh sin, i mBéarla. Tar éis iarratas mar sin a dhéanamh, níor cheart do bhinse nó do chúirt fiosrú a dhéanamh maidir leis an gcur amach a bheadh ag páirtí ar bith ar cheachtar den dá theanga. Ag deireadh a bhreithiúnais, a thuairiscítear ag lch. 36, leag sé amach na prionsabail seo a leanas:-

      “1. Nuair a bhíonn cúis le plé os comhair na gcúirteanna, nó os comhair aon bhínse go bhfuil comhacht aige do réir dlí, ordaithe a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar chearta phearsanta no ar chearta maoine na bpáirtithe a thagann os a chomhair, tá sé de cheart ag gach párti a thagann os comhair na cúirte nó os comhair an bhínse, a thaobh féin den chás do phlé as Gaeilge, má’s mian leis, agus fianaise tré Ghaeilge do chur i láthair na chúirte nó an bhínse. Má tharlaíonn nach mbíonn eolas sách maith ag an bpáirtí eile an méid sin do thuiscint, dlitear ateangaire do cheapadh d’fhonn aistriúchán a dhéanamh ar an mhéid a deirtear, nó scríobhtar as Gaeilge.

      2. Níl feidhm ag an gcúirt, no ag an mbínse fiafraí an bhfuil eolas ar an mBéarla ag an t-é gur mian leis úsáid a bhaint as an nGaeilge - tá ceart aige fén mBunreacht rogha a dhéanamh den phríomh-theanga oifigiúil má’s áil leis, go dtí go leagtar sios a mhalairt do réir dlí i leith gnótha nó gnóthaí oifigiúla áirithe ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de. Fágann san go bhfuil an ceart céanna ag an t-é go bhfuil an Béarla go líofa aige, agus atá ag an t-é a rugadh agus a tógadh san nGaeltacht agus nach bhfuil eolas ar bith aige, nó nach bhfuil ach eolas neamh-chruinn aige, ar an mBéarla. Go minic, tharlódh go gcuirfí moill ar imeachta na cúirte nó an bhínse má eilítear go ndéanfaí an chúis nó cuid di do phlé tré mheán na Gaeilge, agus cuirfeadh seo le costas na nimeachta má’s gá ateangaire do cheapadh, ach ní fuláir cur suas leis na fadhbanna san d'fhonn beart do dheanamh do réir an Bhunreachta. Cead ag an Oireachtas a mhalairt de shocrú a dhéanamh do réir dlí, má’s áil leis sin do dhéanamh, i dtaca le gnóthaí oifigiúla ar bith ar fuaid an Stáit nó in aon chuid de.

      3. Aon uair gur mian le páirtí ar bith a thaobh feín den scéal do bhrú ar an gcuirt nó ar an bhinse, pé’cu tré aighneacht, tré fianaise do thabhairt, tré finnéithe do cheistiú nó do chros-cheistiu , táim den bharúil go bhfuil sé de cheart aige fén Bhunreacht an tiomlán do dhéanamh tré mheán na Gaeilge, má’s toil leis”.

9. Níl an t-iarratasóir sásta leis seo. Dáiríre, is éard atá á lorg ag an iarratasóir ná go mbeadh gach blúire páipéir atá ábharthach sa chás, gach píosa de dhlí reachtúil nó de dhlí trí rialachán a d’fhéadfadh sé a bheith ag brath orthu agus gach idirbheart a imríonn tionchar air agus an cás á dhiúscairt a bheith i nGaeilge. D’fhéadfadh sé go ndéarfadh an t-iarratasóir gur áibhéil é seo ar a chuid aighneachtaí. Ní hea ar chor ar bith. Más féidir leis argóint a dhéanamh gur chóir do mheaisín a chuireann toradh shampla anála ar fáil é sin a dhéanamh as Gaeilge, leanann sé uaidh sin nach síneadh ar bith ar a argóint a rá gur chóir go mbeadh gach gné den phróiseas coiriúil a cuireadh air a bheith sa teanga chéanna. Deirim an méid seo mar gheall gur luaigh an t-iarratasóir agus é dáiríre an cás Beaulac v. The Queen and the Attorney General of Canada [1999] 1 S.C.R. 768 mar bhunús lena chás. Mar is eol go maith, i roinnt áiteanna i gCeanada tá an Fhraincis nó teanga na nIonúiteach mar theangacha oifigiúla. Ní amhlaidh atá i mBritish Columbia, áfach. Is cúige é ina labhraítear Béarla. Gabhadh an t-iarratasóir sa chúige sin as dúnmharú agus cuireadh faoi thriail é agus fuarthas ciontach é. Rinne sé achomharc le Cúirt Uachtarach Cheanada agus bhí argóint aige go raibh teidlíocht aige faoi alt 530 de Chód Choiriúil Cheanada breitheamh agus giúiré a labhair Fraincis. Bheifeá ag déanamh iontais cén gaol atá aige seo le cibé ar chruthaigh an t-ionchúiseamh thar teora amhrais réasúnta gur mharaigh sé duine mí-ámharach éigin nó nár chruthaigh? Chuir an Chúirt Uachtarach a chiontú ar ceal, bunaithe ar ghnéithe den chairt Cheanadach de chearta agus saoirsí bunúsacha, nach bhfuil a macasamhail, i mo thuairim, in ár mbunreacht, agus d’ordaigh sé gur chóir é a chur faoi thriail arís os comhair giúiré a labhair Fraincis agus breitheamh a labhair Fraincis. Sheas an Chúirt Uachtarach leis ag lch. 791 dá mbreithiúnas go gcaithfear cearta teanga a thuiscint go cuspóiriúil chun pobail na dteangacha oifigiúla a chaomhnú agus a fhorbairt i gCeanada. Dhiúltaigh siad d’aon argóint go bhféadfadh tuiscint liobrálach ar chearta teanga cúigí chur i gcoinne gníomhartha dearfacha i bhfábhar teangacha mionlaigh laistigh dá gcríoch. Seachas sin, sheas Bastarache J. leis gur uirlis bhunúsach a bhí i gceist leis na cearta seo a dhearbhú chun pobail teanga a chaomhnú agus a chosaint. Sheas sé leis gurb éard a bhí i gceist le cearta teanga ná rud ar a dtug sé ceart ar leith, éagsúil ó phrionsabail an cheartais bhunúsaigh.

10. Ní ghlacaim leis sin. Is é an ceartas an aidhm atá le gach imeacht dlíthiúil. Is í an fhírinne an cuspóir atá ag gach cleachtas breithiúnach. Caithfidh an prionsabal d’fhíor-ord sóisialta atá mar chuspóir ag ár mBunreacht, agus mar a dearbhaítear sa Bhrollach, diúscairt de ghnó coiriúil a bheith ina luach lena mbaineann tábhacht ar leith leis chun sochaí chomhtháite a bhaint amach. Dá mbeadh rath ar argóint an iarratasóra, ansin ní bheadh le déanamh ag duine ar bith a stopfaí ina fheithicil nó ina feithicil agus amhras ann go raibh sé/sí ag tiomáint ar meisce ach an Garda a bheannú as Gaeilge le go dtiocfadh deireadh leis an bpróiseas ar fad, ach amháin dá mbeadh Gaeilge mhaith ag an nGarda. Is gné lárnach den Bhunreacht iad cearta. Ní ceacht acadúil atá i gceist le ceart a chleachtadh a tharlaíonn scartha amach ó mhaitrís fhíorasach. Tá ceart ann príobháideacht a bheith agat, gan cur isteach ort. Ní leor, mar ábhar dlí, an ceart sin a dhearbhú amháin. Caithfidh cúirt féachaint ar na himthosca ina ndéantar argóint é a bheith ag oibriú agus na cearta, na teidlíochtaí dlíthiúla agus na hoibleagáidí a mhaítear cleachtadh mar sin a bheith níos airde ná iad. Mar shampla, ní féidir le duine ar bith ábhar comhrá teileafóin a nochtadh gan cead a fháil ó dhuine amháin sa ghlaoch ar a laghad; féach anailís na Cúirte Achomhairc Choiriúil in The People (DPP) v Geasley [2009] I.E.C.C.A. 22. Agus glaoch teileafóin á dhéanamh ar dhuine éigin, anuas ar chearta reachtúla, tá duine ag dearbhú ceart bhunreachtúil ar phríobháideacht de ghnáth; is eisceacht a d’fhéadfadh a bheith ann ná glaoch a dhéanamh ar chlár raidió atá le craoladh go poiblí. Dá dtógfadh iriseoir teileafón saoránaigh chun aitheantas a ligean air féin agus glaoch a thaifeadadh le duine poiblí agus í mar aidhm aige tuairisc phoiblí a dhéanamh, de réir mar a tharla i dtíortha eile, is léir go bhfhéadfaí an ceart ar phríobháideacht a dhearbhú. Bheadh póilín a mbeadh teileafón aige le duine a bhfuil amhras faoi gur mangaire drugaí é, a chuirfeadh dallamullóg air chun an duine sin a ghabháil, i gcatagóir eile. An féidir a dhearbhú go síneann an ceart bunreachtúil ar phríobháideacht chuig coir a eagrú go príobháideach? Ní dóigh liom é. Ar deireadh, in imthosca áirithe is féidir leis an spreagadh le ceart a chleachtadh a bheith mar chuid den anailís dhlíthiúil atá ag teastáil. Tá sé de cheart ag saoránach a chuid maoine a dhíol. Ach má tá sé de chuspóir aige é féin a chosaint ó bhreithiúnas agus falcaireacht a dhéanamh ar a chreidiúnaithe dá bharr, d’fhéadfadh na cearta bunreachtúla a bhaineann le maoin phríobháideach a bheith i gcoimhlint agus a réiteach i bhfábhar an méid atá cothrom de réir caighdeáin dhaoine cneasta.

11. Ina theannta sin, fiú má táim mícheart agus é sin á áitiú agam, ní bhunaíonn an cásdlí breithnithe teidlíocht ar bith go mbeadh doiciméid oifigiúla ar bith a thagann ón Stát i mBéarla nó i nGaeilge.

12. In Attorney General v Coyne and Wallace (1967) 101 I.L.T.R. 17 seirbheáladh fógra go raibh sé beartaithe ionchúiseamh a dhéanamh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre ar dhuine a labhair Béarla agus a bhí ina chónaí i gceantar Gaeltachta. Bhí an toghairm i nGaeilge go hiomlán. Rinne an Garda, agus an fógra á sheirbheáil, an cineál toghairme a bhí i gceist a mhíniú. Níor labhair na cosantóirí ach Béarla. Sheas an Chúirt Uachtarach leis gur leor é seo chun seasamh le ceart ar bith a bhí ag an gcosantóir Béarla a úsáid mar theanga oifigiúil. Dar ndóigh, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go ndéanfadh an Chúirt Dúiche a gcás a thriail i mBéarla ar deireadh. I gclampar na hargóinte ar fad a bhaineann le cearta teanga, is cosúil go ndearnadh doiléiriú ar na prionsabail a leagtar amach sa chás seo. Tá siad ina gceangal orm, áfach. Ní cheanglaítear ar an Stát aon chineál doiciméad ar leith a bhaineann le próiseas choiriúil a tháirgeadh i nGaeilge nó i mBéarla. Is féidir leis an Stát teanga amháin nó an teanga eile a roghnú. Níl mí-úsáid ar chearta duine ar bith i gceist leis seo. Is féidir le duine neamhliteartha duine a fháil chun doiciméad a léamh dó, is féidir le duine a labhraíonn Béarla duine a fháil chun doiciméad i nGaeilge a mhíniú dó agus is féidir le duine a labhraíonn Gaeilge an rud céanna a dhéanamh le doiciméad Béarla freisin; féach Ó Dálaigh Brmh. ag lch. 8. Ar bhealach ní bhaineann sé seo le hábhar os rud é go bhfuil an t-iarratasóir líofa sa dá theanga. Is é an riachtanas bunúsach faoin mBunreacht ná go dtabharfaí fógra réasúnta faoin méid a líomhnaítear in ionchúiseamh. Tá an teidlíocht sin ann le gur féidir le duine cosaint a ullmhú. Is féidir Gaeilge nó Béarla a úsáid chun an cás sin a chur i láthair. Dhearbhaigh Ó hAnluain Brmh. go soiléir go bhfuil an teidlíocht ann teanga amháin nó an teanga eile a úsáid in An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia. Ní bhaintear an bonn de na cearta sin ar bhealach ar bith trí dhoiciméid ar leith a thagann ón Stát a bheith i mBéarla nó i nGaeilge.

Teidlíocht chun Ceartais
13. Bhain Ó Beoláin v. Fahy, [2001] 2 I.R. 279, go bunúsach, le héileamh faoi Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht go mbeadh gach Acht de chuid an Oireachtais ar fáil don phobal sa dá theanga oifigiúla. Sheas an Chúirt Uachtarach leis freisin nár chóir go mbeadh duine ar bith faoi mhíbhuntáiste agus triail á reáchtáil i nGaeilge agus go raibh teidlíocht ann cóip de Rialacha na Cúirte Dúiche a fháil i nGaeilge. Maidir leis na cearta a bhí i gceist, áfach, tá sé déanta soiléir ag McGuinness Brmh. go bhfuil cosc trialach ag brath ar éagóir bhunúsach éigin a aithint a mbeadh triail nach mbeadh mar is cuí de réir dlí, mar a ráthaítear faoin mBunreacht, mar thoradh uirthi. Ag deireadh an bhreithiúnais ag lch. 295 – 296 dúirt sí an méid seo a leanas:-

      “Tá an t-iarratasóir ag lorg ordaithe a stopfadh aon leanúnachas dá thriail sa Chúirt Dúiche nó go mbeidh an t-aistriúchán riachtanach de Rialacha na Cúirte Dúiche ar fáil. Deir an t-abhcóide thar ceann na bhfreagróirí gur ceist í maidir le tosaíocht a thabhairt do cheart an phobail coireanna a ionchúiseamh ar cheart an iarratasóra leagan Gaeilge de na Rialacha na Cúirte Dúiche a bheith ar fáil dó. Tá ceist cheart tosaíochta an phobail chun coireanna a ionchúiseamh meáite ag Denham Brmh. i sliocht ina breithiúnas i D. v. Director of Public Prosecutions [1994] 2 I.R. 465 ag lch. 474, ar a mbíonn trácht go minic:-

      ‘The applicant's right to a fair trial is one of the most fundamental constitutional rights afforded to persons. On a hierarchy of constitutional rights it is a superior right.

      A court must give some consideration to the community's right to have this alleged crime prosecuted in the usual way. However, on the hierarchy of constitutional rights there is no doubt that the applicant's right to fair procedures is superior to the community's right to prosecute.

      If there was a real risk that the accused would not receive a fair trial then there would be no question of the accused's right to a fair trial being balanced detrimentally against the community's right to have alleged crimes prosecuted.’

      I sliocht roimhe sin ar lch 473 deir an Breitheamh léannta:-

      ‘I agree with the Chief Justice and Egan J. that the test is whether there is a real risk that the Applicant … could not obtain a fair trial.’

      Dá mba rud é, mar sin, sa chás seo go raibh contúirt i ndáiríre ann nach bhfaighfeadh an t-iarratasóir triail chothrom, bheadh tosaíocht ag a cheart chun triail chothrom ar cheart an phobail coireanna a ionchúiseamh. Mar sin féin, is ceart tábhachtach é ceart an phobail coireanna a ionchúiseamh. Ba chóir don chúirt seo machnamh cúramach a dhéanamh sula ndéanfaí aon chinneadh arbh é a thoradh ní hamháin toirmeasc a chur ar ionchúiseamh na gcoireanna atá curtha i leith an iarratasóra, ach, b'fhéidir, aeráid a chruthú ina mbainfí leas as ceart cinnte tábhachtach, fáil a bheith ar cháipéisí ins an teanga Ghaeilge, le toirmeasc ollmhór a chur ar ionchúiseamh coireanna.

      Tá sé soiléir gur sa teanga Ghaeilge a bhí na cáipéisíéagsúla a seirbheáladh ar an iarratasóir go dtí seo ins an Chúirt Dúiche. Ní léir gur cuireadh aon bhac air ná go raibh aon deacracht aige ag plé leis na baill chuí den Ghárda Síochána i nGaeilge. Tá na reachtanna cuí i nGaeilge curtha ar fáil dó anois agus is cosúil go bhfuiltear lena chinntiú gur cainteoir Gaeilge a bheas ins an bhreitheamh a thrialfaidh é. Má bhíonn sé sin de dhíth uair ar bith, beidh sé de cheart aige teangaire a bheith ar fáil don triail. In ainneoin go bhféadfadh easpa Rialacha na Cúirte Dúiche roinnt deacrachta a chur ina bhealach féin agus i mbealach a chomhairleoirí dlí, ní hé mo bharúil go mbeadh sé sin chomh mór le ‘a real risk that the applicant will not get a fair trial’ mar a bhí i gceist ag Denham Brmh.

      Dá bhrí sin, dhiúltóinn an faoiseamh a hiarradh in alt (b) de fhógra foriarratais an iarratasóra. Níl gá a thuilleadh leis an bhfaoiseamh a hiarradh in alt (a).”

14. Rinne Hardiman Brmh. pointe cosúil leis agus conclúid á chur aige lena bhreithiúnas. D’aontaigh Geoghegan Brmh. leis an bpointe sin. Is é an pointe seo an pointe bhunúsach sa chás seo agus is ceann é nach féidir a sheachaint.

15. Táim faoi cheangal ag na fógairtí seo. Ní féidir liom teacht ar fhéidearthacht ar bith gur chruthaigh an t-iarratasóir go bhfuil baol i ndáiríre go mbeidh triail mhíchothrom ann díreach mar gheall gur chuir meaisín ráiteas ar fáil i dteanga a bhfuil tuiscint iomlán aige uirthi ach ar rogha leis, uaireanta, gan í a úsáid.

16. Maidir leis an éileamh ar Rialacha na Cúirte Cuarda, ní féidir liom, i bhfianaise easpa fiúntais fhoriomlán san éileamh seo, ordú ar bith a dhéanamh. Níor inis duine ar bith dom ach an oiread conas a chabhraíonn na Rialacha seo leis an iarratasóir, nó cén chuid díobh ar mhaith leis féachaint orthu. Ar aon nós, níor cruthaíodh go bhfuil baol ann go mbeidh achomharc míchothrom ann.

Toradh
17. Sa toradh díbhim an t-iarratas.










Ar ais ar barr an leathanach