Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Conaire -v- An Breithmeamh Dúiche Uinsin Mac Gruairc & Chuid eile
Lua Neodrach:
[2008] IEHC 353
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2007 1718 JR
Dáta Seachadta:
11/11/2008
Cúirt:
An Ard-Chúirt
Breithiúnas ó:
O'Neill J.
Stádas:
Formheasta

Uimhir Luaite Neodrach: [2008] IEHC 353

AN ARD-CHÚIRT
2007 Uimh. 1718 J.R.
STIOFÁN Ó CONAIRE
IARRATASÓIR
AGUS

AN BREITHEAMH DÚICHE UINSIN MAC GRUAIRC,

AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ, ÉIRE

AGUS AN tARD-AIGHNE

FREAGRÓIRÍ
      Breithiúnas an Bhreithimh Ó Néill tugtha ar an 11ú Samhain 2008

      Dheonaigh an Chúirt seo (Ó Néill Brmh.) cead ex parte ar 17ú Nollaig, 2007 chun dul i mbun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag lorg na bhfaoiseamh seo a leanas:


        1. Dearbhú go bhfuil an cúisí ar mian leis a chosaint ar ionchúiseamh a riaradh as Gaeilge i dteideal na ráitis finné atá ag dul dó a fháil as Gaeilge go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge gan bhac, gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid.

        2. Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an dara freagróir ainmnithe agus/nó ar an tríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe anseo aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir go n-ullmhaí sé agus go riara sé a chosaint go huile agus go hiomlán as Gaeilge, a theanga dhúchais, an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit, gan bhac, gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid i gcónaí.

        3. Ordú certiorari ag cealú cinneadh an chéad fhreagróra ainmnithe nach bhfuil an t-iarratasóir i dteideal aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336.

        4. Ordú mandamus ag tabhairt ar an dara freagróir ainmnithe nó ar an dtríú freagróir ainmnithe agus ar an gceathrú freagróir ainmnithe aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336 a chur ar fáil don iarratasóir.

        5. Ordú toirmisc ag cur cosc ar na freagróirí, a gcuid seirbhíseach agus gníomhairí, dul ar aghaidh leis an ionchúiseamh de bhun bhileog chúisimh 460336 go dtí go mbeidh aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné a ndearnadh nochtadh orthu sa chás de bhun bhileog chúisimh 460336 ar fáil don iarratasóir.


      I bhFógra Foriarratais dar dáta 16ú Aibreán, 2008 lorg an dara freagróir ainmnithe ordú chun an cead deonaithe sna himeachtaí seo a chur ar leataobh ar an mbonn gur mí-úsáid próisis a bhí iontu. D’éist mé leis an bhForiarratas seo ar 30ú Meitheamh, 2008.

      Na Fíricí
      Is tiománaí tacsaí agus cainteoir dúchais Gaeilge ó Ros Muc, Contae na Gaillimhe, an t-iarratasóir sa chás seo. Cúisíodh é ar an 23ú Eanáir, 2006 le tiomáint ar meisce agus tugadh ós comhair na Cúirte Dúiche i mBaile Átha Cliath é. Chuir sé in iúl don chúirt ar an lá sin gur mian leis é féin a chosaint as Gaeilge agus a chás a stiúradh trí Ghaeilge. Thionscain sé imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh sa chúirt seo ar 13ú Feabhra, 2006 ag lorg cáipéisí éagsúla as Gaeilge: Rialacha na Cúirte Dúiche 1997, Achtanna agus ionstraimí reachtúla éagsúla, na bileoga cúisimh agus an teastas ón meaisín anáileadáin intoxilyser. Socraíodh an cás sin tar éis don Stáit aistriúcháin Ghaeilge a fhoilsiú ar Rialacha na Cúirte Dúiche agus na hAchtanna ábhartha agus cóipeanna de na bileoga cúisimh agus cóip den teastas anáileadáin a chur ar fáil as Gaeilge.

      Cuireadh an cás ar ais go dtí an Chúirt Dúiche ansin, áit ar lorg an t-iarratasóir dáta trialach ós comhair breitheamh le Gaeilge agus ordú “Gary Doyle”. Rinne an Chúirt an t-ordú sin agus tugadh dáta trialach don iarratasóir. Mar thoradh ar an ordú Gary Doyle, sheol an dara freagróir ainmnithe dhá ráiteas finné agus cóip den taifead coimeádta chuig an iarratasóir. Bhí an dhá ráiteas finné i mBéarla. Scríobh aturnaetha an t-iarratasóra dhá litir chuig an nGarda Ionchúisimh ag lorg leaganacha Gaeilge de na ráitis finné roimh an dáta trialach. Ní bhfuair siad aon fhreagra ar na litreacha seo.

      Sa Chúirt Dúiche, rinneadh iarratas ar son an iarratasóra go gcuirfí ar fáil leaganacha Gaeilge de na ráitis finné i gceist, ionas go mbeadh an t-iarratasóir in ann a chás a stiúradh go hiomlán as Gaeilge. Aighníodh nár chóir don triail dul ar aghaidh dá n-éagmais. Dhiúltaigh an chéad fhreagróir don iarratas ar an mbonn nach raibh an t-iarratasóir i dteideal leaganacha Gaeilge de na ráitis finné a fháil. Chuir an chéad fhreagróir ainmnithe in iúl an tuairim gur leor na háiseanna teangaireachta ó bhéal a bhí ar fáil ar lá na trialach go slánófaí ceart an iarratasóra a chás a stiúradh as Gaeilge, gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta an Béarla a úsáid, in ainneoin nach raibh aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar na ráitis finné aige roimh ré.

      Thionscain an t-iarratasóir na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh tar éis cinneadh an chéad fhreagróra ainmnithe.

      Ceisteanna
      An phríomhcheist a éiríonn san iarratas seo ná an bhfuil an teist ghéar, pléite thíos, sásaithe ag an dara freagróir, a chuirtear i bhfeidhm in iarratas chun cead deonaithe a chur ar leataobh. Tá dhá cheist choimhdeach nó fho-cheist ann chomh maith. Ar an gcéad dul síos, an raibh sé de cheart ag an iarratasóir na haistriúcháin de na ráitis finné a lorg sna céad imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus dá mba rud é go raibh, an bhfuil bac air iad a lorg anois? Ar an dara dul síos, an féidir leis an iarratasóir teacht go dtí an Chúirt seo le linn cás choiriúil reatha sa Chúirt Dúiche nó an raibh sé de cheart aige fanacht go dtí deireadh a thrialach le glaoch ar dhlínse athbhreithnithe bhreithiúnaigh na Cúirte seo?

      Chuaigh an t-abhcóide don dara freagróir, An tUasal Ó Braonáin A.S., i muinín bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in Adam v. Aire Dlí agus Cirt [2001] 3 I.R. 53 mar thaca leis an dtairiscint go mba chóir don chás seo a bheith curtha ar leataobh ar an mbonn gur mí-úsáid próisis atá ann. Sa chás sin fuair an Chúirt Uachtarach nár chóir cead chun imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh a scriosadh ach i gcásanna eisceachtúla amháin. Léiríonn an sliocht seo ó McGuinness Brmh. ag lch. 72 (Murray Brmh. ag aontú) an pointe:-


        “…this jurisdiction [to set aside leave in judicial review proceedings] should only be exercised very sparingly and in a very plain case. The danger outlined by Bingham L.J. [in R. v. Secretary of State for the Home Department ex p. Chinoy [1991] C.O.D. 381]…would be equally applicable in the jurisdiction. One could envisage the growth of a new list of applications to discharge leave to be added to the already lengthy list of applications for leave. Each application would probably require considerable argument – perhaps with further affidavits and/or discovery. Where leave was discharged, an appeal would lie to this court. If that appeal succeeded, the matter would return to the High Court for full hearing followed, in all probability, by a further appeal to this court. Such a procedure would result in a wasteful expenditure of court time and an unnecessary expenditure in legal costs; it could be hardly said to serve the interests of justice. The exercise of the court’s inherent jurisdiction to discharge orders giving leave should, therefore, be used only in exceptional cases.”

      Thug Fennelly Brmh. i Gordon v. DPP [2002] 2 I.R. 369 an méid seo a leanas faoi deara ag lch. 375:

        “… the applicant for the order to set aside carries a heavier burden than the original applicant for leave. The latter has to show that he has an arguable case. The former has to establish that leave should not have been granted, a negative proposition.”

      Sa sliocht thuas chuir Fennelly Brmh. in iúl go gonta an prionsabal a chaithfidh iarratas den chineáil seo a rialú. Caithfidh freagróir atá ag iarraidh cead deonaithe a chuir ar leataobh a léiriú nár cheart don chead a bheith deonaithe. Is dualgas trom é seo agus tá gá leis chun cosc a chur ar na hiarratais seo éirí ina n-achomhairc i gcoinne an cheada deonaithe nó, mar a tharla sa chás seo, nuair a dheonaigh an breitheamh céanna an cead agus a éisteann leis an iarratas ar chur ar leataobh, ar ghlaoch ar an mbreitheamh sin idirghabháil a dhéanamh nuair atá sé functus officio sa ghné sin don chúis nó ábhar.

      Ag léiriú nár chóir gur don chead a bheith deonaithe, go bunúsach, caithfidh an t-iarratasóir aird an bhreithimh, atá ag éisteacht leis an iarratas ar an gcead a chur ar leataobh, a dhíriú ar fhianaise nua agus/nó ar thairiscint dhlíthiúil, dá mba rud é go raibh sé curtha ós comhair na cúirte san iarratas ex parte ar chead go ndiúltódh don iarratas ar chead. Tá sé soiléir nach éasca an rud é seo agus, mar a thugtaí faoi deara, leagann sé síos tairseach an-ard sula ndeonófaí ordú ar chead a chur ar leataobh.

      D’aighnigh an t-abhcóide don dara freagróir ainmnithe gur mí-úsáid próisis atá sna himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo toisc nár lorg an t-iarratasóir leagan Gaeilge de na ráitis finné sna céad imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus nach féidir leis imeachtaí nua a thionscnamh chun iad a lorg anois. D’aighnigh sé go raibh sé soiléir nuair a tógadh an chéad chás athbhreithnithe bhreithiúnaigh go raibh sé ar intinn ag an iarratasóir a chás a stiúradh trí Ghaeilge agus go mbeadh sé ag éileamh go gcuirfear ráitis finné as Gaeilge ar fáil dó. Mhol sé an tábhacht a bhaineann le cloí leis an bprionsabal res judicata a leag Wigram V.C. síos in Henderson v. Henderson (1843) Hare 100 ag lch 115:


        “…where a given matter becomes the subject of litigation in, and adjudication by, a court of competent jurisdiction, the Court requires the parties to that litigation to bring forward their whole case, and will not (except under special circumstances) permit the same parties to open the same subject of litigation in respect of matter which might have been brought forward as part of the subject in contest, but which was not brought forward, only because they have, from negligence, inadvertence or even accident, omitted part of their case. The plea of res judicata applies, except in special cases, not only to points upon which the Court was actually required by the parties to form an opinion and pronounce a judgment, but to every point which properly belonged to the subject of litigation, and which the parties, exercising reasonable diligence, might have brought forward at the time.”

      D’aighnigh an t-abhcóide don dara freagróir ainmnithe gur fhormheas an Chúirt Uachtarach an prionsabal thuasluaite i gcás A.A. v. Comhairle na nDochtúirí Leighis [2003] 4 I.R. 302. Sa chás sin, cé go raibh tairbhe comhairle dlí ar an iarratasóir sna céad imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscain sé, ní ndearnadh leithscéal dá theip chun na pointí a bhí faoi chaibidil sna dara himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a ardú níos luaithe i rith an chéad cháis. Bhí an Chúirt Uachtarach den bharúil go mba chóir don iarratasóir na pointí ábhartha a dhéanamh sa chéad chás. Dhírigh an t-abhcóide don dara freagróir ainmnithe aird na cúirte ar an sliocht seo a leanas as breithiúnas Hardiman Brmh. ag lgh 318-319:

        “It is also relevant to note that at all times…the applicant has had legal advice and legal representation of high quality. Thus assisted, he instituted and was partially successful in the first judicial review proceedings. It is in my view a very material fact that no tenable explanation whatever has been advanced, in pleadings, affidavit or oral argument, for the failure to raise the points now taken in relation to legal aid or funded legal representation when those proceedings were instituted and when the first order restraining the holding of an inquiry was obtained. Counsel for the applicant pointed out that the primary relief claimed in the first proceedings would, if granted, have had the affect (sic) of stopping the inquiry into allegations of professional misconduct in limine. In that event, he said, no other relief would have been necessary. But the proceedings also sought, in the alternative, to attack only the allegations of sexual assault/indecent assault. This, substantially, was the relief actually granted in the first proceedings and it left eight allegations in respect of which there must be a hearing. This result, specifically contemplated in the first proceedings, clearly left open the need, as the applicant sees it, for legal aid or representation. But the applicant chose not to raise this topic in a legal forum for another two years, until the eve of the refixed inquiry. This is unexplained.

        …The issues in relation to legal aid are, therefore, in the language of Henderson v. Henderson [1843] 3 Hare 100 at p.115, issues ‘which properly belonged to the subject of litigation and which the parties, exercising reasonable diligence, might have brought forward at the time’ of the first proceedings.”


      Rinne an t-abhcóide don dara freagróir ainmnithe tagairt d'fheidhmiú an phrionsabail i Henderson i gcásanna Carroll v. Ryan [2003] 1 I.R. 309; Johnson v. Gore Wood & Co. [2002] 2 A. C. 1 agus i Woodhouse v. Consignia plc. [2002] 1 W.L.R. 2558.

      D’aighnigh an t-abhcóide thar ceann an iarratasóra, An t-Uasal Ó Tuathail A.S., nár lorgaíodh ná nár deonaíodh an t-ordú "Gary Doyle" agus nach raibh aon ráitis curtha ar fáil agus nár dhiúltaigh an chéad fhreagróir ainmnithe go gcuirfear ar fáil na ráitis finné nuair a bhí an chéad athbhreithniú breithiúnach ag dul ar aghaidh. Dá bhrí sin, ina aighneacht, níor éirigh an cheist ar chor ar bith. D’aighnigh sé nach féidir athbhreithniú breithiúnach a lorg bunaithe ar rud a d’fhéadfadh tarlú amach anseo nó ar bhonn quia timet.

      Ar a laghad tá sé inargóinte nuair a bhí na céad imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ag dul ar aghaidh nach raibh gearrán ag an iarratasóir maidir le haistriúcháin Ghaeilge ar na ráitis finné a fháil agus nach mbeadh sé ná a fhoireann dlí ar an eolas ag an tráth sin go ndiúltófar na ráitis a thabhairt dó níos déanaí. Ní raibh siad in ann réamh-mheastacháin a dhéanamh nó réamh-bhreithiúnas a thabhairt ar thoradh an iarratais chuig an gcéad iarratasóir ainmnithe do leagan Gaeilge de na ráitis finné. Dá bhrí sin, tá sé inargóinte gan amhras, go gcaithfeadh le haon ghearrán sna céad imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh go ndiúltófaí don iarratasóir aistriúchán Gaeilge de na ráitis finné mar iarratas roimh am agus nach nglacfaí leis ag an bpointe sin mar fhoras d'athbhreithniú breithiúnach.

      Tá mé sásta go bhfuil sé ar a laghad inargóinte go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal, sna himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh seo, athbheithniú breithiúnach a lorg ar chinneadh an chéad iarratasóra ainmnithe na haistriúcháin Ghaeilge de na ráitis finné a dhiúltú dó.

      Seachas seo, ach le tábhacht i bhfad níos mó in iarratas cead deonaithe a chur ar leataobh, tá mé sásta go raibh na fíricí agus an dlí a bhaineann leis an aighneacht a dhéanann an dara iarratasóir ainmnithe ar an bpointe seo anois soiléir nuair a rinneadh an t-iarratas ex parte ar chead. Dá bhrí sin, ní féidir leis an dara freagróir ainmnithe a léiriú maidir le seo aon sonra nua, dá nochtfaí é san iarratas ex parte, a chuirfeadh iallach ar an gcúirt an cead a dhiúltú.

      D’aighnigh an t-abhcóide don dara freagróir ainmnithe chomh maith nach féidir athbhreithniú breithiúnach a lorg le linn triail choiriúil reatha. Dúirt sé nach raibh sé oiriúnach trialacha coiriúla a “rith” ar an mbealach seo, seachas i gcásanna eisceachtúla agus annaimh agus nach cás é seo a bhí mar sin. Bhraith sé ar bhreithiúnas Carney Brmh. i Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí v. An Chúirt Choiriúil Speisialta [1999] 1 I.R. 60 (a thug O’Flaherty Brmh. tacaíocht dó sa Chúirt Uachtarach atá tuairiscithe ag [1999] 1 I.R. 60 ag lch. 89) agus go háirithe ar an sliocht seo a leanas ag lgh. 69-70:


        “It is unique in my experience that relief of this nature is being sought during the currency of a trial which remains at hearing. It cannot be emphasised strongly enough that an expedition to the judicial review court is not to be regarded as an option where an adverse ruling is encountered in the course of a criminal trial. I am undertaking this application for judicial review during the currency of the trial because a need has presented itself to urgently balance the hierarchy of constitutional rights including, in particular, the right to life. In the overwhelming majority of cases it would be appropriate that any question of judicial review be left over until after the conclusion of the trial. In the instant case, such an approach would have led the Director of Public Prosecutions to abort the trial and the people of Ireland would have been deprived of their right to have a particularly heinous crime prosecuted to a verdict of either conviction or acquittal.”

      D’aighnigh an tUasal Ó Tuathail A.S., ar son an iarratasóra, nach raibh rogha ag a chliant fanacht go dtí críoch na n-imeachtaí coiriúla chun agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú na n-aistriúchán Gaeilge de na ráitis finné trí imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ós rud é nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Chuarda cinneadh a dhéanamh i gcomhthéacs achomhairc, maidir le haistriúcháin a chur ar fáil nó gan iad a chur ar fáil. D’aighnigh sé gur cheist don Chúirt seo amháin í seo agus toisc gur páirt lárnach iad na ráitis finné den chás i gcoinne an iarratasóra, nach mbeadh sé in ann a chosaint a ullmhú, a réiteach agus a stiúradh i nGaeilge gan na haistriúcháin díobh a fháil.

      Is léir nach bhfuil sé inmhianaithe go mbeadh cásanna coiriúla curtha ar feitheamh mar gheall ar athbhreithniú breithiúnach. Mar a luaigh Carney Brmh. thuas, áfach, beidh cásanna eisceachtúla agus annaimh ann nuair atá gá lena leithéid.

      Sa chás seo bhí na himeachtaí coiriúla fós ag staid luath nó réamhthrialach agus dá bhrí sin ní éiríonn na mí-bhuntáistí aithnidiúla ag brath ar cuir isteach ar thrial atá ar siúl. Go forleathan sa dlínse seo déantar iarratais don Chúirt seo do, inter alia, ordaithe ag cur cosc le himeachtaí coiriúla ag staideanna éagsúla réamhthrialacha ar chúiseanna éagsúla agus go deimhin tá an liosta athbhreithniú bhreithiúnach lán lena léithéid de chásanna.

      Nuair a chuireann duine cúisithe, cosúil leis an iarratasóir sa chás seo agus é ag brath ar an gceart bunreachtiúl, in iúl gur mian leis a chosaint a riaradh as Gaeilge amháin agus don chuspóir sin gach sonra ábhartha don ionchúiseamh a bheith tugtha dó, ar nós reachtaíocht ábhartha, ionstraimí reachtúla, cáipéisí cúirte cosúil le toghairm nó bileoga cúisimh agus go conspóideach sa chás seo, aistriúcháin Gaeilge de ráitis finné, tá sé inargóinte ar a laghad go bhfuil sé de cheart go mbeadh na sonraí seo curtha ar fáil do dhuine cúisithe in am dóthanach dó a chosaint a ullmhú ag usáid an leagan Gaeilge de na ráitis finné. Bheadh bac riachtanach ar na himeachtaí coiriúla, ar ndóigh, chun ligean don duine cúisithe dul sa tóir ar a iarratas athbhreithniú bhreithiúnach.

      Bhí sé seo go léir dealraitheach nuair a ndearnadh an iarratas ex parte do chead agus níor thug an dara freagróir ainmnithe aon sonra nua isteach sa chás seo, dá mba rud é gur nochtadh a leithéid san iarratas ex parte bheadh sé dosheachanta ach diúltú don chead.

      Mar gheall ar seo, níl an dualgas trom bainte amach ag an dara freagróir ainmnithe a léiriú trí fhianaise nua nó thairiscint dhlíthiúil, nár nochtadh don chúirt san iarratas ex parte, nár chóir don chead a bheith deonaithe.

      Dá bhrí sin, ní mór dom diúltú don iarratas seo ar chead a chur ar leataobh.










Ar ais ar barr an leathanach