Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Beoláin -v- Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Fahy & chuid eile
Lua Neodrach:
[2001] IESC 37
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
230/99
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
1998 No. 110 JR
Dáta Seachadta:
04/04/2001
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
McGuinness J. Hardiman J., Geoghegan J.
Breithiúnas ó:
Geoghegan J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
McGuinness J.
Hardiman J.
Geoghegan J.



AN CHÚIRT UACHTARACH

(ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH)





/IDIR

SÉAMUS Ó BEOLÁIN
IARRATASÓIR/ACHOMHARCÓIR
agus

BREITHEAMH NA CÚIRTE DÚICHE MARY FAHY STIÚRTHÓIR NA nIOMCHÚISEAMH POIBLÍ, AN tAIRE DLÍ CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE

FREAGRÓIRÍ

Breithiúnas an Bhreitheamh Geoghegan tugtha ar an 4 lá de Aibreán 2001.

D'ainneoin gur éisteadh leis an gcás seo, maraon leis an achomharc don Cúirt Uachtarach i nGaeilge b'fhearr liom mo bhreithiúnas do thabhairt i mBéarla toisc gurb é mo theanga dhuchais é agus gur féidir liom me fhéin a chur in iúl go soiléir sa teanga sin. Tá mé sásta nach bhfuil aon rud chun cosc a chur orm an leagan Béarla a thabhairt mar nach bhfuil aon chúntar dlithiúl maidir le Airteagal 8(3) de Bhunreacht na hÉireann a éilíonn go mbeadh úsáid eisiatach de cheann den dá teanga oifigiúl do bhreithiúnas sa cúirt. Ní chíallíonn sé sin, afach, nach bhfuil ceart ag dlithí atá ag pléadáil a cháis i nGaeilge, i gcásanna áirithe, breithiúnas a tugadh i mBéarla a bheith aistrithe go Gaeilge mura bhfuil an dlithí in ann an Béarla a thuiscint. D'fhéadfadh go n-éireodh an riachtanas seo as prionsabail na cothromaíochta nádurtha. Mar chomhartha deá-mhéine tá súil agam go mbeidh mé in ann leagan Gaedge den bhreithiúnas seo a sholáthar.

Ina breithiúnas san Ard Cúirt tugtha ar an 17 Meitheamh, 1999, do leag an Breitheamh Laffoy amach na faoisimh atá á lorg ag an iarratasóir san Athbreithniú Breithiúnach seo. Ach nuair a tháinig éisteacht an cháis ós a chomhair bhí dhá cheann de na faoisimh iomarcach toisc gur bhain siad le í teip curtha i leith an Stáit i gcás a dhualgais bhunreachtúil chun aistriúchán oifigiúl a sholáthar den Acht um Thrácht Bóthair, 1994 agus an Acht um Thrácht Bbthair, 1995, achtanna a bhain leis na liamhaintí i gcoinne an iarratasóra sa Cúirt Dúiche. Bhain na cúiseanna seo le liamhaintí a dúirt go raibh an iomarca alcól sa bhfuil nuair a bhí feithicil mheicniúl á thiomáint in áit phoiblí. Sula ndearna an Breitheamh Laffny cinneadh, afach, cuireadh aistriúchán oifigiúl den dá Acht ar fáil. Chiallaigh sé sin, go practiciúl, go raibh dhá fhaoiseamh á lorg ag an iarratasóir. B'é an chéad cheann ná dearbhú go raibh dualgas bunreachtúil ar an triú agus an ceathrú freagróir aistriúchán oif giúl i nGaeilge a sholáthar de rialacha na Cúirte Dúkhe 1997, agus b'é an cheann eile ná ordú toirmisc i gcoinne an chéad agus an dara freagróir chun iad a stopadh ó dhul ar aghaidh leis an gcúisiú go dtí go mbeadh aistriúchán oifigiúl ar fáil.

Is cosúil, ó bhreithiunas an Bhreithimh Laffoy, gur ghlac sí leis an bprionsabal go raibh dualgas ar an Stát aistriúchán oifigiúl de Rialacha 1997 a sholáthar taobh istig de thréimhse reasúnta ach bhí sí den tuairim nach raibh an tréimhse thart go fóill. Tá sé intuigthe óna cinneadh go raibh sí den tuairim dá má rud é go raibh an tréimhse reasúnta thart go mbeadh ceart bunreachtúil ag an iarratasóir aistriúchán oifigiúl de na rialacha a fháil ach do dhiultaigh sí don iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar an ábhar nach raibh sarú cearta cruthaithe toisc nach raibh an tréimhse reasúnta thart.

Tá an t-iarratasóir tar éis athbhreithniú a lorg ar chinneadh an Bhreithimh Laffoy agus tá sé ag iarraidh ar an gcúirt seo an dearbhú agus an toirmeasc atá á lorg aige a thabhairt dó.

Táimse den tuairim gur cheart an t-athcomharc a dhibhe ach ar chúinsí sách difrúil ná na cinn ar a bhfuil cinneadh an Bhreithimh Laffoy bunaithe.

Sula ndéantar aon mhachnamh ar cheist sárú ceart bunreachta tá sé riachtanach go leagfaí síos cad é an ceart bunreachta féin. Tá sé ar intinn agam, mar sin, breathnú ar na cuntair chuí sa Bhunreacht agus ar na cásanna dlí a bhaineann leo maidir leis an gceist seo. Caithfidh aon athbhreithniú mar sin tosnú le machnamh ar Airteagal 8 den Bhunreacht. Is mar seo a leanas atá an t-Airtéagal úd:

      1. Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomh-theanga oifigiúil í.

      2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

      3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlígheadh d fhonn ceachtar den dá theangain sin a bheith ina haon-teangain le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúil ar fuaid an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

Is é an míniú atá agam ar alt a haon agus a dó de Airteagal 8 ná le haghaidh feidhmiú dlithiúl agus oifigiúil go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla ar comhcheim. Ní píosa reachtaíochta amháin é bunreacht. Deineann sé comhdhluthú de na fiseanna agus de mhothúcháin an phobail a ghlac leis. Mar sin níl i gceist go mbeadh feidhm dlithúl le gach rud atá i mbunreacht. I bhfad roimh an am ar cuireadh deireadh trí reifreann leis an Airteagal a bhain leis an stadas speisialta don Eaglais Chaitliceach sa Bhunreacht níor cheap dlíodóirí bunreachtúla go raibh feidhm dlí leis. Ní raibh an t-Airteagal ach ag cur dearcadh an phobail in iúl mar a vhí sé nuair a glacadh leis an mBunreacht.

Ceapaimse gur mar a gcéanna leis sin an tagairt don Ghaeilge mar "an teanga náisiúnta" in Airteagal 8. Is é an aidhm atá le alt 2, Airteagal 8 ná go mbeadh sé soiléir go hoifigiúil agus go dlithiúl go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim.

Agus é sin mar atá tugaimse anois faoí alt 3. Rinne an Cúirt Uachtarach míniú ar an alt seo ins An tArd-Aighne v. Coyne agus Wallace (1967)101 I.L.T.R. 17. B'iad baill na Cúirt ná Ó Dalaigh, P.B., Kingsmill Moore J.agus Walsh J. Dúirt an Breitheamh Kingsmill Moore faoí Alt 3 mar seo leanas:

      "Bhíos ar dtús den tuairim gurb é brí 8(3) ná chun go mbeadh feidhm le cáipéis oifigiúil go gcaithfeadh sé bheith i nGaeilge agus i mBéarla araon mura bhfuil socrú déanta sa dlí go bhfuil cead úsáid a bhaint as teanga amháin. Ar son an Ard-Aighne dúradh gurb é fíor-bhrí an Airteagail ná gur féidir feidhm a bhaint as ceachtar de na teangacha mura bhfuil soláthar sa dlí nach féidir ach úsáid a bhaint as teanga amháin le haghaidh gnó oifigiúil amháin nó níos mó. Tar éis machnamh air ceapaimse go bhfuil an forléiriú seo ceart. Mar sin, tá mé den tuairim go raibh bheith an Ghiúistís sa Chúirt Dúiche mí-cheart agus ní mór an cás a cur ar ais chuige chun go gcríochnófar leis."
D'aontaigh an Breitheamh Walsh le forléiriú an Bhreithimh Kingsmill Moore ar Airteagal 8(3). Ag éirí as an bhforléiriú ar Alt 3 tá an chuma ar an scéal mura bhfuil soláthar reachtúil chun a mhalairt a rá gur féidir gnó oifigiúil a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge chomh fada is a táthar ag brath ar Airteagal 8. Ar ndoigh, tá seans go gcuirfeadh riachtanaisí na cothromaíochta nádúrtha dualgas i bhfeidhm chun cáipéis nó aistriúchán a sholáthar i dteanga ar leith.

An dara cinneadh den Chúirt seo, a bhfuil tábhacht áirithe ag baint leis, is é Ó Monacháin v. An Taoiseach (1986) ILRM 660. é. Sa chás sin, ag brath méid áirithe ar Airteagal 8 agus méid áirithe ar mír 71 de Acht na Cúirteanna Dlí agus Cirt,1924, ina raibh dualgas, chomh fada is a bhí praiticiúil, ag cur na dtosca go léir san áireamh, gur cheart leor-eolas ar an nGaeilge a bheith ag Giúistís sa Chúirt Dúiche atá ag feidhmiú i gceanntar ina bhfuil Gaeltacht, chun go mbeadh sé in ann gan bacaint le fear teangan, deineadh an argoint nach raibh cead aige éisteacht leis an gcás le teangaire. Do theip ar an iarratasóir ach níl na firicí ad rem don chás seo. An rud a bhaineann le hábhar, áfach, ná go bhfuil an chuma ar an scéal go dtacaíonn sé leis an bprionsabal atá curtha in iúl i roinnt cinneadh san Ard-Chúirt go bhfuil an ceart go n-éistfí le cás i nGaeilge, go bhfuil sé teoranta go dtí an ceart go ndéanfadh an duine a thaobh féin den chás i nGaeilge. Níl aon cheart go gcuirfí iallach ar dhaoine eile an Ghaeilge d'úsáid. Do chuir an Breitheamh Griffin é mar seo:

      "Toisc gur mian leis an aturnae an cás a oscailt agus a stiúiriú i mBéarla agus toisc nach raibh Gaeilge ag an dara finné ní bheadh an ceart ag an mBreitheamh eisteacht leis an gcás gan chabhair ó fllear teangan. Bhí ceart ag an ngearánaí a fhianaise a thabhairt i nGaeilge ach ní raibh ceadúnas ná ceart aige éileamh a dhéanamh go mbeadh an cás ar fad á reachtáil i nGaeilge nuair ba mhian leis an aturnae é a dhéanamh trí Bhéarla agus nuair nach raibh Gaeilge ag duine de na finnéithe."
In An Stát (MacFhearraigh) v. MacGamhnia, breithiúnas nach raibh tuairisciú déanta air go dtí le déanaí, leis an mBreitheamh Ó hAnluain, san Ard-Chúirt i Meitheamh, 1983 ach atá anois ar fail sna Tuairiscí Speisialta 1980-1998 ar lch 29, dúirt an Breitheamh Ó hAnluain an méid seo leanas:
      "Nuair is mian le duine a thaobh féin de chás a thabhairt do chúirt, nó do bhínse fiosrúcháin, trí argóint, fianaise, ceistiú nó cros-cheistiú finnéithe, táim den tuairim go bhfuil ceart bunreachtúil aige é seo go léir a dhéanamh i nGaeilge más mian leis."
Níor dhein an Cúirt Uachtarach machnamh go mion is go hiomlán riamh ar an gceart chun cás cúirte a reachtáil i nGaeilge agus níl sé riachtanach ná cóir go ndéanfadh an chúirt seo a leithéid d'anailís nuair nach bhfuil ach triúr breitheamh ann. Tá obiter dicta ann ó bhreithimh sa Chúirt Uachtarach a thug aitheantas don cheart atá ag dlithí cás a reachtáil i nGaeilge agus tá glactha leis i gconaí go bhfuil a leithéid de cheart ann. Caithfidh an cinneadh deireanach, áfach, fanacht ar chás a bheidh pléite go huile is go hiomlán sa Chúirt Uachtarach. Maidir leis an mbreithiúnas seo glacaim leis go bhfuil a leithéid de cheart ann agus go bhfuil a réim mar atá leagtha amach ag an mBreitheamh Ó hAnluain. D'ainneoin nach bhfuil sé riachtanach é a shocrú sa chás seo b'feidir nach bhfuil an ceart cás a reachtáil tré Gaeilge dearfach go hiomlán agus go bhféadfadh tosca bheith ann nuair a mheadh cead ag cúirt nó binse fiosrúcháin a rá go gcaithfi an cás a reachtáil i mBéarla.

Tharlódh sé seo, mar shampla, dá mbeadh deacrachtaí do-leigheasta ann chun teangaire a fháil taobh istigh de thréimhse réasúnta. Má tá an ceart agam i mo dhearcadh maidir le réim an chirt chun cás a reachtáil i nGaeilge téann sé le reasún i gcúisiú mar seo go bhfuil ceart ag an Stát cúisiú a dhéanamh i mBéarla d'ainneoin go dteastaíonn ón gcosantóir a chosaint nó a cosaint a dhéanamh i nGaeilge.

Anuas ar sin, fiú más amhlaidh go ndéanann Stiurthóir na nImchúiseamh Poiblí, nó údaras imchúisithe eile, sa cás céanna, mar chomhartha deá-mhéine, nó ar fáthanna eile, socrú chun an cúisiú a bheith i nGaeilge, ní gá go mbeadh cáipéis, ar a bhfuil an cúisitheoir ag brath air, i nGaeilge. Maidir le cáipéis, tá mé ag cur san aireamh aon rud atá á chur isteach mar fhianaise agus a nglactar leis, de ghnáth, mar dhoiciméad, agus chomh maith leis sin aon ionstraim reachtáil, Rialacha na Cúirte san áireamh, a bhfuiltear ag brath orthu.

Maidir leis seo níl mé ag cur na reachta san aireamh mar tá soláthar reachtúil ar leith dóibh siúd agus tiocfaidh mé ar ais chuige níos déanaí i mo bhreithiúnas. Agus mé ag cur an tuairim seo i láthair braithim go mb'fhéidir go bhfuil mé ag trasnaíl ar na tuairimí a nocht an Breitheamh Ó hAnluain san Ard Cúirt, 13 Iúil, 1990, i Delap v. An tAire Dlí agus Cirt breithiúnas neamh-fhoilsithe go dtí le déanaí, ach atá anois foilsithe sna Tuariscí Speisialta 1980-1998 1ch.116.

Sa chás sin bhí t-iarratasóir ina aturnae i mBaile Átha Cliath ag saothrú gnó an dlíodóra i nGaeilge ar son a chliaint agus rinne sé iarratas ar dhearbhú agus ar ordú mandamus chun iallach a chur ar an Stát aistriúchán Gaeilge a sholáthar de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha. Dúirt sé gur chruthaigh uireaspa na rialacha i nGaeilge constaic mhór dó fhéin agus dá chliant. B'é cinneadh an Bhreithímh Uí Anluain go raibh sé i dteideal an dearbhú a fháil ach cuireadh siar an t-ordú mandamus de bharr go ndúradh sa Cúirt go raibh aistriúchán de na rialacha á ullmhú.

D'admaigh an Breitheamh Ó hAnluain go raibh air glacadh le míniú ar Airteagal 8(3) den Bhunreacht mar a leagadh síos é sa Chúirt Uachtarach in an tArd Aighne v. Coyne agus Wallace luaite thuas, ach do lean an Breitheamh léannta ar aghaidh á rá nach raibh sé riachtanach don iarratasóir cabhair a fhái1 ó Airteagal 8. Ghlac sé leis go raibh cumhacht ag an gCoiste um Chruthú Rialacha i gcomhair leis an Aire Dlí agus Cirt chun na rialacha a dhéanamh i mBéarla amháin agus nach raibh aon sarú ar Airteagal 8 toisc go raibh na rialacha déanta i gceann amháin de na teangacha oifigiúla agus gan iad a bheith déanta sa teanga oifigiúil eile. Do ghlac sé leis, chomh maith, gur bhain Airteagal 25, m. 4, fo-alt 4 den Bhunreacht le hAchtanna amháin agus ní do na hionstraimí reachtúla. Ach do ghlac sé leis, áfach, go raibh an dearbhú tuillte don t-iarratasóir ar na cúiseanna seo leanas:

      "Tá an ceart bunreachtúil ag gach saoránach teacht ós comhair na gcúirteanna a cuireadh ar bun de réir an Bhunreachta ionas gur féidir leo a gcearta a éileamh nó a chosaint faoín Bhunreacht agus nuair is mian le saoranach é seo a dhéanamh tá air, de réir an dlí, rialacha na gcúirteanna uachtaracha a chomhlíonadh in gach rud a bhaineann le himeachtaí san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach. Caithfidh sé úsáid a bhaint as na foirmeacha atá le fáil sna h-aguisiní in éineacht leis na rialacha nó na foirmeacha a hathraíodh de réir tosca éagsúla ionas go gcomhlíonaidís na rialacha ó thús na n-imeachtaí go dtí an deireadh. Tá ceart aige faoín Bhunreacht a thaobh de na himeachtaí a reachtáil go hiomlán i nGaeilge, más mian leis úsáid a bhaint as an gcéad teanga oifigiúil. Tá mé den tuairim go bhfuil constaic mhór ina bhealach má theastaíonn uaidh an Ghaeilge a úsáid, ach muna bhfuil, ag an am gcéanna, aon leagan oifigiúil ar fáil den dlí sna rialacha maidir le riaradh a leithéid d'imeachtaí nó de na foirmeacha a ghabhann leo agus nach bhfuil sé ag fáil cothrom na féine sa cás sin i gcomparáid leis an chuid sin den pobal atá go hiomlán sásta an leagan Béarla a úsáid i gcónaí."
Tá mé ag glacadh leis, mar ceapaimse go bhfuil an ceart agam, go bhfuil an t-iarratasóir, mar chosantóir i gcúisiú Baile Átha Cliathach, in ann Béarla a labhairt agus a thuiscint, agus, mar sin, chomh fada is atá sé ag iarraidh rialacha agus foirmeacha i nGaeilge níl sé ag argóint ar bhonn na cothromaíochta nadúrtha. Ní raibh breithiúnas Uí Anluain bunaithe, ar ndoigh, ar an gcothromaíocht nadúrtha ach ar an gcothromaíocht simpliciter.

Tá faitíos orm, má tá baint féin aige leis an gcás seo (rud a bhfuil mé in amhras faoí), nach féidir liom aontú leis. A luaithe is a ghlactar le míniú an Bhreithimh Kingsmill Moore ar Alt 3 de Airteagal 8 ansin (cés moite de chúrsaí cothromaíochta nadúrtha) ní féidir aon dualgas a bheith ar an Stát chun a chinntiú go mbeidh na ionstraimí reachtúla, maraon lena gcuid foirmeacha, ar fáil ins an dá theanga oifigiúil is cuma an bhfuil siad ag teastáil ó aon duine páirteach sna himeachtaí nó nach bhfuil, Creidim go bhfuil an argóint faoin gcothromaíocht do-ghlactha. Má tá an fhoirm chuí atá le líonadh ag dlíthí agus má tá sonraí na foirme scríofa i gceann de na teangacha oifigiúla agus gur teanga é a thuigeann an dlithí go maith, nó iad siúd ar an dtaobh sin den cás, níl aon mhí-chothromaíocht nó éagóir á dhéanamh. Chomh maith le sin, sa mhéid is go dteastaíonn ó dhlíthí nó ó pháirtí brath ina chuid argóna ar chuntar a bheadh in ionstraim reachtúil nó i rialacha ma Cúirte ba cheart dó a bheith ag tagairt don fhoirm inar cumadh an ionstraim nó na rialacha i dtosach, ar aon nós, cuma an bhfuil an t-aistriúchán aige nó nach bhfuil. Ní féidir bheith ag iarraidh ar an gcúirt míniú a thabhairt ar Riail de chuid na Cúirte Dúiche a rinneadh i mBéarla trí bheith ag feachaint ar aistriúchán go Gaeilge.

Tá sé soiléir gur tháinig dearcadh na Cúirté Uachtaraí in An Aird Aighne v. Coyne agus Wallace, luaite thuas, chun aird an Bhreithimh Uí Anluain don chéad uair i gcás Delap. Na h-eagarthóirí léannta de "Kelly ar Bhunreacht na hÉireann", an 3ú eagrán ag 1ch.59, rinneadar tagairt do dhá cinneadh roimhe sin de chuid Uí Anluain ina ndúirt sé go raibh dualgas leathan ar an Stát de bharr Airteagal 8 agus deir siad mar seo leanas:

      "Tá an chuma ar an scéal go bhfuil a leithéid de dhualgas leathan a bheith leagtha ar an Stát contrartha le hAirteagal 8.3 mar ar mhínigh an Breitheamh Kingsmill Moore é in An Aird Aighne v Coyne agus Wallace agus nuair a cuireadh é sin in iúl don Bhreitheamh Ó hAnluain in Delap v. An tAire Dlí agud Cirt Éire agus an tÁrd-Aighnne do tharraing sé siar ón tuairim a bhí aige roimhe sin."
Leanann na heagarthóirí ar aghaidh agus deir siad gur dhiultaigh an Breitheamh céanna glacadh le ceann de na breithiúnas luatha i gceann a thug sé le déanaí, Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil, breithiúnas neamh tuairiscithe de 4u Meitheamh, 1992 atá anois le fáil san Tuariscí Speisialta ag lch. 122.

B'é cás an iarratasóra Ní Cheallaigh ná go raibh na Rialacha Feithicilí Bóthair mí-bhunreachtúil toisc gur chuir siad iallach ar úinéirí gluaisteáin plátaí clárúcháin a ghreamú dá bhfeithicilí agus nach raibh socrú ach le haghaidh leagan Béarla amháin de na plátaí úd. Rinne an Breitheamh Ó hAnluain idirdhealú idir é sin agus cás Delap ar an ábhar nach raibh baint aige le ceart saoránaigh dul isteach sna cúirteanna chun a chearta a sheasamh agus a chosaint agus dúirt sé go raibh sé faoi chuing ag An tArd Aighne v. Coyne agus Wallace.

I ngeall ar na fathanna atá luaite agam tá mé den tuairim nach bhfuil aon cheart ag an iarratasóir/achomharcóir Rialacha 1997 den Chúirt Dúiche a bheith aistrithe sular féidir leis an gcúisiú dul ar aghaidh. Dá bharr sin is léir nach féidir le ordú toirmeascúil teacht amach. Ach ba mhaith liom dhá chúis eile ar cheart an t-athchomharc a dhíbhe dar liom a lua. Fiú má tá mé mícheart i mo dhearcadh nach féidir a leithéid de cheart a bheith ann, aontaím leis an mBreitheamh Laffoy nach bhfuil sé cruthaithe go leor go bhfuil an ceart ann.

Ní mór tréimhse reasúnta a chur san áireamh chun aistriúchán oifigiúl do dhéanamh. Ach níos tabhachtaí fós tá an triú cúis go ndiultóinn na faoisimh a thabhairt. Tógann Airteagal 34 san áireamh go mbeadh cúirteanna dlí ann agus go mbeadh cothrom na féinne le fáil sna cúirteanna sin. Clúdaíonn a leithéid de chothromaíocht, cothrom na féinne sa choiriúlacht agus cearta an phobail á fheidhmiú trí an Stiúrthóir na nIomchúiseamh Poiblí, go dtógfaidh sé na céimeanna chuí chun duine a chúiseamh a bhfuil an chuma air don Stiúrthóir go bhfuil sé ciontach sa choir tromchúiseach de bheith ag tiomaint faoí thionchar deochanna meisciúla nó a choibhéiseach, is é sin le iomarchach alcól sa bhfuil nó sa bhfual. Murar léir go raibh ceist chothromaíochta nadúrtha éigin ann níor cheart do chúirt toirmeasc do thabhairt, tá a leithéid de ordú faoí thoil an bhreithimh. Sa chomhthéacs seo ceapaimse go gcabhródh sé na chéad trí alt den ráiteas a léiríonn boinn an cur i gcoinne comhadaithe ag na freagróirí. Táid mar seo leanas:

      1. "Tá teipithe ar an iarratasóir fianaise atá inglactha a thabhairt ós comhair na cúirte a thabharfaidh tacaíocht don éileamh go raibh laincis air a abhcóide sa bhealach ina ndearna sé cosaint ar na h-imeachtaí a bhí mar ábhar don athbhreithniú breithiúnach réamh-ráite, nó caite in amhras, toisc nach raibh le fáil fós aistriúchán oifigiúil de na hActanna Tráchta Bóithre, 1994 agus 1995 nó Rialachana Cúirte Dúiche, 1997.

      2. Séantar go bhfuil bac ar an iarratasóir ná ar a chomhairlí dlí nó go bhfuil míbhuntaiste orthu insa bhealach ina raibh siad ag stiuiriú na h-imeachtaí sa Chúirte Dúiche.

      3. De bhrí is go bhfuil an ceart ag an iarratasóir fianaise go thabhairt sa teanga náisiúnta, agus, anuas ar sin, tá cead aige ceisteanna do chur ar na finnéithe agus aighneachtaí do dhéanamh sa teanga náisiúnta, níl sé de cheart aige iallach do chur go mbeadh an fhianaise ina choinne á thabhairt sa teanga is ansa leis, ná níl de cheart aige a iarraidh go gcaithfeadh an breitheamh sa triail é do reachtáil go hiomlán mar ba mhian leis maidir le úsáid na teanga náisiúnta.

Ceapaim go bhfuil bunús maith leis na pléadácha seo agus go bhfuil siad iontu féin, ina bhfreagra iomlán ar éilimh an iarratasóra agus fiú d'ainneoin mo dhearcadhsa, go raibh an ceart aige maidir lena éilimh teoriciúil. Is éileamh bunreachtúil é riaradh chuí den chothromaíocht é féin agus ní mór dó teacht roimh liomhain a deir go bhfuil ceart bunreachta do aistriúchán Gaeilge de ionstraim reachtúil in imthoiscí ina bhfuil duine á éileamh nuair atá sé intuighte go bhfuil Béarla maith aige.

Dar leis an tuairim atá bunaithe go maith tá cead ag breithiún glacadh le eolas breithiúnach agus glacadh le rud atá soiléir go laethúil, tá breitheamh ar bith a bhfuil cás i mBaile Átha Cliath ina sheilbh aige, i mo thuairim, tá cead aige, mura bhfuil a mhalairt ráite leis, go bhfuil an gearánaí in ann Béarla a labhairt. Dá má rud é nach raibh an t-Uasal Ó Beoláin in ann Béarla a labhairt bheadh staid difriúl ar fad ann. Annsin bheadh sé i dteideal aistriúchán an t-am ar fad ach ní gá go mbeadh sé ina aistriúchán oifigiúil.

D'ainneoin go bhfuil na faoisimh atá á n-iarraidh bunaithe ar an neamhsholathar de na h-aistriúcháin oifigiúla de na Achtanna Tráchta Boithre, 1994 agus 1995, go bhfuil na faoisimh iomarcach, mar a dúirt mé, ceapaimse go bhfuil sé tábhachtach, áfach, tagairt éigin a dhéanamh do Airteagal 25.4(4) den Bhunreacht. Tá an t-alt sin mar seo a leanas:

      "I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bhille i dteangain de na teangacha oifigeamhla agus ins an teanga sin amháin, ní foláir tionntódh oifigeamhail do chur amach insan an teanga oifigeamhail eile."
D'ainneoin, is cosúil, go bhfuil aistriúchán oifigiúil déanta de chuid de na hAchtanna a cuireadh i bhfeidhm ó 1981 ar aghaidh, is é an t-imleabhar deireanach a cuireadh amach i nGaeilge agus i mBéarla ná an ceann do 1980. De réir dealraimh níor "cuireadh amach" aistriúchán oifigiúil ó shin. Tá an chuma air gur faillí tromchúiseach é seo ag an Stáit maidir le dualgas bunreachtiúil. De réir míniú amháin ar Airteagal 25.4(4) tá seans go gcaithfí aistriúcháin oifigiúil den Bhille do chur ar fáil, mar atá glactha ag an dá theach, an Dáil agus an Seanad, nuair a shíníonn an tUachtaran an téacs. Cá bhfios domsa, ag an am seo, b'fhéidir go bhfuil freagra iomlán ar fhaillí follasach an Stáit maidir lena dhualgas bunreachtiúl. Ar dtús, ar ndóigh, dúradh gur faoí Rialacha Seasta na Dála a aistrítear an reachtaíocht. Má tá sé sin fíor tá seans go bhfuil ceisteanna scarúint na gcumhachtaí le tarraingt isteach má bhíonn baint ag an gcúirt leis. Ach níl aon rud i dtéacs an Bhunreachta a deir gur gnó don Oireachtas é an t-aistriúchán. Tá an chuma air gur gníomhú feidhmeanach é, agus ar ndóigh, níos déanaí san Airteagal céanna tá socrú don Taoiseach, ó am go h-am, go ndéanfaidh sé cinneadh go gcuirfí le chéile, faoina churam, téacs den Bhunreacht lena leasaithe.

Ach fiú más amhlaidh gur sháraigh an Stát a chuid dualgaisí ní dóigh liom go dtéann sé le reasúin ón bhfiric sin go bhfuil a chomhionnan de cheart bunreachúil ag dlithí i gcás sibhialta nó coiriúl a bhfuil baint aige le hAcht Oireachtais nach bhfuil aistrithe go h-oifigiúil go fóill. Dualgas bunreachtúil atá leagtha ar institúid éigin den Stát, ní gá go dtugann sé a chomhionnan de cheart bhunreachtúla don duine. Ach (gan an cinneadh seo do dhéanamh), bheinnse den tuairim go bhfuil an locus standi ag saoránach ar bith, cuma an bhfuil sé ós comhair na gcúirteanna nó nach bhfuil, nó an gá dó feidhm a bhaint as Acht ar leith, nó nach gá, ordú mandamus do lorg chun treoir a tabhairt don údarás chuí na céimeanna riachtanacha a thógaint chun aistriúchán oifigiúil d'achtanna a fhoilsiú.

Níl sé cinnte, áfach, go dtabharfaidh an Chúirt an mandamus sin. Cuir i gcás go raibh cóireanna costaisí i gceist le moill ar h-aistriúcháin a chur ar fáil, seans go mbeadh ar an gCúirt athmhachnamh a dhéanamh maidir le hordú a thabhairt don Stát airgead a chaitheamh i gcás dualgais áirithe, bíodh is gur ceann bunreachtúil cinnte é, nuair a bheadh an iliomad dualgaisí eile ar an Stát, cuid acu ina ndualgaisí bunreachtúla, cuid ag baint le cursaí sláinte, oideachais, srl. a bhfuil caiteachas i gceist chomh maith. Ar aon nós, chaithfeadh go mbeadh baint ag an Ard Aighne lena leithéid de imeachta mandamus agus bheadh an t-ábhar pléite go mion ós comhair cúirt le cúigear Breitheamh. Fiú mura gcuirfí na haistriúcháin ar fáil sa chás seo tá an amhras orm an mbeadh an t-iarratasóir in ann dul i muinín Airteagail 125 chun ordú toirmeascúil a fhái1. Dá má rud é go bhféadfadh sé chiallódh sé go bhféadfadh cosantóirí a raibh coireanna tromchúiseacha maidir le harmlón nó drugaí curtha ina leith, faoí reachtanna iar-1980 nó b'fhéidir coireanna tromchúiseacha faoin tAcht Comhdhlúthaithe Cánacha, 1997, go bhféadfaidís a gcuid trialacha a bheith curtha siar go dtí go raibh aistriúchán de na Achtanna sin curtha ar fáil. Ní féidir liom glacadh leis go bhfuil a leithéid de cheart bunreachta ann. Mar sin, ar na fáthanna atá luaite, díbhim an t-achomharc.










Ar ais ar barr an leathanach