Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Maicín -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2014] IESC 12
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
292/10
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2009 751 JR
Dáta Seachadta:
02/27/2014
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
Hardiman J., O'Donnell Donal J., Clarke J., MacMenamin J., O'Neill J.
Breithiúnas ó:
Clarke J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
Aontaitheach
Ag easaontú
Clarke J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.
MacMenamin J.
O'Donnell Donal J.
O'Neill J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.



AN CHÚIRT UACHTARACH
[Uimhir Taifid: 292/2010]

Hardiman, B.
O’Donnell, B.
Clarke, B.
MacMenamin, B.
O’Neill, B.
      Idir/
Peadar Ó Maicín
Iarratasóir/ Achomharcóir
agus

Éire, an tArd-Aighne, an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus, an tOnórach Raymond Groarke agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Freagróirí

Breithiúnas an Uasail Breithimh Clarke tugtha an 27 Feabhra, 2014.

1. Réamhrá
1.1 Tá stádas speisialta na Gaeilge faoin mBunreacht soiléir. Aithnítear an Ghaeilge mar an teanga náisiúnta agus is ar an gcumas sin atá an Ghaeilge sainithe, in Airteagal 8.1 den Bhunreacht, mar an “bpríomhtheanga oifigiúil”. Ní féidir a bheith in amhras go bhfuil roinnt oibleagáidí ar an Stát a thagann as an stádas speisialta sin atá tugtha don Ghaeilge. Ní féidir a bheith in amhras, chomh maith céanna, go bhfuil cearta teanga áirithe acu siúd ar mian leo a ngnó a stiúradh sa Ghaeilge, go háirithe laistigh den Stát. Mar sin féin, is ábhar é méid beacht oibleagáidí an Stáit agus cearta daoine aonair sa réimse seo nach mór tuilleadh anailís chúramach a dhéanamh air.

1.2 Déantar an ceanglas go dtriailfear daoine maidir le cionta coiriúla le giúiré sainithe go sainráite in Airteagal 38.5 den Bhunreacht chomh maith. Tá an fhoráil sin, ina téarmaí, faoi réir eisceachtaí i gcás mionchiontaí, cúirteanna speisialta agus binsí míleata. Ní féidir a bheith in amhras go bhfuil oibleagáid ar an an Stát, seachas na cásanna díolmhaithe sin, i leith trialacha giúiré a chur ar fáil. Tá ceisteanna ann, áfach, i dtaca leis an méid gur ceart é an fhoráil bhunreachtúil i leith trialach le giúiré atá ag daoine cúisithe, oibleagáid atá ar an Stát spleách ó staid an duine chúisithe nó, go deimhin, an dá rud sin. Tá ceisteanna ann chomh maith maidir leis an méid is féidir leis an Oireachtas, i gcomhréir leis an mBunreacht, dlíthe a achtú ina ndéantar comhdhéanamh giúiré a theorannú.

1.3 Ardaítear ceisteanna san achomharc seo maidir le cearta daoine ar mian leo triail choiriúil, ina bhfuil siad cúisithe, a bheith triailte le giúiré a bheadh ábalta an fhianaise a éisteacht sa Ghaeilge gan aistriúchán. Ardaítear ceisteanna san achomharc seo, dá bhrí sin, maidir le méid teidlíocht duine triail choiriúil a bheith stiúrtha i nGaeilge gan aistriúchán a mhéid, ar a laghad, is go mbaineann a rannpháirtíocht féin sa triail. Mar an gcéanna ardaítear ceisteanna sna deacrachtaí praiticiúla féideartha maidir le giúiré a rollú a bheadh ábalta triail dá leithéid a stiúradh gan aistriúchán faoi mhéid na dteorainneacha a d’fhéadfaí a chur go dlisteanach ar rollú giúiré agus ar an bpróiseas roghnúcháin.

1.4 Dá réir sin, ardaítear ceisteanna tábhachtacha maidir le méid na gceart teanga agus ceart eile atá ag daoine a bhfuil giúiré atá cumasach sa Ghaeilge á lorg acu, an méid atá sé ceadaithe comhdhéanamh giúiré a theorannú ar mhodh atá comhsheasmhach leis an úsáid a bhaintear as an téarmaí giúiré sa Bhunreacht agus cothromú cearta agus oibleagáidí teanga nó triail giúiré a thagann as an mBunreacht.

1.5 San Ard-Chúirt, lorg an gearánaí/achomharcóir (“an tUasal Ó Maicín) orduithe atá deartha chun a theidlíocht go dtriailfí é os comhair giúiré a thuigfeadh Gaeilge agus Béarla araon a dhearbhú. Theip ar a éileamh ar na cúiseanna atá leagtha amach i mbreithiúnas Murphy, B. (Ó Maicín v. Éire & ors [2010] IEHC 179). Rinne an tUasal Ó Maicín achomharc leis an gCúirt seo i gcoinne bhreithiúnas agus ordú Murphy, B.

2. Roinnt breithnithe ginearálta
2.1 Caithfidh mé a rá, áfach, nach bhfuilim ar aon intinn le breithiúnas Uachtarán na Cúirte, Hardiman, B. Ina bhreithiúnas, áfach, leagtar amach cuntas iomlán ar an gcúlra fíriciúil maidir leis na himeachtaí sin, ar an iarratas neamhrathúil a rinne an tUasal Ó Maicín i gcúirt na trialach (an Chúirt Chuarda, ar a raibh an ceathrú freagróir ainmnithe i gceannas) ag lorg triail os comhair giúiré a thuigfeadh i nGaeilge agus i mBéarla araon é gan aistriúchán agus a lán den chúlra fíriciúil ginearálta maidir leis an tsainfhianaise a tugadh san Ard-Chúirt i dtaca le leitheadúlacht na Gaeilge, go háirithe i gceantar Gaeltachta Chonamara gar don áit ina bhfuil cónaí ar an Uasal Ó Maicín agus an áit ar dúradh gur tharla an cion. Dá bhrí sin, ní gá an cúlra sin a thabhairt anseo arís.

2.2 Sa bhreis air sin, áfach, tá roinnt gnéithe i mbreithiúnas Hardiman, B. lena n-aontaím go hiomlán. Ar an gcéad dul síos, aontaím, gur cás cearta teanga é seo, “go bunúsach”, mar a deir sé, sa chiall go dtagann an argóint atá churtha ar aghaidh ag an Uasal Ó Maicín óna chearta teanga áitithe. Agus a chás á chur i dtéarmaí a chirt gan amhras chun trialach is cuí de réir dlí de bhun Airteagal 38 den Bhunreacht, agus i dtéarmaí cirt chun comhionannais os comhair an dlí le cainteoir Béarla faoi Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, tá ceart teanga i ngach áitiú díobh sin, mar a mbonn deiridh.

2.3 Níl rogha ar bith ag roinnt daoine ach go dtriailfear iad os comhair giúiré nach labhraíonn a dteanga dhúchais. In Éirinn sa lá inniu tá a lán “Éireannach úr” nó daoine eile agus tarlaíonn sé go bhfuil siad sa dlínse ag feidhmiú a gceart amhail an ceart oibriú faoi Chonarthaí Eorpacha. D’fhéadfadh daoine dá leithéidí a bheith ábalta Béarla a labhairt (nó, Gaeilge b’fhéidir) go méid níos mó ná níos lú ach níl a lán díobh líofa go leor is go mbeadh siad ag iarraidh fianaise a thabhairt i gcás tábhachtach a bhaineann le cúiseamh coiriúil tromchúiseach ina gcoinne seachas ina dteanga dhúchais. Mura mbeadh duine ábalta triail chóir a bheith acu choíche, dáiríre, ach amháin dá mbeadh an cinnteoir ábalta a dteanga dhúchais a labhairt, mar sin i dtéarmaí praiticiúla, bheadh sé dodhéanta a lán de na daoine sin a thriail. Dá bhrí sin, ní sárú ar theidlíocht bhunreachtúil ar bith é triail a stiúradh i dteanga seachas teanga an chúisí, ann féin agus gan chúnamh. Níl chiallaíonn sé sin, ar ndóigh, nach bhfuil teidlíochtaí bunreachtúla suntasacha ag na daoine sin i leith aistriúcháin agus cúnaimh chun míbhuntáiste ar bith a bhféadfadh siad a bheith faoi a íoslaghdú.

2.4 Ar an dóigh chéanna, ní héireodh le hargóint chomhionannais a ardóidh duine den sórt sin ar an áitiú go raibh sé nó sí faoi mhíbhuntáiste neamhcheadaithe i gcomparáid le cainteoir Béarla, a thriailfí le giúiré a bheadh ábalta a bhfianaise a thuiscint gan aistriúchán. Tagann an pointe bunúsach a rinneadh thar ceann an Uasail Uí Mhaicín maidir lena theidlíocht i leith trialach is cuí de réir dlí agus maidir lena theidlíocht i leith comhionannais os comhair an dlí díreach mar gheall gur cainteoir na teanga náisiúnta agus na príomhtheanga oifigiúla é.

2.5 Aontaím chomh maith le hionramháil The State (Sheehan) v The Government of Ireland [1987] I.R. 550 i mbreithiúnas Hardiman, B. Dá ndearbhófaí go raibh ceart bunreachtúil ag an Uasal Ó Maicín a chomhlíonfaí trí Aire Rialtais lánrogha reachtúil a fheidhmiú, feictear domsa mar sin go dtiocfadh ceisteanna chun cinn a bheadh difriúil ó na ceisteanna a tháinig chun cinn in Sheehan. In Sheehan, mar atá léirithe ag Hardiman, B., d’achtaigh an tOireachtas reachtaíocht, agus dá dtosófaí í, shínfí an dliteanas ar údaráis áitiúla i leith neamhghnímh chomh maith leis an dliteanas atá ann cheana i leith míghnímh. Níor tosaíodh an fhoráil ábhartha riamh, áfach. Ba í an cheist i Sheehan an raibh nó nach raibh oibleagáid intuigthe le tosú laistigh den thréimhse ama réasúnta. Seasamh sa chúirt seo, i Sheenan, ag freaschur Costello, B. san Ard-Chúirt, nach raibh. Mar sin féin, mar a léirigh Hardiman, B., ní raibh cearta bunreachtúla ar bith i gceist. Tá dualgas ar an Stát, ar ndóigh, teidlíochtaí bunreachtúla dearbhaithe ar bith a chosaint. Más féidir teidlíocht bhunreachtúil a dhearbhú agus má tá modh ann trínar féidir í a chosaint trí chumhacht atá dílsithe, fiú ar bhonn lánroghnach, sa Stát nó in orgán den Stát a fheidhmiú, mar sin beidh cás láidir ann i gcónaí don chúirt a dhearbhóidh oibleagáid ar thaobh an Stáit de chun lánrogha ar bith a fheidhmiú ar mhodh trína ndéanfaí an ceart bunreachtúil a dearbhaíodh a chosaint. Dealraíonn sé domsa, gurb í an fhíorcheist, an féidir nó nach féidir a rá go bhfuil an ceart bunreachtúil atá áitithe sa chás seo le bunú agus le cur i bhfeidhm i gcúinsí an cháis seo ar an gcéad dul síos. Má tá sé dearbaithe agus infheidhme amhlaidh, mar sin is léir go bhfuil sé de dhualgas ar an gcúirt cibé bearta is cuí a dhéanamh le féachaint go gcinnteofar ceart dá leithéid a chosaint.

2.6 Ar na cúiseanna sin, feictear domsa gurb iad na trí cheist atá le breathnú ná na cinn a tugadh i réamhrá an bhreithiúnais seo. Ar an gcéad dul síos, cad é méid na gceart teanga atá ag an Uasal Ó Maicín? Ar an dara dul síos, cad iad na teorainneacha a d’fhéadfaí a chur nó nach mór a chur ar chomhdhéanamh giúiré chun ceanglas bunreachtúil maidir le triail nó giúiré i gcásanna nach cásanna mionchionta iad a chomhlíonadh? Ar an tríú dul síos, go dtí an méid go bhféadfadh coimhlint a bheith idir cearta nó oibleagáidí ar bith a thiocfadh chun cinn sa chéad dá cheist, cén dóigh a réiteofaí coimhlint dá leithéid? Is é ar an mbonn sin a thugaim aghaidh ar dtús ar méid cearta teanga ar bith lena mbaineann.

3. Cearta teanga an Uasail Uí Mhaicín
3.1 Ní foláir nó gurb é anailís ar stádas na Gaeilge sa Bhunreacht an pointe tosaigh. Maidir leis sin aontaím le mórán de bhreithiúnas Hardiman, B. ina anailís ar an gcásdlí ó O’Foghludha v McClean [1934] I.R. 469 go dtí a bhreithiúnas féin in Ó Beoláin v Fahy [2001] 2 I.R. 279. Luann Hardiman, B. go bhféadfar socrú a dhéanamh le dlí “for the exclusive use of either of the said languages, for any one or more official purposes, either throughout the State or in any part thereof”. D’fhéadfadh sé, faoi mar atá molta ag Kohn, The Constitution of the Irish Free State (London, 1932) gur cumadh Airteagal 8.3 (agus an tAirteagal a tháinig roimhe i mBunreacht an tSaorstáit) ag féachaint le hathimeascadh féideartha na críche náisiúnta. Bíodh sin mar atá, tá an chuma go bhfuil an fhoráil níos ginearálta ina feidhmiú agus ní bhaineann sí le cúrsaí faoina bhféadfaí a rá go bhfuil baint acu le Tuaisceart Éireann amháin ar dhóigh ar bith.

3.2 Tá sé ceart, ar ndóigh, mar atá léirithe ag Kennedy, P.B. in O’Foghludha, nach dtagann an stádas atá tugtha don Ghaeilge sa Bhunreacht toisc gurbh í (nó gurb í go deimhin) an Ghaeilge an teanga a bhí/atá á labhairt go huilechoiteann ag na daoine nó fiú ag formhór na ndaoine. Ina áit sin, tagann an stádas sin ón nGaeilge a bheith mar “the historic distinctive speech of the Irish people”. Fágann sé sin chomh maith, mar atá léirithe ag Kennedy, P.B., go bhfuil an Stát faoi oibleagáid gach rud atá faoina réimse tionchair a dhéanamh chun stádas na Gaeilge a choinneáil mar an teanga náisiúnta ionas nach ndéanfaidh orgán ar bith de chuid an Stáit maolú ar stádas oirirc na Gaeilge mar an teanga náisiúnta.

3.3 Agus oibleagáid ar an Stát, agus ar a orgáin ar fad, ardstádas na Gaeilge a chur chun cinn agus meas a bheith acu uirthi d’fhéadfadh sé, in ainneoin sin, go mbeadh teorainneacha, a thagann as úsáid theoranta na Gaeilge sa ghnáthshaol, ar theidlíocht maidir leis an nGaeilge a úsáid, a mhéad is a bhaineann sé lena lán codanna den tír ar a laghad. Tá saoránaigh eile i dteideal Béarla a úsáid mar theanga oifigiúil más mian leo agus ní mór meas a bheith ar a gcearta chun é sin a dhéanamh. Toisc nach ndearnadh argóint i bhfabhar an phointe níl sé iomchuí a mheas an bhféadfaí aitheantas bunreachtúil sainráite a sholáthar in Airteagal 8.3 maidir le deacrachtaí dá leithéidí. Dá bhrí sin, d’fhágfainn an méid (más ann dó) is a d’fhéadfá a rá go raibh tionchar ag Airteagal 8.3 ar léiriú cuí na gceart atá tugtha le hAirteagal 8 ina iomláine i gcás ina ndearnadh argóint i bhfabhar an phointe.

3.4 Feictear domsa, áfach, dá thoradh ar MacCarthaigh v. Éire [1999] I.R. 200, ( cás a phléifidh mé arís) go bhfuil teorainneacha ar na cearta atá ag na ndaoine sin a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Ní sin le rá gur féidir leis an an Stát neamhaird a dhéanamh de staid na ndaoine ar mian leo a ngnó leis an Stát a stiúradh i nGaeilge. Ag fágáil ar leataobh na forálacha reachtacha ar a ndearnadh anailís i mbreithiúnas Hardiman, B., tá oibleagáid bhunreachtúil shoiléir ar an Stát úsáid na Gaeilge chun críche gnó oifigiúil a spreagadh agus bheadh sé ina mhaolú ón stádas bunreachtúil atá tugtha don Ghaeilge dá ndéanfaí a mhalairt.

3.5 Tá an oibleagáid ar an Stát maidir le húsáid na Gaeilge a spreagadh, ar ndóigh, neamhspleách ó mhianta teanga na ndaoine lena bhfuil an Stát ag plé. Dá gcuirfí oibleagáid ghinearálta an Stáit os cionn an leibhéal “spreagtha” thabharfaí le tuiscint go raibh riachtanas bunreachtúil ann chun an cineál iallach míghníomh a cuireadh i bhfeidhm san am a chuaigh thart a chur i bhfeidhm a raibh de thoradh air, atá inargóinte ar a laghad, gur tugadh níos lú seachas níos mó tiomantais don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne. Ní fheictear domsa gur féidir oibleagáid ghinearálta an Stáit, dá bhrí sin, a chur ar leibhéal níos airde ná an oibleagáid chun í a “spreagadh”. Tá oibleagáid shainiúil an Stáit a thagann chun cinn nuair is mian le saoránach a ghnó/a gnó a stiúradh leis an Stát i nGaeilge difriúil, áfach. Ní féidir a bheith in amhras go bhfuil oibleagáid bhunreachtúil ar an Stát meas a bheith acu ar mhianta teanga saoránaigh, ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ina gcumarsáid leis an an Stát nó lena ghníomhaireachtaí.

3.6 Toisc go bhfuil oibleagáid bhunreachtúil den sórt sin ar an Stát, ní chiallaíonn sé sin, áfach, ar leibhéal bunreachtúil, go bhfuil oibleagáid absalóideach ar an Stát a chinntiú gur féidir le daoine ar mian leo a ngnó oifigiúil uile a stiúradh tríd an nGaeilge gan aistriúchán é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, is gá go mbeidh anailís ar chearta na ndaoine siúd ar mian leo a ngnóthaí a stiúradh i nGaeilge, ach ar chearta teanga na ndaoine siúd ar mian leo Béarla a úsáid chomh maith agus, más cuí, leasanna iomaíocha nó oibleagáid bhunreachtúil ar bith a thiocfadh chun cinn, i gceist le measúnú ar cibé, i gcúinsí faoi leith ar bith, ar chloí nó nár chloí an Stát lena oibleagáidí i dtaca leis an nGaeilge.

3.7 Fágann sé sin go bhfuil ceart acu siúd ar mian leo a ngnó a stiúradh i nGaeilge, a thagann as stádas bunreachtúil na Gaeilge, a gceart chun a ngnó a stiúradh i nGaeilge. Fágann sé sin, chomh maith céanna, áfach, nach bhfuil an ceart sin absalóideach agus nach mór é a chothromú i gcoinne cúinsí uile an cháis (toisc nach n-úsáideann formhór dhaoine na hÉireann an Ghaeilge mar an ngnáthmhodh cumarsáide thar aon ní eile) go háirithe mar gheall go bhfuil saoránaigh eile i dteideal a ngnó a stiúradh sa Bhéarla mar theanga oifigiúil, agus leasanna bunreachtúla iomaíocha ar bith eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn chomh maith.

3.8 Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbaineann an cás seo le breathnú ar argóint a cuireadh ar aghaidh thar ceann an Stáit go mbeadh éileamh díréireach ar acmhainní an Stáit i gceist le leibhéal faoi leith tiomantais don Ghaeilge. Bheadh gá i gcás den sórt sin, an caighdeán beacht lena mbeadh gá argóint den sórt sin a thomhas ina choinne a chinneadh go beacht. Dá bhrí sin, d’fhágfainn an cheist ar cheart nó nár cheart breithiúnas a thabhairt maidir le coimhlint idir cearta na Gaeilge, ar thaobh amháin, agus leithdháileadh acmhainní náisiúnta ganna an Stáit, ar an taobh eile, le caighdeán réasúntachta, praiticiúlachta, nó, mar atá léirithe ag O’Neill, B. ina bhreithiúnas ar an gcás, caighdeán féidearthachta i gcás inar tháinig an cheist chun cinn go sonrach. I mo thuairimse dírítear sa chás seo ar an ngá le cearta teanga gan amhras an Uasail Uí Mhaicín a chothromú le ceisteanna bunreachtúla neamhacmhainní, go háirithe cearta teanga daoine eile lena n-áirítear cearta daoine, nach bhfuil ábalta an Ghaeilge a úsáid ar chaighdeán ar leor é chun cás a leanúint gan aistriúchán, chun fónamh ar ghiúiréithe agus an oibleagáid bhunreachtúil giúiréithe ionadaíocha ar a ndíreoidh mé anois a chinntiú.

4. Stádas bunreachtúil triail giúiré
4.1 Mar atá léirithe (ag lch. 657) ag údair J M Kelly - Irish Constitution (3ú hEagrán) úsáidtear an téarma giúiré in Airteagal 38.5 den Bhunreacht ach níl an téarma sin sainithe. Léiríonn na húdair fosta, agus go ceart i mo thuairimse, go bhfuil sé níos oiriúnaí breathnú ar fhorálacha Airteagal 38.5 mar go bhfuil foráil á déanamh i leith oibleagáid bhunreachtúil go mbeadh triail le giúiré ann ach amháin sna gcásanna sin ina bhfuil a mhalairt ceadaithe sa Bhunreacht féin (mionchásanna, cúirteanna speisialta agus binsí míleata). Cé go labhraítear go minic faoi “ceart chun trialach le giúiré”, léirítear sa dóigh ina bpléitear triail le giúiré in Airteagal 38.5 go bhfuil ceanglas bunreachtúil ann i leith trialach dá leithéid neamhspleách ó theidlíocht ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag cúisí atá le triail le giúiré. Ceanglaítear in Airteagal 38.5, seachas na heisceachtaí a sonraíodh thuas, “ní cead duine a thriail…ach i láthair choiste tiomanta”. Cé go bhféadfadh sé go bhfuil ceart chun trialach le giúiré ag duine ag teacht ón bhforáil sin, feictear domsa go ndeachthas níos faide ar aghaidh sa Bhunreacht agus ceanglaítear triail giúiré ann neamhspleách ó thuairimí na n-údarás ionchúisimh nó an chúisí.

4.2 Go deimhin, tá meabhrú ar an riachtanas bunreachtúil maidir le triail giúiré i gcásanna mionchionta i go gcaithfidh Breithiúnas Dúiche cinneadh breithiúnach a dhéanamh go bhfuil cion, ag labhairt go cuí, ina mhionchion sula mbeidh an Breithiúnas Dúiche sin ábalta údarás a ghlacadh chun cás a thriail ar mhodh achomair sa chás go bhfuil rogha ann do thriail ar díotáil le giúiré. Mar an gcéanna, dá gcruthófaí cion ar bhonn achomair amháin, nach mbeadh rogha do thriail le giúiré ar fáil ann, d’fhéadfaí dúshlán a dhéanamh ina éadan, ar an mbonn nach mbeadh an cion a cruthaíodh ar an dóigh sin, ina mhionchion, nó ní bheadh sé ina mhionchion i gcónaí ar a laghad. Feictear sna bearta sin go dtéann triail le giúiré thar chearta na bpáirtithe agus go bhfuil riachtanas bunreachtúil i gceist léi. Ag cur san áireamh an riachtanas sin agus easnamh sainmhínithe ar bith faoi cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le triail le giúiré, bhí díospóireacht ann, go hintuigthe, maidir leis an méid atá sé oscailte don Oireachtas chun comhdhéanamh giúiré agus an modh inar féidir triail giúiré a stiúradh go cuí a rialú de réir an riachtanais bhunreachtúil. Chun críche an cháis seo, is é comhdhéanamh féideartha giúiré a chloíonn leis an mbunreacht is gá breathnú air. Sa chomhthéacs sin, is é de Búrca v Attorney General [1976] I.R. 38, an phríomhchás. agus is féidir cúnamh a fháil fosta ó The State (Byrne) v Frawley [1978] I.R. 326.

4.3 Bhain De Búrca le forálacha Acht na nGiúiréithe, 1927 inar forchuireadh íoscháiliúchán rátála agus inar díolmhaíodh mná ón oibleagáid ghinearálta chun fónamh ar ghiúiréithe chomh maith faoi réir teidlíocht mhná i leith iarratas a dhéanamh. Cinneadh go raibh na forálacha sin ar neamhréir leis an mBunreacht. Agus an bunprionsabal á phlé, dúirt Henchy, B. an méid seo a leanas ag lch. 75:-

      “Of course, the jury must be drawn from a pool broadly representative of the community so that its verdict will be stamped with the fairness and acceptability of a genuinely diffused community decision. The particular breath of choice necessary to satisfy this requirement cannot be laid down in advance. It is left to the discretion of the legislature to formulate a system for the compilation of jury lists and panels from which will be recruited juries which will be competent, impartial and representative.”
4.4 Ina dhiaidh sin, mhol Henchy, B., ag lch. 76, scrúdú sna téarmaí seo a leanas:-
      “Where a system of jury recruitment is assailed for being exclusionary to the point of unconstitutionality, the test is whether, by intent or operation, there is an exclusion of any class or group of citizens (other than those excluded for reasons based on capacity or social function) who, if included, might be expected to carry out their duties as jurors according to beliefs, standards or attitudes not represented by those included. If such a class or group is excluded it cannot be said that such a resulting jury will be representative of the community. The exclusion will leave untapped a reservoir of potential jurors without whom the jurors lists will lack constitutional completeness”.

4.6 Agus Griffin, B., ag sainaithint gurb é cuspóir giúiré comhlacht neamhchlaonta de chomhshaoránaigh an chúisí atá ina “truly representative and a fair cross-section of the community” a idirshuí idir an Stát agus duine cúisithe, shoiléirigh sé nach raibh an cúisí i dteideal giúiré a bheadh saincheaptha do chúinsí an cháis faoi leith.

4.7 Bhain The State (Byrne) v Frawley leis an drochthoradh a bhí ar de Búrca ach sa chás sin tugadh léargas i gcuid de na deachtanna ar an bprionsabal ginearálta. Ag lch. 340, shonraigh O’Higgins, P.B. go raibh “legal and constitutional right to serve if called” ag saoránach ar bith a bhí cáilithe chun fónamh ar ghiúiré.

4.8 Thug Henchy, B., lua chomh maith le faomhadh ó bhreithiúnas Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe in Taylor v Louisiana (1975) 419 U.S. 522 inar glacadh “the fair-cross-section requirement as fundamental to the jury trial” ráthaithe faoin séú leasúchán ar Bhunreacht na Stát Aonaithe. Ba í an fhíorcheist in An Stát (Byrne) v Frawley an bhféadfadh nó nach bhféadfadh cúisí a lig do thriail giúiré dul ar aghaidh i ndiaidh chinneadh na Cúirte Uachtaraí in de Búrca féachaint le dul in iontaoibh an toraidh neamhbhunreachtúlachta a rinneadh in de Búrca chun a chiontú a neamhbhailiú. Sheas an Chúirt seo nach bhféadfadh sé.

4.9 Tá an chuma go bhfuil sé dá thoradh ar anailís ar na húdaráis sin go bhfuil oibleagáid leis an gceanglas go dtriailfear cionta nach mionchionta iad le giúiré, faoi mar a fhaightear in Airteagal 38.5 den Bhunreacht, go mbeadh giúiré ionadaíoch do phobal leathan nó go mbeadh sé ina ionadaí do thrasghearradh measartha den phobal. Tá an chuma ann fosta go bhféadfadh daoine a eisiamh ar an gcoinníoll go mbeadh an giúiré fós “competent, impartial and representative”, i bhfocail Henchy, B. in de Búrca. Agus cinneadh á dhéanamh ar conas paraiméadair painéal giúiré a shainiú, tugtar lánrogha don Oireachtas maidir leis na daoine a d’fhéadfadh siad a eisiamh ach má bhíonn an painéal giúiré neamhionadaíoch mar thoradh ar eisiamh dá leithéid nó dá dteipfeadh air i dtástáil an trasghearrtha mheasartha, thiocfadh na srianta a bheadh forchurtha ag an Oireachtas faoi neamhbhunreachtúlacht.

4.10 Fágann sé sin, dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil an ceart ag an Uasal Ó Maicín chun trialach le giúiré sa chiall ina n-úsáidtear an téarmaí sin sa Bhunreacht ach go bhfuil oibleagáid ar an Stát, ag glacadh leis nach mionchion atá intriailte go hachomair é an cion atá curtha ina choinne, a chinntiú go triailfear é le giúiré agus go bhfuil an giúiré, de réir na dlí-eolaíochta, ionadaíoch do phobal leathan agus bhfuil sé ina ionadaí do thrasghearradh measartha den phobal. I gcoinne an chúlra sin, is gá breathnú ar an gceist conas a cothromaíodh na cearta teanga sin atá ag an Uasal Ó Maicín, conas a d’fhéadfadh iad a chothromú agus conas is ceart iad a cothromú le ceanglas an ghiúiré a ndearna mé iarracht iad a anailísiú. Sa chomhthéacs sin, is gá anailís a dhéanamh ar MacCárthaigh arbh é, gan amhras, an cás is mó atá cosúil leis an gcás seo.

5. MacCárthaigh
5.1 I MacCárthaigh lorg an t-iarratasóir, i modh nach raibh éagosúil leis an gceann a ghlac an tUasal Ó Maicín sna himeachtaí seo, orduithe atá deartha lena chinntiú nach dtriailfí é ach “before a jury having the capacity to understand the Irish language without the assistance of an interpreter” mar aon le horduithe coimhdeacha atá ordaithe chun na críche céanna. Sa mhéid is go bhfuil idirdhealú ar bith idir an faoiseamh a lorg an tUasal Ó Maicín agus an faoiseamh a lorgaíodh i MacCárthaigh, is é sin go lorgaíonn an tUasal Ó Maicín giúiré a thuigeann Gaeilge agus Béarla agus níor lorg an tUasal MacCárthaigh ach giúiré a raibh an cumas acu Gaeilge a thuiscint gan cúnamh aistritheora. Ag cur san áireamh an líon beag daoine atá ábalta Gaeilge a labhairt agus a thuiscint ach nach labhraíonn agus nach dtuigeann Béarla, áfach, tá beagán difríochta, ar leibhéal praiticiúlachta, idir a raibh á lorg i MacCárthaigh agus a bhfuil á lorg sa chás seo.

5.2 Tháing MacCárthaigh os comhair O’Hanlon, B. san Ard-Chúirt a rinne anailís ar, (ag lch. 204 - 205) bhreithiúnais na cúirte seo i de Búrca agus The State (Byrne) v Frawley. Rinne O’Hanlon, B. anailís chomh maith ar an bhfianaise a bhain le figiúirí an daonáirimh a bhí ar fáil ag an am sin. Shonraigh O’Hanlon, B. chomh maith, nach ndóigh gan baint le cumas teanga chinnteoir na fírice, go mbeifí ábalta seirbhísí ateangaire a chur ar ceal “since his assistance would be required on behalf of other people who would be participating in the proceedings and who would not have a perfect knowledge of the Irish language”. Shonraigh O’Hanlon, B. an méid seo a leanas ag lch. 207 ansin:-

      “It should be capable of being said of any jury in every criminal case that they represent every category of the public in the area in which the action is heard. As the Supreme Court of the United States said in the above mentioned case, Taylor v Louisiana [1975] 419 US 522 at p. 530:-

        'Restricting jury service to only special groups or excluding identifiable segments playing major roles in the community cannot be squared with the constitutional concept of jury trial'.”
5.3 Nuair a cuireadh an cheist os comhair na Cúirte seo ar achomharc ba é Hamilton, P.B, a shonraigh na deacrachtaí a bhain leis an aistriúchán ar thagair Michael Shulman dó in Athbhreithniú Dlí Vanderbilt (arna lua i mbreithiúnas Hardiman, B. sa chás seo), a thug breithiúnas d’aon ghuth na cúirte ach dúirt sé ansin, ag lch. 212:-
      "That is true enough, but it must be said in today’s Ireland there is no better solution available. If every member of the jury had to be able to understand legal matters in the Irish language without the assistance of an interpreter, most of the people of Ireland would be excluded. That would amount to a violation of Article 38.5 of the Constitution, as the Supreme Court explained it in the case of de Búrca v Attorney General [1976] I.R. 38 and the State (Byrne) v Frawley [1978] I.R. 326.”
Ba é ar an mbonn sin a diúltaíodh an t-achomharc.

5.3 Rud atá an-soiléir, dá bhrí sin, ná, ar bhonn na gcúinsí lenar bhain cás an Uasail MacCárthaigh agus na bhfíricí maidir leis an eolas faoin nGaeilge mar a bhí siad i ndeireadh na 1990idí, sheas an Chúirt seo nach raibh MacCárthaigh i dteideal triail le giúiré a thuigfeadh Gaeilge gan cúnamh aistriúcháin. Is í an cheist lárnach is gá don Chúirt seo a chinneadh anois cibé an bhfuil nó nach bhfuil an cás éagsúil i ngeall ar athrú i gcúinsí go ginearálta nó i ngeall ar an gceangal idir na cás seo agus an Ghaeltacht nach raibh i gcás an Uasail MacCárthaigh ag cur san áireamh gurbh é i mBaile Átha Cliath a tháinig cúinsí an cháis dheireanaigh sin chun cinn. Dírím, mar sin, ar an gceist sin.

6. An bhfuil an cinneadh i MacCárthaigh anseo infheidhme anseo?

6.1 Níor raibh fíorchás ar bith ann inar léiríodh go raibh athrú ar bith ar úsáid ghinearálta na Gaeilge nó ar chumas na Gaeilge ar fud na tíre ina hiomláine ar dhóigh ábhartha ar bith idir an cinneadh i MacCárthaigh agus an lá inniu. D’fhéadfadh sé go n-athrófaí dálaí amach anseo ach chun críche an cháis seo ní fheictear domsa go bhfuil bonn dleathach ar bith ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar na conclúidí foriomlána ar thángthas orthu i MacCárthaigh. Fágann sé sin gurb é an cás atá ann inniu fós, mar a dúirt Hamilton P.B., i sliocht a luadh cheana ná, "if every member of the jury had to be able to understand legal matters in the Irish language without the assistance of an interpreter, most of the people of Ireland would be excluded". Is í an fhíorcheist, dá bhrí sin, i mo thuairimse, is gá aghaidh a thabhairt uirthi, gur tharla an cion líomhnaithe in éadan an Uasail Uí Mhaicín sa Ghaeltacht agus go raibh cainteoirí Gaeilge bainteach ann, mar na príomhlphearsana ar a laghad. Sna cúinsí sin an féidir MacCárthaigh a idirdhealú agus teacht ar chonclúid eile? Lena rá ar bhealach eile, dúirt Hamilton, P.B. "In today's Ireland there is no better solution available". Ní mór ceist a chur an bhfuil réiteach níos fearr ar a laghad i dtaca le cásanna a bhfuil baint mhór acu leis an nGaeltacht?

6.2 Tá sé tábhachtach an tagairt atá déanta ag Hardiman, B. maidir leis na hábhair i bpáipéar an Choimisiúin um Athchóirí Dlí a shonrú, ina dtugtar chun suntais go bhfuil an chuma ann go bhfuil próiseas neamhfoirmiúil ann maidir le daoine nach bhfuil cumasach sa Bhéarla a eisiamh ó sheirbhís giúiré. Mar a léiríonn Hardiman, B., ní thagann sé sin as ceanglas nó oibleagáid reachtúil shainráite ar bith.

6.3 Is é an dara pointe le sonrú gur cuireadh na figiúirí i gcomhair cainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta arna léiriú san áireamh is déanaí mar fhianaise os comhair na hArd-Chúirte sa chás seo. Tá achoimre déanta ar an bhfianaise sin i mbreithiúnas Hardiman, B., agus tá anailís déanta uirthi chomh maith i mbreithiúnas O’Neill, B. mar sin ní gá é a lua anseo arís. Go hachomair, d’fhéadfá a rá go léirítear san fhianaise, go labhraíonn thart ar dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá, i gceantar leathan Gaeltachta agus tá an figiúr sin chor a bheith 90% i roinnt ceantar níos cúinge trí thagairt do na toghranna ceantair sin (an bonn-aonad) ina bhfuil an leibhéal is airde den Ghaeilge taifeadta. Níl an figiúr beacht a bhaineann leis an bpainéal giúiré soiléir, áfach, mar a léiríonn O’Neill, B., agus is cosúil go mbeadh sé píosa maith faoi 90%.

6.4 Feictear domsa, áfach, go bhfuil sé tábhachtach chomh maith féachaint ar thrácht O’Hanlon, B. san Ard-Chúirt i MacCárthaigh go mb’fhéidir nach mbeadh gach duine a taifeadadh mar a bheith ábalta Gaeilge a labhairt (nó, go deimhin, ag cur na fianaise sa chúirt seo san áireamh, a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil), a bheith ábalta é sin a dhéanamh ar leibhéal ina mbeadh sé ar a gcumas an cúram deacair maidir leis an bhfianaise agus an argóint a thuiscint gan chúnamh a stiúradh. D’fhéadfadh sé a bheith fíor go mbeadh an bhearna idir an cumas sa Ghaeilge a taifeadadh agus an ábaltacht déileáil le cás i nGaeilge gan chúnamh nios bheag i gceantair Ghaeltachta ná, mar shampla, mar a bheadh sé i mBaile Átha Cliath, ina bhféadfadh sé go bhfuil a lán daoine taifeadta mar chumas a bheith acu sa Ghaeilge ach sa chás go dtagann an cumas sin ó Ghaeilge a foghlaimíodh ar scoil agus an cumas sin éagtha go méid áirithe a mhó nó a lú sna blianta ina dhiaidh sin. Cinnteoidh úsáid rialta den Ghaeilge, ar ndóigh, nach rachaidh an cumas sin i laghad.

6.5 Sa chomhthéacs sin is suntasach é chomh maith torthaí staidéir agus tuarascála a d’ullmhaigh Lord Justice Edmond Davies, sna 1970idí d’Ard-Seansailéir na Breataine ag an am, an Lord Hailsham a shonrú. Dealraíonn sé nár foilsíodh an tuarascáil iomlán riamh (féach an páipéar le Mr. Justice Roderick Evans "Bilingual Juries?", (2007) 38 Cambrian Law Review 145) ach cuireadh cuid de na gnéithe inti ar fáil don phobal i ráiteas a rinne Lord Hailsham i dTeach na dTiarnaí an 12 Meitheamh, 1973 ag tabhairt achoimre ar na moltaí sa tuarascáil sin. Is mar seo a leanas a léann an sliocht ábhartha sin:-

      "An illustration of the inherent difficulty is afforded by a trial conducted last year before a jury, each member of which expressed preference for taking the oath in Welsh. During the hearing, the Welsh evidence was translated into English. It was later learnt that, while all the jurors said that they understood Welsh, eight of their number considered that such translation had been necessary, four that it had not. One juror who had even passed the School Certificate with oral proficiency in Welsh said that his understanding of the evidence given in Welsh was improved by its translation into English, as those participating had spoken Welsh of such a high standard."
Tá sé soiléir, dá bhrí sin, gur sonraíodh sa tuarascáil go bhfuair líon ábhartha giúróirí, cé go raibh siad cumasach agus díograiseach i gcomhthéacs ginearálta sa Bhreatnais agus faoin Bhreatnais, cúnamh, agus sócúlacht ó aistritheoir lena chinntiú nach mbainfeadh siad míbhrí as píosa tábhachtach fianaise. Is iontach an rud a bheadh ann dá bhfaighfí staid chomhchosúil in Éirinn, fiú i gceantair Ghaeltachta.

6.6 D’fhéadfadh údar a bheith le cáineadh chaighdeán an aistriúcháin, corruair. Ní féidir aistriúchán mícheart a chur as an áireamh. Ach ar an dóigh chéanna, tá an baol go mbainfeadh a lán de na daoine siúd ag a bhfuil cumas réasúnta sa Ghaeilge ach nach labhraíonn an Ghaeilge mar a máthairtheanga míbhrí as fianaise ar bith, chomh suntasach céanna. Is cosúil go bhfuil a lán daoine ann a gceapann go bhfuil an cumas acu gnáthchomhrá a bheith acu i nGaeilge agus nach mbeadh, mar shampla, mórán deacrachta acu an nuacht a leanúint i nGaeilge ach, in ainneoin sin, nach mbeadh an muinín iomlán acu go mbeadh siad ábalta an baol go mbainfeadh siad míbhrí as fianaise nó aighneachtaí a sheachaint.

6.7 Is gá, sa chomhthéacs seo, féachaint don phointe a shonraigh O’Hanlon, B. chomh maith in MacCárthaigh. Beidh aistritheoir de dhíth chun fianaise, aighneachtaí nó orduithe ar bith, a thabharfar i nGaeilge a aistriú go Béarla ar an gcoinníoll go bhfuil baint imleor ag roinnt daoine i dtriail dá leithéid a bheadh á stiúradh i nGaeilge den chuid is mó nach bhfuil oilteacht imleor acu sa Ghaeilge d’fhonn bheith ábalta na himeachtaí a thuiscint go hiomlán. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt cásanna ann ina mbeadh an gá le haistriúchán den sórt sin go Béarla teoranta (ag glacadh leis go raibh cumas dóthanach ag baill uile an ghiúiré chun na himeachtaí a thuiscint i nGaeilge) beidh a lán cásanna ann ina mbeadh an gá le haistriúchán go Béarla riachtanach i gcás ar bith.

6.8 Ní bhaineann sé sin dada, ar ndóigh, go hiomlán den phointe a rinne an tUasal Ó Maicín a léiríonn go bhfuil sé i dteideal giúiré a thuigfeadh a fhianaise, a thabharfaí i nGaeilge, agus a thuigfeadh gné ar bith eile den chás a stiúrfaí i nGaeilge, gan aistriúchán. Fágann sé, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh gá suntasach ann maidir le haistriúchán go Béarla i gcás ar bith. Cuirtear béim sa tuarascáil ar stiúradh trialacha giúiré sa Bhreatnais a luaigh mé go bhféadfadh daoine a bheith ann a bhfuil an cumas oilte acu teanga nach í a máthairtheanga í a thuiscint ach, in ainneoin sin, go mbeadh siad níos sócúla le haistriúchán d’fhonn a bheith sásta go hiomlán go mbeadh siad ábalta déileáil le saincheist thábhachtach amhail an bhfuil duine ciontach nó neamhchiontach i dtriail choiriúil shuntasach. Lena chois sin, a mhéid is go mbaineann an baol go ndéanfaí aistriúchán mícheart leis an gcás seo, tá an tsócúlacht bhreise ann gur cinneadh gur cheart go mbeadh breitheamh na trialach sa chás seo cumasach sa Ghaeilge agus is dócha go ndéanfaí aistriúchán mícheart ábhartha ar bith a aithint agus a cheartú.

6.9 Bíodh sin ar fad mar atá, ní raibh, i ndáiríre, fianaise ar bith ar fáil maidir le leibhéal cumais céatadán ar bith daoine i gceantair Ghaeltachta, a mhéid is a bhaineann an cumas sa Ghaeilge go dtí an méid is gá chun imeachtaí dlíthiúla a thuiscint go hiomlán. Ní féidir an méid go díreach den dá thrian den daonra i gceantar na Gaeltachta i gcoitinne, arna shainaithint san fhianaise, atá taifeadta mar dhaoine a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil, a mbeadh an cumas dóthanach acu go mbeadh an muinín acu nach mbeadh deacracht ábhartha acu le gach gné den chás a thuiscint i nGaeilge a insint. Amhail O’Hanlon, B. in MacCárthaigh, áfach, bhainfinn an tátal as, go bhfuil sé neamhdhóchúil nach mbeadh líon ábhartha daoine ann nach mbeadh an cumas dóthanach acu cé go bhfuil siad taifeadta go cuí mar dhaoine a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil.

6.10 Ar deireadh, tá sé tábhachtach a shonrú go bhfuil bonn dleathach ann maidir lena chinntiú nach dtarraingítear ceantair giúiré ró-chúnga ó thaobh a méid agus a ndaonra de. Ar an gcéad dul síos, má dhéantar ceantar giúiré a tharraingt as ceantar ró-chúng beidh an baol ann go gcruthófar painéal giúiré nach bhfuil, i ndáiríre, ionadaíoch. Ar an dara dul síos, agus chomh tábhachtach céanna b’fhéidir, má dhéantar ceantar giúiré a tharraingt as ceantar ró-chúng beidh an fíorbhaol ann go ndéanfaí céatadán ard daoine as a eisiamh ó ghiúiré faoi leith ar bith i ngeall ar an gceangal leis na rudaí ba chúis leis an triail a bheith ann nó le páirtithe nó finnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis. Feictear domsa go bhfágann sé sin go gcaithfear painéal giúiré a chloíonn leis an mbunreacht a bhunú ar cheantar geografach atá mór go leor agus ina bhfuil daonra leathan go leor chun a chinntiú go mbeadh painéal ar bith a roghnófaí as an gceantar sin ina ionadaí réasúnta agus nach ndéanfaí líon suntasach a eisiamh as ar bhonn ceangail leis an gcás. Beidh daoine ann i gcónaí, a eiseofaí as cás aonair ar bith, dá roghnófaí iad i gcomhair painéal giúiré, ar bhonn ceangail dá leithéid. Ar an meán, ag glacadh cáis amháin leis an gcéad cheann eile, beidh líon na ndaoine a eiseofaí amhlaidh mórán mar an gcéanna. Mar sin féin, má dhéantar ceantar giúiré a tharraingt as ceantar ró-chúng, beidh céatadán na ndaoine a eiseofaí amhlaidh ina shárú i bhfad níos mo ar nádúr ionadaíoch leathan an phainéil giúiré ina iomláine. Is cuma faoi chéad duine a eiseofaí trí cheangal ó phainéal giúiré féideartha iomlán de (abair) 30,000. Bheadh scéal eile ar fad ag baint le grúpa a eiseofaí ó phainéal giúiré féideartha de 500 nó 1,000 fiú. Fágann sé sin go gcaithfear painéal giúiré a chloíonn leis an mbunreacht a tharraingt as ceantar atá mór go leor agus ina bhfuil daonra mór go leor chun an baol go n-eiseofaí barraíocht daoine trí cheangal as a sheachaint. Feictear domsa dá thoradh air sin gur cheart don Oireachtas lánrogha réasúnta éigin a bheith aige maidir le híosmhéid ceantair a chinneadh (nó údarú a thabhairt don Aire lena chinneadh) nach mbeadh an chosúlacht ann go dtarlódh fadhbanna den chineál sin ann.

6.11 Ar an mbonn sin ní chuirtear ina luí orm go bhfuil sé dearbhaithe go bhféadfaí ceantar giúiré a sholáthar bunaithe ar na toghranna ceantair sin amháin ina bhfuil an leibhéal is airde cumais sa Ghaeilge. Ar an leibhéal níos leithne tá an chuma ann gurb ionann líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus dhá thrian, de réir dealraimh, ach tá gach cúis lena chreidiúint, ar na cúiseanna ar a ndearnadh anailís cheana, go bhféadfadh an líon a bheadh cumasach chun déileáil le triail giúiré ina gnéithe ar fad gan cúnamh ar bith níos ísle agus i bhfad níos ísle fiú.

6.12 Dá bhrí sin, ní mór a thabhairt chun críche gur cosúil go gcuimseodh giúiré ar bith a chruthófaí i ndáiríre, bunaithe ar an nGaeltacht fiú, líon an-suntasach daoine (trian daoine gan amhras agus i bhfad níos mó b’fhéidir) nach mbeadh an cumas acu suí ar ghiúiré a mbeadh orthu fianaise a éisteacht i nGaeilge gan cúnamh aistritheora. Fágann sé sin, chun an giúiré a n-áitíonn an tUasal Ó Maicín go bhfuil sé ina theideal a chur ar fáil dó, bheadh gá meicníocht a ghlacadh atá deartha chun an roinnt shuntasach daoine nach mbeadh an cumas sin acu a eisiamh. Feictear domsa gurb í an chéad cheist eile cibé an bhfuil nó nach bhfuil eisiamh dá leithéid ceadaithe de réir an bhunreachta. D’fhéadfaí moladh a dhéanamh, má tá an modh ad hoc atá deartha chun daoine nach bhfuil an cumas dóthanach acu sa Bhéarla a eisiamh as giúiréithe i gceantair Bhéarla inghlactha, bheadh bonn ad hoc comhchosúil chun iad siúd nach bhfuil an cumas dóthanach acu sa Ghaeilge inghlactha mar an gcéanna. Ar an mbonn sin, d’fhéadfaí moladh a dhéanamh gur féidir an cás seo a idirdhealú ó MacCárthaigh trí chúis infhaighteacht ceantar Gaeltachta féideartha ina mbeadh líon measartha ard cainteoirí Gaeilge a bheadh ábalta triail giúiré a thuiscint agus a stiúradh i nGaeilge gan chúnamh agus ar eisiamh, ar bhonn ad hoc comhchosúil leis an gceann atá á fheidhmiú in áiteanna eile sa tír maidir leo siúd nach bhfuil ábalta Béarla a labhairt, na ndaoine nach mbeadh chomh cumasach.

6.13 Feictear domsa go bhfuil sé soiléir go bhféadfaí gníomh dá leithéid a dhéanamh. D’fhéadfaí ceantar giúiré Gaeltachta leathan a chruthú. D’fhéadfaí bearta praiticiúla a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach ndéanfaí iad siúd nach bhfuil an cumas dóthanach acu sa Ghaeilge a roghnú chun suí ar ghiúiré. Ach is í an fhíorcheist cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh giúiré dá leithéid ag cloí leis an mbunreacht agus cibé acu, agus cearta an Uasail Uí Mhaicín á gcothromú leis an riachtanas bunreachtúil i gcomhair giúiréithe ionadaíocha, an bhfuil gníomh dá leithéid sainordaithe de réir an bhunreachta. Tháinig mé ar an tuairim nach bhfuil.

6.14 Is í an tástáil, mar a léirigh Henchy, B., i de Búrca, an ndéanfaidh eisiamh ar bith "will leave untapped a reservoir of potential jurors without whom the jurors' lists will lack constitutional completeness". Dealraíonn sé go mbeadh sé neamhchosúil go sáródh eisiamh líon an-bheag daoine atá cáilithe ar chuma eile chun suí ar ghiúiré ach nach bhfuil an cumas acu sa Bhéarla an tástáil sin. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh an t-am ina mbeadh úsáid agus tuiscint leathan den sórt sin ar an nGaeilge i gceantar geografach a bheadh leathan go leor is go bhféadfaí a rá nach dteipfí an tástáil sin ach oiread trí eisiamh líon an-bheag dóthanach nach mbeadh an cumas sin acu sa Ghaeilge. Ní fheictear domsa, áfach, go ndearbhaítear san fhianaise go bhfuil an t-am sin tagtha. Ní mór go mbeadh baint ag a bhfuil molta, ar na cúiseanna ar bhféach mé anailís a dhéanamh orthu, le heisiamh ranga nó grúpa shuntasaigh (iad siúd nach bhfuil ard-chumas imleor acu sa Ghaeilge) ar dhóigh ina bhfágfaí giúiré ar bith a roghnófaí neamhionadaíoch. Tagann an cás sin as an gcás nach teanga í an Ghaeilge, faoi láthair, a úsáidtear ar an gcineál boinn leathain ionas go mbeadh an cineál eisiaimh a bheadh de dhíth chun giúiré a bheadh cumasach go leor a rollú imeallach agus nach dtiocfaí a rá go mbeadh sárú á dhéanamh leis ar an riachtanas bunreachtúil tábhachtach go mbeadh giúiré ionadaíoch. Dá n-athrófaí an cás fíorasach bunaidh sin b’fhéidir go mbeadh an toradh difriúil, toisc sna cúinsí sin d’fhéadfadh sé faoin oibleagáid bhunreachtúil ar thaobh an Stáit gach rud laistigh dá chumhacht a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn gur gá bearta a chur i bhfeidhm lena gcinnteofaí triail giúiré i nGaeilge gan aistriúchán i gcúinsí ina bhféadfaí é sin a bhaint amach gan cur isteach go suntasach ar an riachtanas bunreachtúil i gcomhair giúiréithe fíor-ionadaíocha. Mar a sonraíodh níos luaithe, níl an t-am sin tagtha go fóill.

6.15 Dhéanfainn pointe idirdhealaithe deiridh amháin eile atá idir an tUasal Ó Maicín agus duine nach é an Ghaeilge nó an Béarla a theanga dhúchais agus nach bhfuil cumas imleor aige i gceachtar de na teangacha sin. Tá an duine deireanach sin, mar theagmhas dá gcirt chun triail chóir, i dteideal seirbhísí aistriúcháin den sórt sin de réir mar a bheadh gá leis chun páirt iomlán a ghlacadh i dtriail. Dá mbeadh cumas dóthanach ag duine mar sin i dteanga na trialach, áfach, ní bheadh ceart i leith aistriúcháin ann don duine lena mbaineann triail chóir a bheith acu gan aistriúchán. Tá staid an Uasail Uí Mhaicín difriúil, áfach. Ní bhraitheann a cheart chun a chás a stiúradh i nGaeilge ar an mbeadh sé ábalta an cás a stiúradh i mBéarla chomh maith.

7. Conclúidí
7.1 Ar na cúiseanna sin, táim sásta go bhfuil ceart bunreachtúil ag an Uasal Ó Maicín chun a ghnó oifigiúil a stiúradh go hiomlán i nGaeilge. Mar sin féin, níl an ceart sin absalóideach agus d’fhéadfadh go mbeidh air géilleadh do bhreithnithe, i roinnt cásanna, a thagann as líon suntasach na daoine (fiú i gceantair Ghaeltachta) nach mbeadh cumas dóthanach acu sa Ghaeilge, don ghá le haird a thabhairt ar chearta daoine eile chun Béarla a úsáid mar theanga oifigiúil agus don riachtanas bunreachtúil iomaíoch go mbeadh giúiréithe fíor-ionadaíoch i gcónaí.

7.2 I ndálaí reatha, agus fiú sna ceantair Ghaeltachta, ní fheictear domsa gur dearbhaíodh é go mbeifí ábalta giúiré ag a mbeadh cumas dóthanach sa Ghaeilge a rollú chun triail choiriúil thábhachtach a stiúradh gan cúnamh aistritheora gan, ag an am céanna, líon an-suntasach daoine, a bheadh cáilithe ar chuma eile, a eisiamh ón teidlíocht i leith suí ar an ngiúiré lena mbainfeadh. Fad is go leanfaidh na dálaí sin ar aghaidh, dá thoradh na cearta a thabhairt don Uasal Ó Maicín dá n-áitíonn sé, dhéanfaí líon suntasach daoine a eisiamh go neamhcheadmhach ó thaobh an bhunreachta de ón bpainéal giúiré ó riachtanas ionas go mbeadh giúiré a rollfaidh mar sin a bheith ina shárú ar an gceanglas bunreachtúil um ionadaíocht. Dá n-athrófaí na dálaí bunaidh ansin, dar ndóigh, d’fhéadfadh go n-athrófaí an chothromaíocht idir cearta teanga an Uasail Uí Mhaicín agus an ceanglas bunreachtúil sin fosta. Mar sin féin, níl mé sásta, i láthair na huaire, go bhfuil an tUasal Ó Maicín i dteideal an cineál giúiré atá á lorg aige.

7.3 Fágann sé sin, i mo thuairimse, go raibh breitheamh na trialach ceart agus, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh an t-achomharc a dhíbhe.










Ar ais ar barr an leathanach