Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Maicín -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2014] IESC 12
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
292/2010
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2009 751 JR
Dáta Seachadta:
02/27/2014
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
Hardiman J., O'Donnell Donal J., Clarke J., MacMenamin J., O'Neill J.
Breithiúnas ó:
O'Neill J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
Aontaitheach
Ag easaontú
Clarke J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.
MacMenamin J.
O'Donnell Donal J.
O'Neill J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.


AN CHÚIRT UACHTARACH

[TAIFEAD UIMH: 292/2010]

HARDIMAN B.
O’DONNELL B.
CLARKE B.
MACMENAMIN B.
O’NEILL B.

IDIR


PEADAR Ó MAICÍN
IARRATASÓIR/ACHOMHARCÓIR
AGUS

ÉIRE, AN tARD-AIGHNE, AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ, AN tONÓRACH RAYMOND GROARKE AGUS AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

FREAGRÓIRÍ

BREITHIÚNAS O'NEILL B. TUGTHA an 27ú lá de Feabhra, 2014

1. Sa chás seo tá an t-achomharcóir ina chainteoir dúchasach Gaeilge ó bhí sé ina naíonán agus cé go bhfuil sé ina chónaí faoi láthair, de réir a mionnscríbhinne, i mBóthar na Trá, Gaillimh, chónaí sé agus chaith sé mórán dá shaoil sa cheantar Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe. Tá sé ciontaithe as dhá chion a thriailfear os comhair Chuairt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe, mar a leanas:-

      (i) An 28 Bealtaine, 2008, ag Béal an Daingean, Leitir Mhór i gceantar Dúiche Dhoire an Fhéich, Dúiche Uimh. 7, d'ionsaigh sé Martin Whelan agus rinne sé díobháil dó, contrártha le halt 3 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997.

      (ii) An 28 Bealtaine, 2008, ag Béal an Daingean, Leitir Mhór, i gContae na Gaillimhe laistigh de cheantar Dúiche Dhoire an Fhéich, Dúiche Uimh. 7, agus ionsaí á dhéanamh aige ar Martin Whelan i rith troda, tharraing sé amach buidéal briste uisce beatha, rud ar dhócha imeagla a chur ar dhuine eile go neamhdhlíthiúil, rud a d'fhéadfadh duine a ghortú go holc, contrártha le halt 11 d'Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990.

2. Is cainteoir dúchasach Gaeilge é íospartach na gcionta líomhanta seo chomh maith ó cheantar Fíor-Ghaeltacha Chonamara i gContae na Gaillimhe.

3. Áitíonn an t-achomharcóir sna himeachtaí seo go bhfuil sé i dteideal de bhua a cheart faoi Airteagal 8 den Bhunreacht a chosaint i leith na gcionta sin a chur i láthair i nGaeilge agus go n-éisteoidh giúiré lena chás, ar a mbeadh na baill uile cumasach go leordhóthanach sa Ghaeilge agus go deimhin sa Bhéarla (giúiré dátheangach) chun an fhianaise a chloisteáil agus a thuiscint go hiomlán, agus go mbeadh na haighneachtaí agus coimriú an bhreithimh, is dócha, i nGaeilge gan cúnamh ó aistritheoir.

4. Tá na fíricí agus an cúlra ábhartha maidir leis an gcás leagtha amach i mbreithiúnais mo chomhghleacaithe saoithiúla go háirithe i mbreithiúnas Hardiman B agus ní gá domsa an t-ábhar uile a athrá anseo.

5. Is é seo an cás is déanaí anois i líon fada agus toirtiúil cásanna i dtaca le cearta duine ar mian leo an Ghaeilge a úsáid in idirbheartaíocht a ngnó leis an Stát agus a éilíonn go bhfreagraíonn an Stát dóibh i nGaeilge. Tagann na cearta sin ó Airteagal 8 den Bhunreacht atá an-chosúil i gcomhthéacs téarmaí le foráil chomhchosúil in Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát Éireann. Léann Airteagal 8mar seo a leanas:-

      “(1) The Irish language as the national language is the first official language.

      (2) The English language is recognised as a second official language.

      (3) Provision may, however, be made by law for the exclusive use of either of the said languages for any one or more official purposes, either throughout the State or in any part thereof.”

6. Cé go bhfuil an dá theanga oifigiúla ainmnithe, tugtar staid phríomhachta don Ghaeilge mar an teanga "náisiúnta" agus an "phríomhtheanga" oifigiúil.

7. Rinneadh a lán breithnithe bhreithiúnaigh ar mhéid an dualgais nó na hoibleagáide atá forchurtha ag an Stát maidir leis an nGaeilge agus cearta comhfhreagracha na saoránach ar mian leo an Ghaeilge a úsáid. Is iad breithiúnais bhreithiúnacha Kennedy, P.B. na príomhchinn maidir leis sin in O’Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469; agus Hardiman J. in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279. Sa chéad cheann de na cásanna sin, cuirtear síos sa sliocht seo a leanas ó bhreithiúnas Kennedy P.B. i gcaint bhéal-láidir, ar mhéid na hoibleagáide nó an dualgais atá ar an Stát, ag lch. 483:-

      “…The declaration by the Constitution that the National language of the Saorstát is the Irish language does not mean that the Irish language is, or was at that historical moment, universally spoken by the people of the Saorstát, which would be untrue in fact, but it did mean that it is the historic distinctive speech of the Irish people, that it is to rank as such in the nation, and, by implication, that the State is bound to do everything within its sphere of action (as for instance in State-provided education) to establish and maintain it in its status as the National language and to recognise it for all official purposes as the National language. There is no doubt in my mind but that the term ‘National’ in the Article is wider than, but includes, ‘official,’ in which respect only the English language is accorded constitutional equality. None of the organs of the State, legislative, executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provisions of Art. 4…”
8. Is é seo a leanas an tAirteagal ar a labhair Kennedy P.B ó Bhunreacht Shaorstát na hÉireann:-
      “The National language of the Irish Free State is the Irish language, but the English language shall be equally recognised as an official language. Nothing in this Article shall prevent special provisions being made by the Parliament of the Irish Free State for districts or areas in which only one language is in general use.”
9. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil staid phríomhachta na Gaeilge, más rud ar bith, treisithe sa teanga a úsáidtear in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann sa chás go gcuirtear síos ar theanga na Gaeilge, ní hamháin mar theanga "náisiúnta" an Stáit ach mar "phríomhtheanga" an Stáit, ach in Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát na hÉireann, ní thugtar an t-ainmniúchán breise sin di mar an "bpríomhtheanga".

10. Dá réir sin, is féidir a rá go bhfuil athrá á dhéanamh ar fhórsa riachtanach oibleagáid an Stáit a chuireann Kennedy P.B. síos air mar a bheith ag teacht as Airteagal 4 de Bhunreacht Shaorstát na hÉireann agus béim bhreise air sa teanga a úsáidtear i mBunreacht na hÉireann.

11. In Ó Beoláin v. Fahy, dúirt Hardiman P. an méid seo a leanas:-

      “…the Irish language which is the national language and, at the same time, the first official language of the State cannot (at least in the absence of a law of the sort envisaged by Article 8.3) be excluded from any part of the public discourse of the nation or the official business of the State or any of its emanations. Nor can it be treated less favourably in these contexts than the second official language. Nor can those who are competent and desirous of using it as a means of expression or communication be precluded from or disadvantaged in so doing in any national or official context.”
12. Dealraíonn sé domsa thar amhras, ach i gcomhlíonadh a oibleagáidí i dtaca le húsáid na Gaeilge, tá an Stát, mar a dúirt Kennedy P.B. “bound to do everything" laistigh dá raon feidhme inniúlachta chun úsáid na Gaeilge a bhunú chun a críocha oifigiúla go léir i réimse riarachán an cheartais.

13. D'fhéadfadh sé nach bhfuil i gconstaicí a thabharfadh údar don Stát gan foráil a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge ach neamhphraiticiúlachtaí go díreach. Ní bheadh rogha a dhéanfadh an Stát foráil i leith úsáid na Gaeilge a shiarchoinneáil ar fhorais deacracht riaracháin nó neamhphraiticiúlachta dóthanach agus bheadh sé ina shárú ar oibleagáid an Stáit faoi Airteagal 8 den Bhunreacht agus dá réir sin bheadh an baol ann go saródh sé cearta an tsaoránaigh a roghnaíonn an Ghaeilge a úsáid ina ghnóthaí nó ina gnóthaí leis an Stát. Is í mo thuairim gurb é caighdeán neamhfhéidearthachta a bheadh sa chaighdeán nó an tástáil a chuirfí i bhfeidhm sa chás go bhféachann an Stát le foráil i leith úsáid na Gaeilge a sheachaint nó i bhfocail eile go bhfuil sé indéanta ag cur na gcúinsí atá tugtha san áireamh chun foráil a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge arna lorg ag saoránach.

14. D'aighnigh na freagróirí dá gcuirfí réiteach molta an achomharcóra i bhfeidhm, is é sin ceantar giúiré a chruthú a bheadh comhfhreagrach le toghranna roghnaithe siar ón Spidéal i gConamara, go gcruthódh sé sin an staid aimhrialtasa ina mbeadh éifeacht nó feidhmiú éagsúil ábhartha nó substaintiúil ann maidir le cearta a thagann ó Airteagal 8 den Bhunreacht ag brath ar an gcuid den tír ina mbeadh saoránach ag féachaint leis na cearta sin a fheidhmiú. Dá réir sin, i mBaile Átha Cliath nó go deimhin i mórán eile codanna den tír de bhun údarás MacCárthaigh v. Éire [1999] I.R. 200, ní bheadh duine a cúisíodh as cionta coiriúil intriailte ag giúiré i dteideal giúiré, ar a mbeadh a bhaill uile cumasach sa Ghaeilge, ach go mbeadh duine a cúisíodh as na cionta céanna, sa chás go raibh an giúiré le roghnú ó cheantar giúiré molta an achomharcóra, i dteideal giúiré lán-Ghaeilge.

15. Mar mholadh ginearálta is féidir a rá go bhfuil cearta a thagann as an mBunreacht, mura gcuirtear a mhalairt in iúl go sainráite sa Bhunreacht, mar an gcéanna ar fud na dlínse ina bhfuil éifeacht ag an mBunreacht agus ag an dlí. Ní dhéantar foráil in Airteagal 8.3 i leith úsáid eisiach ceachtar de na teangacha oifigiúla i gcodanna éagsúla den trí nó chun críocha éagsúla nó an dá rud. D'fhéadfadh sé go mbeadh an éifeacht le dlí a achtófaí faoi choimirce na forála seo sna cúinsí a ndéantar foráil ina leith, an ceart faoi Airteagal 8.3 i leith úsáid eisiach ceachtar de na teangacha oifigiúla i gcodanna éagsúla den tír atá leagtha síos nó chun na críocha arna leagan amach i reachtaíocht dá leithéid a theorannú nó go deimhin a shéanadh. Níor achtaíodh reachtaíocht dá leithéid choíche agus dá bhrí sin níl feidhm ag Airteagal 8.3 maidir leis an gcás seo. Go deimhin, d'fhéadfaí breithniú a dhéanamh go bhfuil éileamh an achomharcóra sa chás seo ar ghiúiré dátheangach difriúil go bunúsach dá bhfuil beartaithe in Airteagal 8.3, is é sin foráil a dhéanamh i leith úsáid eisiach ceachtar den dá theanga.

16. Ní fheicim an difríocht idir cineál agus ábhar na gceart atá á lorg ag an achomharcóir agus cineál agus ábhar na gceart a thugtar don saoránach faoi Airteagal 8. Ina áit sin, dealraíonn sé domsa go dtagann difríocht ar bith sa chaitheamh i gcodanna éagsúla den tír as oibleagáid an Stáit mar a gcuireann Kennedy P.B síos air i gcás O'Foghludha, “to do everything within its sphere of action” chun foráil a dhéanamh i leith úsáid na teanga náisiúnta gus na príomhtheanga oifigiúla. Ag féachaint don fhíric go bhfuil an úsáid as an nGaeilge, i saol an phobail an-éagsúil i gcodanna éagsúla den tír, mar sin fágann sé sin go mbeadh a bhfuiltear ag súil go ndéanfadh an Stát agus a dhualgas á chomhlíonadh aige éagsúil de réir na gcúinsí atá i réim i gcodanna éagsúla den tír. Tá bunú na gceantar Gaeltachta arna shocrú de réir reachta, sa chás gurb í an Ghaeilge, go méid níos mó nó níos lú, teanga labhartha an phobail ina shampla de chomhlíonadh an dualgais sin. Bhíothas le bheith ag súil leis maidir le soláthar an iliomad seirbhísí ag an Stát i gceantair, go háirithe ceantair Ghaeltachta, ina n-úsáideann an-chuid den phobal an Ghaeilge mar a dteanga laethúil, go ndéanfadh an pearsanra a chuireann na seirbhísí ar fáil thar ceann an Stáit amhlaidh trí Ghaeilge, agus is é seo mar atá sé. An mbeadh sé réasúnta a mholadh go ndéiléalfaí le ceanglais teanga shaoránaigh na Fíor-Ghaeltachta i gConamara, ar an mbonn céanna le saoránaigh Chontae Bhaile Átha Cliath Theas. I mo thuairimse, tá sé thar argóint, go bhfuil sé d'oibleagáid ar an Stát, i gcomhlíonadh a dhualgais faoi Airteagal 8, freagairt do cheanglais theangeolaíocha a shaoránach, i gcodanna éagsúla den tír, ar bhealaí éagsúla, agus sa chás go n-úsáideann cuid mhór den pobal an Ghaeilge mar a dteanga laethúil, is gá dá réir sin, nach mór don Stát freagairt dá réir sin agus tá sé d'oibleagáid air seirbhísí a chur ar fáil sna ceantair sin tríd an nGaeilge. I gcodanna eile den tír nach n-úsáidtear ach beagán Gaeilge iontu, bheadh sé díchéillí agus go deimhin saorga oibleagáid nó dualgas dá macasamhail a bheith iontu.

17. Dá mbá é an cás go raibh oibleagáid an Stáit faoi Airteagal 8 agus cearta comhfhreagracha an tsaoránaigh le bheith mar an gcéanna ar fud dhlínse an Stáit, tharlódh an iarmhairt a bheadh neamhbheartaithe go hiomlán, is é sin go laghdófaí oibleagáid an Stáit agus dá réir sin cearta an tsaoránaigh go dtí caighdeán a bheadh ar cóimhéid leis an leibhéal úsáide is ísle den Ghaeilge i gcuid ar bith den Stát. Is léir go mbeadh an iarmhairt aige sin Airteagal 8 a fholmhú dá bhrí agus a ábhar ar fad agus go follasach is éard a bheadh ann malairt dhíreach den chur síos ar dhualgais agus oibleagáid an Stáit mar atá i bhfocail an-soiléire ar fad Kennedy P.B. I gcás O’Foghludha.

18. Ar an ngné sin den chás, is é sin méid na hoibleagáide nó an dualgais atá faoi Stát foráil a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge sa chás go n-éilíonn saoránach é sin, aontaím go bunúsach le breithiúnas Hardiman B.

19. Is é cás an achomharcóra gur féidir giúiré, a bhfuil cumas leordhóthanach sa Ghaeilge ag a bhaill go léir a chur ar fáil sa chás seo, má roghnaítear an giúiré sin as ceantar giúiré, na teorainneacha atá aistarraingthe chun an ceantar giúiré sin a shrianadh go dtí cion den Ghaeltacht a leathann siar ó shráidbhaile an Spidéil, Co. na Gaillimhe go Conamara. As ceantar giúiré den sórt sin, a bheadh srianta do roinnt roghnaithe toghranna ina bhfuil úsáid na Gaeilge mar an teanga laethúil an-ard, is é sin sa bhreis ar 85% den daonra, gheobhfaí, mar a áitíonn an t-achomharcóir, giúiré a roghnófaí go randamach, ar a ndéanfaí ionadaíocht leathan nó chóir don phobal ina iomláine agus bheadh sé de réir na bprionsabal arna leagan amach ag an gCúirt Uachtarach i gcásanna De Búrca v. an tArd-Aighne [1976] I.R. 38 agus An Stát (Byrne) v. Frawley [1978] I.R. 326, mar an bhonn riachtanach i leith giúiré ar a ndéantar ionadaíocht chóir don phobal ina iomláine, arna cheangal faoi Airteagal 38 den Bhunreacht.

20. Cuireann na freagróirí in aghaidh an fhaoisimh atá á éileamh ag an achomharcóir ar an mbonn gur cur isteach incheadaithe ag na cúirteanna a bheadh ann i bhfeidhmiú lánrogha ag an tríú fhreagróir ainmnithe, dhiúltainn don aighneacht sin ar an mbonn gurb é a bheadh i mbaol anseo cosaint ceart bunreachta agus dá mba é an rud gurb é aistarraingt teorainn ceantar giúiré an t-aon dóigh leis an gceart sin a chosaint, ní bheadh dóbartaíl orm mo thuairim a thabhairt go mbeadh gá le lánrogha an Aire a fheidhmiú chun an ceart bunreachta a bheadh i ndainséar ar chuma eile a chosaint.

21. Mar thaca lena n-aighneacht maidir leis sin, braitheann na freagróirí ar an gcás An Stát (Sheehan) v. Rialtas na hÉireann[1987] I.R. 550. I mo thuairimse, ní mór an cás seo a idirdhealú ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, tiontaíodh an cheist maidir le cinneadh i gcás Sheehan ar cheist maidir le léirmhíniú reachtúil agus maidir leis sin, d'fhorléirigh an chúirt an t-alt ábhartha san Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, mar lánrogha gan cheangal a thabhairt don Aire sa chás sin mar le cá huair a thosófar foráil an Achta um Dhliteanas Sibhialta, ag cur deireadh le dliteanas na n-údarás áitiúil ar bhonn na rialach neamhghnímh. Níl ceist ar bith maidir le léirmhíniú reachtúil i gceist sa chás seo. Ar an dara dul síos, i gcás Sheehan, níl raibh cearta bunreachta ar bith i gceist a raibh dualgas ar an Stát iad a chosaint, neamhchosúil leis an gcás seo. Aontaím le breithiúnais Hardiman B., Clarke B. agus MacMenamin B. maidir leis an ngné sin den chás.

22. Tá cás an achomharcóra bunaithe ar fhianaise mhionnscríbhinn Conchúr Ó Giollagáin, léachtóir ollscoile a bhfuil céim dhochtúireachta aige sa nua-ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus is saineolaí agus léachtóir é ar Shochtheangeolaíocht agus ar phleanáil teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

23. Is mionscríbhinn ghairid í an mhionscríbhinn agus cuirtear bonn fianaiseach an achomharcóra in iúl inti go gonta;-Tugaim sliocht iomlán asti:-

      “2. I have published a lot of research on the use of the Irish language in the Gaeltacht. I was joint author of the comprehensive linguistic study of the use of Irish in the Gaeltacht: principal findings and recommendations (Ó Giollagáin and McDonnacha, National University of Ireland, Galway, and National University of Ireland, Maynooth, 2007)…commissioned by the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and which is marked COG and which I signed before making this oath.

      3. As is clear from that study there are communities in Co. Galway in which there are a high number of people, of both genders in every class, who speak Irish on a daily basis in district A and this is the case for more than 67% of the community. In the case of Co. Galway, District A stretches from east of the village of An Spidéal to An Caiseal in western Connemara in some of the electoral divisions where more than 90% of the community are daily speakers of Irish. District A has a population of 13,444.

      4. From an ability prospective (rather an usage) the percentage of Irish speakers in District A is even higher i.e. more than 85% and more than 90% in some parts.

      5. The district in question includes two villages, i.e. An Spidéal and An Cheathrua along with rural areas. A diverse, multi-class, multi-prospective community live there, including doctors, solicitors, university lecturers, gardaí, teachers, nurses, farmers, fisherman, television and radio staff, journalists, carpenters, electricians, builders, hotel and accommodation staff, shop assistants and factory workers, housewives, students and unemployed people.

      6. If twelve people were chosen randomly from the district, from the list of voters for example, more than 85% of them would be able to understand evidence given in Irish or in English during a trial without the assistance of an interpreter and I believe that twelve people chosen as such would be as representative of the district in question as twelve people chosen randomly from the votes of any district in the country who would understand evidence in English.”

24. Sa staidéar ar thagair an tUasal Ó Giollagáin dó ag Caibidil 3 faoin gceannteideal "Language Communities in Contemporary Gaeltacht" agus faoin bhfotheideal "Category A Gaeltacht Districts", deirtear an méid seo a leanas:-
      “Category A Gaeltacht Districts

      refer to electoral divisions where more than 67% of the total population (3 years+) are daily speakers of Irish. These electoral divisions evidence the broadest spectrum of Irish language use and exhibit stable levels of Irish language use except in the language behaviour patterns of the younger age groups.”

25. Níos faide ar aghaidh sa staidéar sin tá tábla faoin gceannteideal 3.3.1 "The Reclassified A, B and C Gaeltacht Category Districts". Sa tábla sin leagtar amach liosta toghcheantar ina bhfuil céatadán an-ard den daonra os cionn trí bliana d'aois a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Is ionann céatadán na gcainteoirí a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil sna toghranna sin i gCo. agus idir buaic de 92.29% go dtí íosphointe 52.632%. Má shuimíonn tú iomlán an daonra os cionn trí bliana d'aois sna toghranna, is ionann an líon sin agus 12,683. Is ionann líon na gcainteoirí a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil sna toghranna céanna agus 10,613. Ciallaíonn sé sin go raibh an cumas riachtanach sna toghranna roghnaithe ina mbaintear an úsáid is airde as an nGaeilge ar bhonn laethúil ag 83% den daonra sna ceantair sin chun an Ghaeilge a úsáid mar a dteanga laethúil agus nach bhfuil ag 17% díobh trí thátal riachtanach. Ní mór a choinneáil i gcuimhne chomh maith go n-áirítear ar na daonraí sna staidéir sin daoine os cionn 70 bliain d'aois atá, ar ndóigh, neamh-incháilithe i leith seirbhís ghiúiré agus tá daoine idir trí bliana d'aois agus ocht mbliana déag d'aois neamh-incháilithe mar an gcéanna. Dealraíonn sé domsa go bhfuil sé dóchúil go gcuireann an daonra os cionn 70 bliain d'aois sna toghranna sin cion díréireach le linn na gcainteoirí a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil agus dá mba rud é go bhféadfaí na daoine os cionn 70 bliain d'aois a bhaint amach as an staidéar, go mbeadh laghdú suntasach ar chéatadán na gcainteoirí a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil.

26. Dá réir sin measaim mar ábhar dóchúlachta sna toghranna sin, go mbeadh níos lú ná 80% den phobal ar fáil i gcomhair seirbhís ghiúiré as linn na gcainteoirí Gaeilge a bheadh ar fáil i gcomhair seirbhís ghiúiré.

27. Go dosheachanta, beidh iarmhairt chinnte i gceist leis sin. Ar an gcéad dul síos, bheadh ball amháin ar a laghad ar ghiúiré a roghnófaí go randamach as na toghranna sin, mar ábhar ard-dóchúlachta, nach mbeadh an cumas acu an Ghaeilge a úsáid agus dá bhrí sin bheadh cúnamh aistritheora ag teastáil uathu. Bhainfeadh sé sin ann féin an mhaitheas as an gcuspóir atáthar ag iarraidh a bhaint amach trí ghiúiré a bhunú ó cheantar giúiré atá teoranta do na toghranna a luadh. Dá bhrí sin bheadh an réiteach atá molta ag an achomharcóir neamhéifeachtach maidir leis an toradh atá á lorg a bhaint amach.

28. D'fhonn dhá ghiúróir déag a fháil as an linn seo, atá go hiomlán dátheangach nó an-chumasach sa Ghaeilge ar a laghad ar bith, bheadh gá le cineál éigin nós imeachta a ghlacadh chun iad siúd nach bhfuil cumas na Gaeilge acu a eisiamh. Ní dhéantar foráil sainráite ar bith in Acht na nGiúiréithe, 1976 i leith nós imeachta eisiatach dá leithéid. Ina bhreithiúnas, tagraíonn Hardiman B. don pháipéar comhairliúcháin maidir le seirbhís giúiréithe arna ullmhú ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí (LRC CP61-2010) ina bhfuil an sliocht seo a leanas ar lgh. 112 – 113:-

      “…while there is no express English language requirement in order to be eligible for jury service, Courts Service staff dealing with jurors and county registrars play a role in identifying persons summoned for jury service who are unable to communicate in the English language.”
29. Is é an moladh a thagann as é sin ar ndóigh, má tá cleachtas nó nós imeachta ann ina ndéantar daoine nach bhfuil cumasach sa Bhéarla, a eisiamh ó sheirbhís ghiúiré, nach mbeadh sé iomchuí go mbeadh nós imeachta den sórt sin ann chun daoine nach bhfuil cumasach sa Ghaeilge a eisiamh ó sheirbhís ar ghiúiré a thriailfidh an t-achomharchóir.

30. Tá sé follasach nach bhfuil foráil sainráite ar bith ann i leith nós imeachta den sórt sin in Acht na nGiúiréithe 1976. Dealraíonn sé domsa go ndéanfaí bonn dlíthiúil imleor a sholáthar in alt 9(2) d'Acht na nGiúiréithe i leith cleachtais dá leithéid, ag glacadh leis go gcloífí leis na téarmaí ann. Léann sé mar a leanas:-

      “(2) A county registrar may excuse any person whom he has summoned as a juror from attendance during the whole or any part of the sittings in question if that person shows to the registrar's satisfaction that there is good reason why he should be so excused.”
31. Leis na líonta an-mhóra imirceach ag teacht isteach go hÉireann le blianta beaga anuas agus de réir mar a neadaíonn na daoine sin sa phobal agus mar a chláraíonn siad mar thoghthóirí in am is i dtráth, ní hiontas é go ngairfí ar chuid acu mar ghiúróirí agus gan amhras mar fhreagairt do na gairmeacha sin, is dócha go dtarraingeofaí aird na gcláraitheoirí contae agus a bhfoirne, ar an bhfíric nach bhfuil cumas an Bhéarla acu. I mo thuairimse, bheadh an neamhábaltacht an teanga ar dhócha go dtriailfí cás inti a thuiscint ina "chúis mhaith" gan amhras chun an duine sin a ligean saor ón tseirbhís mar ghiúróir.

32. Más féidir le cleachtas den sórt sin oibriú go dlíthiúil chun daoine nach bhfuil cumas an Bhéarla acu a eisiamh ó fhónamh ar ghiúiré nach bhféadfaí é a úsáid go dlíthiúil chun daoine nach bhfuil cumas na Gaeilge acu i gcás an achomharcóra a ligean saor chomh maith chun a chinntiú go raibh an dá ghiúróir déag ar fad cumasach sa Ghaeilge? I gcás eisiamh na ndaoine nach bhfuil cumas an Bhéarla acu ní móide ar bith é ar chor ar bith go ndéanfadh líonta na ndaoine a eisiadh i gcomhthéacs na linne giúiré iomláine, difear suntasach ar bith, nó fiú difear ar bith ar chor ar bith, ar fud charachtar trasphobail líon na ngiúróirí. Is mór an chosúlachta é in ainneoin eisiamh den sórt sin go ndéanfadh an linn giúiré ionadaíocht chóir don phobal ina iomláine fós agus dá bhrí sin ní bheadh sárú ar bith i gceist ar an gcaighdeán ionadaíochta arna cheangal faoi Airteagal 38 den Bhunreacht.

33. Ar an taobh eile de, go deimhin bheadh eisiamh deigleoige móire den phobal i gceist leis an eisiamh de thart ar 20% den linn giúiré fhéideartha ar bhonn na neamhábaltachta an Ghaeilge a labhairt nó a thuiscint .i. iad siúd nach labhraíonn an Ghaeilge agus a bheadh, i mo thuairimse, ina shárú ar an bprionsabal um ionadaíocht trasphobail arna fhoráil le hAirteagal 38. Dá bhrí sin, i mo thuairimse, ní bheadh sé dlíthiúil alt 9(2) d'Acht na nGiúiréithe a úsáid chun na críche sin.

34. Dála an scéil, déarfainn nach ceanglas um "chearta teanga" go díreach é an gá le Binse Fíorais a bheith cumasach sa teanga a úsáidtear i dtriail ach gur teagmhas riachtanach é maidir le triail chóir arna éileamh in Airteagal 38 agus comhábhar riachtanach maidir le ceart an duine a cúisíodh chun triail cóir a fháil. Fágann sé sin, i mo thuairimse, nach mór Acht na nGiúiréithe 1976 a fhorléiriú go seasmhach leis an méid thuas agus ní chuireann easpa foráil sainráite san Acht ina bhforáiltear i leith eisiaimh ar bhonn neamhábaltacht teanga, cosc ar úsáid forálacha eile den Acht más cuí, mar shampla alt 9(2) chun na críche sin.

35. B'fhéidir, i ngeall ar aonchineálacht phobal na hÉireann i 1976, nach raibh gá foráil sainráite a dhéanamh maidir leis an gcineál seo eisiaimh. D'fhéadfadh sé fosta gur breathnaíodh air a bheith chomh soiléirseach sin, go raibh sé chomh follasach sin gur gá agus gur cuí eisiaimh ar bhonn na neamhábaltachta teanga na trialach a labhairt is nach raibh gá foráil reachtúil a chur i bhfriotail.

36. I mbeagán focal, dá bhrí sin, is í mo thuairimse, go mbeadh an leigheas, arna áitiú ag an achomharcóir, ceantar giúiré a chruthú neamhéifeachtach maidir le dhá ghiúróir déag a labhraíonn an Ghaeilge a chur ar fáil gan giúiróirí nach labhraíonn an Ghaeilge a eisiamh, agus go mbeadh eisiamh dá leithéid ag féachaint don chion mór den linn giúiré a bheadh le heisiamh, ina shárú ar an gceanglas bunreachtúil i leith giúiré a dhéanfadh ionadaíocht don phobal. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Stát sa chás seo giúiré a chur ar fáil don achomharcóir ar a mbeadh na baill ar fad cumasach go leordhóthanach sa Ghaeilge is go mbeadh siad ábalta an cás a thriail gan cúnamh aistritheora.

37. Ba cheart a thabhairt faoi deara maidir leis seo go n-aontaím lena bhfuil ráite ag Clarke B. ina bhreithiúnas, is é sin má laghdaítear an linn giúiré go dtí an méid arna áitiú ag an achomharcóir, tá sé dosheachanta go mbeadh naisc phearsanta ag a lán daoine laistigh den cheantar giúiré an-bheag seo leis an achomharcóir nó le híospartach an ionsaí líomhanta nó le finnéithe sa chás agus ní thiocfadh leo fónamh mar ghiúróirí. I ngach triail ghiúiré, i bpróiseas roghnúchán an ghiúiré, is rud coitianta é go ligtear daoine saor i ngeall ar a naisc phearsanta le daoine atá bainteach sa chás. Sa chás go bhfuil na toghthóirí ar fad sa chontae ar fáil agat le tarraingt astu, níl mórán suntasachta nó níl suntasacht ar bith ag deacracht na nasc pearsanta i bpróiseas roghnúchán an ghiúiré. Mar sin féin, sa cheantar giúiré arna áitiú ag an achomharcóir, bheadh na fadhbanna sin gan amhras an-mhór agus d'fhéadfadh siad fadhb phraiticiúil an-tromchúiseach a chruthú maidir le giúiré a chur le chéile. Maidir leis sin, aontaím lena bhfuil ráite ag Clarke B. ina bhreithiúnas. Is fachtóir eile é a théann i gcoinne an fhaoisimh atá á éileamh ag an achomharcóir.

38. Ar na cúiseanna ar fad atá leagtha amach thuas, chinn mé gur theip ar an achomharcóir a léiriú gur féidir leis an Stát i gcúinsí an cháis seo giúiré ar a bhfuil na baill ar fad cumasach in úsáid na Gaeilge a chur ar fáil. Dá réir sin, táim sásta nach féidir an cás seo a idirdhealú ó McCarthy v. Éire agus dá réir sin dícheadaím an t-achomharc.










Ar ais ar barr an leathanach