Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Maicín -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2014] IESC 12
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
292/10
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2009 751 JR
Dáta Seachadta:
02/27/2014
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
Hardiman J., O'Donnell Donal J., Clarke J., MacMenamin J., O'Neill J.
Breithiúnas ó:
MacMenamin J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
Aontaitheach
Ag easaontú
Clarke J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.
MacMenamin J.
O'Donnell Donal J.
O'Neill J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.



AN CHÚIRT UACHTARACH
[Achomharc Uimh. 292/2010]

Hardiman B.
O’Donnell B.
Clarke B.
MacMenamin B.
O’Neill B.
      Idir/
Peadar Ó Maicín
Iarratasóir
agus

Éire, an tArd-Aighne, an tAire Dlí Agus Cirt, Comhionannais Agus Athchóirithe Dlí, an tOnórach Raymond Groarke agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Freagróir

Breithiúnas an Bhreithimh Onóraigh John MacMenamin tugtha an 27ú Feabhra, 2014.

1. Aontaím leis an ordú a mhol Clarke B. ach toisc go bhfuil mo chur chuige éagsúil go leor óna cheannsan, ba mhaith liom mo réasúnaíocht a chur in iúl. Chun é sin a dhéanamh, is gá roinnt de na sonraí lena mbaineann a leagan amach. Déanaim amhlaidh, ag féachaint don achoimre fhíorúil iomlán i mbreithiúnas Hardiman B., ceann nach bhfuilim ábalta aontú leis ar an drochuair.

2. Tá an t-achomharcóir ina chónaí i mBóthar na Trá Íochtarach i gCathair na Gaillimhe. Rugadh i mBaile Átha Cliath é. Bhí sé ina chónaí i Ros Muc, Co na Gaillimhe ó bhí sé trí bliana d'aois, áit ar fhreastail sé ar scoil. Tá Ros Muc, ar ndóigh, san Fhíor-Ghaeltacht. Deir an t-achomharcóir nach raibh cumas an Bhéarla aige go dtí go raibh sé sna déaga deireanacha. Tá sé cúisithe as dhá chion choiriúla, a rinneadh mar a líomhnaítear i bhFíor-Ghaeltacht Chonamara Theas. Triailfear é sa Cúirt Chuarda Choiriúil i nGaillimh.

3. Tá an t-achomharcóir cúisithe, ar tús, as ionsaí, agus ar an dara dul síos, le linn troda a thosaigh sé go neamhdhlíthiúil gur tharraing sé amach buidéal briste uisce beatha, rud a d'fhéadfadh duine a ghortú go holc, ar dhóigh ar dhócha imeagla a chur ar dhuine eile. 4. Tugann an t-achomharcóir cás tarraingteach, curtha i láthair go háititheach ag an abhcóide. Triailfear é os comhair giúiré as na cionta líomhnaithe sin. Dearbhaíonn sé go bhfuil sé i dteideal faoi Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann chun trialach os comhair giúiré dhátheangaigh mar chainteoir dúchasach Gaeilge. Go bunúsach, is féidir an cás a chur mar seo a leanas: deir an t-achomharcóir chun a cearta teanga a chosaint, ba cheart an linn giúiré a roghnú as deighleog as Co. na Gaillimhe, is é sin an chuid sin de Chonamara Theas sa chás gurb í an Ghaeilge teanga na háite go minic.

5. Foráiltear in Airteagal 8 den Bhunreacht:

        “1 Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

        2 Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

        3 Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.”

Staitisticí
6. Toisc go bhfuil an painéal giúiré le roghnú as contae na Gaillimhe, tagraíonn an t-achomharcóir d'fhigiúirí ó Dhaonáireamh 2006 maidir le cumas teanga náisiúnta agus réigiúnach sa Ghaeilge; agus do thuarascáil a d'ullmhaigh an Dr. Conchúr Ó Giollagáin, léachtóir i sochtheangeolaíocht, agus saineolaithe eile, maidir leis an gceist ar úsáid teanga i gcontae na Gaillimhe. Léiríodh sa Daonáireamh thuasluaite go bhféadtar 41.8% de dhaonra an Stáit trí bliana d'aois agus níos sine a rangú mar a bheith ábalta an phríomhtheanga náisiúnta a labhairt. I gcontae na Gaillimhe agus i gcathair na Gaillimhe le chéile, admhaíonn 49.8% díobh siúd a áiríodh go raibh an cumas acu an Ghaeilge a labhairt. Tá 281,586 duine os cionn trí bliana d'aois ina gcónaí sa chontae. Astu siúd, labhraíonn 12,772 an Ghaeilge gach lá;10,890 gach seachtain; agus 38,263 nach labhraíonn chomh minic í. Ní thugann na figiúirí sin ach cúnamh teoranta don Chúirt seo. Baineann siad leis an daonra os cionn trí bliana d'aois, dá bhrí sin, ní bhaineann siad leis an gcatagóir aosach os cionn 18 mbliana d'aois, a bheadh incháilithe i gcomhair seirbhís ghiúiré. Tá an chuma ann chomh maith nach dtugann siad aghaidh ar an gceist maidir leis na daoine os cionn seachtó bliain d'aois atá neamh-incháilithe i gcomhair seirbhís ghiúiré.

7. Ina theannta sin, d'fhéadfadh an méid féintuairiscithe lena mbaineann iontaofacht na bhfreagraí a theorannú. I mionnscríbhinn atá mionnaithe anseo, léiríonn an Dr. Ó Giollagáin, i ndeighleog de Chontae Chontae na Gaillimhe, go leathann Gaeltacht Chonamara siar ón Spidéal go dtí an Caiseal i gConamara thiar. Sa deighleog sin, labhraíonn 67% de na daoine an Ghaeilge ar bhonn laethúil. I roinnt ceantar, labhraíonn 90% de na daoine í. De réir mo thuisceana, is ionann daonra ginearálta an cheantair seo a sainaithníodh agus 13,444. Sonraíonn an Dr. Ó Giollagáin go mbeadh thart ar 85 - 90% de na daoine i roinnt ceantar ábalta an Ghaeilge a labhairt ar bhealach ina mbeadh siad ábalta cúrsaí dlíthiúla a thuiscint. Dá réir sin, deirtear go mbeadh 12 dhuine, a roghnófaí go randamach, ach ón gceantar sainaitheanta seo, ábalta an Ghaeilge a thuiscint i gcás dlíthiúil gan cúnamh teangaire. Lena rá ar bhealach eile, deir sé go mbeifí ábalta giúiré nó ceantar giúiré a shainiú chun ardchosúlacht painéal cainteoirí dátheangacha macasamhail a bhfuil á iarraidh ag an achomharcóir a chur ar fáil.

8. Níor chuir an Stát in aghaidh fhianaise an Dr. Ó Giollagáin agus táim sásta é sin a ghlacadh. Mar sin féin, le talamh slán a dhéanamh den mhéid atá le cruthú - dá mbeadh an tAire Dlí agus Cirt, go deimhin, trí hipitéis chun an ceantar arna shainaithint a ainmniú mar cheantar giúiré, cén cineál agóide a dhéanfadh duine amhail an tUasal Ó Maicín dá mbeadh ateangaire i láthair chun cuidiú a thabhairt do, abair, bhall giúiré amháin nó do dhá bhall giúiré nach raibh chomh cumasach sa Ghaeilge (dá mbeadh a leithéid de rud dlíthiúil), agus go leanfadh an chuid eile ar aghaidh ag éisteacht leis an bhfianaise agus an argóint i nGaeilge. I bhfocail eile, ní bhaineann an t-éileamh sa chás seo le hainmniú réimse faoi leith de Chonamara Theas mar cheantar giúiré go díreach, ach chomh maith leis sin baineann sé le heisiamh giúiréithe ar bith dá leithéid dóibh siúd nach bhfuil, nó a cheapann nach bhfuil siad, 100% cumasach chun castachtaí argóinte dlíthiúla agus fianaise dlíthiúla a éisteacht i nGaeilge.

9. Ba cheart dom sos a ghlacadh in alt na huaire seo lena shonrú, sa mhéid go ndéantar achoimre i mbreithiúnas easaontach Hardiman B. ar an argóint a chuir an Stát i láthair, go gcreidim go bhféadfaí an achoimre sin a rá ar bhealach eile ina bhféadfaí an méid a bhí de run ag an abhcóide a chur in iúl go hiomlán. Achoimríonn Hardiman B. an staid sin mar a bheith ina staid dhúbailte, is é sin nach féidir an cumas teanga a mheas chun an aidhm atá i gceist a bhaint amach; agus ar an dara dul síos, gur gníomh lánrogha feidhmiúcháin é ainmniú na gceantar giúiré atá dílsithe don Aire. Maidir leis an gcéad phointe, thuig mé go raibh an Stát ag áitiú nach féidir leis an gCúirt cumas teanga dá leithéid a chalabrú. Maidir leis an dara pointe, aontaím go hiomlán gur cheist é ainmniú na gceantar giúiré a bhaineann go príomha agus ar an gcéad dul síos leis an bhfeidmeannas, cé go bhfuil sé faoi réir ag athbhreithniú breithiúnach ar bhonn prionsabail.

Aighneachtaí an achomharcóra
10. Is mian leis an Uasal Ó Maicín a chosaint a ullmhú, a eagrú, a riar agus a stiúradh sa phríomhtheanga náisiúnta. Deir sé toisc gurb í a theanga dhúchais, an teanga náisiúnta, agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit, agus go bhfuil an ceart bunreachtúil aige a chás a stiúradh gan bhacainn nó míbhuntáiste, go díreach mar a bheadh cás duine ar bith ar mian leo a gcosaint a stiúradh sa Bhéarla. Léirigh a aturnae na pointí seo i litir chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an 23 Márta, 2009.

11. Sa litir chéanna sin, léiríonn aturnae an achomharcóra an pointe gurb é i mBéarla de ghnáth a ionchúisíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cásanna. Deir aturnae an achomharcóra ar mhaithe leis an gceart a dhéanamh, go mbeadh sé riachtanach go mbeadh an t-ionchúisitheoir ábalta an Ghaeilge a labhairt, agus go stiúrfaí an t-ionchúiseamh i nGaeilge, agus go roghnódh gach finné cibé teanga is mian leo, cibé acu an Ghaeilge nó an Béarla. Níor thug an Stiúrthóir freagairt ar an litir sin. Níl aitheantas abhcóide ionchúisimh, ná an teanga a bheidh á húsáid ag an ionchúiseamh ina cheist, áfach. Is é giúiré dátheangach an rud atá á iarraidh ag an achomharcóir. Braitheann sé ar shraith shonrach údarás eachtrannach go háirithe as cúirteanna Cheanada, agus ar thuarascálacha maidir le húsáid na Breatnaise i gcúirteanna na Breataine Bige. Ní féidir á shéanadh go gcuireann sé cás láidir morálta i láthair.

12. Athluann an t-achomharcóir nach féidir le (mar atá an cás) cúirt fiosrú a dhéanamh faoi cibé an bhfuil eolas aige faoin mBéarla nó nach bhfuil; deir sé go bhfuil ceart ag duine ar mian leis nó léi an Ghaeilge a úsáid sa chúirt faoin mBunreacht agus faoin dlí maidir le príomhtheanga oifigiúil an Stáit a roghnú. Glacaim sos anseo le trácht a dhéanamh agus na pointí sin á léiriú aige, tá an t-achomharcóir ag brath ar na prionsabail atá dea-bhunaithe cheana inár gcásdlí. Níl amhras ar bith ann nach go bhfuil an t-achomharcóir i dteideal iomlán a cháis féin a chur i láthair agus a rá sa phríomhtheanga oifigiúil. Tá sé i dteideal go dtabharfaí leaganacha Gaeilge dó den Leabhar Fianaise san ionchúiseamh, mar aon le rialacha ábhartha cúirte ar bith, agus ábhar doiciméadúcháin ar bith eile a bheadh riachtanach dó chun a bheith feasach faoin gcás ina choinne.

MacCárthaigh v. Éire
13. Ta dlí-eolaíocht dea-bhunaithe ann maidir leis an ábhar seo. Rialaítear ár gcúirteanna leis an bhfoirceadal um fhasach. Tá cúlra fíricí gach cáis tábhachtach le fáil amach an bhfuil an cás rialaithe le fasach. An bhfuil na fíricí agus na prionsabail dlí chomh cosúil sin le cinneadh a rinneadh san am a chuaigh thart is nach féidir iad a idirdhealú? Faoi mar a fheicfear sa chás seo, tá an suíomh geografach tábhachtach. Dá réir sin is gá a léiriú, agus measúnú á dhéanamh ó na páipéir sa chás, nach bhfuil an t-achomharcóir ina chónaí i nGaeltacht Chonamara anois, ach go bhfuil sé ina chónaí i mBóthar na Trá Íochtarach i gCathair na Gaillimhe. Ní shonraíonn sé cé chomh fada is atá sé ina chónaí i mBóthar na Trá, atá ina chuid den "Ghaltacht", go teicniúil, téarma ina léirítear "foreignness", atá coimhthíoch ann féin anois i ndaonra éagsúil na hÉireann inniu.

14. Ina choinne sin, tharla na cionta líomhnaithe i gceantar i gcroílár na Fíor-Ghaeltachta. Tá an cumas ag a lán cónaitheoirí, i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe araon, an Ghaeilge a labhairt chomh maith agus a labhraíonn siad an Bhéarla. Tá na fíricí sin ar fad ábhartha d'fhonn an measúnú a dhéanamh ar an gceist an féidir an cás seo a idirdhealú ón bhfasach atá leagtha síos i mbreithiúnas na Cúirte seo i MacCárthaigh v. Éire [1999] 1 I.R. 200. Is gá breathnú ar MhacCárthaigh agus na prionsabail dlí atá bunaithe ann chun an méid den tasc a ghlacann an t-achomharcóir a mheas. An féidir MacCárthaigh a idirdhealú? An bhfuil na prionsabail atá fógartha ansin le cur i bhfeidhm sa chás seo? An bhfuil an t-údarás sin díreach ar phonc? An bhfuil na cúinsí chomh difriúil sin is gur féidir an cás seo a idirdhealú go dlisteanach? Ina mhalairt de chás, d'fhéadfaí a rá gur earráid é an cinneadh níos luaithe?

15. I MacCárthaigh, ba mhian leis an achomharcóir, a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath, agus é cúisithe as cionta coiriúla, a thaobh féin de na himeachtaí coiriúla a stiúradh sa Ghaeilge. Faoi mar atá sé san achomharc seo, ba mhian leis giúiré a fháil a thuigfeadh an Ghaeilge. Go dtí seo, tá fíricí an cháis sin an-chosúil leis an gcás seo. De réir dealraimh níl an t-achomharcóir ina chónaí sa Ghaeltacht níos mó. Go díreach mar a rinne an tUasal MacCárthaigh, tá sé ina chónaí i gceantar nach bhfuil ainmnithe amhlaidh, ach, ar ndóigh, tá dlúthnaisc aige le Ros Muc.

16. Tá idirdhealú fíriciúil eile ann, seachas an chodarsnacht teangeolaíochta fhollasach idir Baile Átha Cliath agus Gaeltacht na Gaillimhe. I gcás an Uasail Ó Maicín, d'ordaigh an ceathrú freagróir ainmnithe gur cheart go mbeadh cumas dóthanach ag an mbreitheamh é féin nó í féin a bheidh i gceannas ar an gcás ar thriail an achomharcóra le teacht sa phríomhtheanga oifigiúil ionas go mbeidh siad ábalta oibriú gan cúnamh ateangaire. Téann an t-ordú seo thar cheart ar bith atá bunaithe i MacCárthaigh, sa chás nach ndearnadh ordú dá leithéid. Tá an-tábhacht ag baint leis an ordú a rinneadh maidir le cumas teanga an bhreithimh. I ndáiríre, faoi mar a mhíneofar, d'fhéadfá a rá gur cineál eile é an t-ordú sin den phrionsabal a sainaithníodh i gcás eile sa réimse dlí céanna, Ó Monacháin v An Taoiseach [1986] I.L.R.M. 66, a pléadh níos déanaí.

Ról bhreitheamh na trialach
17. Ar ndóigh, tá ról lárnach ag an mbreitheamh i dtriail ar bith os comhair giúiré; ní mór dó nó di a bheith freagrach as riarachán iomchuí na trialach; agus rialú a dhéanamh maidir leis na cúrsaí conspóideacha go léir a eascraíonn le linn na trialach féin. Má tá an breitheamh sa chás dátheangach, nó cumasach go leor sa Ghaeilge ar a laghad chun oibriú gan cúnamh ateangaire, ní mór go laghdódh se sin imní ar bith atá ag an achomharcóir maidir le caílíocht aistriúcháin nó ateangaireachta. Siocair go mbeidh an breitheamh ábalta an fhianaise a thuiscint sa dá theanga oifigiúla d'fhéadfadh sé go gcuideodh sé sin lena chinntiú go dtabharfar aghaidh ar dheacrachtaí aistriúcháin ar bith láithreach, ionas nach mbeidh an giúiré faoi mhíthuiscint ar bith i miondifríocht nó ciall ar bith san fhianaise. Maidir leis an ngné sin, dá bhrí sin, déantar cearta teanga an achomharcóra a chosaint agus a sheasamh níos mó ná a rinneadh i MacCárthaigh go deimhin. Ina theannta sin, d'fhéadfaí a rá go neartaíonn an t-ordú ceart an achomharcóra chun trialach cóire faoi Airteagal 38 den Bhunreacht.

18. Mar sin cad iad na hidirdhealuithe idir an cás seo agus MacCarthaigh? Mar atá sonraithe cheana, tógadh an tUasal Ó Maicín san Fhíor-Ghaeltacht; rinneadh na cionta líomhnaithe san Fhíor-Ghaeltacht; de réir dealraimh tá an páirtí díobhálaithe líomhnaithe ina chónaí san Fhíor-Ghaeltacht chomh maith. Is iad sin ar fad fíricí a idirdhealaíonn an cás seo ó MhacCárthaigh. Is í an cheist an leor na difríochtaí sin chun an cás a bheith inaitheanta sa dlí ó MhacCárthaigh? Ní thuigim cás an achomharcóra gurbh é a bhí i gceist gur cinneadh MacCárthaigh go mícheart.

19. Ba cheart dom difríocht shoiléir amháin a lua ag an bpointe seo idir an dá chás: bhí cás MhacChárthaigh i ndiaidh bhreithiúnas seamhnach Chúirt Uachtarach Cheanada in R. v Beaulac [1999] 1 S.C.R. 768. Ansin, gur lean an Chúirt ateangaireacht nuálach agus aidhmeach maidir le cearta teanga a bhain le rannpháirtíocht dhearfach go dtí méid ina mbeadh gá le, abair, giúiré Fraincise do dhuine a bheadh ag gairm a chuid cearta Fraincise. Bhí sé sin amhlaidh in ainneoin sa chúige lenar bhain, British Columbia, go bhfuil cainteoirí Fraincise ar thaobh an mhionlaigh, mar atá siad i roinnt cúigí eile atá cumhdaithe ag an rialú cónaidhmeach seo ar Chairt Cheanada. In ainneoin sin, chomh áititheach agus atá sé, níl dlí-eolaíocht Cheanada ina cheangal sa dlínse seo, agus bheadh sé míthreorach a mholadh go bhfuil fasach uaschúirt na hÉireann idir dhá cheann na meá gach uair a ghlacann cúirt tíre eile cur chuige difriúil a bhaineann le cur chuig radacach agus aidhmeach maidir le forálacha sa dlí reachta, agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha araon.

Stare Decisis
20. In Attorney General (Society for the Protection of Unborn Children) v. Open Door Counselling Limited [1988] I.R. 593, léirigh Kearns B. go bhféadfadh cosaint ceart bunreachtúil, corruair, imeacht ó dhianfheidhmiú na rialach stare decisis a lena rialaítear deimhniú na hUaschuairte a fhíoraigh. Ní thagann sé sin chun cinn, áfach, ach i gcásanna eisceachtúla. Ní gá a rá go bhfuil an cheist lena mbaineann an-tábhachtach don achomharcóir é féin. Is ceisteanna tromchúiseacha iad na ceisteanna a ardaíonn sé. Mar sin féin, ní féidir a rá go bhfuil an cineál ceiste atá i ngeall air anseo go díreach inchomparáideach le raon na gcásanna annamha sa chás gur imigh an Chúirt seo go traidisiúnta ó fheidhmiú an fhoirceadail stare decisis.

21. Trí léaráid, i McGimpsey v Éire [1990] 1 I.R. 110, chuir an Chúirt seo dicta níos luaithe na Cúirte in Airteagal 26 den Bhille um Cheartas Coiriúil (Dlí-Eolaíochta) 1975 [1977] I.R. 129, inar moladh nárbh ionann na forálacha in Airteagal 2 agus 3 a bhí ann ag an am den Bhunreacht agus éileamh ar cheart maidir le críoch Thuaisceart Éireann. Go deimhin ba cheist iompórtáil dlí-eolaíochta tromaí é seo.

22. San am a chuaigh thart, cuireadh argóintí chun cinn gur cheart don Chúirt seo imeacht ó fheidhmiú an fhoirceadail nuair a deirtear go bhfuil cinneadh a rinneadh níos luaithe mícheart; ach, anseo, ní cheapaim go ndéanann an t-achomharcóir an cás sin maidir le MacCárthaigh. Ach rud eile faoi bhonn an achomhairc seo ná méid an údaráis a bhfuil an t-achomharcóir ag iarraidh a ionadú. Ní bhaineann an dlí-eolaíocht bhunaithe atá i gceist anseo le méid agus teorainn na gceart teanga atá bunaithe ar an dlí-eolaíocht amháin; ach baineann sé fosta le cineál agus comhdhéanamh na ngiúiréithe agus stádas bunreachtúil na trialach giúiré féin.

23. Is gá, ar ndóigh, an-bhéim a chur ar an gceart teanga a thagann chun cinn anseo. Tá ráthaíochtaí agus dualgais bhunreachtúla eile, áfach, atá faoin Stát agus ar sainphribhléidí agus teidlíocht gach saoránaigh iad. Is féidir cás an achomharcóra a insint go han-simplí ar bhealach ina léirítear a fhórsa. Deir sé gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil an Stáit seo. Is í a theanga dhúchais. Tá a staid cuimsithe sa Bhunreacht. Cén fáth, sna cúinsí sin, agus é curtha ina choinne go ndearna sé dhá chion san Fhíor-Ghaeltacht, nach féidir leis a bheith i dteideal giúiré dhátheangaigh?

24. Glacaim sos anseo chun breithniú a dhéanamh nár thuig mé go ndearna ceachtar taobh cás ar bith san achomharc maidir le hinfheidhmeacht nó aon rud eile Airteagal 8.3 den Bhunreacht. Agus é sin ráite, ní cheapaim go bhfuil sé go hiomlán míchuí tagairt a dhéanamh don fhoráil sin toisc go n-iompórtálann tasc an léirmhínithe bhunreachtúil, inter alia, léirmhíniú comhchuí, agus ciallaíonn sé sin comhchuibhiú idir na forálacha uile agus laistigh dóibh. Is léir nach mbeadh sé cuí cinneadh a bhunú ar phointe nár áitíodh. Ach cibé méid is féidir a tharraingt anuas maidir le hAirteagal 8.3, baineann sé go díreach leis an gcroícheist bhunreachtúil sa chás, is é sin, ar cheart don Chúirt Uachtarach an feidhmeannas agus an reachtas a chomhéigniú chun ceantar giúiré a bhunú, ionas go gcuirfí giúiré lán-Ghaeilge ar fáil mar cheart do dhaoine cúisithe ar cainteoirí Gaeilge iad, agus a roghnaíonn an Ghaeilge a úsáid mar theanga na trialach. Sílim go bhfuil níos mó i ndualgas an Stáit ná spreagadh an stádais mar an bpríomhtheanga náisiúnta a lorg. Faoi réir léirmhínithe chomhchuí le forálacha ar bith eile den Bhunreacht, ní mór é a spreagadh ar gach bealach praiticiúil; gan aon bhacainn a chur ar dhuine ar mian leis a idirghníomhaíochtaí a stiúradh leis an Stát i nGaeilge.

Cearta teanga i riarachán an cheartais
25. Cad é cineál agus méid an chirt teanga atá i gceist anseo? Rinne eagraitheoirí Kelly: Bunreacht na hÉireann (4ú Eagrán) achoimre mar a leanas ar an dlí-eolaíocht ar marthain mar seo:

      "The basic principle here is that a litigant is entitled to use his native language when presenting his side of the case to the Court, but considerations of natural justice apart, he cannot impose his choice of language on the other parties to the litigation".
Faoi mar a fheicfear ó MhacCárthaigh, bhain an chatagóir "other parties" leis an mbreitheamh agus an ngiúiré. Tá sé tábhachtach a bhreithiúnas a chur ina chomhthéacs fíor-dlí-eolaíocha, áfach. Ní hé sin an t-aon údarás sa cheist seo.

26. In Ó Monacháin v. An Taoiseach, tháinig ceisteanna cosúil leis an gcás reatha, ach ní ceisteanna ceannann céanna chun cinn. Ansin, sheas an Chúirt le ceart páirtí maidir le himeachtaí chun a fhianaise a thabhairt i nGaeilge, fiú má bhí sé ag tabhairt fianaise i gcuid den tír gurb é an Béarla teanga na háite. Mheas Henchy B. nach raibh an t-achomharcóir i dteideal a éileamh go stiúrfaí na himeachtaí go léir i nGaeilge, fiú i nGaeltacht Dhún na nGall, áit ar labhraíodh an Ghaeilge mar an bpríomhtheanga náisiúnta go ginearálta. Tá pointe amháin a tháinig chun cinn an-tábhachtach; rinne an t-achomharcóir an cás go raibh sé i dteideal, mar dhuine cúisithe in ionchúiseamh, Breitheamh Dúiche a raibh cumas dóthanach aige nó aici sa Ghaeilge, chun an fhianaise a thuiscint gan gá ar bith le hateangaire. Chomh maith le dlí a chinneadh, is cinnteoir fíricí é Breitheamh Dúiche; díreach faoi mar atá sé i ngiúiré i dtriail sa Chúirt Chuarda. Bhraith an t-achomharcóir ar alt 71 d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais 1924, inar soláthraíodh, a mhéid is "praiticiúil", gur cheart don Bhreitheamh Dúiche a shanntar do cheantar sa chás gurb í an Ghaeilge a bhí á húsáid go ginearálta, a bheith ábalta úsáid ateangaire a ligean thar ceal agus fianaise á tabhairt i nGaeilge. Agus ceart an chúisí chun fianaise a thabhairt sa phríomhtheanga náisiúnta á dheimhniú, mheas Henchy B. "not possible to find authority in s. 71, or any other provision to compel a judge to hear a case without the assistance of an interpreter.” Níor léigh mé an frása “any other provision” agus a bheith teoranta don dlí reachta. Faoi mar a fheicfear, is léirmhíniú é seo de mhéid praiticiúil Airteagal 8 den Bhunreacht agus síneann sé chuig an mbreitheamh mar an gcinnteoir fírice agus mar an gcinnteoir dlí.

27. In An Stát (MacFhearraigh) v MacGamhnia (Neamhthuairiscithe, an Ard-Chúirt, O'Hanlon B., 1 Meitheamh, 1983) d'athdheimhnigh O'Hanlon B. ceart dlíthí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chás féin á stiúradh i gcroscheistiú. Ina theannta sin, mheas breitheamh na hArd-Chúirte sin nach raibh gnó ar bith ag cúirt nó ag binse i bhfianaise stádas bunreachtúil na teanga, a fhiosrú an raibh an t-achomharcóir ábalta Béarla a labhairt agus, fiú ar chostas, go raibh sé d'oibleagáid ar an Stát a chinntiú nár cuireadh an dlíthí faoi mhíbhuntáiste ar bith tríd an teanga náisiúnta a úsáid.

28. Is mian liom, dá bhrí sin, mo chomhaontú agus mo ghlacadh leis an réasúnú sna húdaráis sin, a chinn na cúirteanna a bunaíodh faoin mBunreacht a chur in iúl. Aontaím, chomh maith, le breithiúnas na Cúirte seo ina dhiaidh sin nó le déanaí, go háirithe mo chomhghleacaí, Hardiman B., sa chás go ndearnadh cearta duine chun imeachtaí dlíthiúla agus rialacha na cúirte a bheith curtha ar fáil dóibh i nGaeilge a sheasamh. Cinntítear leis na bearta sin go bhféadfaidh daoine dá leithéidí, más gá, a gcás a stiúradh i nGaeilge mar chuid de chosaint phraiticiúil an chirt teanga (agus dualgas an Stáit) atá cuimsithe sa Bhunreacht. Ceanglaítear i léirmhíniú comhchuí an Bhunreachta, áfach, go ndéanfaí cearta agus dualgais a réiteach le chéile agus a chothromú i bhfianaise an chomhthéacs fhíriciúil, intreach nó eistreach maidir leis an gcás.

29. Ach níor dearbhaíodh i gceann ar bith de na cásanna ar a mbreathnaíodh go gcaithfidh giúiré a bheith dátheangach (cé go bhféadfaí a rá gur tháinig na prionsabail sin chun cinn go coincheapúil in Ó Monacháin). Tháinig an cheist maidir leis an ngiúiré chun cinn go díreach i MacCárthaigh. Dá bhrí sin, teastaíonn anailís chúramach a dhéanamh ar bhreithiúnais na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí sa chás deireanach anseo.

30. San Ard-Chúirt, rinne O'Hanlon B. scrúdú cúramach ar dhlí-eolaíocht na hÉireann agus ar dhlí-eolaíocht na Stát Aontaithe maidir leis an gceist ar conas a chomhdhéanfar giúiré ionas go gcloífear le prionsabail bhunreachtúla, go sonrach de réir Airteagal 3.5 den Bhunreacht.

31. Foráiltear san Airteagal seo go "no person should be tried on any criminal charge without a jury" maidir le neamh-mhionchion ach amháin i gcás na n-eisceachtaí faoi Airteagail 38.3 agus 38.4. Níl feidhm ag ceann ar bith de na heisceachtaí anseo. Luadh an Ard-Chúirt (ar dlíodóir bunreachta ardchéimeach agus úsáideoir cuanna na Gaeilge é féin) ráiteas Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe in Thiel v Southern Pacific Company (1946) 328 US 217 ag lch. 227 mar seo a leanas:

      “Trial by jury presupposes a jury drawn from a pool broadly representative of the community as well as impartial in a specific case … The broad representative character of the jury should be maintained, partly as an assurance of diffused impartiality and partly because sharing in the administration of justice is a phrase of civic responsibility”.
32. Glacaim sos anois, chun tréithe arna sainaithint ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, ar ghlac O'Hanlon B. leo agus a d'fhaomh Hamilton, P.B. ar achomharc leis an gCúirt seo a shainaithint. Ní hamháin go roghnófar giúiré as linn daoine atá "broadly representative" den phobal; ní mór dó a bheith "impartial in a specific case"; is éard is gá ná "diffused impartiality".

33. Luaigh O'Hanlon B. sliocht as Taylor v Louisiana [1975] 419 US 522, atá ábhartha anseo chomh maith. In Taylor, léirigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nach bhfuiltear ag cloí le “fair-cross-section requirement”, atá riachtanach do triail ghiúiré, mura bhfuil an linn giúiré, ach comhdhéanta de “special segments of the populace or if large, distinctive groups are excluded from the pool” amháin. Shonraigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe:

      “Restricting jury service to only special groups or excluding identifiable segments playing major roles in the community cannot be squared with the constitutional concept of jury trial.” (béim curtha leis)
Chomh maith le coincheap na neamhchlaontachta idirleata dá bhrí sin, ní féidir leis an linn giúiré a bheith comhdhéanta de "special segments of the populace" amháin. Ag cur na tástála sin i dteanga dheimhneach, beidh ráthú na trialach giúiré cloíte má bhíonn "large distinctive groups are excluded" ón linn giúiré.

34. Agus na táisc sin á gcur i bhfeidhm ar na fíricí i MacCárthaigh, chinn O'Hanlon B. gur riachtanas gach giúiré é go bhféadfaí a rá go ndearna an linn óna roghnaíodh é ionadaíocht do "every category of the public in the area to which the action is to be heard” (béim curtha leis). Ní féidir catagóirí iomlána den phobal a eisiamh glan amach ó pháirt a ghlacadh i ngiúiréithe gan chúis mhaith.

35. Ar achomharc, d'fhaomh Hamilton P.B., ag labhairt ar son na Cúirte seo, na luanna go léir atá cuimsithe i mbreithiúnas O'Hanlon go sainiúil. Ghlac an Príomh-Bhreitheamh a bhí ann ag an am an pointe gur féidir le deacrachtaí teacht chun cinn maidir le léirmhíniú fianaise amhail miondifríocht a chailleadh, agus rioscaí agus deacrachtaí san aistriúchán. Tá sliocht amháin i mbreithiúnas Hamilton P.B. lena mbaineann roinnt suntasachta, nach féidir a thuiscint ach trí thagairt don chomhthéacs. Dúirt Hamilton P.B. mar cheist phrionsabail ag lgh. 212-213:

      “If every member of the jury had to be able to understand legal matters in the Irish language without the assistance of an interpreter most of the people of Ireland would be excluded. That would amount to a violation of Article 38.5 of the Constitution, as the Supreme Court explained it in the case of de Búrca v. The Attorney General [1976] I.R. 38 agus An Stát (Byrne) v. Frawley [1978] I.R. 326.” (béim curtha leis).
Ní féidir cóimheas MacCárthaigh a anailísiú mar sin ach trí thagairt do de Búrca agus An Stát (Byrne) v. Frawley [1978] I.R. 326 amháin, faoi mar a léireofar anois.

36. Dearbhaítear sa chásdlí ansin, nach mór do linn giúiré a bheith neamhchlaonta i gcás aonair agus nach n-eisítear grúpaí móra sainiúla nó deighleoga sainaitheanta sa phobal as. Ní féidir leis a bheith comhdhéanta as grúpaí speisialta. Ní mór do gach catagóir sa phobal a bheith san áireamh air sa cheantar ina n-éisteofar an chaingean (nó triail). A fortiori, ní fhéadfadh go mbeadh sé ar bhealach ina mbeadh "most of the people of Ireland ... excluded". Ach an bhféadfadh sé a bheith mar sin is go bhfuil catagóir mhionlach sa cheantar eisiata go hiomlán?

37. I gcás de Búrca v Ard-Aighne [1976] I.R. 38, cuireadh dúshlán i leith cáilíochta le haghaidh seirbhís ghiúiré bunaithe ar íocaíochtaí rátaí, agus i leith forála ina ndéantar mná a eisiamh. Pléadáladh go rathúil é go sáraíonn an dá choinníoll neamhchlaontacht agus ionadaíocht an phobail. Maidir leis na heisiaimh sin, d'fhógair Henchy B. ag lch. 74:

      “There is no doubt that the primary aim of s. 5 of Article 38 in mandating trial by jury for criminal offences other than minor ones … is to ensure that every person charged with such an offence will be assured of a trial in due course of law by a group of laymen who, chosen at random from a reasonably diverse panel of jurors drawn from the community, will produce a verdict of not guilty, free from the risks inherent in a trial conducted by a judge or judges only, which will therefore carry with it the assurance of both correctness and public acceptability that might be expected from the group verdict of such a representative cross section of the community. Obviously in order to carry out his constitutional function the jury must have certain indispensable attributes in both its composition and its operation.”
38. Dúirt an breitheamh ansin ag lch. 76:
      “What is called for – and this goes to the essence of this aspect of the aspect of the case – is the judicial determination as to whether jury panels drawn exclusively from persons rated in respect of property of the prescribed rateable valuation can be said to be representative of the citizenry of the relevant jury district.”
39. Chuir sé an cheist seo:
      “When a system of jury recruitment is assailed for being exclusionary to the point of unconstitutionality, the test is whether, by intent or operation, there is an exclusion of any class or group of citizens (other than those excluded for reasons based on capacity or social function) who, if included, might be expected to carry out their duties as jurors according to beliefs, standards, or attitudes not represented by those included. If such a class or group is excluded, it cannot be said that a resulting jury will be representative of the community. The exclusion will leave untapped a reservoir of potential jurors without whom the jurors lists will lack constitutional completeness” (béim curtha leis)
40. Ansin dúirt sé:
      “The minimum rating qualification, in my opinion, produces that result. The line it draws between the eligible and ineligible produces what some people would call a socio-economic classification. A rating qualification shuts the door on all citizens who are not liable to pay rates. This embargo is constitutionally objectionable not simply because it renders ineligible a substantial section of the citizenry but because it ensures that a jury will not include non-ratepayers. A jury so circumscribed in composition is no less wanting in the representativeness demanded by the guarantee in s. 5 of Article 38 than would be a jury drawn from a panel confined to taxpayers. It excludes a range of mental attitudes, because they will be absent from jury box, will leave an accused with no hope of the contribution they might make in the determination of guilt or innocence … A jury which is so selective and exclusionary is not stamped with the genuine community respresentativeness necessary to classify it as the jury guaranteed by s. 5 of Article 38. It is therefore unconstitutional.”
41. Ag díriú ansin ar dhíolúine ban ó sheirbhís ghiúiré dá bhforáiltear faoi alt 3 d'Acht na nGiúiréithe 1927, shonraigh Henchy B.:
      “In regard to the exemption of women, s. 3 of the Act of 1927, in laying down the qualifications for jury service, excludes those who are disqualified or exempt. Section 5 of the Act … places women in the category of those who are exempt but are entitled to serve if they make application. It is the exemption of all women, save those who opt for jury service, that the plaintiff say is constitutionally objectionable.”
42. Mhínigh Henchy B. níos déanaí ag lch. 77:
      “The absence of women from juries means an unconstitutional system of selection for two reasons. First it fails the test of representativeness because it means that some 50% of the adult population will never be included in the jury lists. Granted that many of the women who make up that 50% would be entitled to exemption on personal grounds such as pregnancy; nevertheless, the fact remains that a whole swathe of the citizenry (including some 200,000 single women) will be outside the range of choice open to an accused person facing a trial by jury. Secondly, and of even greater importance, that narrowed choice means that a woman's experience, understanding and general attitude will form no part in the jury processes leading to a verdict. Whatever may have been the position at common law or under statute up to recent times, it is incompatible with the necessary diffusion of rights and duties in a modern democratic society that important public decisions such as voting, or jury verdicts involving life or liberty, should be made by male citizens only. What is missing in decisions so made is not easy to define; but reason and experience show that such decisions are not calculated to lead to a sense of general acceptability, or to carry an acceptable degree of representativeness, or to have the necessary stamp of responsibility and involvement on the part of the community as a whole. Juries recruited in that way fall short of minimum constitutional standards no less than would juries recruited entirely from female citizens.”
43. Chun na críche sin, in Byrne, dhiúltaigh Henchy, B. an coincheap céanna sin de liosta giúiré "artificially shrunken and selective" mar a bheith lochtach, cosúil le "sweepstake in which 80% of the tickets bought had been excluded from the pool from which the winning tickets were draw" Bhí sé riachtanach go mbeadh cáilíocht "community decision" ag an gcinneadh; agus nasc leis an bpobal sin le haghaidh dlisteanachta bunreachtúla.

44. Ní mór giúiré a roghnú ansin ó linn a dhéanfaidh fíor-ionadaíocht i gcarachtar agus a bheidh ag teacht le cineál idirleata an phobail. I measc na gcarachtar riachtanach sin ná go gcomhdhéanfar é, agus go mbraithfí é, le dearbhú riachtanas na neamhchlaontachta idirleata; roghnaithe go randamach agus gan idirdhealú ó linn a dhéanfaidh ionadaíocht leathan don phobal, grúpaí móra sainiúla laistigh den phobal san áireamh. Is éard atá riachtanach ná “stamp of responsibility” nó bainteacht mar chuid den phobal ina iomláine. Ní mór don linn ionadaíocht a dhéanamh do gach catagóir den phobal sa cheantar ina bhfuil an triail le stiúradh; mura bhfuil sé amhlaidh, ní bheadh sé comhlíontach leis an mbunreacht. Tá gné ceartais aiceanta maidir leis an ceanglais ann fosta.

45. Mura bhfuil giúiré dátheangach ann, an mbeadh sé sin ina shárú ar Airteagal 38.5 den Bhunreacht? Ní féidir é a shéanadh ná go bhfuil réiteach le déanamh idir an dá cheart bhunreachtúla anseo ar leibhéal amháin. Lena rá ar an mbealach is simplí, is í an tástáil an bhfuil an ceart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht, nó mar ghné den cheartas aiceanta, ina cheart ar féidir é a dhearbhú gan theorainn i gcoinne an dualgais bhunreachtúil chun triail ghiúiré a chur ar fáil faoi Airteagal 38.5 agus ceart an achomharcóra triail a fháil "in due course of law”.

46. Tagaim ar an tuairim go bhfuil an dualgas bunreachtúil in Airteagal 38.5, atá bainteach anseo, éigeantach. Eascraíonn an dualgas seo sa chomhthéacs um chosaint cheart bunúsach an tsaoránaigh chun saoirse a chosnaítear faoi Airteagal 40 den Bhunreacht. Eascraíonn an dualgas i gcosaint riail an dlí agus an luacha bhunúsaigh atá cuimsithe in Airteagal 38 chomh maith "that no person shall be deprived of liberty save after a trial in due course of law". Ach tá riarachán iomchuí an cheartais choiriúil ina dhualgas atá dlite don phobal i gcoitinne chomh maith. Ní sainphribhléid duine chúisithe é amháin.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
47. Sa chomhthéacs sin, tá forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) ábhartha. Is é is cuspóir leis an Acht seo úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i riarachán an cheartais. In alt 2 den Acht sin sainítear "proceedings" leis an mbrí “civil or criminal proceedings before any court”. Foráiltear le hAlt 8(1) den Acht sin:

      “Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt.”.
Foráiltear le hAlt 8(2):
      “Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.” (béim curtha leis).
Foráiltear le hAlt 8(3):
      “D'fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.”
Tugtar aghaidh sna forálacha sin ar dhualgas gach cúirte ina stiúrtar imeachtaí ar bith lena n-áirítear imeachtaí coiriúla.

48. Foráiltear le hAlt 8(4) maidir le cás ina bhfuil an Stát nó comhlacht poiblí ina bpáirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte. Foráiltear ansin, agus ansin amháin:

      “(a) déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus

      (b) más rud é gur páirtí sna himeachtaí beirt duine nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna himeachtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.”

49. Bhreathnóinn go díreach, nach féidir an t-idirdhealú idir cásanna sibhialta agus cásanna coiriúla a fhaightear san Acht, a bhaint ach as an léirmhíniú a tugadh sa chásdlí go díreach maidir leis an méid praiticiúil a bhfuil cearta atá cuimsithe in Airteagal 8 den Bhunreacht le cosaint. Dealraítear gurb é beartas an Stáit, atá cumhdaithe sa reachtaíocht, go gcuirtear paraiméadair in Airteagal 38.5 den Bhunreacht ar cad a d'fhéadfadh a bheith praiticiúil in imeachtaí coiriúla a thagann as cineál bunreachtúil éigeantach na gceart agus na ndualgas a eascraíonn i gcás na mbreithiúna, na ngiúiréithe agus an ionchúisimh.

50. Ní féidir breathnú ar na forálacha sin ach mar a bheith ina bhforálacha ina léirítear bealaí ina bhfuil na cearta agus dualgais bhunreachtúla dea-shocraithe le cosaint. Beidh an ceart ag an achomharcóir fianaise a thabhairt i nGaeilge. Tá an ceart aige go gcuirfear na doiciméid ábhartha ar fad ar fáil dó sa phríomhtheanga lena n-áirítear an Leabhar Fianaise agus dlí agus riail ar bith de chuid na cúirte. Tá an ceart ag abhcóide a chás a stiúradh sa phríomhtheanga náisiúnta. Ní mor fianaise ar bith a thabharfar sa dara teanga náisiúnta a aistriú go dtí an phríomhtheanga chun tairbhe an achomharcóra. Sa mhéid is go bhfuil an t-ionchúiseamh le stiúradh i mBéarla, tá an ceart ag an achomharcóir chun gach chuid de a fháil aistrithe go dtí an phríomhtheanga náisiúnta. Féadfaidh a abhcóide aitheasc a thabhairt don chúirt sa phríomhtheanga náisiúnta. Féadfaidh sé aitheasc a thabhairt don bhreithiúnas (a bheidh oillte sa phríomhtheanga chomh maith, sa teanga sin).

51. Ní comhtheagmhas ar bith é creat alt 8(3) d'fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cé nach bhfuil sé cuí foráil reachtúil a úsáid mar bhonn chun tacú le togra bunreachtúil, dhéanfainn trácht go díreach gur léir é gor raibh an tAcht bunaithe ar an tuairim chéanna atá curtha in iúl agamsa anseo – is é sin, go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 8 le seirbhís aistriúcháin maith go leor sa mhéid is go mbaineann sé le giúiréithe. Tá comhtháthú praiticiúil idéanna agus réaltachtaí polaitiúla i gceist lenár mBunreacht. Léiríonn tiomantas an Stáit don phríomhtheanga sa Bhunreacht sin, mar a fheictear de réir reachta agus i gcásdlí, go bhfuil an-fheabhas tagtha ar rudaí ó shin ó thuairimí O'Brien T.P.B, mar a cuireadh in iúl i mbreithiúnas McBride v McGovern [1906] 2 I.R. 181 . Ní mó ná a rá gur stiúradh an t-achomharcóir seo féin sa phríomhtheanga náisiúnta.

52. Tagaim ar bhreathnú eile dá réir sin, agus is é sin, go bhfuil an t-ilteangachas, seachas an t-aonteangachas, ina ghné níos mó agus níos mó dár saol sa lá atá ann inniu, dár críoch agus dár stát. Is cúis aiféala é go bhfuil a lán teangacha mionlacha faoi bhagairt ar leibhéal Eorpach ag teangacha ceannasacha amhail an Béarla, ach mar sin féin, is fíor é fosta go bhfuil a lán saoránach Eorpach líofa in dhá theanga nó i dtrí theanga, agus dá réir sin, go ndéantar gnó rialtais nó príobháideach a stiúradh go minic go comhuaineach i níos mó ná teanga amháin. Go ríthábhachtach, d'fhéadfadh a lán rannpháirtithe ag cruinnithe dá leithéidí éisteacht le cainteoir chun éisteacht lena thuin chainte agus a bheith ag éisteacht ag an am céanna go headrannach nó ar airde íseal le hateangaire chun a chinntiú go dtuigfear sleachta deacra mar is ceart. Tá idirghníomhú éasca idir teangacha ina thréith de theagmhais dá leithéidí. Tá ateangairí comhaimseartha sofaisticiúil ina n-uainíocht agus iad ag meascadh rudaí, ina n-infhilleadh gutha agus mar sin de. Is analach é in Éirinn sa chás go bhfuil ateangairí ar fáil i gcomhair imeachtaí parlaiminteacha, a bhfuil suntasacht bhunúsach bhunreachtúil ag baint lena nádúr.

53. Dá réir sin, sa mhéid is go bhfuil ceart ag duine amhail an tUasal Ó Maicín chun go n-eagrófaí seirbhísí ateangaire do ghiúiré – agus go ndéanann sé é sin – d’fhéadfadh sé sin ateangaireacht a thabhairt chun críche, ní go Béarla amháin ar a mbraithfeadh gach giúróir go heisiatach, ach infhaighteacht ateangaireacht Bhéarla a bhféadfadh roinnt giúróirí leas a bhaint as – roinnt díobh ó riachtanais agus níos mó díobh d’fhonn a bheith an-chúramach.

Conclúidí
54. Sílim go bhfuil bacainn neamhfhéideartha le sárú ag an achomharcóir agus go bhfuil sé an-soiléir go bhfuil na prionsabail dea-bhunaithe arna sainaithint in MacCárthaigh, de Búrca agus Ó Monacháin i bhfeidhm maidir leis. Tá dlí-eolaíocht bhunaithe anseo. Ní dhearnadh cás ar bith gur cinneadh iad sin ar fad go mícheart. Dearbhaítear leis na prionsabail a bunaíodh i gcásanna roimhe seo nach bhfuil cead ag duine ar bith i dtéarmaí bunreachtúla, i gcuid ar bith den tíre, painéal giúiré a iarraidh a bheadh cumtha nó "tailored" dóibh. Tagann na prionsabail a sainaithníodh chun cinn i gcás gach trialach giúiré, i ngach cuid den Stát. Cuireann an dlí-eolaíocht cosc go sainiúil ar an gcoincheap go dtagann cearta bunreachtúla éagsúla chun cinn sna suíomhanna sainiúla, nó mar gheall ar úsáid teanga, fiú i gcás teanga náisiúnta. Is é an dualgas atá ar an Stát go mbraifear ar an bpainéal giúiré mar a bheith ina phainéal neamhchlaonta agus ina phainéal ar a ndéantar ionadaíocht do dhaoine an Stáit, faoi mar a shonraítear é in Airteagal 3 den Bhunreacht, “in all the diversity of their identities and traditions”. Ní féidir cás Ó Maicín a idirdhealú, toisc go mbaineann na prionsabail a sainaithníodh sa chásdlí le gach giúiré, gan bac lena suíomh, nó le haitheantas an chosantóra.

55. Le hAirteagal 8 tugtar an ceart chun ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla. I gcomhthéacs na cúirte, baineann sé sin leis an gceart comhghaolach go dtuigfidh an breitheamh agus an giúiré (más ann dó) tú, d'fhonn ceartas sa chúirt a chinntiú. Is rogha teanga é an ceart in Airteagal 8 agus cuimsítear rogha ann, gan aird ar cibé an bhfuil an t-éilitheoir aonteangach nó dátheangach. Tá sé sin difriúil ón gcás nach labhraíonn duine ceachtar den dá theanga oifigiúla go maith nó ar chor ar bith, agus go dteastaíonn go dtabharfar an fhianaise i dtríú teanga, agus go gcaithfear aistriúchán a eagrú ar mhaithe leis an gCeartas go díreach.

56. Tá an ceart in Airteagal 8 ar fáil do gach saoránach Éireannach. Tá sé, agus ba chóir go mbeadh sé, dá bhrí sin, neamhábhartha go bhfuiltear ag líomhnú go ndearnadh an cás i nGaeltacht nó gurbh chainteoirí Gaeilge a bhí sa chúisí agus sa íospartach. Go deimhin, dá ndeonfaí an ceart atá á áitiú sa chás seo, bheadh sé teoranta, ní do cheantair Ghaeltachta amháin, ach go hinargóinte do roinnt ceantair Ghaeltachta sa tír amháin atá mór go leor is go mbeadh gá le ceantair ghiúiré speisialta a chruthú lena n-aghaidh (agus nach mbeadh siad chomh beag sin is go mbeadh na giúiréithe an-áitiúil agus an-pharóisteach). I bhfocail eile, tríd an gceart atá á áitiú thabharfaí sainphribhléid do "Ghaeilgeoirí Gaeltachta" Chonnachta agus an Mhumhan thar, abair "Gaeilgeoirí Gaeltachta" Laighean, agus d'fhéadfaí sainphribhléid a thabhairt do Ghaeilgeoirí Gaeltachtaí móra thar Ghaeilgeoirí Gaeltachtaí beaga leis.

57. Fiú dá mbeadh Airteagal 8 prima facie chun an ceart atá á áitiú a thabhairt le tuiscint, chaithfí deireadh tobann a chur leis a luaithe a thabharfaí aghaidh air trí chearta agus dualgais eile. Cé go mbaineann Airteagal 8 go bunúsach le cearta teanga, táthar á ghairm anseo i gcomhthéacs riarachán an cheartais agus, dá bhrí sin, ní mór é a léirmhíniú sa chomhthéacs sin. Tá dualgas ar an Stát, thar ceann na ndaoine, cionta a ionchúiseamh os comhair giúiréithe ionadaíocha. Dá réir sin, cuirtear é seo i gcomhchuibhneas le ceart na ndaoine chun cionta a ionchúiseamh mar sin. Tá muintir na hÉireann i dteideal suí ar ghiúiréithe dá leithéidí agus, cé gur féidir ceantair ghiúiré a chruthú chun micreacosma áitiúil de dhaonra na hÉireann a chruthú, ní ghlacaim leis go gcaithfear fodhaonraí áitiúla den sórt sin a fhoroinnt tuilleadh ar feadh línte teangeolaíocha chun críche giúiré. Ag cur féidearthachtaí Airteagal 8(3) ar leataobh - faoina bhfuil sé sonraithe cheana nach dtagann siad chun cinn sa chás seo, agus nár gairm in argóint ach oiread iad - ní féidir liom a ghlacadh gur cheart don Chúirt seo, nó go bhféadfadh an Chúirt seo, an feidhmeannas agus an reachtas a shainordú chun ceantar giúiré faoi leith de chuid Chontae na Gaillimh a shaincheapadh ar bhealach faoi leith. Bheadh a lán ríomhanna mionsonraithe i gceist le cúrsa den sórt sin, i ngach cás analógach, nach mbaineann leis na cúirteanna de ghnáth.

58. Ní shéanaim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na ceisteanna a d'ardaigh an t-achomharcóir. Is cúis aiféala é gur bhraith cosantóir an achomhairc seo ó riachtanas ar an bhfíric nach é an teanga náisiúnta teanga dhúchais na ndaoine uile. Ach is fíric dhosheachanta í éagsúltacht an daonra chomh maith; agus sainordaítear sa Bhunreacht nach mór comhdhéanamh painéal giúiré ionadaíocht a dhéanamh don phobal go hiomlán ina éagsúlacht go léir. Ar na cúiseanna ar fad sin, dhíbhinn an t-achomharc.










Ar ais ar barr an leathanach