Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Breithiúnas


Teideal:
Ó Maicín -v- Éire & chuid eile
Lua Neodrach:
[2014] IESC 12
Uimhir Taifid na Cúirte Uachtaraí:
292/10
Uimhir Taifid na hArd-Chúirte:
2009 751 JR
Dáta Seachadta:
02/27/2014
Cúirt:
An Chúirt Uachtarach
Comhdhéanamh na Cúirte:
Hardiman J., O'Donnell Donal J., Clarke J., MacMenamin J., O'Neill J.
Breithiúnas ó:
Hardiman J.
Stádas:
Formheasta
Toradh:
Díbh
Breithiúnas ó
Nasc chuig Breithiúnas
Aontaitheach
Ag easaontú
Clarke J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.
MacMenamin J.
O'Donnell Donal J.
O'Neill J.
O'Donnell Donal J.
Hardiman J.



AN CHÚIRT UACHTARACH

Athbhreithniú Breithiúnach

292/2010

Hardiman B
O’Donnell B.
Clarke B.
MacMenamin B.
O’Neill B.
      Idir:
Peadar Ó Maicín
Iarratasóir/Achomharcóir
agus

Éire, An tArd-Aighne, An tAire Dlí Agus Cirt, Comhionannais Agus Athchóirithe Dlí, An tOnórach Breitheamh Raymond Groarke Agus An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Freagróirí

BREITHIÚNAS an Uasail Breithimh Hardiman tugtha an 27ú lá de Feabhra, 2014.

Is é seo achomharc an ghearánaí i gcoinne bhreithiúnas agus ordú na hArd-Chúirte (Murphy B.) arna sheachadadh an 14 Bealtaine 2010, trína ndearnadh a éileamh ar a bheith i dteideal trialach os comhair giúiré Gaeilge a dhíbhe. Is í an Ghaeilge teanga náisiúnta agus is í príomhtheanga oifigiúil an Stáit. Tá cónaí ar an ngearánaí i nGaillimh, agus deirtear go ndearnadh na cionta a cúisíodh i nGaeltacht Chonamara.

Forbhreathnú.
Is saoránach Éireannach é Peadar Ó Maicín, an t-achomharcóir sa chás seo, a bhfuil cónaí air i nGaillimh. Is cainteoir dúchais Gaeilge é, agus is í an Ghaeilge a theanga dhúchais agus tá sí á labhairt aige go leanúnach ó thosaigh sé ag caint den chéad uair. D'fhoghlaim sé an Béarla ina dhiaidh sin. Tógadh é agus fuair sé a chuid oideachais i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara. Tá stádas speisialta Gaeltachta i ndlí na hÉireann pléite thíos.

Baineann an cás seo le teidlíocht an Uasail Uí Mhaicín an Ghaeilge a úsáid in idirghníomhaíocht tábhachtach leis an Stát. Cúisíodh an tUasal Ó Maicín as dhá chion ionsaí. Ní cionta iad den leibhéal is airde, ach ní mionchionta iad ach oiread. Forchuirtear pianbhreith suas le cúig bliana príosúnachta le gach ceann dóibh. Tá an tUasal Ó Maicín ag pléadáil neamhchiontach as na cionta sin. Ar rún an Ionchúisitheora Phoiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, cuireadh ar ais é chun trialach sa Chúirt Chuarda Choiriúil don Chúirt Chuarda Thiar. Cuirfear chun trialach é os comhair breithiúnais, a dhéanfaidh gach ceist dlí a thiocfadh chun cinn a eadránú, agus os comhair giúiré a chinnfidh gach ceist fhíorais a thiocfaidh chun cinn.

De bhun Airteagal 38.5 de Bhunreacht na hÉireann, ní mór triail maidir le cion ar bith seachas mionchion a stiúradh os comhair giúiré. Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis sin, ach ní thagann ceann ar bith díobh chun cinn sa chás reatha.

Dúirt an tUasal Ó Maicín go gcosnóidh sé an cás arna thionscnaimh ina choinne agus go ndéanfaidh sé amhlaidh sa Ghaeilge. Níltear á rá nach bhfuil sé i dteideal é sin a dhéanamh. Áitíonn sé fosta gur cheart an triail a stiúradh os comhair breithimh agus giúiré a thuigfidh go díreach sa Ghaeilge.

Tá gach uile chuma air, agus ag féachaint d'fhorálacha dhlí na hÉireann maidir le teangacha oifigiúla, gur iarratas réasúnta é sin. Ach cuireann an Stát i gcoinne sin ar dhá fhoras. Is iad sin:

      (a) Ní féidir giúiré a thuigfidh an cás go díreach sa Ghaeilge (.i. gan ateangaire) a chur ar fáil.

      (b) Chun giúiré a bheadh ábalta an cás thuiscint go díreach sa Ghaeilge, fiú dá mbeadh sé indéanta ar chuma eile, bheadh gá le cineál éigin scrúdaithe um inniúlacht sa Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Deir an Stát gur neamhfhéidearthacht dhlíthiúil é sin ann féin in Éirinn i ngeall ar an ngá le giúiré a roghnú trí phróiseas randamach, agus de réir an Stáit, de bharr na gceanglas a bhaineann leis sin nach féidir scrúdú nó cáilíocht ar bith, cibé acu scrúdú teanga nó eile, a fhorchur.

Ba é ar bhonn an phointe dheireanaigh sin a chaill an tUasal Ó Maicín a chás san Ard-Chúirt.

Stádas na Gaeilge (1).
Rinneadh Stát neamhspleách ón mBreatain Mhór d'Éirinn i 1922. A luaithe is a baineadh neamhspleáchas amach, ghlac an Stát úr an Ghaeilge mar a phríomhtheanga oifigiúil, sa chéad Bhunreacht a glacadh an bhliain chéanna. Cuireadh é sin in iúl mar a leanas:

      “The National language of the Irish Free State is the Irish language, but the English language shall be equally recognised as an official language. Nothing in this Article shall prevent special provision being made by the Parliament of the Irish Free State for districts or areas in which only one language is in general use”.
Glacadh Bunreacht úr, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, i 1937. Bhí roinnt forálacha sa Bhunreacht sin a bhain go mór leis an gcás reatha:
      Airteagal 4

      “The name of the State is Éire, or, in the English language, Ireland.”

      Airteagal 5

      “Ireland is a sovereign independent democratic State”.


An teanga Náisiúnta agus na teangacha oifigiúla.
      “8(1) The Irish language as the National language is the First Official Language.

      8(2) “The English language is recognised as a Second Official Language.

      8(3) Provision may, however, be made by law for the exclusive use of either of the said language for any one or more official purposes, either throughout the State or in any part thereof”.

Níor achtaíodh dlí ar bith den sórt sin arna cheadú le hAirteagal 8.3 riamh. Ní bhfuarthas in iontaoibh an fho-airteagail sin san argóint ar éisteacht an achomhairc seo.

Tá stadas an teanga I dlí na hEorpa agus i beartas Poiblí na-hEireann leagta amach i Appendix II.

Is "common sense" iad mar a deir dlíodóirí, roinnt gnéithe an-tábhachtacha den Bheart seo. Is é sin, gur chomhaontaigh an dá thaobh iad. Cuideoidh sé cuid de na gnéithe comhaontaithe sin a leagan amach anois leis an méid a leanas a thuiscint, cé go mbeidh gá teacht ar ais níos déanaí chun imscrúdú a dhéanamh ar a suntasacht dhlíthiúil agus bhunreachtúil iomlán.

      (1) Tá fianaise fhíorasach an achomharcóra agus a shainfhinné, Dr Ó Giollagáin, a cuireadh os comhair na Cúirte ar mhionnscríbhinn, neamh-fhrithráite go hiomlán. Ní mór a ghlacadh leis go bhfuil ábhair na mionnscríbhinní sin fíor.

      (2) Le hAirteagal 8 den Bhunreacht, is í an Ghaeilge teanga Náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil na hÉireann. Aithnítear an Béarla mar "a second official language".

      (3) Tá roinnt ceantar den tír sainithe mar "Ghaeltacht". Tagann an focal seo as an bhfocal Gaeilge 'Gaeilge', 'the Irish language'. Is ceantar é Gaeltacht atá sainithe go sonrach i gcomhair úsáid agus chaomhnú na Gaeilge. Déantar plé fairsingíoch ar nádúr dlíthiúil Gaeltachta sa dlí reachtach thíos.

      (4) Líomhnaítear go ndearna an tUasal Ó Maicín, an t-achomharcóir sa chás reatha, na cionta as a bhfuil sé cúisithe i nGaeltacht Chonamara, ceantar fairsingíoch, siar ó Chathair na Gaillimhe arb é an ceantar Gaeltachta is mó agus is daoiniúla sa Stát. Tógadh an tUasal Ó Maicín sa cheantar sin agus fuair sé a chuid oideachais ann. Is cainteoir dúchais Gaeilge é, agus duine a bhfuil an Ghaeilge á labhairt aige ó thosaigh sé ag caint den chéad uair, agus nach raibh an cumas aige sa Bhéarla go dtí go raibh sé i bhfad níos sine. Is cionta ionsaithe a rinne sé agus is gaelgóir é an t-íospartach líomhnaithe chomh maith.

      (5) I dtéarmaí dhlí na hÉireann, is cionta "non-minor" iad na cionta. Toisc ag bhfuil an cosantóir ag pléadáil neamhchiontach as na cúisimh sin, caithfear iad a thriail os comhair breithiúnais ina shuí/ina suí le giúiré. Féach Airteagal 38 den Bhunreacht.

      (6) Soláthraíonn an pointe deireanach sin an bonn le cosaint an Stáit sa chás reatha. Níl conspóid ar bith ann faoi go bhféadfaí ceantar giúiré a dhéanamh de Ghaeltacht Chonamara le hordú airí faoi Acht na nGiúiréithe 1976, nó go bhféadfaí giúiré ionadaíoch cuí a dhéanamh i gceantar dá leithéid a bheadh ábalta cainteoir Gaeilge a thuiscint go díreach, gan ateangaire.

      (7) Mar an gcéanna, áfach, níl conspóid ar bith ann faoi nach ndearnadh ordú airí den sórt sin. I measc na bhfaoiseamh arna lorg ag an achomharcóir tá ordú ina n-ordaítear don Aire ceantar giúiré den sórt sin a thabhairt chun bheith. Tá sé ráite ag an Stát, áfach, go bhfuil sé seo thar chumhacht na Cúirte.

      (8) Déanfar na cionta indíotáilte as a bhfuil an t-achomharcóir cúisithe a thriail os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúla don Chúirt Chuarda ábhartha, an Chúirt Chuarda Choiriúil sa chás seo. Cuireadh an cás os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúla cheana, ar a raibh breithiúnas leis féin, i gcomhair réamhiarratas. Éisteadh le hiarrachtas mionléirithe maidir le teanga an chás sa Chúirt sin cheana, agus cuirtear síos go mion air sin thíos. Ar an ócáid sin, chuir an t-ionchúiseamh é féin in iúl i mBéarla agus bhí an chosaint i nGaeilge. Bhí ateangaire ann a d'aistrigh an méid a dúradh i nGaeilge go Béarla. Ní chuirtear ina choinne go raibh a lán easnamh san ateangaireacht ar an ócáid sin. Measadh go raibh gá le hateangaire ar éisteacht an iarratais sin, fiú in easnamh giúiré.

      (9) Tháinig sé chun cinn ar éisteacht an achomhairc sin nach bhfuil forálacha reachtaíochta ar bith ann lena gceanglaítear ar dhuine a ghairtear air nó uirthi fónamh mar ghiúróir, ceachtar de theangacha oifigiúla an Stáit a bheith acu nó cumas a thaispeáint iontu. Is é sin le rá, nach bhfuil ceanglas reachtúil sainráite ar bith ann gur chóir do ghiúróir ar a ngairtear chun cás a éisteacht, abair, i mBaile Átha Cliath, sa chás go bheidh an fhianaise agus an argóint ar fad i mBéarla, an cumas a bheith acu an Bhéarla a thuiscint. Ar an gcaoi chéanna, níl ceanglas reachtúil sainráite ar bith ann gur chóir do ghiúróir, i gcás ina bhfuil sé de rún ag páirtí amháin nó an dá pháirtí iad féin a chur in iúl i nGaeilge, a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt nó a thuiscint.

Is staid neamhghnách gnóthaí é sin agus ceann lena dteastaíonn aird reachtaíochta phráinneach.

Ach is é an ábharthacht maidir leis an gcás reatha go bhfuil sé sonraithe ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí go ndéanann na Cláraitheoirí Contae agus foireann na Seirbhíse Cúirte giúróirí féideartha i gceantair Bhéarla, faoina bhfuil amhras nach dtuigeann siad go leor Béarla chun a ndualgas a chomhlíonadh mar is ceart, a shainaithint agus a fhágáil amuigh. Déantar é sin ar bhonn neamhfhoirmiúil, gan sainordú dlíthiúil sainiúil ar bith.

__________________________________________________________

Is í an tábhacht a bhaineann leis an bpointe deireanach sin, mar a fheicfear, gur diúltaíodh faoiseamh don achomharcóir san Ard-Chúirt (Murphy B.) ar an bhforas go raibh sé indéanta de réir an dlí scrúdú teanga a fhorchur ar ghiúróirí. Ach is léir go ndearnadh an rud céanna sin ar mhaithe le giúiré a sholáthar ina mbeadh a chuid ball ar fad ábalta an Béarla a thuiscint. Ar éisteacht an achomhairc sin ní dhearna an Stát trácht ar bith maidir le staid na ngnóthaí sin. Ní dheachaigh siad, mar sin féin, i gcoinne a raibh le rá ag an gCoimisiún um Athchóiriú Dlí.

Is mian liom go dtuigfí go soiléir é nach nglacaim leis go bhféadfadh daoine ar bheith ar ghiúiré, nó go bhféadfadh giúiré a bheith cuimsithe de dhaoine go dlíthiúil nach bhfuil ábalta teanga dhlíthiúil an cháis atá le triail ag an ngiúiré. In Éirinn, is í an Ghaeilge nó an Béarla amháin an teanga dhlíthiúil sin.

Is í an ráthaíocht atá in Airteagal 38.5 den Bhunreacht ná:

      “… no person shall be tried on any criminal charge without a jury”.
Ní scibirlín maisithe nó cluichreán daoine go díreach é an giúiré i gcás coiriúil chun a bheith mar fhinnéithe ar thriail go díreach. Triaileann an giúiré an cosantóir. Tá an giúiré, ar ndóigh, faoi cheangal treoir an bhreithimh a ghlacadh maidir le gach saincheist dlí agus tá na fíricí go hiomlán i réimse an ghiúiré agus ní féidir leis an mbreitheamh nó le duine ar bith eile treis a ghabháil orthu. Is é sin is brí le triail le giúiré. Is é an giúiré na Breithiúna ar fhíricí an cháis.

Bheadh sé amaideach breitheamh a shamhlú i gceannas trialach agus ag tabhairt breithiúnais i dtriail a bheadh á stiúradh i dteanga nach dtuigfeadh sé. Mar an gcéanna, bheadh sé amaideach giúiré a shamhlú ag triail na saincheisteanna fíorais, a bhunaítear le fianise na bhfinnéithe, i dteanga nach dtuigfeadh siad.

Dealraíonn sé domsa go bhfuil na gnéithe seo a leanas maidir le triail le giúiré in Éirinn féinfhollasach:

      (1) Ní mór triail in Éirinn a stiúradh i gceann amháin nó i gceann eile de na teangacha arna n-aithint sa Bhunreacht mar a bheith mar “the national and first official language” (Gaeilge) nó an teanga a “recognised as a second official language" (Béarla).

      (2) Ní mór don Bhreitheamh ag triail ar bith den sórt sin a bheith ábalta teanga an cháis, is é sin ceann amháin nó ceann eile den dá theanga, a luadh sa mhír thuas a thuiscint.

      (3) Ní mór don ghiúiré, atá leis na saincheisteanna fíoras uile sa chás a thriail agus coimhlintí i bhfianaise na bhfinnéithe a réiteach, teanga an cháis mar a sainítear thuas a thuiscint.

      (4) Ní féidir cur síos ar thriail a stiúrtar os comhair breithimh, painéal breithiúna, nó giúiré, de réir mar is cuí, nach bhfuil aon duine díobh nó cuid díobh ábalta teanga an cháis a thuiscint, mar thriail “in due course of law” arna cheangal le hAirteagal 38.1 den Bhunreacht.

      (5) Sa chás nach bhfuil cosantóir i gcás coiriúil ábalta ceachtar de theangacha oifigiúla an Stáit a thuiscint nó é féin a chur in iúl iontu, ní mór, le riachtanas, d'ateangaire cuícháilithe na himeachtaí a aistriú dó. Ach, ar na forais atá leagtha amach níos déanaí sa bhreithiúnas seo agus a bhaineann le seasamh dhá theanga oifigiúla an Stáit, tá duine atá cúisithe os comhair na cúirte ag ionchúisitheoir poiblí reachtúil i dteideal na himeachtaí a bheith tionólta i cibé de na teangacha oifigiúla a roghnaíonn sé.

      ___________________________________________________________


Dátheangachas.
Ar na cúiseanna atá leagtha amach thíos, is é is éifeacht le hAirteagal 8 den Bhunreacht Éire a bhunú mar Stát dátheangach i gcomhthéacs an Bhunreachta agus na ndlíthe. Is léireasc stairiúil é go raibh drogall ar Éire oifigiúil feidhmiú amhail is gur Stát dátheangach é an Stát go deimhin, sa dlí agus i ngníomh agus i dteoiric bhunreachta chomh maith. Ach ní bhaineann sé sin den fhíric gur Stát dátheangach, lena Bunreacht, í Éire. Tá na Breithiúna, ar ndóigh, faoi cheangal seasamh leis an mBunreacht.

Is príomhshampla é Ceanada de thír, ina labhraíonn formhór na ndaoine Béarla, agus arb é Stát dátheangach i gcomhthéacs a Bhunreachta agus a dhlíthe. Neamhchosúil le hÉirinn, glacadh go dáiríre le stádas dátheangach Cheanada, ní hé sa dlí go díreach acu i ngníomh fosta. Go sonrach ó glacadh 'Canadian Charter of Rights in 1982', is tír é Ceanada atá an-chosúil le hÉirinn i gcomhthéacs dlíthiúil agus tá cinntí a chúirteanna luaite linne ag dlíthe níos mó agus níos mó lena n-áirítear Stát na hÉireann é féin. Féach, mar shampla, C.C. v. Éire [2008] 4 LRI.

Is an-suimiúil é, dá bhrí sin, breathnú ar iarrachtaí iontacha Stát Cheanada le bheith ina Stát dátheangach i ngníomh agus i dteoiric chomh maith fiú i gcodanna den tír nach bhfuil ach fíorbheagán cainteoirí Fraincise, nó nach bhfuil cainteoirí Fraincise ar bith beagnach inti. Toisc, ar ndóigh, nach mór an cás seo a chinneadh i dtéarmaí Bhunreacht agus Dhlíthe na hÉireann, níl lua Cheanada ábhartha go díreach, ach d'fhéadfadh sé a bheith an-áititheach. Ar na cúiseanna, rinne mé, don chuid is mó, cuntas ginearálta an dátheangachais dhlíthiúil agus bhunreachtúil sainordaithe i gCeanada dhícháiliú go hAguisín. Más aon rud eile, déanann sé moladh ar bith go mbeadh sé "impossible" breitheamh Gaeilge a sholáthar a bhréagnú.

Cé gur cuireadh cás an ghearánaí/an achomharcóra i láthair ar líon bealaí neamhspleácha, atá leagtha amach thíos, go bunúsach is cás faoina chearta teanga atá ann.

Is saoránach Éireannach é an gearánaí, cainteoir dúchais Gaeilge agus duine a tógadh agus a fuair a chuid oideachais i nGaeltacht. Tá sé cúisithe faoi láthair as dhá chion choiriúla thromchúiseacha, a rinneadh, mar atá sélíomhnaithe, sa Ghaeltacht agus i gcoinne cónaitheoir Gaeilge eile sa cheantar sin.

Is í an cheist, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an gearánaí i dteideal é féin a chosaint sna himeachtaí coiriúla sin ina theanga dhúchais agus os comhair binse a thuigfidh é go díreach, gan idirshuíomh ateangaire.

      ___________________________________________________________
Amhail formhór thíortha an Iarthair, le fiche nó tríocha bliain anuas, tá Éire anois i bhfad níos éagsúla agus níl sí chomh aonchineálach is a bhí sí. Níl sé chomh aonchineálach i gcomhthéacs teanga, agus ar bhealaí eile chomh maith, is a d'fhéadfadh glúin ár dtuismitheoirí a shamhlú choíche. In 2011, bhí ar an tSeirbhís Chúirteanna ateangaireacht a sholáthar i 6,800 imeacht cúirte ar leith ó sheasca a cúig teanga agus go seasca a cúig teanga, ar mhórán costais. Áirítear ar na teangacha sin, go príomha, Polainnis, Liotuáinis, Rómáinis agus roinnt canúintí Sínise, roinnt díobh nach bhfuil comh-shothuigthe le canúintí eile den teanga chéanna. Fuarthas na figiúirí atá luaite ó Thuarascáil Bhliantúil na Seirbhísí Cúirteanna, 2011, Caibidil 2 faoin gceannteideal “Our Achievements” lch. 15.

Is í an cheist atá ardaithe sa chás seo cibé an bhfuil nó nach bhfuil cainteoir dúchais Gaeilge, atá cúisíodh ag an Ionchúisitheoir Poiblí as cionta coiriúla tromchúiseacha a rinneadh, mar a líomhnaítear, sa Ghaeltacht inar tógadh é, i dteideal na gceart teanga céanna amháin os comhair Chúirteanna na hÉireann is a thugtar do chainteoir Sínise nó teanga Nigéarach, chun samplaí teangacha randamacha a thabhairt. Nó an bhfuil sé, mar a áitíonn sé, i dteideal a theanga dhúchais féin, arb é an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil, a úsáid chun é féin a chosaint os comhair binse a thuigfidh é go díreach sa teanga sin, i dtriail i gCúirt Éireannach a bunaíodh faoi Bhunreacht na hÉireann? Tá ceart dea-thrinsithe ag an duine a thagann isteach sa tír, ar ndóigh, ar imeacht cothrom agus ar chóir chothrom, ráthaithe i ndlí na hÉireann agus i ndlí na hEorpa araon. Ach, ina theannta sin, tá na cearta teanga a thagann as Airteagal 8 ag an achomharcóir. Tá an cás seo faoi an bhfuil fíorbhrí leis na cearta sin nó nach bhfuil.

An Ghaeilge sa Bhunreacht.
Ní braitheann an freagra ar an gceist sin ar thuairim phríobháideach na mBreithiúna ar iarraidh orthu cinneadh a dhéanamh maidir le hinmhianaitheacht nó féidearthacht úsáid fhorleathan na Gaeilge chun críche oifigiúla. Braitheann sé, seachas é sin, ar léirmhíniú na Bunreachta agus ar dhlíthe na hÉireann, a chaithfidh na breithiúna, mar aon leis an reachtas, an feidhmeannas, agus na saoránaigh, iad a ghlacadh mar atá siad. Murar mian le rialtas a bheith faoi cheangal fhocail na Bunreachta mar atá sí a thuilleadh, tá an rialtas sin i seasamh láidir uathúil chun athrú sna focail sin a chur chun cinn. Ach, go dtí sin, ní mór don rialtas cloí le téarmaí na Bunreachta, díreach mar a bhíonn súil aige go gcloífidh an gnáthshaoránach leis an dlí. Dlí ceangailteach is ea an Bunreacht, a chuireann ceangal ar an Rialtas ar an Reachtas an dóigh chéanna a gcuireann sé ceangal ar an saoránach is umhail.

      Foráiltear in Airteagal 4 den Bhunreacht:

        Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland".

      Tá carachtar an Stáit leagtha amach san airteagal seo a leanas:

        “Ireland is a sovereign, independent, democratic State”.

      The position of “The National Language and the Official Languages” is set out at Article 8 of the Constitution, on which the plaintiff in this case particularly relies. Foráiltear ann:

        “(1) The Irish language as the National language is the First Official Language.

        (2) The English language is recognised as a second official language.

        (3) Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de”.

Dlí-Eolaíocht.
Tá an tAirteagal sin, agus an ceann roimhe sin a bhí an-chosúil leis, Airteagal 4 de Bhunreacht 1922 atá leagtha amach thuas, ina ábhar um léiriú breithiúnach ar feadh os cionn ochtó bliain anois. Is leor é chun críche reatha dhá shliocht as an gcorpas mór dlí-eolaíochta sin a lua, ceann amháin ó chás i dtús na tréimhse, agus ceann eile i gcás ó dheireadh na tréimhse sin.

In Ó Foghludha v. McLean [1934] IR 469, dúirt Ó Dálaigh P.B:

      “… the State is bound to do everything within its sphere of action… to establish and maintain [the Irish language] in its status as the National language”.
agus tamall ina dhiaidh sin:
      “None of the organs of the State legislative, executive or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provision of Article 4”.
In Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279, rinneadh achoimre ar stádas bunreachtúil na Gaeilge mar a leanas:
      “… the Irish language which is a National language and, at the same time, the first official language of the State cannot (at least in the absence of a law of the sort envisaged by Article 8.3) be excluded from any part of the public discourse of the Nation or the official business of the State or any of its emanations. Nor can it be treated less favourably in these contexts than the second official language. Nor can those who are competent and desirous of using it as a means of expression or communication be precluded from or disadvantaged in doing so in any national or official context”.
Tá sé an-tábhachtach sa chás seo nár chuir cosantóirí an Stáit dúshlán i leith na dlí-eolaíochta sin nó nár lorg siad imeacht uaidh. Ina áit sin, ina n-aighneachtaí scríofa, glacadh siad go sonrach le húdaráis.

Dá bhrí sin rinneadh Éire a bhunú mar thír ina bhfuil dhá theanga oifigiúla, an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil agus an dara príomhtheanga oifigiúil. Dá bhrí sin tá sí bunaithe go dlíthiúil mar thír dhátheangach. Rinneadh é sin, ar dtús i 1922 agus ansin i 1937. I ngach cás, bhí na forálacha teanga i mBunreachtanna leantacha d'Éirinn neamhspleách ina n-athrú ollmhór ón staid a fuarthas faoi Riail na Breataine, roimh 1922. I gcás tábhachtach teanga faoin seanchóras rinne cúirteanna na hÉireann an moladh go raibh Éire ina tír dhátheangach a dhiúltú go habsalóideach i dtéarmaí láidre. Measaim go bhfuil sé tábhachtach do thuiscint na forála bunreachtúla a chúlra stairiúil a bhreathnú, agus d'fhéadfadh sé a bheith inchiallaithe ar bhealaí eile chomh maith.

Cás an ghearánaí.
Tá éirim chás an ghearánaí/an achomharcóra follasach ó na sleachta ón mBunreacht thuasluaite: braitheann sé orthu ina ngnáthchiaill agus ina gciall nádúrtha. Ní shéanann na freagróirí Stáit gnáthchiall agus ciall nádúrtha na bhforálacha bunreachtúla sin. Ina ionad sin, dúirt siad nach féidir na forálacha sin a léiriú mar an ngearánaí a chur i dteideal Binse Fíorais (giúiré) a thuigfidh é go díreach toisc go mbeadh sé indéanta i ngníomh giúiré dá leithéid a fháil. Is é sin aighneacht shollúnta an Stáit i ndiaidh nócha bliain - trí nó cheithre ghlúin iomlána - d'oideachas Stáit agus an Ghaeilge mar ábhar éigeantach, ar feadh oideachas gach linbh bunscoile agus meánscoile, agus i gcomhair iontrála i gcóras Ollscoile Náisiúnta an Stáit.

Dúirt na hÚdaráis fosta, go measartha neamhspleách, gur dearbhaíodh sna cásanna a cinneadh ar triail le giúiré nach mór giúiré a roghnú trí phróiseas randamach agus ní cheadaítear sa reachtaíocht trína rialaítear an próiseas seo go gcuirfí scrúdú ar bith i bhfeidhm, cibé acu bunaithe ar sheilbh maoine, nó gnóthú caighdeán oideachais ar leith ar bith, nó cumas teanga, cibé acu i mBéarla nó i dteanga ar bith eile.

Géilleann an Stát go bhféadfaí, faoi na forálacha reachtúla reatha, giúiré ceantair a bhunú, sa mhórcheantar Gaeltachta ina bhfuil sé líomhnaithe gur tharla an cion seo, a bheadh chomh ábalta giúiré inniúil sa Ghaeilge a chur ar fáil is a bheadh na ceantair ghiúiré reatha ábalta giúiré sa Bhéarla a chur ar fáil. Ach, dúirt siad, tá an chumhacht chun é sin a dhéanamh dílsithe i rogha absalóideach an Aire Dlí agus Cirt agus ní mheasann sé gur cuí é sin a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh iallach air, nó níor cheart iallach a chur air, an chumhacht seo a fheidhmiú ar dhóigh ar leith ar bith, a dúirt cosantóirí an Stáit.

Is é sin cás na nÚdarás mar a áitíodh é sna haighneachtaí scríofa agus béil maidir leis an Achomharc seo. Tá sé tábhachtach, ag féachaint d'fhorbairtí ina dhiaidh sin, a shonrú nach ndearna údaráis an Stáit iarracht ar bith a áitiú gur cheart don Chúirt imeacht ó léiriú Airteagal 8 den Bhunreacht le fáil sna cásanna a cinneadh ó Ó Foghluadha go Ó Beoláin. Go sonrach ní dhearnadh iarracht ar bith a áitiú nach raibh á iarraidh san Airteagal sin ar an stát go díreach ach “seek to encourage the use of the Irish language” chun áitiú a dhéanamh maidir le léamh ar bith eile a bhí chomh éiginnte agus chomh mianaidhme go díreach.

Cúlra fíorasach.
Is cainteoir dúchais Gaeilge é an t-achomharcóir, Peadar Ó Maicín, a bhfuil Gaeilge á labhairt aige ón lá ar thosaigh sé ag caint. Cé gur rugadh i mBaile Átha Cliath é, tógadh é ó bhí sé ina naíonán i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara, fuair sé a chuid oideachais ansin agus ní raibh cumas an Bhéarla aige go dtí go raibh sé ina dhéagóir.

Tá an tUasal Ó Maicín os comhair Chúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe cúisithe mar a leanas:

      (1) “That on the 28th May 2008 at Beal An Daingean, Liter Móir, in the District Court area of Doire An Fhéich, District No. 7, he assaulted Martin Whelan causing him harm, contrary to s.3 of the Non-Fatal Offences Against the Person Act 1997

      agus

      (2) on the 28th May, 2008 at Beal An Daingean, Liter Móir, Galway within the said District Court area of Doire An Fhéich, District No. 7 he did while committing an assault on Martin Whelan in the course of a fight produce in a manner likely unlawfully to intimidate another person an article capable of inflicting serious injury, towit, a broken whiskey bottle, contrary to s.11 Firearms and Offensive Weapons Act, 1990.”

Forchuirtear pianbhreith de chúig bliana príosúnachta ar a mhéad le gach ceann de na cionta sin.

Tá sé líomhnaithe ag an ionchúiseamh gurbh é i gcroílár Ghaeltacht agus i gContae na Gaillimhe a tharla na cionta sin. Níl díospóid ar bith ann gur "Fíor-Ghaeltacht" í (fíor-Ghaeltacht nó Gaeltacht cheart).

An Ghaeltacht sa Dlí.
In Dictionary of Irish Law (ar líne) sainítear "Gaeltacht" i ndlí na hÉireann mar:

      “[Irish speaking district] an area designated as an area for the preservation and usage of the Irish language as the vernacular language.”
Le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, rinneadh foráil i leith limistéir Ghaeltachta a chruthú, agus tá na sonraí maidir leo le cuimsiú in orduithe reachtúla a rinneadh faoin Acht.

In alt 2 sonraíodh an méid seo a leanas:

      “2(1) For the purposes of this Act the Gaeltacht shall comprise the areas for the time being determined to be Gaeltacht areas by order under this section.

      (2) The government may from time to time by order determine to be Gaeltacht specified areas, being substantially Irish-speaking areas and areas contiguous thereto which, in the opinion of the Government, ought to be included in the Gaeltacht with a view to preserving and extending the use of Irish as vernacular language.”

San Ordú Limistéar Gaeltachta 1956 (I.R. 245 de 1956) leagtar amach an limistéar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe, á shainiú trí thoghranna nó trí chodanna de thoghranna, agus le chéile comhdhéanann siad an Ghaeltacht. I gcás Gaeltachta ar bith tá líon ollmhór ranna dá leithéidí inti, agus na cinn a bhaineann leis an gceann ábhartha leagtha amach thíos. Tá sé soiléir go bhfuil an áit faoinar dúradh gur tharla na cionta líomhnaithe thuas inti laistigh den Ghaeltacht faoi mar atá sainithe go dlíthiúil i nDlí Reachtach an Stáit.

Is iad seo a leanas na toghranna arb éard iad agus Gaeltacht Chonamara. Tá an liosta tugtha ón Sceideal leis an Ionstraim Reachtúil dá dtagraítear thuas.

I.R. 245 de 1956:

AN tORDÚ LIMISTÉAR GAELTACHTA, 1956
In alt 2 foráiltear.

      “2. The district electoral divisions and parts of district electoral divisions specified in the Schedule to this Order are hereby determined to be Gaeltacht areas for the purposes of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956).”

      The Schedule provides:

      “COUNTY OF GALWAY.

      1. The District Electoral Divisions of Owengowla, Claregalway, Camus, Carnmore, Carrowbrowne, Killannin, Kilcummin (Galway), Kilcummin (Oughterard), Knockboy, Cong, Cur, Crumpaun, Annaghdown (Galway), Cloonbur, Furbogh, Gorumna, Inishmore (Aran Islands), Lettermore, Moycullen, Ross, Selerna, Skannive, Slieveaneena, Spiddle, Turlough and Illion.

      2.—(1) That part of the District Electoral Division of Ballintemple comprised in the Townlands of Ballygarraun and Pollkeen.

      (2) That part of the District Electoral Division of Barna comprised in the Townlands of Ahaglugger, Oddacres, Aille, Aubwee, Attyshonock, Ballard West, Ballard East, Newvillage, Ballynahown East, Brownville, Ballyburke, Ballymoneen West, Ballymoneen East, Barna, Boleybeg West, Boleybeg East, Boleynashruhaun, Cappagh, Cloghscoltia, Cloonagower, Oranhill, Knockaunnacarragh, Kimmeenmore, Corboley (Lynch), Corboley (Morgan). Corcullen, Drum West, Drum East, Forramoyle West, Forramoyle East, Seapoint, Gortnalecka, Lacklea, Lenabower, Lenarevagh, Kisheenakeeran, Loughinch, Pollagh, Rusheen, Freeport, Shanballyduff Shangort, Tonabrocky, Trusky West and Trusky East.

      (3) That part of the District Electoral Division of Bencorr comprised in the Townlands of Barnanang, Barnanoraun, Derryadd West, Derrynavglaun, Emlaghdauroe, Finnisglin, Gleninagh, Glencoaghan, Lettershea, Lettery and Luggatarriff.

      (4) That part of the District Electoral Division of Roundstone comprised in the Townlands of Inishnee Island, Errisbeg West and Errisbeg East.

      (5) That part of the District Electoral Division of Galway Rural comprised n the Townlands of Castlegar, Menlough and Parkmore.

      (6) That part of the District Electoral Division of Galway North Urban bounded on the South-East by Terryland River, on the South-West by the River Corrib and on the North by the boundary of Galway Urban District.

      (7) That part of the District Electoral Division of Lackaghbeg comprised in the Townlands of Kiltroge and Crusheeny.

      (8) That part of the District Electoral Division of Letterbrickaun comprised in the Townlands of Bunnasviskaun, Poundcartron, Knockaunbaun, Derreen, Griggins, Lee, Munterowen Middle, Munterowen West and Munterowen East.

      (9) That part of the District Electoral Division of Lisheenavalla comprised in the Townland of Carnmore East.

      (10) That part of the District Electoral Division of Moyrus comprised in the Townlands of Doonreaghan, Garroman, Lehanagh South, Lissoughter and Tawnaghmore.

      (11) That part of the District Electoral Division of Tullyokyne comprised in the Townlands of Ballydotia, Carrowlustraun, Cloonnabinnia, Knockshanbally, Killarainy, Drummaveg, Gortachalla, Gortyloughlin, Leagaun and Tullokyne.”

      _________________________________________________________

Leantar de na teorainneacha roimhe sin in Acht na Gaeltachta, ina ndéantar foráil ag a.6:
      “‘Gaeltacht area’ means an area that was before the passing of this Act determined to be a Gaeltacht area by order made under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act 1956 and continued to be such an area by section 7(1)”.
Go deimhin, is sampla é Acht 2012, den bheartas an-ait a leanfar de corruair i línitheoireacht reachtúil in Éirinn. In Alt 5 d'Acht 2012 aisghairtear alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 agus aisghairtear an tOrdú Limistéar Gaeltachta 1956 a luadh thuas, mar aon le horduithe Limistéar Gaeltachta eile ann chomh maith. Tá na haisghairmeacha sin déanta le hAilt i gCuid 1 den Acht, áfach, agus is dealraitheach nach ndearnadh aon Ordú um Thosach Feidhme maidir leis an gcuid sin, nó ceann ar bith de na hAilt ina gcomhdhéantar é.

Fiú sa chás gur tosaíodh na hAilt sin, beidh an status quo ante coimeádta le halt 7 d'Acht 2012 ina bhforáiltear mar a leanas:

      “7(1) An area that was, before the commencement of this Section, determined by order made under s.2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act 1956 to be a Gaeltacht area shall, notwithstanding the repeal of that Section by s.5(1) continue to be a Gaeltacht area.”
D'fhéadfadh a lán daoine a cheapadh gurb é sin bealach an-chasta ar fad lena chinntiú, in ainneoin na n-aisghairmeacha éagsúla, nach bhfuil aon athrú déanta go deimhin.
      ___________________________________________________________
Deir an t-achomharcóir nach raibh sé ciontach as na cionta a cúisíodh ina leith agus go bhfuil sé beartaithe aige pléadáil neamhchiontach a dhéanamh agus an cás a chosaint. Tá sé beartaithe aige agus is mian leis “prepare, arrange, administer and conduct his defence” i nGaeilge. Dúirt sé go gcreideann sé gurb é sin a cheart bunreachta agus gur mian leis é sin a dhéanamh ar an mbonn sin agus ar an mbonn gurb í an Ghaeilge an teanga Náisiúnta agus gurb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit agus a theanga dhúchais féin, a d'úsáidfeadh sé go nádúrtha i ngnó a bheadh an-tábhachtach dó. Is mian leis go dtuigfidh an binse a thriailfidh é, ar Cúirt í a bunaíodh faoi Bhunreacht na hÉireann, ina mbunaítear an Ghaeilge mar an teanga náisiúnta agus mar an bpríomhtheanga chomh maith, go díreach sa teanga sin.

De bhreis air sin, deir sé go mbeidh sé faoi mhíbhuntáiste dá mbeadh air a chás a dhéanamh trí ateangaire chun tairbhe baill ghiúiré nach dtuigfeadh nó b'fhéidir nach dtuigfeadh siad an Ghaeilge, in ionad labhairt le giúiré go díreach ina theanga dhúchais. Aontaíonn an t-achomharcóir go mbeidh cead aige a chás a dhéanamh ina theanga féin ach deir sé, mar gheall gur diúltaíodh giúiré a thuigeann an Ghaeilge a chur ar fáil dó ní hamháin go mbeidh sé sin ina mhíbhuntáiste dó ach go mbeidh sé “treated as a foreigner in his own country rather than as a person who speaks the first official language of the State”.

Níl sé sonraithe ag an ionchúisitheoir, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, cén ceann de na teangacha oifigiúla ina stiúrfar an cás ionchúisimh. Deir an t-achomharcóir, áfach, agus ionadaíocht á déanamh don ionchúiseamh os comhair na Cúirte trialach gurbh é i mBéarla a bhí a n-ionadaithe ag labhairt gach uair go dtí seo.

Ar éisteacht an iarratais sa Chúirt trialach maidir le cearta teanga an iarratasóra, ar a gcuirfear síos anois, stiúradh cás an ionchúisimh i mBéarla agus cás na cosanta i nGaeilge. D'éist an tOnórach, an Breitheamh Groarke (mar a thugtaí air an t-am sin; agus anois, an tUasal Onórach, an Breitheamh Groarke,Uachtarán na Cúirte Cuarda), le cuidiú ateangaire. Dúirt an t-iarratasóir, gan fhrithrá, go raibh caighdeán na hateangaireachta an tráth sin an-lag agus go raibh ar abhcóide na cosanta (a bhfuil an dá theanga aige) cuidiú leis an ateangaire go minic. Deir sé má bhíonn caighdeán na hateangaireachta mar sin arís ag an triail tabharfar léirmhíniú lag don ghiúiré ar an gcás agus beidh sé faoi mhíbhuntáiste suntasach agus nach gcaithfear leis go cóir.

Iarratas chun na Cúirte Cuarda.
An 23 Márta, 2009, scríobh aturnae an achomharcóra chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus leagan oifigiúil Gaeilge á lorg aige de Leabhar na Fianaise. Scríobhadh an litir díreach roimh chéad liostáil an cháis i gCúirt Chuarda na Gaillimhe. Dúradh sa litir chomh maith:

      “We note the custom of the prosecutor to prosecute in English [anyone] who chooses to undertake his or her defence through English.

      For our client to receive a fair and just trial in comparison to those who are satisfied with using English for this purpose, it is necessary, in all cases, that the prosecutor has a knowledge of the Irish language and that the prosecution is conducted against him in Irish with, of course, permission granted to each witness to give evidence in whatever language they wish: in Irish or in English or in another language should they not have sufficient Irish or English.”

Tá an friotal sa litir seo mar a luaite thuas measartha ait in áiteanna, toisc gur aistriú díreach é ar an mbunlitir i nGaeilge de réir cosúlachta.

Shonraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Chúirt Choiriúil Chuarda an 29 Bealtaine 2009 go raibh sé sásta Leabhar na Fianaise a chur ar fáil don chosantóir i nGaeilge.

Chuaigh an t-iarratasóir ar aghaidh ansin chun iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda i gcomhair:

      (1) Ordú go rachadh an triail ar aghaidh le giúiré dátheangach .i. giúiré a thuigeann ceisteanna, aighneachtaí agus fianaise i nGaeilge gan gá a bheith le hateangaire agus

      (2) Aistriúchán oifigiúil ar Rialacha na Cúirte.

Ba é sin iarratas a rinneadh leis an gCúirt Chuarda ar bhealach ilchasta, le haighneachtaí forleathana i scríbhinn. Lorg an t-iarratasóir ordú fosta chun fianaise a thaifeadadh sa teanga ina thugtar í, seachas an t-aistriúchán uirthi.

I ndiaidh éisteacht an iarratais sin shonraigh Breitheamh saoithiúil na Cúirte Cuarda go n-éistfí an triail os comhair breithimh dhátheangaigh agus go ndéanfaí an fhianaise a thaifeadadh sa teanga ina dtabharfar í, ach dhiúltaigh sé an t-iarratas ar ghiúiré dátheangach. Rinne sé amhlaidh ar an mbonn go mbeadh gá le himscrúdú a sheoladh chun giúiré dá leithéid a chur ar fáil lena dhearbhú go raibh baill aonair phainéal an ghiúiré dátheangach iarbhír agus nach raibh imscrúdú den sórt sin ceadaithe.

Agus ordú á dhéanamh aige go mbeadh an breitheamh a bheadh i gceannas ag an triail ábalta Gaeilge a labhairt dúirt an Breitheamh Groarke go ndearna sé amhlaidh toisc gur féidir le léirmhíniú “a bheith lag” agus chun go ndéanfaí cearta an chúisí a chosaint, agus go “mbeifí ábalta gach nath cainte agus gach cor cainte a thuiscint”. Dúirt breitheamh saoithiúil na Cúirte Cuarda fosta nach raibh dainséar ar bith ann nach bhfaigheadh an t-iarratasóir triail chóir agus dúirt sé chomh maith toisc gur rud é go ndéantar an fhianaise uile sa chúirt a thaifeadadh go leictreonach go ndéanfaí an fhianaise a thaifeadadh i cibé teanga ina dtabharfar í.

Tá an chuma ann gur duine as an nGaeltacht agus cainteoir Gaeilge é an gearánaí sa chás seo, an páirtí díobhálaithe líomhnaithe, chomh maith.

Athbhreithniú Breithiúnach.
I ndiaidh an iarratais ar a cuireadh síos thuas sa Chúirt Chuarda i nGaillimh rinne an t-iarratasóir iarratas leis an Ard-Chúirt chun cead a fháil le hathbhreithniú breithiúnach a iarraidh. Rinneadh é sin an 13 Iúil, 2009. Tugadh cead don achomharcóir chun na faoisimh seo a leanas a iarraidh:

      (1) Dearbhú go mbeadh giúiré dátheangach .i. giúiré a thuigfeadh fianaise a thabharfar i nGaeilge agus i mBéarla gan cuidiú ateangaire, ó Chontae na Gaillimhe, ina ghiúiré bunreachtúil.

      (2) Dearbhú go bhfuil an t-achomharcóir i dteideal trialach os comhair giúiré dhátheangaigh a thuigfeadh fianaise a thabharfar i nGaeilge agus i mBéarla gan cuidiú ateangaire.

      (3) Ordú certiorari lena gcuirtear an cinneadh a rinne an tUasal Onórach, an Breitheamh Groarke (a bhfuil a ábhair leagtha amach thuas) ar neamhní.

      (4) Ordú ina n-ordaítear ar an Aire gach beart riachtanach agus/nó áisiúil a dhéanamh chun triail os comhair giúiré dhátheangaigh a chinntiú agus a éascú don iarratasóir, lena n-áirítear ceantar giúiré úr i gContae na Gaillimhe de bhun alt 5 d'Acht na nGiúiréithe, 1976 agus/nó toghairm giúiré úr a chruthú de bhun alt 12 den Acht sin.

      (5) Dearbhú go bhfuil an chéad, dara agus tríú freagróir faoi oibleagáid bhunreachtúil aistriúchán oifigiúil a sholáthar i bpríomhtheanga oifigiúil Rialacha reatha na Cúirte Cuarda (I.R. Uimh. 510 de 2001) mar aon lena leasuithe, agus mar aon leis na leasuithe ar ordú 86 de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha; Rialacha na Cúirte Achomhairc Coiriúla agus go bhfuil siad faoi oibleagáid gach ceann dóibh sin a eisiúint agus a sholáthar don phobal i gcoitinne lena n-áirítear an t-iarratasóir ar théarmaí a bheidh chomh buntáisteach céanna leis na téarmaí faoinar eisíodh agus faoina eisítear agus faoinár soláthraíodh agus faoina soláthraítear an teanga oifigiúil Bhéarla.

      (6) Ordú Mandamus ina n-ordaítear ar an gcéad agus dara freagróir agus/nó an tríú freagróir aistriúchán oifigiúil a sholáthar i bpríomhtheanga oifigiúil Rialacha reatha na Cúirte Cuarda mar aon lena leasuithe [agus na doiciméid eile arna lua thuas].

      (7) Teanntóg lena gcuirtear cosc ar an Stiúrthóir ó dhul ar aghaidh leis an gcás i gcoinne an achomharcóra go dtí go tabharfar imeachtaí an athbhreithnithe bhreithiúnaigh chun críche.


Stádas na Gaeilge (2).
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 8 den Bhunreacht:
      “(1) The Irish language as the National language is the first official language.

      (2) The English language is recognised as a second official language.

      (3) Féadfar foráil a dhéanamh, áfach, le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga, le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla, ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de”.

Feictear, dá bhrí sin, go dtugtar staid speisialta, uathúil agus ríthábhachtach don Ghaeilge sa Bhunreacht, faoi mar a rinneadh i mBunreacht Shaorstát Éireann 1922.

Sular glacadh an Bunreacht reatha, rinneadh foráil in Airteagal 4 de Bhunreacht an Saorstáit i leith:

      “The National language of the Irish Free State is the Irish language, but the English language shall be equally recognised as an official language. Nothing in this article shall prevent special provisions being made by the Parliament of the Irish Free State for districts or areas in which only one language is in general use”.
Is fiú a thabhairt faoi deara nach ndearnadh dlí den sórt sin mar atá sé beartaithe san abairt dheireanach in Airteagal 8, agus san abairt dheireanach san Airteagal roimhe sin a achtú. Is í tuairim scolártha maidir leis na forálacha sin i leith úsáid eisiach teanga amháin gur achtaíodh iad "chun foráil a dhéanamh i leith tarlú iontráil Thuaisceart Éireann isteach sa Stát. Féach e.g. Kohn: The Constitution of the Irish Free Stat (Londain, 1932) ag 124.

Ach cibé cén chúis le cuimsiú na bhforálacha sin, is léir é go bhfuil sé oscailte do Dháil Éireann a achtú, agus don Rialtas a mholadh, nach ndéanfaí ach ceann amháin de na teangacha oifigiúla a úsáid go díreach ar fud an Stáit nó in aon chuid den Stát. Ní dhearnadh é sin riamh. Feictear domsa, áfach, gur trí dhlí den chineál atá beartaithe in Airteagal 8.3. amháin a fhéadfar toirmeasc a chur ar dhuine ó úsáid na Gaeilge, mar theanga ina bhfuil sé ábalta labhairt agus ina bhfuiltear ábalta é a thuiscint, i nós imeachta chomh sollúnta, chomh gnáth-oifigiúil, agus chomh lárnach do nádúr an Stáit féin, mar thriail os comhair giúiré i gcúirt a bunaíodh faoin mBunreacht, maidir le cion líomhnaithe i gcoinne Gaeilgeora sa Ghaeltacht. Is é sin go díreach á bhfuil an cás seo faoi. Tá an fócas caol lárnach don chás.

      _________________________________________________________
Maidir leis an reachtaíocht, tá sé beartaithe sa scéim bhunreachtúil atá leagtha amach in Airteagail 20 agus 25 go gcuirfidh an Taoiseach Bille (seachas bille a chuirtear in iúl mar Bhille ina bhfuil moladh maidir leis an mBunreacht a leasú) a rith dhá Theach an Oireachtais nó a bhfuil sé measta gur rith siad é i láthair an Uachtaráin lena shíniú agus lena fhógairt mar dhlí. Foráiltear mar a leanas in Airteagal 25.4.3 agus 4:
      “(3) Every bill shall be signed by the President in the text in which it was passed or deemed to have been passed by both Houses of the Oireachtas, and if a bill is so passed or deemed to have been passed in both the official languages, the President shall sign the text of the Bill in each of those languages.

      (4) Where the President signs the text of a bill in one only of the official languages, an official translation shall be issued in the other official language”.

Feictear ón méid roimhe seo go bhfuil sé beartaithe sa Bhunreacht go mbeidh dlí reachtach an Stáit ar fáil go cothrom i ngach teanga. Is í an chúis is follasaí ina leith sin cinntiúchán a chur san áireamh maidir le cad atá dlíthiúil, agus cad nach bhfuil dlíthiúil agus aighneachtaí i nGaeilge i gCúirteanna na hÉireann a éascú.
      __________________________________________________________
Is é caitheamh breithiúnach Kennedy P.B an chéad chaitheamh breithiúnach suntasach maidir le stádas bunreachtúla na Gaeilge go ginearálta in Ó Foghludha v. McLean [1934] IR 469. An tráth a rinneadh an breithiúnas sin a sheachadadh ba é an fhoráil bhunreachtúil ábhartha ná foráil Bhunreacht an Saorstáit, arna lua thuas. In Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279, ar leathanach 338 shonraigh mé go bhfuil feidhm ag focail Kennedy P.B. maidir le hAirteagal 8 den Bhunreacht reatha chomh maith. Ar an leathanach sin, leag mé amach sliocht fada ó bhreithiúnas an Phríomh-Bhreithimh Kennedy le faomhadh ómósach. Déanaim athrá ar an bhfaomhadh sin anseo, gan a cheapadh gur gá an t-ábhar céanna sa bhreithiúnas sin a lua arís.

Tá an chuma ann go bhfuil breithiúnas Kennedy P.B. an-ábhartha maidir lena bhfuil a rá ann faoi bhrí ainmniú na Gaeilge mar theanga Náisiúnta:

      “The declaration by the Constitution that the National language of the Saorstát is the Irish language does not mean the Irish language, is or was at that historical moment, universally spoken by the People of the Saorstát, which would be untrue in fact, but it did mean that it is the historic distinctive speech of the Irish people, that it is to rank as such in the Nation, and, by implication, that the State is bound to do everything within its sphere of action… to establish and maintain it in its status as the National language. There is no doubt in my mind, but that the term ‘National’ in the Article is wider than, but includes, ‘official’, in which respect only the English language is accorded constitutional equality. None of the organs of the State legislative executive or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provision of Article 4.” (Béim curtha leis)
Sna seachtó a naoi bliain ó labhair Kennedy P.B. na focail sin, ní dhearnadh iad a aisiompú nó ní rabhthas in amhras fúthu choíche. Níor iarradh ar an gCúirt imeacht uathu sa chás seo. Is gné riachtanach é sin chomh maith.

Aontaím le raibh a rá ag Kennedy P.B. agus breathnaím ar chodanna de, go háirithe, chun ábharthacht dhíreach a bheith aige leis an gcás reatha. Go sonrach, creidim go raibh an iar-Phríomh-Bhreitheamh ceart ag sonrú gurb í an Ghaeilge an teanga Náisiúnta, ní hé toisc go raibh a húsáid uilechoiteann iarbhír, ach toisc gur ghlac na Daoine léi go héasca, d'aon turas agus go sainráite mar Theanga Náisiúnta mar sin in dhá Bhunreacht as a chéile. Níl amhras ar bith ann go ndearnadh an glacadh sin ar na cúiseanna arna n-achoimriú ag Kennedy P.B. sa sliocht a luadh, ach tá sé ó dhíospóid gurbh í an Ghaeilge a glacadh iarbhír mar an teanga Náisiúnta. Eascraíonn an stádas mar an bpríomhtheanga oifigiúil óna stádas mar an teanga Náisiúnta. Tá sé sin déanta an-soiléir in Airteagal 8 den Bhunreacht tríd an úsáid den fhocail "Ós". Leis an bhfocal mínitheach nó an focal lena dtugtar cúis seo léirítear gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga ós rud é, nó toisc, gurb í an teanga Náisiúnta.

Feictear domsa go bhfuil sé suntasach go bhfuil an teanga bunaithe de réir an bhunreachta mar an teanga Náisiúnta agus mar an "bPríomhtheanga Oifigiúil" araon. D'fhéadfadh sé go raibh sé bunaithe mar an "Teanga Náisiúnta" go díreach, ag leagan síos (mar atá sé san India) ag an am céanna gur cheart gnó na Parlaiminte Náisiúnta, agus na gCúirteanna Dlí, a stiúradh i mBéarla. Ach ní dhearnadh é sin: Bunaíodh an Ghaeilge mar an Teanga Náisiúnta agus an Príomhtheanga Náisiúnta araon.

Ag an am céanna, aithníodh an Béarla a bhí agus atá mar theanga choiteann fhormhór na nDaoine “as a second official language". Níl sé de bhuairt ag an ngearánaí/an achomharcóir sna himeachtaí sin srian a chur ar cheart shaoránaigh an Bhéarla ó a ngnó a stiúradh leis an Stát sa teanga sin, mar shampla chun iad féin a chosaint in imeachtaí cúirte i mBéarla agus go tuigfeadh Binse Fíorais iad go díreach agus é sin á dhéanamh. Go deimhin, fógraíonn sé an ceart sin. Áitíonn sé a cheartsan chomh cothrom céanna chun na rudaí ceanann céanna sin a dhéanamh i nGaeilge agus braitheann sé maidir leis sin ar cad atá ráite i an gCúirt seo in Ó Beoláin v. Fahy maidir leis an nGaeilge, “cannot… be excluded from any part of the public discourse of the Nation or the official business of the State or any of its emanation”.

      ___________________________________________________________

Difríocht Shuntasach.
Sa chás seo tá an-mhí-ádh go bhfuil mo thuairim difriúil ó thuairim mo chomhghleacaí, an tUasal Breitheamh Clarke. Chun meas cuibhiúil a bheith ar intleacht thuairimí léitheoirí na mbreithiúnas sin is gá bonn beacht na difríochta sin a shainaithint.

Ní bhaineann an dibhéirseacht idir mo chur chuige agus cur chuige an Uasail Breithimh Clarke ach go páirteach le stádas bunreachtúil agus dlíthiúil na Gaeilge.

Go díreach seachas sin, agus níos bunasaí b'fhéidir, baineann sé leis na teicníochtaí agus na prionsabail a bhaineann le léirmhíniú an Bhunreachta é féin, agus de réiteach na dlíthíochta bunreachtúla trí bhreithniú a dhéanamh idir áitiú na páirtithe, seachas trí réiteach nach raibh suim ag ceachtar páirtí argóint a dhéanamh ina choinne a fhorchur. I réiteach den sórt sin ní mór, ar ndóigh, dlí-eolaíocht bunaithe na Cúirte seo a chur san áireamh, agus gan dul ar aghaidh amhail is go raibh an cheist res integra. Go deimhin tá corpas dea-bhunaithe cásdlí ann atá soiléir, dearfach agus sainiúil ar ábhar dhualgais an Stáit a thagann ó Airteagal 8 den Bhunreacht. Níor iarr ceachtar páirtí ar an gCúirt seo imeacht uaidh.

Tá sé tábhachtach a shonraigh gur fhreastail cosantóirí an Stáit ar an gcás seo ar bhealach teoranta agus srianta. Níor iarr siad go gcuirfí an dlí-eolaíocht atá ann cheana ar leataobh; ina áit sin, ghlac siad leis. Ag mír 25 dá n-aighneachtaí scríofa deir siad:

      “We accept of course what is contained in Article 8 of the Constitution of Ireland, where it states that the Irish language as the national language is the first official language. We also accept the definition given by the Superior Courts of that Article and therefore rights of people to carry out their official business (including court proceedings) through Irish if they so wish.”
It is trite law to observe that “a point not argued is a point not decided”.

Toisc, áfach, go gceapaim go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an seanrá seo sa chás reatha sa chás go dtéann ceann de na breithiúnais thar aon rud atá áitithe ag páirtí ar bith ina leith, molaim údarás a lua le haghaidh ceiste atá chomh bunúsach sin, i ngnáthghnóthaí, nach gá lua den sórt sin ina leith ná baol air. In An Stát (Quinn) v. Ryan [1965] IR 70, ag lch.120, dúirt. Ó Dálaigh P.B:

      “It requires to be said that a point not argued is a point not decided; and this doctrine goes for constitutional cases (other than Bills referred under Article 26 of the Constitution and then by reason only of a specific provision) as well as for non-constitutional cases.”
Tá mé buartha nár áitigh cosantóirí an Stáit i leith cuid áirithe den na torthaí ar a bhfuil mé chun aird a tharraingt orthu nó níor thug siad tacaíocht dóibh ar dhóigh ar bith. Táim buartha go ndéanfaidh éifeacht chonclúidí mo chomhghleacaí stádas dea-bhunaithe dlíthiúil agus bhunreachtúil na Gaeilge, agus cearta cainteoirí Gaeilge a chaolú, a "write down" go hainscianta go ginearálta, i gcás nár iarr ceachtar páirtí é sin. Agus déantar amhlaidh gan easaontú go follasach ó na cásanna atáthar chun lua, agus gan iarraidh nó gan argóint.

Tá buairt faoi leith orm chomh maith go ndéanfaidh éifeacht bhreithiúnas mo chomhghleacaí an bonn a bhaint ó dhátheangachas bunreachtúil agus dlíthiúil Stát na hÉireann.

Fáiltím, ar ndóigh, deachtanna áirthe de chuid an Uasail Breithimh Clarke amhail a fhógairt, i mír 3.5 dá bhreithiúnas:

      “That the State has a constitutional obligation to respect the language wished of a citizen who wishes to use Irish in their communications with the State or its agencies, cannot be doubted”.
Cosúil leis sin, ag mír 3.7, tá sé ráite ag mo chomhghleacaí saoithiúil:
      “It follows that those wishing to conduct official business in Irish do have a right, derived from the constitutional status of the Irish language, to have their business conducted in Irish”.
Níl na deachtanna thuasluaite ina gcúis imní iontu féin, cé go bhfuil an chéad cheann díobh go hiomlán doiléir agus leantar an dara ceann díobh láithreach le "However...". Ach déantar iad cháiliú as a bheith ann láithreach. Dealraíonn sé domsa go bhfuil na cáilíochtaí sin sách neamhréireach le príomhdheachtanna na dlí-eolaíochta bunaithe, atá luaite thuas. Mar shampla, smaoinigh ar dheacht seachtó a naoi bliain d'aois an Phríomh-Bhreithimh Kennedy in Ó Foghludha v. McLean [1934] IR 469:
      “None of the organs of the State, legislative, executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State without offending against the [Constitution].”
D'fhógair an Príomh-Bhreitheamh Kennedy chomh maith:
      “… that the State is bound to do everything within its sphere of action… to establish and maintain (the Irish language) in its status as the national language and to recognise it for all official purposes as the national language.”
Ar ndóigh, tagann sé sin chuig an gconclúid, faoi mar a cuireadh in iúl é in O Beoláin v. Fahy, atá luaite thuas:
      “… the Irish language which is the national language… cannot… be excluded from any part of the public discourse of the Nation, or the official business of the State or any of its emanations. Nor can it be treated less favourably in these contexts than the second official language.”
Ní fheicim go bhfuil teanga agus conclúidí na gcásanna sin léirithe ar dhóigh ar bith i mbreithiúnas mo chomhghleacaí shaoithiúil. Ina áit sin, a luaithe is a dhéantar na ráitis láidre atá luaite thuas, déantar iad a cháiliú láithreach, as a bheith ann beagnach. Dá bhrí sin, ag tús báire an bhreithiúnais, ag mír 1.1, dearbhaítear:
      Some significant obligations lie on the State deriving from the special status accorded to Irish” agus

      “That those who wish to conduct their business, particularly with the State, in Irish enjoy certain language rights equally cannot be doubted.”

Sa sliocht seo, feictear domsa i gcead dó, go dtugtar doiléire agus easpa ábhair isteach i stádas beacht na Gaeilge agus i gcearta beachta iad siúd ar mian leo í a úsáid:
      (a) is caolú ollmhór agus scríobh síos sonrach é ar an stádas sin agus ar na cearta sin mar a bunaíodh iad sa dlí-eolaíocht reatha atá achoimrithe sa dá chás a luadh thuas.

      (b) rinneadh é agus níor iarr freagróirí an Stáit ar an gCúirt é a dhéanamh agus ar an gcúis sin, ní mór dom a mholadh go cotúil, go ndearnadh é go mícheart, agus

      (c) rinneadh é agus meas neamhleor ar an bhfíric go bhfuil sé ceadaithe go sainráite in Airteagal 8.3 don reachtas úsáid eisiach a bhaint "by law" as ceann amháin nó ceann eile de na teangacha oifigiúla chun críocha oifigiúla ar bith, go ginearálta nó i gcuid éigin den Stát.

Fágann sé sin go gcaithfidh athrú ar bith ar staid an dátheangachais arna shainordú le hAirteagail 8.1 agus 8.2 den Bhunreachta a dhéanamh "by law" agus ní le cinneadh breithiúnach, go háirithe ceann nach raibh á lorg ag ceachtar de na páirtithe. Ciallaíonn socrú go bhféadfar rud éigin a dhéanamh "by law" ("le dlí)" go gcaithfidh an tOireachtas é a dhéanamh toisc “the sole and exclusive power of making laws for the State is hereby vested in the Oireachtas…”, agus nach féidir é a dhéanamh dóigh ar bith eile.

Leantar de dhoiléire agus neamhbheachtas an sliochta thuas, ina dtagraítear do "roinnt oibleagáidí maidir leis an Stát agus cearta teanga áirithe, sa chion is substaintiúla de bhreithiúnas an Uasail Breithimh Clarke, ag mír 3.5:

      “There is a clear constitutional obligation on the State to encourage the use of Irish for official business…”.
Leanann Clarke B. ar aghaidh le hoscailteacht inmholta:
      “It does not seem to me that the general obligation of the State can, therefore, be put any higher than an obligation to ‘encourage’.”
Is é sin, go deimhin, bunús an ábhair a mhéid is a bhaineann stádas na Gaeilge agus cearta cainteoirí Gaeilge. Pléifidh mé na cúiseanna lenar tháinig mo chomhghleacaí ar an gconclúid a luadh thuas anois ar ball ach caithfidh sé go bhfuil sé follasach go bhfuil a mholadh gan oibleagáidí ginearálta an Stáit i dtaca leis an nGaeilge a chur níos airde ná oibleagáid ar bith go díreach chun "to encourage", ina imeacht ollmhór ón dlí-eolaíocht reatha, atá achoimrithe thuas. Is imeacht é chomh maith nár iarradh ar an gCúirt é a dhéanamh.

Sonraítear an chúis a tugadh i gconclúid an Uasail Breithimh Clarke thuas go hoscailte agus go soiléir sa mhír chéanna:

      “To place the general obligation of the State above the level of encouraging would imply that there was a constitutional imperative to implement the sort of quasi compulsion applied in the past which, it is at least arguable, led to less rather than more commitment to Irish amongst the general population.”
Níl rud ar bith curtha in iúl, in aighneachtaí an achomharcóra, nó sa bhreithiúnas seo, lena rá go bhfuil an oibleagáid is lú ar thaobh an Stáit maidir le cineál ar bith iallaigh, "quasi" nó dóigh ar bith eile. Ach tá sé ráite ag an Uasal Breitheamh Clarke a luaithe go gcuirtear an oibleagáid ar an Stát ag leibhéal níos airde ná oibleagáid go díreach chun úsáid na Gaeilge a “encourage”, tá impleacht ann go bhfuil ordú bunreachtúil um iallach quasi.

Tá an t-impleacht a fuair an tUasal Breitheamh Clarke i ndualgas ar bith atá ann maidir le cainteoirí Gaeilge os cionn an leibhéil “encouragement” maidir le rud a mbeadh rud ar a dtugann iallach míghnímh mar thoradh air, is cosúil, ina pons assinorum dá réasúnaíocht. Ní mór dom a admháil láithreach nach mbeinn ábalta dul chomh fada leis sin. Ní chreidim é ar chor ar bith go dtugtar le tuiscint nó go bhfuil impleacht ordaithe bhunreachtúil ann maidir le hiallach míghnímh, nó iallach de chineál ar bith ar chor ar bith sa chinneadh go bhfuil an tUasal Ó Maicín i dteideal go dtabharfadh Binse Fíorais breithiúnas ina leith, binse a thuigfeadh go díreach é ina theanga dhúchais, arb í teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil a thíre chomh maith.

Caithfidh mé mo thuairim nach bhfuil sin fíor go simplí sa dlí, go loighciúil, nó i dtéarmaí na bpléadálacha agus na n-argóintí sa chás seo a dhéanamh go han-soiléir. Faoi mar a bhreithnigh mé níos luaithe sa bhreithiúnas seo:

      “At the same time [the time of the adoption of Article 8 of the Constitution], the English language which was and is the vernacular language of the great majority of the People, was recognised ‘as a second official language’. The plaintiff appellant in these proceedings is not concerned to restrict the rights of English speaking citizens to conduct their business with the State in that language, for instance to defend themselves in court proceedings in English, and to be understood directly by the Tribunal of Fact in doing so. Go deimhin, fógraíonn sé an ceart sin. Dearbhaíonn sé go cothrom a cheart chun na rudaí ceanann céanna sin a dhéanamh i nGaeilge agus braitheann sé maidir leis sin ar cad a dúirt an Chúirt seo in Ó Beoláin v. Fahy maidir leis an nGaeilge “cannot… be excluded from any part of the public discourse of the Nation or the official business of the State or any of its emanation”.
Tá sé sin go huile is go hiomlán difriúil ó rud ar bith de chineál iallach míghnímh, nó iallach eile. Is é comhionannas le cainteoirí Béarla go díreach atá á lorg ag an Uasal Ó Maicín, agus cheapfainn, go ndéanann sé é sin an-soiléir ar fad.

Tá sé an-deacair agam a thuiscint cén dóigh a mbeadh ceart go n-éisfeadh cúirt bhunreachtúil le duine go díreach sa teanga náisiúnta agus sa phríomhtheanga atá aitheanta sa bunreacht ina "quasi compulsion", nó go gceapfaí gur "quasi compulsion" é, nó go dtabharfaí le tuiscint gur "quasi compulsion" beag beann ar chomh beag.

Déanaim athrá, nár áitíodh i leith an chur chuige sin, trínar scríobhtar síos oibleagáidí an Stáit go dtí oibleagáid “to encourage” go díreach nó níor moladh é in aighneachtaí na bhfreagróirí sa chás seo. Ná níor mhol páirtí ar bith go n-éilíonn an tUasal Ó Maicín iallach míghnímh intuigthe saoránaigh ar bith eile.

Fritéis bhréagach.
Feictear domsa, go dtugtar isteach rud sa sliocht thuas, ar fritéis atá bréagach ó bhonn é idir cearta duine amhail an tUasal Ó Maicín agus cearta cainteoirí Béarla. Mar shampla, ag mír 3.8. deir an tUasal Breitheamh:

      “In my view this case turns on the necessity to balance the undoubted language rights of Mr. Ó Maicín other non-resourced constitutional issues, most particularly the language rights of others including the rights of persons who cannot speak Irish to a sufficient standard to be able to follow a case without translation, to serve on juries, and the constitutional obligation to ensure representative juries…”.
De réir mar is eol dom, tá dhá iarracht déanta go díreach, chun triail a sholáthar do shaoránach Gaeilge os comhair giúiré Ghaeilge. Dá bhrí sin, níl ceist ar bith ann d'ionsá ar chearta daoine nach bhfuil ábalta Gaeilge a labhairt “to serve on juries”. Sa chás in Beaulac i gCeanada, atá pléite san Aguisín a ghabhann leis an mbreithiúnas seo, bhí feidhm ag tiomantas Cheanada ar fad do bheartas bunaithe sa bhunreacht maidir le dátheangachas curtha maidir le cúige an British Columbia cé nach raibh ag teastáil ach giúiré amháin sa Fhraincis in aghaidh na bliana sa Chúige sin. Dá bhrí sin, ní cheapaim go sáraíonn éileamh an Uasail Uí Mhaicín ar chearta daoine nach bhfuil ábalta Gaeilge a labhairt, agus níl sé beartaithe iad a shárú.

Ach in ainneoin neamhshuntasacht staitistiúil an phointe, feictear domsa go n-ardaíonn sé gné phrionsabail.

I mo thuairimse, níl an ceart ag duine ar bith, sa Stát dátheangach bunreachtúil seo, fónamh mar bhreithiúnas, nó mar ball ar phainéal giúiré (amhail sa Cúirt Chóiriúil Speisialta) nó mar ghiúróir, i gcás ar bith nach bhfuil sé nó sí ábalta an teanga oifigiúil a thuiscint

Pléadh an gá le breithiúnas a bheith ábalta teanga an chás a thuiscint thuas. Baineann an gá sin mar an gcéanna le giúróir. Ceanglaítear ar ghiúróir ina mhionn nó ina mionn a mhionnú go:

      “I will well and truly try the issue whether the defendant is guilty or not guilty of the charges set out in the Indictment preferred against him, and a true verdict give according to the evidence”.
Braitheann a lán cásanna coiriúla, mar aon leis an gceann seo de réir dealraimh, go hiomlán beagnach ar an dearcadh a thugann an Binse Fíorais faoin fhianaise. Ní mór le riachtanas an fhianaise sin a thabhairt i dteanga éile. In Éirinn, i gCúirt a bunaíodh faoin mBunreacht, ní mór í a thabhairt i gceann amháin nó i gceann eile de na teangacha oifigiúla. Is iad sin an Ghaeilge nó an Béarla. Ní mór do ghiúróir a chaithfidh “a true verdict give according to the evidence”, a bheith ábalta an fhianaise sin a thuiscint.

Is é sin cuid dá bhfuil le tabhairt le tuiscint i mbunreacht an Stáit seo mar Stát dátheangach, le hAirteagal 8 den Bhunreacht. Mura bhfuil sé sin praiticiúil, nó murar féidir é a dhéanamh dáiríre de bharr na n-acmhainní, nó ar chúis ar bith eile, mar sin féadfaidh an tOireachtas an staid a phlé, de bhun Airteagal 8.3. Ach, in easnamh an ghnímh sin ag an Oireachtas, ceanglaítear le nádúr dátheangach an Stáit go dtuigeann an Binse Fíorais an fhianaise sin mar a thugtar í. Creidim go mbreathnófaí ar an gceist sin i Stát ar bith eile mar a bheith aicsímeach, mar is léir go bhfuil sé i gCeanada, ar bhonn na faisnéise ar a bhfuil achoimre déanta áit éigin eile sa bhreithiúnas seo.

Luaigh mé ráiteas Clarke B. cheana le faomhadh ómósach go:

      “It follows that those wishing to conduct official business in Irish do have a right, derived from the constitutional status of the Irish language, to have their business conducted in Irish”.
Dá mbeadh an ráiteas sin dícháilithe ansin ní bheadh difríocht tuairime ar bith sa chás seo. Ach déantar é cháiliú láithreach mar a leanas:.
      “However it equally follows that that right is not absolute and must be balanced against all the circumstances of the case (not least the fact that the great majority of the Irish people do not use Irish as their ordinary means of communication) particularly the fact that other citizens are entitled to conduct their business in English as an official language, and also any other competing constitutional interest which may arise.”
Mar atá feicthe againn, ní hé seo an chéad uair ar caolaíodh cearta cainteoir Gaeilge trí thagairt d'iomaíocht líomhnaithe le cearta cainteoirí Béarla"

Feictear domsa nach dtugtar aird sa cheapadh agus sa chur chuige seo ar an bhfíric meastar Éire mar thír dhátheangach in Airteagal 8. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh sé go bhfuil paireacht mheasa do gach teanga agus dá n-úsáideoirí. Ní théitear i bhfeidhm ar dhóigh ar bith ar cheart an Uasail Uí Mhaicín chun an Ghaeilge a úsáid má roghnaíonn an cosantóir roimhe, nó an cosantóir ina dhiaidh, an triail a dhéanamh i mBéarla. Mar an gcéanna, ní théitear i bhfeidhm ar dhóigh ar bith ar cheart cainteoirí Béarla má roghnaíonn an tUasal Ó Maicín a thriail a dhéanamh i nGaeilge.

Mar atá feicthe againn, is stát dátheangach nó mar a thugtar air i ndoiciméad an bheartais reatha “functional bilingualism” iad comhdhéanamh bunreachtúil an Stát agus beartas reatha an Stáit araon.

Léiríomar don Aontas Eorpach go bhfuil an Ghaeilge in úsáid mar theanga choiteann sa Stát. Go simplí, ní féidir liom a thuiscint conas a d'fhéadfaí léiriú den sórt sin a dhéanamh murar féidir le saoránach a thriail a stiúradh sa teanga “vernacular” seo sna Cúirteanna a bunaíodh leis an Bunreacht céanna sin ina ndéantar polaití dátheangach den Stát .

Rinneadh Stát dátheangach d'Éirinn, ní hé toisc go raibh coinbhleachtaí diana ann, mar atá i roinnt tíortha (an Bheilg, Ceanada, an India), ag bagairt an Stát a bheith ann maidir le hábhar úsáid teanga, ach mar rogha lántoiliúil. Bhí sé cumhdaithe sa Bhunreacht chomh maith mar ghníomh rogha lántoiliúla. A luaithe is a raibh sé cumhdaithe sa Bhunreacht, rinneadh na forálacha teanga ina gcuid de mhéid a gheallann na Breithiúna “to uphold”. Is é an gealltanas sin “uphold the Constitution”, agus ní “uphold it as far as may be reasonable in present day conditions, as perceived by them”.

Má cheaptar go bhfuil sé ró-dheacair anois go simplí seasamh leis an mBunreacht ar an dóigh a sainaithnítear sna cásanna éagsúla a luadh sa bhreithiúnas seo, bheadh sé níos ionraice an Bunreacht a leasú nó reachtaíocht a rith ar an modh a cheadaítear le hAirteagal 8.3. Ach ní ag na breithiúna atá siad sin le déanamh; ní mór d'orgán amháin nó eile de chuid orgáin pholaitiúla an rialtais beart maidir leo a thionscnamh.

Stare decisis.
Mar is eol go maith é, scoir an Chúirt seo de bheith faoi cheangal na dianrialach stare decisis i 1964. Mar a shonraí O’Higgins .B. é in Mogul of Ireland Ltd. v. Comhairle Contae Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh) [1976] IR 260, ag 267:

      “In Attorney General v. Ryan’s Car Hire Ltd. [1965] IR 642, this Court decided that it is not rigidly bound by the rule of stare decisis and is at liberty to refuse to follow previous decisions of its own, or of the Courts of ultimate jurisdiction which preceded it, if it is satisfied that such decisions were clearly wrong.”
Leag Mogul amach na critéir shriantacha ónar féidir imeacht ó chásanna roimhe seo nó líne cásanna roimhe seo. Is leor a rá, sa chás reatha, nach ndearnadh iarracht ar bith critéir Mogul a phlé go simplí toisc nach ndearnadh iarratas ar bith maidir le himeacht ón líne cásanna roimhe seo a luadh sa bhreithiúnas seo.

Mar a tharlaíonn sé, is é Mogul an t-údarás maidir leis an gceist dá ndéanfaí cinneadh faoi leith i gcás reatha agus nár áitíodh i leith an phointe, ní húdarás ceangailteach é ar an bpointe sin agus mar sin ní gá é a idirdhealú nó a ní gá go n-imeodh sé go foirmiúil ó:

      “Faced with the hypothesis that a case might have been decided in ignorance of some relevant statutory provision or in reliance on some statutory provision subsequently discovered to have been repealed he [Lord Halsbury] suggested that it would not be a binding authority because it was founded on a mistake of fact. The same reasoning would be applicable if a decision were given in ignorance of an earlier authority or of compelling validity. Where a point has been entirely overlooked, or conceded without argument, the authority of a decision may be weakened vanishing point.”
Ní raibh mé ábalta cás ar bith a aimsiú sa chás gur imíodh ó údarás líne fadbhunaithe gan é sin a iarraidh, agus gan critéir Mogul a phlé. Go díreach seachas ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge in úsáid oifigiúil, caithfidh mé mo bhuairt a chur in iúl go mbainfeadh nós imeachta analógach leis an gceann a úsáideadh chun an fhíorbhrí iomlán a bhaint as forálacha Airteagail 8.1 agus 8.2 sa chás reatha, ráthaíocht bhunreachtúil as brí fhóinteach ar bith.
      ___________________________________________________________
Sílim gurb é dá thoradh an sleachta a luaigh Kennedy P.B. go bhfuil an Stát faoi oibleagáidí ceangailteacha i dtaca leis an nGaeilge, agus ní hé amháin na cinn dhiúltacha atá leagtha amach sa sliocht a luadh anois. Níos luaithe ina bhreathnú ar Airteagal 4 a bhí ann roimhe sin deir sé:
      “… by implication, that the State is bound to do everything within it sphere of action… to establish and maintain it in its status as the National language and to recognise it for all official purposes as the National language.” (Béim curtha leis)
Creidim go bhfuil feidhm aige sin, a fortiori, maidir le hAirteagal 8 agus maidir leis sin leanfainn lena bhfuil ráite ag O' Hanlon B. in Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí [1988] IR 112, ag 115:
      “I am of the opinion that the provisions of Article 8 of Bunreacht na hÉireann are stronger in terms of the recognition given to the Irish language as the first official language of the State than was Article 4 of the Free State Constitution”.
Is é an t-athfhriotal roimhe seo m'aistriúchán: seachadadh an breithiúnas i nGaeilge.

Is mian liom athrá a dhéanamh ar chonclúid mo bhreathnaithe maidir le stádas bunreachtúil na Gaeilge in Ó Beoláin v. Fahy, thuas. Ag lch. 340 sa Tuarascáil dúradh:

      “In my view the Irish language which is the National language and, at the same time, the first official language of the State cannot (at least in the absence of a law of the sort envisaged by Article 8.3) be excluded from any part of the public discourse of the Nation or the official business of the State or any of its emanations. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Nor can those who are competent and desirous of using it as a means of expression or communication be precluded from or disadvantaged in doing so in any national or official context”.

Gaeltacht Chonamara Theas.
Mhionnaigh an Dr Conchúr Ó Giollagáin mionnscríbhinn mar thaca le hiarratas an achomharcóra atá, amhail mionnscríbhinn an achomharcóra féin, gan fhrithrá. Is léachtóir é i sochtheangeolaíocht agus pleanáil teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. Tá céim dochtúra aige agus d'fhoilsiú sé cuid mhaith taighde maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí sé ina chomhúdar ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, arna choimisiúnú ag an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Feictear domsa go bhfuil an Dr Ó Giollagáin i dteideal a bheith measta mar fhéinne saineolach.

Léiríonn sé téacs an staidéir seo, agus léarscáil atá mar cheangal leis, ina mhionnscríbhinn. Is í Gaeltacht Chonamara Theas, siar ó Chathair na Gaillimhe, an limistéar is mó de na limistéir Ghaeltachta sa tír, i bhfad níos mó ná na cinn i nDún na nGall, Maigh Eo, Ciarraí, Iarthar Chorcaí, Iarthar Phort Láirge agus sa Mhí. Tá sé i gcatagóir "A" dá staidéar, a chiallaíonn go bhfuil "a large number of people, of both genders and every class, who speak Irish on a daily basis”. I limistéir i gcatagóir "A", tá níos mó ná 67% den phobal i gceist leis sin. Deir sé maidir le Gaeltacht chatagóir "A" i gContae na Gaillimh go bhfuil a méid geografach ó phointe taobh thoir den sráidbhaile, An Spidéal, laistiar den Chaiseal i gConamara Thiar. I gcuid de na toghranna tá breis is 90% ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Tá na figiúirí maidir le cumas sa Gaeilge níos airde fiú. Tá idir 85 agus 90% den phobal ina iomláine ábalta an Ghaeilge a labhairt. Tá sráidbhailte agus ceantair thuaithe araon sa dúiche agus, de réir an Dr Ó Giollagáin “a diverse, multi-class, multi-perspective community live there including doctors, solicitors, university lecturers, gardaí, teachers, nurses, farmers, fishermen, television and radio staff, journalists, carpenters, electricians, builders, hotel and accommodation staff, shop assistants and factory workers, housewives, students and un-employed people”.

Eascraíonn ábharthacht na fianaise sin as an dóigh inar dhéileáil Freagróirí an Stáit leis an gcás, mar atá leagtha amach thíos.

Achoimre ar an méid réamhluaite.
Ós rud é nach bhfuil dúshlán ar bith ann maidir leis an bhfianaise a thug an t-achomharcóir, is féidir a rá gurb iad gnéithe sainiúla an cháis reatha, ar an gcéad dul síos, stádas bunreachtúil na Gaeilge, ar an dara dul síos, na forálacha dlíthiúla a bhaineann leis an nGaeltacht agus an fhianaise faoi Ghaeltacht Chonamara Theas go sonrach, agus ar an tríú dul síos, an fhíric gur cainteoir dúchais Gaeilge atá san achomharcóir, sa chosantóir go doshéanta sna himeachtaí coiriúla, mar atá sa pháirtí díobhálaithe líomhnaithe, agus tá sé líomhnaithe go ndearnadh na cionta i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.

Tá na gnéithe sin ina n-ábharthacht lárnach i leith éileamh an achomharcóra agus fhreagra na bhfreagróirí araon. Feictear domsa go ndéanann siad an cás a idirdhealú go an-radacach óna bhfíricí i gcás MacCártaigh v. Éire [1999] 1 IR 186, cás a bhfuil breathnú mionsonraithe déanta air thíos.

Cineál éilimh an achomharcóra.
Cuireann an t-achomharcóir a chás i láthair ar thrí bealach ar leith:

      (1) Dearbhaíonn sé ceart teanga. Is é seo ceart atá bunaithe in Airteagal 8 den Bhunreacht agus go sonrach aitheantas na Gaeilge mar an teanga Náisiúnta agus, dá réir sin, mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit.
Mar atá follasach i mbreithiúnas an Phríomh-Bhreithimh Kennedy, arna lua thuas, ní hí an Ghaeilge an teanga Náisiúnta toisc go meastar í a bheith in úsáid go huilechoiteann, nó fiú go forleathan ar fud an Stáit. A mhalairt ar fad, ainmníodh é mar an teanga Náisiúnta, agus dá bhrí sin mar an bpríomhtheanga oifigiúil, le gníomh saor agus lántoiliúil toghcháin nó trí rogha na nDaoine, ar an gcéad dul síos, trí Bhunreacht an Saorstáit a ghlacadh, agus ar an dara dul síos, trí Bhunreacht na hÉireann a ghlacadh. Rinneadh é sin in eolas iomlán na fírice gurbh é Béarla príomhtheanga labhartha an Stáit ina iomláine le himeall mór.

Ní hairbheartaítear sa Bhunreacht go mbeadh an Ghaeilge mar theanga eisiach an Stáit. A mhalairt ar fad, aithnítear stádas agus úsáid an Bhéarla i gcomhthéacs dearfach ann. Ach, idir an dá rud tugtar príomhaíocht don Ghaeilge arbh í an phríomhtheanga oifigiúil. Tá an fhochiall ag an bhfocal Gaeilge "príomh", úsáidte le focal eile, chun príomhaíocht a thabhairt don duine nó don rud lena n-úsáidtear é i measc rudaí de chineál a fhochiallaítear leis an bhfocal eile, mar sin príomhoide, "head teacher", Príomh-Bhreitheamh, "Chief Justice".

Dá bhrí sin cumhdaítear beartas dátheangachais in Airteagal 8 den Bhunreacht ina bhfuil an ceart an teanga Náisiúnta agus an phríomhtheanga nó an dara teanga oifigiúil a úsáid, i gcomhthéacs oifigiúil ar bith cumhdaithe go bunreachtúil.

Sa chomhthéacs sin is rud corr é (chun téarma atá go hiomlán neamhdhlíthiúil a úsáid) gur cuireadh iallach ar shaoránach labhartha na Gaeilge a tógadh agus a fuair a chuid oideachais i gcuid den tír a aithnítear de réir an dlí mar limistéar Gaeltachta, nuair a tugann chun na Cúirte é trí phróiseas éigeantach, ag an Stát féin, cosaint ar a shaoirse agus ar a cháil a dhéanamh leis an mBinse Fíorais trí ateangaire, go díreach dá mba í an Rómáinis, an Ungáiris, an Sínis nó an Pholainnis a bhí á labhairt aige. Is teangacha iad sin ar fad a raibh aistriú le heagrú ag na Cúirteanna ina leith le gairid.

Brí Airteagal 8.
Is léir gurbh chéim thábhachtach a bhí i nglacadh sainráite na nDaoine leis an teanga náisiúnta agus leis an bpríomhtheanga oifigiúil, le teanga nárbh í ag tráth ar bith sa 20ú haois teanga choiteann níos mó ná cion beag den daonra.

Ar an gcéad dul síos, cuirtear oibleagáid ar na Cúirteanna leis na focail in Airteagal 8 chun caitheamh leis an nGaeilge mar an teanga náisiúnta agus mar an bpríomhtheanga sa dlí agus i bhfíric. Ní hé ardmhian é go simplí, ar nós "firm will" chun daonra iomlán oileán na hÉireann a aontú, arna léiriú in Airteagal 3. Is é Airteagal 8 ráiteas ar an staid reatha sa dlí. Ní hé sin rogha a rinne na Cúirteanna: tá sé forchurtha leis an mBunreacht.

Ar an dara dul síos, tugtar príomhaíocht don Ghaeilge le hAirteagal 8 arb í

      (a) “the national language” agus

      (b) “the first official language”.

I gcontrárthacht leis sin, tá an Béarla “recognised as a second official language.

Ar an tríú dul síos, cuirtear oibleagáidí ar an Stát agus ar an Rialtas le hAirteagal 8. I bhfocail an Phríomh-Bhreithimh Kennedy tá siad “is bound to do everything within its sphere of action … to establish and maintain [the Irish language] in its status as the National Language”.

Mar an gcéanna "None of the organs of State, legislative executive or judicial, may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National Language of the State without offending against the constitutional provision…”.

Tá ionchúiseamh, i gcúirteanna a bunaíodh faoin mBunreacht, iad dóibh a fhaightear ciontach i gcion ar cheann de ghnáthdhualgais Stáit sa mhéid sin. Dá bhrí sin, ní mór é a stiúradh i gceann de na teangacha oifigiúla agus, má éilítear é ar a laghad, sa phríomhtheanga. Má dhiúltaíonn an Stát é sin, is ionann é sin agus go maolaíonn sé ó stádas bunreachtúil na Gaeilge.

Forchuirtear dualgas dearfach sa chás go mbunaítear teanga nach í an teanga choiteann, trí ghníomh saor agus lántoiliúil rogha daonlathaí, mar an teanga náisiúnta agus mar an bpríomhtheanga, ar ualach agus costas é ag an am céanna ar an Stát. Ní mór don Stát an dualgas sin a chomhlíonadh, go díreach mar a bhíonn sé ag dréim le saoránaigh an dlí a chomhlíonadh, fiú nuair a bhíonn sé deacair, trom, nó costasach. Má cheaptar go bhfuil sé ró-dochraideach, d'fhéadfadh rialtas a iarraidh ar na Daoine Airteagal 8 a athrú, nó d'fhéadfadh an tOireachtas reachtaíocht a rith arna cheadú le hAirteagal 8.3.

Tá níos mó an abhár úd, stadas an teanga náisiúinta agus phriomhteanga o’figiúil i dlí n hEorpa le fáil i Appendix IV.

Feictear domsa go bhfuil an chonclúid as an ábhar ar fad atá leagtha amach go dtí seo sa bhreithiúnas seo soiléir. Bhunaigh Daoine na hÉireann, ar chuireadh ón Rialtas, an Ghaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit.

D'onóraigh an Stáit agus orgáin an Rialtais é sin sa mhéid is gur chuir siad an t-ualach iomlán as úsáid na Gaeilge a chur ar cinn ar ghlúinte páistí scoile i ndiaidh a chéile. Seachas sin bhí gníomhartha an Stáit i dtaca leis an nGaeilge íostach agus gortach go haonfoirmeach. Chuaigh siad in aghaidh saoránach sna Cúirteanna a thug iarraidh reachtanna agus ionstraimí reachtúla a raibh bainteach leo go díreach a fháil i nGaeilge. Streachail siad i gcoinne iarratas a rinne saoránaigh ar fhoirmeacha oifigiúla i nGaeilge. Bhunaigh siad (chun fíricí an cháis seo a fháil) córas scagtha foirmiúil lena chinntiú go bhfuil cumas imleor ag giúróirí i mBaile Átha Cliath sa Bhéarla, ach phléadáil siad go sollúnta sa chás céanna go mbeadh sé mídhleathach córas scagtha dá leithéid a fheidhmiú ar mhaithe le giúiré a tháirgeadh ag a mbeadh tuiscint imleor sa Gaeilge. Is frithrá radacach é sin i gcás an Stáit. Ach, deir an Stát le muinín, níl rud ar bith is féidir leis an gCúirt a dhéanamh faoi sin.

      (2) Chuir an t-achomharcóir a chás i láthair fosta i gcomhthéacs a chearta chun trialach i gcúrsaí cuí an dlí de bhun Airteagal 38 den Bhunreacht. Ní dhiúltaítear, ár ndóigh, go bhfuil ceart dá leithéid aige. Deir sé go n-áirítear air sin an ceart chun a chás a dhéanamh sa teanga Náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil os comhair binse a thuigeann an teanga sin. Léiríonn sé a dhearbhuithe nár cuireadh ina n-aghaidh ag féachaint d'easnaimh na seirbhíse ateangaireachta a cuireadh ar fáil an t-am deireanach a bhí sé os comhair na Cúirte Cuarda agus d'aitheantas Bhreitheamh saoithiúil na Cúirte Cuarda go mbeadh aistriúchán "lag". Is léir gurb é cúrsa é cosaint ciona choiriúil a bhaineann le leasanna an achomharcóra, ós rud é go mbeadh sé nochta do phianbhreith shuntasach choinneála dá ndéanfaí é a chúiseamh, agus deir sé go bhfuil sé i dteideal dá réir sin é féin a chosaint ina theanga dhúchais, an teanga Náisiúnta agus an phríomhtheanga, agus go dtuigfeadh Binse Fíorais é go díreach trí amhlaidh a dhéanamh, binse nach mór dóibh "every idiom and expression" a thuiscint, chun focail atá inchurtha i leith an Bhreithimh Chuarda Shaoithiúil a úsáid.
Níl tacaíocht acadúil in easnamh i gcomhair an dearcaidh sin. Deir Shulman in Vanderbilt Law Review (1993) Imleabhar 46, lch.177:
      “Where a defendant testifies in a criminal case, his testimony is critically important to the jury’s determination of his guilt or innocence. The first noticeable difficulty in the present system of court interpretation is that non-English speaking defendants are not judged by their own words. The words attributed to the defendant are those of the interpreter. No matter how accurate the interpretation is, the words are not the defendants, nor is the style, the syntax or the emotion. Furthermore, some words are culturally specific and, therefore are incapable of being translated. Perfect interpretations do not exist as no interpretation will convey precisely the same meaning as the original testimony. While a jury should not attribute to the defendant the exact wording of the interpretation and the emotion expressed by the interpreter, they typically do just that. Given that juries often determine the defendant’s guilt or innocence based on small nuances of language or slight variations in a motion, how can it be fair for a defendant to be judged on the words chosen and the emotion expressed by the interpreter?”
Bhain an t-airteagal sin le daoine a labhair teangacha eachtrannacha. Caithfidh sé go deimhin go mbaineann a léargais a fortiori le cosantóir ar mian leis teanga Náisiúnta agus príomhtheanga an Stáit féin a úsáid.

Tá cinneadh breithiúnach ann maidir leis sin, R. v. Pooran (2011) ABPC 77. Tá an lua ó bhreithiúnas Brown B. i gCúirt Chúigeach Alberta. Bhí cás os comhair an Bhreithimh Brown ina raibh na hiarrthóirí cúisithe as cionta faoin Traffic Safety Act of Alberta agus bhí siad ag iarraidh go stiúrfaí a dtriail sa Fhraincis. Áiríodh leis sin ionchúisitheoir Fraincise, breitheamh Fraincise agus an teidlíocht cumarsáid a dhéanamh sa chúirt go hiomlán sa Fhraincis. Dúirt an t-ionchúisitheoir gur leor ateangaire chun ceart a sheasamh do chearta teanga na gcosantóirí.

Sheas Brown B.

      “If litigants are entitled to use either English or French in oral representations before the courts, yet are not entitled to be understood except through an interpreter, their language rights are hollow indeed. Such a narrow interpretation of the right to use either English or French is illogical, akin to the sound of one hand clapping, and has been emphatically overruled by R. v. Beaulac.

      The Crown Respondent’s assertion that the rights in the Languages Act are met by the provision of an interpreter amounts to a sloughing of the language rights of the litigant to the Charter legal right to due process, natural justice and a fair trial. As to the reference in the June 22, 1988, ministerial statement, to the provision of an interpreter if necessary, I infer from those words that the interpreter is to be provided for witnesses who do not speak the language, English or French, in which the trial is being conducted.”

      (Béim curtha leis)

Cuirtear béim sa sliocht sin gur cearta aonair iad cearta teanga agus ní feidhm, nó comhthoradh, ceart iad go díreach leis an bpróis chuí, an gceartas nádúrtha nó triail chothrom. Aontaím le ráiteas an Bhreithimh Brown agus measaim go bhfuil siad féinfhollasach i bpolaití ar bith ina ndearnadh stát dátheangachais de agus a ghlacann forálacha a Bhunreachta féin go dáiríre.
      (3) Ar an tríú dul síos, cuireann an t-achomharcóir a chás i láthair i gcomhthéacs a chearta comhionannais os comhair an dlí de bhun Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht. Tugtar an ceart do chainteoir an Bhéarla, a labhraíonn teanga “recognised as a second official language” chun a féin a chosaint sa dara teanga oifigiúil os comhair binse a thuigfidh go díreach é. Deir an t-achomharcóir go gcaitear leis go héagothrom os comhair an dlí murar féidir leis an Stát triail os comhair binse a thuigfidh é go díreach sa teanga Náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil arb í a mháthairtheanga fosta ar fáil dó. Mar a fheicfimid, ar údarás an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, cuirtear beartas neamhfhoirmiúil um measúnú teanga i bhfeidhm chun cumas na ngiúiréithe sa Bhéarla, i limistéir labhartha an Bhéarla a chinntiú, an rud ceanann céanna ar cinneadh indéanta é i dtéarmaí dlíthiúla sa chás gur úsáideadh é chun giúiré Gaeilge a chur fáil. Deirim arís é, nach ndearna an Stát trácht ar bith ar fhaisnéis an Choimisiúin um Athchóirithe Dlí ar chor ar bith.

      ___________________________________________________________

Cuireann an t-achomharcóir a chás ar aghaidh ar thrí bealach ar leith, go haonair agus ní chuireann sé ceann amháin in aonad an chinn eile. Ach, go bunúsach, feictear domsa, gurb é sin cás maidir le cearta teanga. Ardaíonn sé an cheist, nach bhfuil in ainmniú na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil ach teagasc seanchainte go díreach. Braitheann sé ar dheacht Kennedy P.B. go, ar fhoras a stádais faoin mBunreacht:
      “… the State is bound to do everything with its sphere of action… to establish and maintain [the Irish language] in its status as the National language and to recognise it for all official purposes as the National language”.

Freagra an Stáit.
Ní dhiúltaíonn an Stát stádas na Gaeilge mar an theanga náisiúnta agus mar an bpríomhtheanga oifigiúil ná ní fhéachann sé lena dícháiliú nó lena huasghrádú. Ná ní ghlacadh sé leis an dearcadh go bhfuil iarmhairtí an aitheantais sin sáraithe ag riachtanais phraiticiúla riarachán an dlí. Chuir an Stát an dearcadh sin chun cinn le déanaí in Ó Beoláin v. Fahy, thuasluaite, mar a fheictear ó lch. 352 den Tuarascáil:
      “The most fundamental of the points raised by [Mr. Maurice Gaffney S.C.], counsel for the respondents, with great suavity, is this: which is more important, the right of the public that the law should be enforced or the right of the citizen to use Irish? Is gá, a deir sé, gur cheart do cheann de na cearta sin géilleadh don cheann eile.

      I am firmly of the view that there is no such necessity that one of these rights should yield to the other. In a State in which Irish is the National and first official language, which is committed to a statutorily mandated policy of bilingualism, it is necessary that the laws should be issued and, where requisite, enforced in each of the official languages. In a case such as the present, where there is no question as to the competence and bona fide desire of the citizen to use the National language it is in my view extraordinary to attempt to set up an antithesis between his right to do so and the public right that the law should be enforced. Furthermore, there is no insuperable difficulty in enforcing the law through the medium of the National and first official language and whatever difficulty there may be in this regard arises directly from the inaction of the State over a period of decades in relation to the National language. If these difficulties fall to be addressed in a haphazard and ad hoc fashion, that is because the State has been unwilling to address them in any more coherent way.

      The modern State necessarily imposes many onerous duties on citizens in relation to various aspects of life from tax compliance to planning law. Many of these duties are irksome, time consuming and expensive to comply with, but compliance is properly required. Equally, the State itself must comply with its obligations, particularly those enshrined in the Constitution and can no more be heard to complain that such compliance is irksome and onerous than can the individual citizen. In particular, the State cannot be heard to complain that its non-compliance over a period of decades have now rendered present compliance even more difficult.”

Braitheann an Stát, go bunúsach, ar fhorálacha Acht na nGiúréithe, 1976. Deir sé gurb é Contae na Gaillimhe an ceantar giúiré chun críche na gcionta lena mbaineann anseo agus ní hé cuid ar bith nó fo-ranna ar bith den chontae sin agus nach féidir é a thuar go muiníneach go mbeadh giúiré a roghnófaí go randamach as an gContae ina iomláine cumasach ar chor ar bith sa Ghaeilge. Deir sé gurb é ceart bunúsach go roghnaítear giúiré go randamach agus dá réir sin go mbeidh ionadaíocht á déanamh aige don chontae ina iomláine. Deir sé go gcuireann an prionsabal sin, foráilte leis an reacht féin, bac ar fheidhmiú tástála ar bith, amhail scrúdú teanga, i gcomhair teidlíocht seirbhís giúiré go ginearálta nó i gcás faoi leith.

Lena rá ar bhealach eile, deir an Stát go bhfuil sé dodhéanta, i gceantar giúiré ina gcuimsítear Contae na Gaillimhe, giúiré a chur ar fáil a mbeadh gach ball air ábalta an Ghaeilge a thuiscint. Deir an Stát ansin go bhfuil sé dodhéanta de réir an dlí scrúdú a fhorchur chun cumas sa Ghaeilge a chinntiú ar thaobh na ngiúróirí féideartha ar a ngairtear le bheith mar bhaill ar phainéal giúiré.

Ba é sin an dearcadh a rabhthas ina fhabhar san Ard-Chúirt.

Cinneadh na hArd-Chúirte
I mbreithiúnas na hArd-Chúirte a seachadadh an 14 Bealtaine, 2012, tugtar "Decision of the Court" ar an tríú hAlt. Leagtar Alt 5 d'Acht na nGiúiréithe, 1976 ann mar a leanas:

      “The Section poses no difficulty in interpretation. Unless the Minister by Order divides a county into two or more jury districts or limits a jury district to a part or parts of a county a jury district is synonymous with a county.

      The power of the Minister for Justice to divide or limit is necessarily geographic.

      This corresponds to the right of the citizens to be tried by each of the county within which offences are alleged to have been committed [sic].

      A jury is selected from the Electoral Register of that jury district. The selection is made by random sampling. The selection cannot be restricted in any way, for example, by way of political affiliation, religious belief, cultural identity or otherwise. To do so would be to interpret the Section beyond its simple meaning.

      It would follow that a selection by linguistic ability, albeit restricted to the official languages of the State, would not accord with the provisions of Section 5. It would, as well as other discriminants, create a bias and would be unworkable.

      The system of justice requires juries to be drawn from a common pool of those entitled to vote. Restrictions such as the exclusion of non-ratepayers, which discriminated against women, as was seen in de Burca, moved the basis away from ratepayers to the electorate within the geographical district. The random selection is an integral part of the jury. It would be absurd to say that the basis for jury selection should be otherwise than a random selection of the jury.

      It would, moreover, be beyond the power of the Court to interfere with the power of the Executive or the Minister in relation to the exercise of his discretion under s.5(2) of the Juries Act.

      The Court, accordingly, refuses the relief sought.”


Roinnt Reachtanna.
I bhfianaise na fianaise sa chás seo, in aighneachtaí na gcomhpháirtithe, go háirithe na Freagróirí, agus i mbreithiúnas na hArd-Chúirte, is gá anois forálacha reachtúla áirithe a leagan amach.
      Alt 5 d'Acht na nGiúiréithe 1976:

      “5.—(1) Subject to the provisions of this section, each county shall be a jury district and for this purpose the county boroughs of Dublin, Cork, Limerick and Waterford shall be deemed to form part of the counties of Dublin, Cork, Limerick and Waterford respectively.

      (2) The Minister may by order divide a county into two or more jury districts or limit a jury district to a part or parts of a county.

      (3) The Minister may by order revoke or vary an order under this section.

      (4) Every issue that is triable with a jury shall be triable with a jury called from a panel of jurors drawn from the jury district in which the court is sitting.”

      Alt 11 d'Acht na nGiúiréithe 1976:

      “11.—Each county registrar, using a procedure of random or other non-discriminatory selection, shall draw up a panel of jurors for each court from the register or registers delivered to him under section 10 (omitting persons whom he knows or believes not to be qualified as jurors).” [Emphasis supplied]


        Foráiltear in Alt 15(3) d'Acht na nGiúiréithe 1976:

      “(3) Before the selection is begun the judge shall warn the jurors present that they must not serve if they are ineligible or disqualified and as to the penalty under section 36 for doing so; and he shall invite any person who knows that he is not qualified to serve or who is in doubt as to whether he is qualified or who may have an interest in or connection with the case or the parties to communicate the fact to the judge (either orally or otherwise as the judge may direct or authorise) if he is selected on the ballot.”

      Cuimsítear liosta daoine i Sceideal 1, Cuid 1 d'Acht na nGiúiréithe 1976 atá i dteideal seirbhís giúire ina gcuimsítear "incapable persons":


        “Incapable persons

        A person who because of insufficient capacity to read, deafness, or other permanent infirmity is unfit to serve on a jury.”(Béim curtha leis)


      ___________________________________________________________

      Alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

      “8.—(1) A person may use either of the official languages in, or in any pleading in or document issuing from, any court.

      (2) Every court has, in any proceedings before it, the duty to ensure that any person appearing in or giving evidence before it may be heard in the official language of his or her choice, and that in being so heard the person will not be placed at a disadvantage by not being heard in the other official language.

      (3) For the purposes of ensuring that no person is placed at a disadvantage as aforesaid, the court may cause such facilities to be made available, as it considers appropriate, for the simultaneous or consecutive interpretation of proceedings from one official language into the other.

      (4) Where the State or a public body is a party to civil proceedings before a court


        (a) the State or the public body shall use in the proceedings, the official language chosen by the other party, and

        (b) f two or more persons (other than the State or a public body) are party to the proceedings and they fail to choose or agree on the official language to be used in the proceedings, the State or, as appropriate, the public body shall use in the proceedings such official language as appears to it to be reasonable, having regard to the circumstances.


      (5) Notwithstanding any other provision of this section, a person shall not be compelled to give evidence in a particular official language in any proceedings.

      (6) In choosing to use a particular official language in any proceedings before a court, a person shall not be put by the court or a public body to any inconvenience or expense over and above that which would have been incurred had he or she chosen to use the other official language.” (Béim curtha leis)

      ________________________________________________________

Cás coitianta a bhí ann ar éisteacht an achomhairc seo nach bhfuil ordú den sórt atá beartaithe in alt 5(2) d'Acht na nGiúiréithe, 1976 déanta ag an Aire maidir le Contae na Gaillimhe, cé go bhfuil a chumhacht chun é sin a dhéanamh doshéanta.

Nuair a tionscnaíodh na himeachtaí sin bhí dhá cheantar giúiré i nGaillimh, Cathair na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe faoi seach. Trí ordú a rinne an tAire Dlí agus Cirt, áfach, de bhun Acht na nGiúiréithe an 27 Márta, 2013 scriosadh na ceantair sin. Sa bheart sin, a tháinig i bhfeidhm an 8 Aibreán, 2013 déantar an bhunfhoráil reachtúil maidir le Gaillimh go “each county shall be a jury district” a athnuachan. Dá réir sin, tá éifeacht an ordaithe ón aire dá dtagraítear anois díreach (RI 115 de 2013) sonraithe i gceart sa nóta míniúcháin:

      “The Jury Districts in the Counties of Cavan, Galway, Kerry, Kildare and Monaghan are abolished and each of those counties becomes a Jury District”.
Bheadh sé chomh éasca céanna ordú ón aire a dhéanamh leis an éifeacht go mbunófaí ceantar giúiré i dtoghranna na Gaeltachta atá leagtha amach thuas, ach ní dhearnadh é sin.

Cáilíocht Giúróirí go ginearálta.
Cuirfidh sé iontas ar a lán daoine a fháil amach nach bhfuil ceanglas dlíthiúil sainráite ar bith in Acht na nGiúiréithe nó i reacht ar bith eile gur cheart do dhuine ar a ngairtear i gcomhair seirbhís giúiré a bheith ábalta an Béarla a thuiscint nó a labhairt. Ach, sa chás go dtriailtear cás i mBéarla, bíonn gá follasach ann go dtuigfidh an Binse Fíorais an teanga sin. Sonraítear ar údarás an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí go bhfuil an gá follasach sin faighte i ngníomh trí “Court Service staff dealing with jurors and County Registrars”a “play a role in identifying persons liable for jury service who are unable to communicate in the English language”. (Féach thíos)

Ní dhéanann an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí cad a chiallaíonn sé sin go beacht a mhionléiriú tuilleadh ach is léir go gciallaíonn sé go ndéantar na daoine sin, daoine nach bhfuil ábalta cumarsáid a dhéanamh i mBéarla, a scagadh agus a eisiamh ar bhealach éigin ón tseirbhís ar ghiúiré. Tá sé follasach, de réir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, go ndéanfar imscrúdú éigin i ngníomh ar chumas na ngiúiréithe an Béarla a labhairt, i gcás a dtriailtear i mBéarla chun na daoine “unable to communicate” a “identify”. Déantar é sin gan sainordú reachtúil sainráite. Cibé cáineadh a d'fhéadfadh duine a dhéanamh ar an gcóras seo tá sé follasach má chuirtear i bhfeidhm go dlíthiúil é i gcásanna a dtriailtear i mBéarla, go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm go dlíthiúil i gcásanna i nGaeilge. I gceantar giúiré Gaeltachta, dá mbeadh ceann ann, bheadh beagán daoine dá leithéidí ann nach mbeadh ábalta tabhairt faoin nGaeilge, ar bhua na sainfhianaise nach ndearnadh dúshláin ina leith sa chás seo.

Déantar staid maidir le cáilíocht giúiréithe go ginearálta a achoimriú sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí ina bpáipéar ar sheirbhís giúiré (LRC CP 61–2010). Ag leathnaigh 112-113, pléitear litríocht giúiré mar a leanas:

      “4.76 It is necessary for jurors to comprehend the evidence presented in court and to be able to communicate with other jurors during the deliberation process. There is no express requirement in the Juries Act 1976 that requires that a juror be fluent in the English language or that they are able to write. However, there is a requirement that they are able to read. The Juries Act 1976 as amended by the Civil Law (Miscellaneous Provisions) Act 2008 provides that persons who have “incapacity to read… such that it is not practicable for them to perform the duties of a juror” are ineligible for jury service. Candidate jurors’ literacy is not tested but there is an obligation under the Juries Act 1976 to disclose an inability to read. While there is no express English language requirement in order to be eligible for jury service, Court Service staff dealing with jurors and Court Registrars play a role in identifying persons summoned for jury service who are unable to communicate in the English language.”

      (Béim curtha leis)

Tá sé soiléir chomh maith dá mbeadh forálacha alt 8(4) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ar ionchúiseamh coiriúil ina bhfuil an tUasal Ó Maicín ina chosantóir, bheadh sé d'oibleagáid ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa chás sin an teanga a roghnaigh an tUasal Ó Maicín, arb í sin an Ghaeilge, agus bheadh an tUasal Ó Maicín i dteideal nach gcuirfí míchaoithiúlacht nó costas air a bheadh níos mó ná mar a chuirfí air dá roghnódh sé an Béarla a úsáid.

Ach níl feidhm ag alt 8(4) d'Acht 2003 ach “where the State or a public body is a party to civil proceedings before a court…”. (Béim curtha leis)

Chuir an t-achomharcóir ábhar maith os comhair na Cúirte ó dhlínsí eile atá tiomanta don dátheangachas, go sonrach ábhar ó Cheanada. Uathu siúd tá sé an-soiléir go bhfuil sé indéanta, i Stát ag a bhfuil na bundearchtaí céanna maidir le riarachán an cheartais choiriúil mar atá sé anseo, agus ina bhfuil an tiomantas céanna do thriail giúiré go sonrach, lena chinntiú gur féidir giúiréithe atá cumasach i dtriail a stiúradh i ngach ceann de na teangacha oifigiúla atá fáil go dlíthiúil nó go bunreachtúil do shaoránaigh, a chur ar fáil.

Ach, deir an Stáit na hÉireann, nach bhfuil sé indéanta anseo ag féachaint don easpa forála reachtúla ina leith agus, go sonrach, don ghá painéal giúiréithe a roghnú “using a procedure of random or other non-discriminatory selection” ó chlár na dtoghthóirí sa cheantar giúiré. Ní dhéanann an Stát iarracht ar bith míniú a thabhairt ar conas a chinntítear eolas cumasach ar an mBéarla i measc giúiréithe. Ach sceith Coimisiún um Athchóiriú an Dlí an scéal maidir leis sin.

Agus é sin á rá, deirim go bhfuil sé soiléir i ndoiciméid phlé agus i dtuarascáil an Choimisiúin um Athchóiriú Dlí go bhfuil gá, fiú i gceantar den tír ina labhraítear an Béarla go ginearálta, le baill foirne na gcúirteanna idirghabháil a dhéanamh chun críche:

      “Identifying persons summoned for jury service who are unable to communicate in the English language”.
Déantar é sin go neamhfhoirimiúil, nó chun an focal a úsáideann an Coimisiún um Athchóiriú Dlí go "casually". Nuair a tháinig an Coimisiún um Athchóiriú Dlí chun a mholtaí a dhéanamh, mhol sé leanúint en chóras "casual" sin.

Agus aird á tarraingt ar an gcleachtas seo, níl sé i gceist agam ar dhóigh ar bith a mholadh gur cleachtas mídhleathacha nó neamh-inchreidte é. Ina áit sin, ar chúiseanna atá leagtha amach i dtreo thosach an bhreithiúnais seo, measaim go bhfuil sé riachtanach go huile agus go hiomlán a chinntiú go bhfuil an giúiré a bhfuil an cheist um chiontach nó neamhchiontach le triaileadh acu ábalta teanga an cháis a thuiscint. Ciallaíonn “language of the case” ceachtar de na teangacha atá aitheanta mar theangacha oifigiúla, Gaeilge nó Béarla, cibé teanga a thriailfear an cás inti. Tharraingeoinn aird ar roinnt gnéithe d'fhorálacha Acht na nGiúiréithe, atá leagtha amach thuas.

      (i) Ní bhaineann an ceanglas in alt 11 d'Acht na nGiúiréithe, 1976 de “a procedure of random or other non-discriminatory selection”, le roghnúchán giúróra le haghaidh cás a thriaileadh, ach baineann sé le roghnúchán painéal giúiréithe óna roghnófar a ngiúiré a thriailfidh an cás.

      (ii) D'fhéadfaí giúiré ar a ngairfear ón bpainéal chun fónamh ar chás faoi leith a eisiamh ó sin a dhéanamh ar an mbonn go ndéanfar é a dhícháiliú nó go bhfuil sé neamh-incháilithe. Cuimsítear liosta daoine i Sceideal 1, Cuid 1 d'Acht na nGiúiréithe 1976 atá neamh-incháilithe, lena n-áirítear daoine atá "incapable". I ngeall ar, gan amhras, earráid i línitheoireacht, d'fhéadfadh duine a bheith míchumasach “because of insufficient capacity to read”. Tá sé an-aisteach nach bhfuil aon rud curtha in iúl san Acht maidir le cumas neamhleor chun teanga an cháis a labhairt nó a thuiscint nuair is léir gurb í sin cáilíocht riachtanach in obair ghiúróra.

Ach leantar ar aghaidh mar a leanas le bonn an éagumais, a thosaíonn tríd an gcumas neamhleor a bheith ábalta léamh a lua, trí thagairt a dhéanamh do:
      “Deafness, or other permanent infirmity, is unfit to serve on a jury”.
I mo thuairimse, is bunús an chirt é, ní hamháin giúiré a bheith suite sa seomra cúirte go díreach nuair atá an triail á stiúradh, ach an ceart chun triail le giúiré, go mbeadh an giúiré ábalta an fhianaise a thuiscint i dteanga an cháis.

Ceapaim dá réir sin go bhfuil na Cláraitheoirí Contae agus foireann cúirte eile a fheidhmíonn faoi láthair mar atá curtha síos i dTuarascáil an Choimisiúin um Athchóirithe Dlí, ag déanamh é sin go dleathach agus ar mhaithe le triail le giúiré mar atá ráthaithe sa Bhunreacht.

I mo thuairimse, tá sé riachtanach go sroichfidh an Chúirt seo conclúid dhocht ar éisteacht an achomhairc reatha maidir leis an gceist seo. Má tá an cleachtas reatha neamhdhleathach ba cheart don Chúirt é sin a rá, in ainneoin go bhféadfaí líon neamhchinnte trialacha a éisteadh le gairid a dhéanamh neamhbhailí mar thoradh air sin. Ach má tá an cleachtas (faoi mar a chreidim) dleathach, níl cúis ar bith ann nach féidir é a chur i bhfeidhm chun giúiré a sholáthar a bheidh ábalta an fhianaise a thuiscint i cibé de na teangach oifigiúla arb í teanga an cháis í. Sa chás deireanach sin, fágann sé nach féidir le réasúnaíocht na hArd-Chúirt i bhfaoiseamh a dhiúltú don achomharcóir seasamh.

Ní mór a rá, ar ndóigh, gur easnamh fíor-aisteach é in Acht na nGiúiréithe 1976 nár sainíodh ann go gcaithfidh giúiré ar a ngairtear chun fónaimh i gcás faoi leith a bheith ábalta teanga an cháis sin a thuiscint. Ach is é sin easnamh a rinne an reachtas, agus ní féidir leis an gCúirt rud ar bith a dhéanamh faoi sin.

Ceantar Giúiré Gaeltachta?
Is fíor é, ar ndóigh, go bhféadfadh an tAire le hordú Contae na Gaillimhe a roinnt ina dhá cheantar giúiré ná níos mó agus d'fhéadfadh sé ceantar giúiré a theorannú do chuid nó do chodanna den Chontae, mar shampla codanna Gaeltachta de Chontae na Gaillimhe. Ach níl sé sin déanta ag an Aire agus, a deir an Stát, ní féidir leis an gCúirt tabhairt air é sin a dhéanamh.

Níor shéan an Stát, dá mbeadh ceantar giúiré ann cuimsithe de, nó lena n-áirítear, an limistéar mór Gaeltachta atá dreachaithe le hionstraim reachtúil cheana, go mbeadh sé éasca giúiré a fháil a bheadh ábalta éisteacht leis an gcás i nGaeilge i gceantar den sórt sin. Bhí fianaise chuige sin sa chás seo. D'fhéadfaí deacrachtaí ar bith maidir leis sin a dhéanamh a shárú leis na bearta díreach céanna sin úsáideadh chun giúiré atá cumasach sa Bhéarla a chinntiú, sa chás gurb é Béarla teanga an cháis.

Tá an reachtaíocht maidir le giúiréithe, na codanna ábhartha a luadh thuas, an-tostach ar fad maidir leis an gceist um cháilíochtaí giúiréithe. Mar shampla, níl foráil dhlíthiúil sainráite ar bith ann gur chóir do ghiúróir atá faoi mhionn i dtriail, abair, i mBaile Átha Cliath, ábalta Béarla a labhairt. Tá foráil ann go bhféadfadh duine a bheith neamh-incháilithe i gcomhair seirbhís giúiré “because of insufficient capacity to read", ach de réir dealraimh is leor do dhuine é féin a bhaint den chatagóir sin ina bhfuil sé ábalta léamh i dteanga ar bith: ní shonraítear teanga ar leith ar bith. I ndálaí an lae inniu, is cinnte nach bhfuil sé neamhdhóchúil go bhféadfaí duine nach é an Béarla a theanga nó a teanga dhúchais a ghairm i gcomhair seirbhís giúiré i mBaile Átha Cliath. Maidir leis an teagmhas sin, agus an gceist cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil go leor Béarla ag an duine sin chun na himeachtaí a leanúint, níl le rá ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí ach:

      “While there is no express English language requirement in order to be eligible for jury service, Courts Service staff dealing with jurors, and court registrars, play a role in identifying persons summonsed for jury service who are unable to communicate in the English language.

      If such a person is called for jury service, the terms of s.15(3) of the Juries Act 1976 mean that the onus is upon that person himself to declare that he is ineligible.”

Go deimhin, mar a eascraíonn sé go soiléir ó na forálacha reachtúla thuasluaite, agus ó pháipéar an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, “… there is no express English language requirement in order to be eligible for jury service”.

Leigheastar an deacracht phraiticiúil a tharlaíonn i ngeall ar an easnamh aisteach sin go an-fhoirmiúil: “Court Service staff dealing with jurors and Court Registrars play a role in identifying persons summoned for jury service who are unable to communicate in the English language”.

Tá sé an-soiléir go ndéantar é sin trí dhaoine dá leithéidí a chur as áireamh ó sheirbhís giúiré toisc nach bhfuil siad ábalta cumarsáid a dhéanamh i mBéarla. Déanann an cleachtas sin nach bhfuil údaraithe go sainráite áit ar bith sa dlí, ach a sceith an Coimisiúin um Athchóiriú an Dlí, moladh ar bith go roghnaítear gach giúróir ar bhonn iomlán randamach a bhréagnú. Is léir ón bhfoinse a luadh go bhfuil daoine nach bhfuil ábalta cumarsáid a dhéanamh i mBéarla “identified”. Ar ndóigh bheadh sé i bhfad níos ionraice agus níos trédhearcaí dá mbeadh bonn dlíthiúil ann i leith an phróisis seo ach i ngeall ar an gcleachtas seo a bheith ann ní féidir leis an Stát a rá nach féidir le duine giúiré Gaeilge a roghnú toisc go gcuirfeadh sé sin isteach ar nádúr randamach an phróisis.

Is follasach go bhféadfaí an córas ad hoc a chinntíonn, i dtuairim an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, go bhfuil giúiréithe i mBaile Átha Cliath ábalta Béarla a labhairt, a úsáid lena chinntiú go mbeadh giúiréithe a roghnófaí ó cheantar giúiré a chuimsíonn Gaeltacht mhór ábalta Gaeilge a labhairt. Mura bhfuil socruithe ad hoc dá leithéidí inlochtaithe sa Ghalltacht, ní fheicim an fáth go mbeadh siad doghlactha sa Ghaeltacht. Agus má tá siad inlochtaithe sa Ghaeltacht, tá siad inlochtaithe go dtí an méid céanna sa Ghalltacht. Sa chás sin tá gá práinneach le leasú reachtúil.

      ___________________________________________________________

Príomh-Údarás an Stáit.
Braitheann Freagróirí an Stáit go trom ar chás MacCártaigh v. Éire [1999] IR 186. Ba fhear dúchasach as Baile Átha Cliath é an gearánaí sa chás sin a cúisíodh as cionta gadaíochta a líomhnaítear go ndearnadh iad i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Cainteoir Gaeilge a bhí ann. Ba é an cion ceannlíne go raibh sé líomhnaithe gur goideadh seacláidí agus milseáin dar luach £11,252.50. Bhí triail os comhair giúiré a thuigfeadh é i nGaeilge gan idirghabháil ateangaire á hiarraidh aigesean fosta. Diúltaíodh faoiseamh dó ar na forais "if every member of the jury had to be able to understand legal proceedings in Irish without the help of an interpreter, that would exclude the majority of the People of Ireland". (Leathanach199).

Is é sin, go deimhin, cóimheas iomlán MacCártaigh, san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach araon.

Deir cosantóirí an Stáit go bhfuil an cás seo go díreach den chineál sa dlíthíocht reatha. Deir an gearánaí/an t-achomharcóir go bhfuil sé an-inaitheanta ar fad agus go deimhin tá fianaise gan cheistiú an Dr Ó Giollagáin treoraithe chuig an bpointe sin.

Sheachaid Hamilton P.B. breithiúnas na Cúirte seo i MacCártaigh i nGaeilge, agus sheas sé leis an Ordú ón Ard-Chúirt. Ag lch. 196 dúirt Hamilton P.B. arís i m'aistriúchán:

      “According to O’Hanlon J., if the plaintiff’s claim were acceded to, the majority of the People of Ireland would not be able to serve on the jury in a case like this; and that would be contrary to the sense in which the Supreme Court interpreted Article 38.5 of the Constitution in the case of de Búrca v. an Príomh-Aturanae [1976] IR 38”.
Dúirt O’Hanlon B., ag lch. 192 den Tuarascáil, arís i m'aistriúchán, san Ard-Chúirt:
      “In regard to the State as a whole, including Gaeltacht and Galltacht (including City of Dublin in the figures, of course) 29.4% of the community above the age of three years said (or it was said on their behalf) that they were able to speak Irish, but this figure was below 25% households in the Dublin district. There is no account at all of how fluent [in Irish] any of the People who answered the question were, with regard to their knowledge and capacity to speak Irish, and everyone knows (“Tá a fhios ag an saol”) that many of the community would not like to admit that they had entirely lost their Irish, because they wish to be loyal to the language and to the cause of the language.

      That means, if one were setting about putting together a jury list which would have no-one on it except people who had a good knowledge of the spoken language, that it would be necessary to exclude 75% at least of the community in the City of Dublin (“D’fhaigáil ar leath-taoibh”, lit. to leave on one side from the start). And I am of the opinion that the figure would be closer to 90% or more if one were concerned with people who would be able to address complicated questions of criminal law and to understand them”. (Béim curtha leis)

Chinn an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach araon go raibh sé sin inlochtaithe i bpainéal giúiré a bhí faoi cheangal a bheith comhdhéanta as “a fair cross-section” den phobal “to ensure that the jury’s verdict will have the quality of a community decision”. Tá na frásaí sin bainte as breithiúnas Hency P. in An Stát (Byrne) v. Frawley [1978] IR 326 agus de Búrca v. an Príomh-Aturnae thuasluaite.

Fuarthas na figiúirí thuasluaite ó Dhaonáireamh 1986. Baineann an figiúr is suntasaí, ar an mbonn go bhféadfá a rá faoi dá mbeadh ceanglas ann painéal giúiré a bheith comhdhéanta de dhaoine a thuigfeadh an Ghaeilge go mbeadh 90% den daonra as an áireamh, go sainráite agus go sainiúil do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath amháin. Chuir O'Hanlon B. síos air amhlaidh sa sliocht thuasluaite.

Ba chuig na figiúirí sin, agus chuig an gconclúid a bhí bunaithe orthu, a raibh fianaise gan cheistiú an Dr Ó Giollagáin sa chás reatha treoraithe.

Faoi mar a shoiléirítear é sna Reachtanna a luadh sa bhreithiúnas seo, níl ceist ar bith, i gcúinsí ar bith, maidir le paineál giúiré a thagann de Dhaoine na hÉireann ar an iomlán. A mhalairt ar fad, déantar giúiré i gcomhair cáis faoi leith ar bith a roghnú ó "jury districts" níos éagsúla agus níos lú, arb iad, mura sainíonn an tAire a mhalairt, na contaetha riaracháin. Sa chás reatha, níl fianaise ar bith ar thaobh ar bith maidir le cumas teangeolaíoch, nó cumas dóchúil teangeolaíoch, giúiré a roghnófaí as Contae na Gaillimhe ina iomláine. Tá go leor fianaise gan bhréagnú ann, dá mbeadh ceantar giúiré cuimsithe de limistéir Ghaeltachta Iarthar na Gaillimhe ann, bheadh céatadán an-ard den phainéal giúiré a thabharfaí ó na limistéir sin ábalta an Ghaeilge a labhairt agus ábalta imeachtaí dlíthiúla sa teanga sin a thuiscint. Sholáthróidh ceantar dá leithéid, de réir na fianaise gan bhréagnú, trasghearradh réasúnta den phobal lena n-áirítear iad siúd atá bainteach i gceirdeanna gairmiúla agus oilte eile, oifigigh, daoine gnó, daoine féinfhostaithe, minic léinn agus daoine dífhostaithe, mar aon le feirmeoirí agus oibreoirí talmhaíochta eile.

Ag féachaint do théarmaí Acht na nGiúiréithe, 1976, ina n-éilítear painéil ghiúiré a dhéanamh, ní hé as an daonra ina iomláine, ach as daonra ceantair ghiúiré aonair, níl baint ar bith ag an gcóimheas agus na staitisticí ar ar diúltaíodh faoiseamh do MhacCártaigh leis an gcás reatha go simplí. Níor tugadh figiúirí ar bith ar aird maidir le cumas teangeolaíoch trasghearrtha ionadaíoch de dhaonra Chontae na Gaillimhe agus tá go leor fianaise ann go mbeadh trasghearradh ionadaíoch de phainéal giúiré a bhainfí as na ceantair Ghaeltachta ábalta na himeachtaí dlíthiúla a thuiscint i nGaeilge.

Tá an deacracht ag an ngearánaí/achomharcóir, áfach, a dhearbhú go bhfuil sé laistigh d'údarás na Cúirte tabhairt ar an Aire ceantar giúiré den chineál a éilíonn sé a chruthú, nó gur cheart don Chúirt, fiú má tá sé ann, údarás dá leithéid a fheidhmiú. Ach is ceisteanna éagsúla iad sin le baint eile, ar a mbreathnófar ina n-áit thíos: Faoi láthair, is leor a shonrú go bhfuil cóimheas MacCártaigh, a mhéid is a bhaineann sé le hinfhaighteacht giúróirí a labhraíonn an Ghailege i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath nó, obiter, sa tír ina hiomláine, an-éagsúil ó sin a bhaineann le héileamh a bhfuil a fhíricí agus a áitiú araon teoranta do chúinsí iarbhír an ngearánaí anseo, is é sin an gaelgeoir, cainteoir dúchais, a cúisíodh a cion i gcoinne cónaitheoir Gaeltachta eile, agus cion a rinneadh, mar a líomhnaítear, sa Ghaeltacht.

Ní féidir agóid a dhéanamh in aghaidh na gcásanna éagsúla a luadh gur cheart do phainéal giúiré ionadaíocht a dhéanamh don phobal. Is pobal Gaeltacht é an pobal lena mbaineann ar cuid é de phobal Chontae na Gaillimhe contrártha le pobal níos leithne, amhail muintir na hÉireann ar an iomlán, nó pobal atá éagsúil go díreach, amhail pobal Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Is cúirt dlínse "áitiúil" í an Chúirt Cuarda, ina dtriailfear an cás seo, agus ní cúirt dlínse Náisiúnta.

Is í an fhadhb is bunúsaí, an chéad fadhb de dhá fhadhb dá leithéid, atá os comhair an achomharcóra ní dhearna an tAire, ár ndóigh, ceantar giúiré a cheapadh, ina gcuimsítear an Ghaeltacht, nó ina gcuimsítear formhór na Gaeltachta. D'fhéadfadh sé é sin a dhéanamh dá mba mhian leis, ach ní dhearna sé é. Dealraíonn sé go mbeadh gá é sin a dhéanamh, mar ghnó praiticiúil, má tá foinse iontaofa de ghiúiréithe Gaeilge le fáil.

Lorgaíonn an gearánaí sna himeachtaí sin, i measc faoiseamh eile:

      “An order directing the Minister to take all necessary and/or convenient steps to ensure and facilitate a trial before a bilingual jury for the applicant, including specifying a new jury area in County Galway pursuant to s.5 of the Juries Act 1976 and/or creating a new jury summons pursuant to s.12 of that Act.”
Aisghairfear é gur bunaíodh staid le halt 5(1) d'Acht 1976, trína mbeidh gach contae, in easnamh Ordaithe ón Aire, ina cheantar giúiré. In alt 5(2) sonraíodh an méid seo a leanas:
      “The Minister may by order divide a county into two or more jury districts or limit a jury district to a part or parts of a county.”
In An Stát v. Rialtas na hÉireann [1987] IR 550, bhí an tUasal Sheehan ag déanamh agairte i leith Chorparáid Chorcaí i leith damáistí de bharr titime ar an gcosán poiblí. Ní bheadh an Chorparáid, mar Údarás Bóithre, faoi dhliteanas ina leith sna himeachtaí ach dá léiríodh go raibh an Chorparáid ciontach as míghníomh maidir le tógáil nó cothabháil an chosáin agus ní bheadh sí faoi dhliteanas dá mbeadh sí ciontach as neamhghníomh .i. cliseadh nó neamhghníomh an cosán a dheisiú.

Athraíodh an staid dlí sin le halt 60 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, ina bhforáiltear “a Road Authority shall be liable for damage caused as a result of their failure to maintain adequately a public road”, .i. i gcomhair neamhghnímh.

Ach i bhforáil eile in alt 60 rinneadh foráil maidir leis an Alt go “shall come into operation on such day, not earlier than the 1st day of April, 1967 as may be fixed therefore by order made by the Government.”

Ní dhearna an Rialtas ordú den sórt sin riamh lenar cuireadh alt 60 i bhfeidhm agus lorg an tUasal Sheehan faoiseamh trí mandamus ina gceanglaítear ar an Rialtas ordú a dhéanamh chun an dáta ar a dtiocfadh an tAlt i bhfeidhm a shocrú. D'éirigh leis san Ard-Chúirt (Costello B.) ach freaschuireadh an cinneadh sin sa Chúirt seo.

Dúirt Henchy B., lenar aontaigh formhór na Cúirte ag lch. 551:

      “The essence of [Mr. Sheehan’s] case is that the discretion given to the Government by s.60(7) requires to be exercised reasonably, that is to say within a reasonable time after the 1st April 1967, and that the default on the part of the Government leaves them open to mandamus. On the other hand, the case for the Government is that s.60(7) merely allows them to bring the Section into operation whenever they choose, so long it is after the 1st April 1967.

      I am satisfied that s.60(7) is merely enabling. The usage of ‘shall’ and ‘may’ both in the subsection and in the Section as a whole point to the conclusion that the radical law reform embodied in the Section was intended not to come into effect before the 1st April 1967 and thereafter on such day as may be fixed by an order made by the Government. Not, be it noted, on such day as shall be fixed by the Government. Limiting words such as ‘as soon as may be’ or ‘as soon as convenient’, which are to be found in comparable statutory provisions are markedly absent. If the true reading of s.60(7) were to the effect that the Government were bound to bring the Section into operation, it would of course be unconstitutional for the Government to achieve by their prolonged inactivity the virtual repeal of the Section.”

Ní chuimsítear moladh in Acht na nGiúiréithe, amhail alt 60 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, maidir le leasú ar an dlí torta, ach déantar foráil ann i leith socruithe praiticiúla maidir le cúrsa bunreachtúil tábhachtach, an ceart chun trialach le giúiré. Tá sé ceangailte ann fosta, cearta bunreachtúla eile amhail na cinn a léirítear in Airteagal 8 a léiriú agus a éascú.

Ar éisteacht an achomhairc dúirt an tUasal Lúan Ó Braonáin A.S. don Stát gurb í an deacracht bhunúsach cloí le mian gearánaí chun aitheasc a dhéanamh leis an mBinse Fíorais ina theanga dhúchais agus go dtuigfí é go díreach ag déanamh amhlaidh ná nach mbeadh sé indéanta giúiré cumasacha a fháil. Ní hamhlaidh atá. Ar an bhfianaise gan bhréagnú sa chás seo, d'fhéadfaí giúiré dá leithéid a fháil ach staon an Feidhmeannas ó bheart simplí agus beagnach gan chostas a dhéanamh lena mbeifí ábalta giúiré Gaeilge a chur ar fáil, a dhéanfadh ionadaíocht don phobal Chonamara.

Níl aghaidh le tabhairt ag an bhFeidhmeannas anseo ar an gcineál deacrachta nó neamhfhéidearthachta lenar cuireadh cosc ar fhaoiseamh a tabhairt don ghearánaí in MacCártaigh v. Éire, thuas. Sa chás gur cúisíodh cosantóir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath as cionta i gcoinne maoine a rinneadh i mBaile Átha Cliath, ghairm Hamilton P.B. sliocht le faomhadh ó Athbhreithniú Dlí Vanderbilt a luaigh mé thuas. Chaith sé amach éileamh an ghearánaí ar ghiúiré Gaeilge in ainneoin é sin. Seachadadh an breithiúnas go hiomlán i nGaeilge mar sin is é m'aistriúchán atá sa lua seo a leanas ar an méid a dúirt Hamilton P.B ag lch. 198 den Tuarascáil. I ndiaidh sleachta ó Athbhreithniú Dlí Vanderbilt dá dtagraítear thuas cheana a lua dúirt sé:

      “That is true enough but it must be said that, in Ireland at present, there is no better solution available. If it were necessary for each member of the jury to be able to understand the legal proceedings in Irish, without the assistance of translation, that would sideline (ar leathaobh) most of the People of Ireland. That in itself would contravene Article 38.5 of the Constitution as the Supreme Court explained it in de Búrca v. Attorney General [1976] IR 38 and The State (Byrne) v. Frawley [1978] IR 326."

      For that reason the Court will dismiss the appeal”.

Sa chás reatha tá réiteach éasca ar an bhfadhb maidir le cead a thabhairt don chosantóir a thriail a sheasamh, agus cosaint a dhéanamh, os comhair giúiré a thuigfidh é go díreach. Níl sé roghnaithe ag an bhFeidhmeannas an fhoráil atá ar fáil go héasca i ngníomh a chur ar fáil, ach ní hé sin an rud céanna is a rá nach féidir é sin a dhéanamh. Go deimhin, is léir nach bhfuil sé dodhéanta; ní dhearnadh é, tá sé go simplí sin.

Maidir le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i Sheehan v. Éire “seems unduly timid in the circumstances…” de réir eagarthóirí saoithiúla J.M. Kelly: The Irish Constitution (4ú hEagrán, lch. 380). Ach ní gá chun críocha reatha dul isteach i bhfiúntais nó eile an chás ós rud é go gcreidim go bhfuil sé le feiceáil go han-inaitheanta ó chúinsí an cháis reatha, a bhaineann leis na bearta atá le déanamh ag an reachtas maidir le dualgas bunreachtúil a tharmligean. Is é an dualgas sin an dualgas a chuireann Kennedy P.B. in iúl, i dteanga atá luaite cheana sa bhreithiúnas seo, mar a leanas:

      “… the State is bound to do everything within its sphere of action… to establish and maintain [the Irish language] in its status as the National language”.

      agus tamall ina dhiaidh sin:

      “ None of the organs of the State legislative executive or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language and the National language without offending against the constitutional provision…”

Ba é an fhíric go bhfuil dualgas bunreachtúil i gceist (seachas mír lánroghnach um leasú dlí go díreach) a chuir ar chumas Kearns P. faoiseamh a thabhairt i gcoinne an Rialtais i gcúinsí Doherty v. Rialtas na hÉireann agus Anor [2011] 2 IR 222. Bhain an cás aithnidiúil sin le cliseadh nó neamhghníomh an Rialtais an t-eascaire maidir le fothoghchán a aistriú chun folúntas ócáideach a líonadh in ionadaíocht thoghcheantar trí shuíochán Iardheisceart Dhún na nGall. Tharla an folúntas an 6 Meitheamh 2009, agus bhí an mhoill a bhí ann maidir leis an fothoghchán a aistriú ar an moill is faide a tharla i stair an Stáit riamh.

Sheas Kearns P. ar dtús, mar atá achoimrithe ag mír 1 den cheann-nóta:

      “That decisions or omissions which affected citizens’ rights under the Constitution were prima facie justiciable”. (Béim curtha leis)
D'áitigh an Stát go raibh an cheist maidir le cá huair a bhí an fothoghchán le haistriú ina ghnó go huile agus go hiomlán de rogha an Rialtais. Deir an tUasal Maurice Collins, A.S., dá dtabharfaí faoiseamh, bheadh sé sin mar an gcéanna le “tearing asunder” forálacha an Bhunreachta. Ach ag lch. 247 den Tuarascáil dúirt Kearns P:
      “Far from the Court ‘tearing asunder’ the provisions of the Constitution by adjudicating upon this application, it is the ongoing failure to move the writ for this by-elections since June, 2009 which offends the terms and spirit of the Constitution and its framework for democratic representation”.
Ní spaspas ar bith dom a rá go ndéanann an cliseadh na bearta cearta a dhéanamh lena chinntiú gur féidir le giúiré an gearánaí a thabhairt chun trialach, ar na cionta coiriúla atá tionscanta ag an Stát ina choinne, a thuigfidh é go díreach sa teanga Náisiúnta agus sa Phríomhtheanga oifigiúil “offends the terms and spirit of the Constitution” agus an stádas agus na cearta a thugann sé don teanga Náisiúnta agus don Phríomhtheanga oifigiúil agus do shaoránaigh ar mian leo í a labhairt.
      ___________________________________________________________
Táim tógtha le neart agus soiléire éileamh an achomharcóra a bheith ábalta a chosaint a stiúradh os comhair binse a thuigfidh é do díreach, sa teanga Náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil. Ní chreidim go bhfuil tír ar bith eile sa domhan nach bhfuil saoránaigh i dteideal a ghnó a stiúradh inti os comhair cúirte sa sa teanga Náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil, agus a bheith tuigthe go díreach ag cúirt dá leithéid sa teanga sin. Tá breathnú cúramach déanta agam ar an bhfuil nó nach bhfuil sé de dhualgas ar an Stát, ar an gcúis go bhfuil sé "bound to do everything within its sphere of action… to establish and maintain [the Irish language] in its status as the National language and to recognise it for all official purposes as the National language”, chun an Príomh-Bhreitheamh Kennedy a lua, cibé bearta is gá chun a chinntiú gur féidir leis an gcosantóir, Gaelgeoir a bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht agus cúisithe as cion ar dúradh faoi go ndearnadh é ansin i gcoinne Gaeilgeoir eile, aitheasc a thabhairt don Chúirt atá lena thabhairt chun trialach i dteanga arb í a theanga féin agus an teanga Náisiúnta agus an phríomhtheanga í ag an am céanna, os comhair binse a thuigfidh go díreach é.

Baineann na bearta sin le hionstraim reachtúil a dhéanamh go díreach den chineál atá léirithe ag leathanach 33 agus 34 thuas.

Bhreathnaigh mé ar cheart nó nár cheart don Chúirt staonadh ó ordú a dhéanamh go ndéanfaí an beart seo ar bhonn fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus go sonrach iad siúd atá leagtha amach thuas.

Feictear domsa go gcuirtear an ceart atá á lorg go díreach ag an achomharcóir anseo - an ceart an teanga ina ndéantar na himeachtaí a stiúradh agus a bhreithniú a dheachtú in alt 8(4) den Acht sin do pháirtí ar freasúrach dlíthíoch an Stáit nó comhlachta phoiblí é.

Deirim "adjudicated" toisc go bhforáiltear in alt 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go:

      “So far as may be practicable having regard to all relevant circumstances, the Circuit Judge assigned to any circuit which includes a district where the Irish language is in general use shall possess such a knowledge of the Irish language as would enable him to dispense with the assistance of an interpreter when evidence is given in that language.”
Tá an chosúlacht ann go mbeadh an breitheamh a sannadh le bheith i gceannas ag éisteacht an ionchúisimh choiriúil seo ar an gCúirt Chuarda Thiar, i gcontae ina bhfuil an Ghaeltacht is mó sa tír, ábalta seirbhísí ateangaire a fhágáil ar lár nuair a thugtar fianaise i nGaeilge, faoi mar atá sé beartaithe sa Reacht.

Ach tá foráil ábhartha Acht 2003 dréachtaithe maidir le himeachtaí sibhialta amháin. Is é sin le rá, tá sé dréachtaithe chun imeachtaí coiriúla de chineál ar bith a eisiamh, cibé acu ionchúisithe go hachomair, nó ar díotáil.

D'fhéadfaí a cheapadh nach idirdhealú réasúnach é sin. Is cinnte gurb é an cás dá mbeadh duine bainteach in imeachtaí coiriúla i gcoinne an Stáit i gcomhair ionsaí ag oifigeach, bheadh sé i dteideal trialach le giúiré maidir leis an gcúis sin agus bheadh sé i dteideal, le réasún Acht 2003, an cás a bheith stiúrtha i nGaeilge ar an dá thaobh. Ní sé follasach domsa cén fáth a bhfuil idirdhealú déanta idir triail gnímh shibhialta i gcomhair ionsaí agus triail ionchúisimh choiriúil i gcomhair ionsaí.

I mo thuairimse is sárú é an staid dlí agus cleachtais trí nach féidir leis an Stát nó nach soláthróidh an Stát binse le haghaidh thriail an achomharcóra a thuigfidh é go díreach agus a chosaint á dhéanamh aige maidir le cion coiriúil tromchúiseach a chur an Stát ina leith i gceann dá chúirteanna féin ar an bprionsabal, atá bunaithe in Ó Foghludha v. McLean, a deir:

      “None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the National language of the State without offending against the constitutional provision of Article 4”.
Is sárú é an cliseadh binse den sórt sin atá luaite thuas a chur ar fáil le haghaidh triail saoránaigh ar mian leis é féin a chosaint sa teanga Náisiúnta agus sa phríomhtheanga oifigiúil ar an bprionsabal, atá bunaithe chomh maith sa chás sin:
      “… that the State is bound to do everything within its sphere of action… to establish and maintain [the Irish language] in its status as the National language and to recognise it for all official purposes as the National language”.
Sáraíonn an cliseadh sin binse den sórt sin a chur ar fáil an prionsabal, atá curtha in iúl in Ó Beoláin v. Fahy, i sliocht atá luaite thuas ag:
      “… the Irish language which is the National language… cannot … be excluded from any part of the public discourse of the nation or the official business of the State or any its emanations. Nor can it be treated less favourably in these contexts than the second official language.”
In alt 8(4) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 tugtar ceart do reachtas in imeachtaí sibhialta chun a iarraidh go n-úsáideann páirtí an Stáit an teanga oifigiúil a roghnaíonn a fhreasúrach. Ní chuireann sé sin bac ar an ngearánaí ó cheart a éilíonn sé a lorg i dtaca le himeachtaí coiriúil, nach mbaineann an Alt leis.

Chun cruthú ceantar giúiré a ordú ina bhfuil an limistéar arb é an Ghaeltacht é, bheadh gá le triail i nGaeilge a thuigfí go díreach a cheadú i gcás sonrach an iarratasóra. Ar ndóigh, ní thógfadh sé na héagothromais theangeolaíocha go ginearálta, mar shampla i gcomhthéacs duine amhail an tUasal MacCártaigh a bhfuil a chás luaite thuas. Ach tá sé thar chumhacht na Cúirte an dlí a leasú go ginearálta, cé go bhféadfaimid faoiseamh a thabhairt i gcás sonrach duine aonair ar diúltaíodh dá chearta bunreachtúla nó ar cuireadh ar leataobh iad.

      _________________________________________________________
De réir mar a thuigim é, níl an Stát a dhíospóid go bhfuil dlíthí i dteideal go gcuirfear Rialacha na Cúirte ina dtriailfear é ar fáil dó i nGaeilge, agus go deimhin gur cuireadh na Rialacha sin ar fáil dó. Sna cúinsí sin ní cheapaim go bhfuil gá le faoiseamh ar bith i dtaca le héilimh an achomharcóra maidir leis sin.

Conclúid.
Cheadóinn an t-achomharc. Ach i gcúinsí an cháis seo, agus i bhfianaise thráchtanna Kearns P. in Doherty v. Éire, thuasluaite agus na cásanna dá dtagraíonn sé, ní dheonóinn faoiseamh ar bith faoi láthair seachas dearbhú.

Dheonóinn an dearbhú go substaintiúil i gcomhthéacs an dara faoisimh a d'éiligh an t-iarratasóir ina ráiteas ina raibh forais maidir leis an iarratas ar athbhreithniú breithiúnach agus ar dhearbhú:

      “That the appellant is entitled to be tried before a jury who will understand evidence given in Irish directly and without the assistance of an interpreter.”







[2014] IESC 12 - Appendix I.doc[2014] IESC 12 - Appendix II.doc[2014] IESC 12 - Appendix III.doc[2014] IESC 12 - Appendix IV.doc [2014] IESC 12 - Appendix V.doc

Ar ais ar barr an leathanach