Comhdhéanamh na Cúirte

Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, atá ina (h)Uachtarán ar an gCúirt, agus de naonúr Gnáthbhreithiúna. Ina theannta sin, tá Uachtarán na Cúirte Achomhairc ina b(h)all ex officio den Chúirt Uachtarach.  Tá Uachtarán na hArd-Chúirt b(h)all ex officio den Chúirt Uachtarach chomh maith.

De ghnáth suíonn an Chúirt le comhdhéanamh de thriúr nó cúigear Breithiúna agus, ar chúinsí eisceachtúla, bíonn seachtar Breithiúna inti. Nuair atáthar ag éisteacht le cásanna a bhaineann le bailíocht bhunreachtúil Achta Oireachtais (an pharlaimint), éilíonn an Bunreacht go mbeadh an Chúirt comhdhéanta de chúigear Breithiúna ar a laghad.  Bíonn an riachtanas bunreachta seo i bhfeidhm freisin nuair a iarrtar ar an gCúirt a tuairim a thabhairt i dtaobh bailíocht bhunreachtúil Bille ar ghlac an t-Oireachtas leis nuair a chuireann Uachtarán na hÉireann chuici é faoi Alt 26 den Bhunreacht. Éilítear cúigear Breithiúna ar a laghad má tá ar an gCúirt cinneadh, de bhun Alt 12 den Bhunreacht, a dhéanamh cé acu atá an tUachtarán ar éagumas buan nó nach bhfuil.

Go ginearálta, suíonn cúirt triúir Breithiúna in achomhairc a bhaineann le cúrsaí nó ceisteanna idirbhreithacha nó iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta nó ceisteanna a bhféadann cinneadh orthu laistigh de pharaiméadair an chás-dlí bunaithe. I dteannta leis na cásanna sin nuair atá sé á éileamh ag an mBunreacht, suífidh cúirt atá déanta suas de chúigear Breithiúna, nó seachtar Breithiúna ar chúinsí eisceachtúla, le haghaidh achomharc lena mbaineann ceisteanna dlí a bhfuil tábhacht nó castacht áirithe ag baint leo. Áit nach bhfuil dóthain Breithiúna Cúirte Uachtaraí ar fáil féadann an Príomh-Bhreitheamh iarraidh ar aon Ghnáth-Bhreitheamh de chuid na Chúirte Achomhairc suí mar bhall den Chúirt Uachtarach le héisteacht le hachomharc áirithe.

Ord Tosaíochta na mBreithiúna

Forálann Acht Cúirteanna Breithiúnas, 1924 don ord tosaíochta idir breithiúna na hArd-Chúirte mar seo a leanas:

 (i) tabharfar tús áite don Phríomh-Bhreitheamh;                                              
 (ii) beidh Uachtarán na Cúirte Achomhairc i ndiaidh an Phríomh-Bhreithimh;
 (iii) beidh Uachtarán na hArd-Chúirte i ndiaidh an Uachtarán na Cúirte Achomhairc;
 (iv)    ina ndiaidh siúd beidh aon Bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí atá ina (h)Iar-Phríomh-Bhreitheamh;

 (v)    ina ndiaidh siúd beidh breithiúna eile na Cúirte Uachtaraí agus ord tosaíochta acu de réir dháta a gceaptha mar ghnáthbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí.