Dlínse na Cúirte

Comhlíonann an Chúirt Uachtarach dhá phríomhról, tá sí ina cúirt bhunreachtúil agus ina cúirt achomhairc dheiridh. Is é ata inti go bunúsach ná an chúirt achomhairc deiridh ó chinntí nagCúirt Achomhairc agus ó chinntí áirithe na hArd-Chúirte le bundlínse teoranta sna ceisteanna a dtagraítear dóibh thíos.

Is iad na Cúirteanna a bhunaigh Airteagal 34 den Bhunreacht, an Chúirt Uachtarach, and Chúirt Uachtarach agus an tArd-Chúirt, orgán breithiúnach an Rialtais. Forálann Airteagal 6 den Bhunreacht gurb ó na daoine a dtagann cumhachtaí go léir an Rialtais, idir cumhachtaí reachtúla, feidhmiúcháin agus breithiúnacha agus sonraíonn sé ina dhiaidh "Is leis na horgáin Stáit a chuirtear ar bun leis an mBunreacht seo, agus leo sin amháin nó lena n-údarás, is féidir na cumhachtaí riala sin a oibriú."

Is é an Rialtas an t-orgán Stáit a chleachtann cumhacht fheidhmiúcháin an Rialtais, cleachtann an dá theach parlaiminte atá déanta suas den Oireachtas (a bhfuil an tUachtarán ina ceann air de réir teidil, i dteannta lena stádas bunreachtúil mar cheann an Stáit) cumhacht reachtúil an rialtais, agus cleachtann na cúirteanna a bhunaigh Airteagal 34 den Bhunreacht cumacht bhreithiúnach an rialtais. Áiríonn cumhacht bhreithiúnach rialtas na gcúirteanna sin an chumhacht athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht reachtanna don Bhunreacht agus athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar fho-reachtaíocht, fo-chinntí nó fo-ghníomhartha de chuid an Rialtais nó comhlachtaí Stáit agus é mar aidhm a gcuid dlíthiúlachta, a gcomhoiriúnacht don Bhunreacht agus prionsabail ag éirí as an mBunreacht mar phróis chuí a shocrú. Déanann an Chúirt Achomhairc, ar achomharc ón Ard-Chúirt, athbhreithniú ar chinntí cúirteanna eile: an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Choiriúil Speisialta. Féach freisin an chuid 'An Córas Dlíthiúil').

Dlínse achomhairc

Cleachtann an Chúirt Uachtarach dlínse achomhairc ó gach cinneadh de chuid na Cúirte Achomhairc faoi réir eisceachtaí a d'fhéadfadh an dlí a fhorordú. Mar sin tá ceart uathoibríoch de ghnáth chun achomharc a dhéanamh ag an gCúirt Uachtarach i gcoinne cinnti ag an Cúirt Achomhairc. Rinne reachtanna líon teoranta eisceachtaí don cheart achomhairc seo áit a n-éilítear teastas ón mBreitheamh trialach ag dearbhú go mbaineann pointe dlí ata tábhachtach don phobal leis an achomharc. Forálann Airteagal 34.4 go soiléir nach féidir aon dlí a achtú ar an taobh amuigh de dhlínse achomhairc chásanna na Cúirteanna Uachtaraí lena mbaineann ceisteanna i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta.

Is féidir achomhairc a éiríonn as trialacha coiriúla a rinneadh san Ard-Chúirt (agus sa Chúirt Chuarda) a thógáil chuig an gCúirt Achomhairc. Tá an Chúirt sin comhdhéanta de triúr Bhreitheamh.  Níl aon ceart achomhairc ginearálta chuig an Chúirt Uachtarach ón Cúirt Achomhairc. Ach de réir reachta tá ceart teoranta achomhairc áit a ndearbhaítear go mbaineann pointe dlí lena mbaineann tábhacht eisceachtúil ó thaobh an phobail de le cinneadh ag an gCúirt Achomhairc agus go bhfuil mian ann ar mhaithe le leas an phobail go dtógfaí achomharc chun na Cúirte Uachtaraí.

Bundlínse

Tá bundlínse teoranta ag an gCúirt Uachtarach freisin faoi Airteagal 26 agus 12.3.1 den Bhunreacht Forálann Airteagal 26 do Bhillí den sórt atá forordaithe san Airteagal sin a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte ag Uachtarán na hÉireann tar éis di comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit, le féachaint an bhfuil an Bille sin nó aon fhoráil(fhorálacha) áirithe de in aghaidh an Bhunreachta. Forálann Airteagal 12.3.1 den Bhunreacht go bhféadann an Chúirt Uachtarach, agus í comhdhéanta de chúigear breithiúna ar a laghad, socrú an bhfuil Uachtarán na hÉireann ar mhíthreoir bhuan. 

Dlínse bhunreachtúil

Faoi Airteagal 34.4.5 den Bhunreacht feidhmíonn an Chúirt Uachtarach mar chúirt bhunreachtúil toisc gurb í an réiteoir deireanach maidir le Bunreacht na hÉireann a léirmhíniú. Ról é seo a mbaineann tábhacht faoi leith leis in Éirinn, toisc go dtugann an Bunreacht cead soiléir do na cúirteanna, aon dlí, bíodh gur ritheadh é sular achtaíodh an Bunreacht nó ina dhiaidh, a athbhreithniú le socrú an réitíonn sé leis an mBunreacht. Cé nach mór cásanna den sórt sin a thógáil chuig an Ard-Chúirt ar an gcéad ásc, is féidir gach cinneadh den sórt sin a achomharc ag an gCúirt Achomhairc agus ag an gCúirt Uachtarach. D'fhéadfadh fo-reachtaíocht agus cinntí riaracháin bheith faoi réir scrúdaithe bunreachtúil den sórt sin freisin.

Cinntí a fhógairt

Uaireanta, tugann an Chúirt Uachtarach a cinneadh díreach tar éis di éisteacht le hachomharc i mbreithiúnas ex tempore. Ach níos minicí coimeádann an Chúirt a breithiúnas agus déanann sí é a sheachadadh níos déanaí.

Cúirt choláisteach, a mbíonn roinnt Breithiúna inti i gcónaí, atá sa Chúirt Uachtarach. Mar sin cinneadh an tromlaigh atá i gcinneadh na Cúirte Uachtaraí. Féadann gach Breitheamh i gcás breithiúnas faoi leith a sheachadadh bíodh go n-aontaíonn nó go n-easaontaíonn sé/sí. 

Tagann eisceacht don chleachtas sin chun cinn i gcás nuair a gcuireann an tUachtarán Bille faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí  faoi Airteagal 26 den Bhunreacht.  I gcásanna den sórt sin forálann an Bhunreacht nach mór cibé Breitheamh a threoraíonn an Chúirt dó/di fógra a dhéanamh ar an gcinneadh agus nach ndéanfar aon tuairim eile ar an gceist sin a fhógairt nó nach nochtfar aon tuairim eile den sórt sin. 

An Ceartas a Riaradh go Poiblí

Forálann an Bunreacht nach mór ceartas a riaradh go poiblí, i ngach cúirt in Éirinn, lena n-áirítear an Chúirt Uachtarach, ach amháin i gcásanna sonracha agus teoranta mar a d'fhéadfadh an dlí a fhorordú. Mar sin bíonn suíonna na Cúirte Uachtaraí oscailte don phobal i bhformhór na gcásanna, áiríonn eisceachtaí na cásanna úd a bhaineann le dlí teaghlaigh agus le cionta gnéasacha áirithe.