Breithiúna Reatha na Cúirte Uachtaraí

An tOnórach an Breitheamh Donal O'Donnell
An tOnórach an Breitheamh William McKechnie
An tOnórach an Breitheamh John Mac Menamin 
An tOnórach an Breitheamh Elizabeth Dunne

An tOnórach an Breitheamh Peter Charleton

An tOnórach an Breitheamh Iseult O’Malley

 Ex officio:

Uachtarán na Cúirte Achomhairc, An tOnórach an Breitheamh Sean Ryan

Uachtarán na hArd-Chúirte, An tOnórach an Breitheamh Peter Kelly


O'Donnell J 2014

    

An tOnórach an Breitheamh Donal O’Donnell

Rugadh an Breitheamh Onórach Donal O’Donnell i mBéal Feirste agus fuair sé a chuid oideachais ó na mBráithre Críostaí i Scoil Naomh Muire agus ina dhiaidh sin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (B.C.L.), in Óstaí an Rí (B.L) agus in Ollscoil Virginia (LL.M).

Glaodh chun Bharra na hÉireann air in 1982, thosaigh sé a chleachtas in 1983 agus glaodh chun Bharra Thuaisceart Éireann air in 1989.  Glaodh chun Bharra na Sinsear air in 1995 agus tá taithí chleachta aige i ngach dlínse in Éirinn, i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (ECJ) agus sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR), freisin.

Idir 1971 agus 1990 bhí a athair, an Tiarna Breitheamh Turlough O’Donnell, ina bhall den Ard-Chúirt agus den Chúirt Achomhairc i dTuaisceart Éireann agus ina dhiaidh sin bhí sé ina bhall páirtaimseartha den Choimisiún um Athchóiriú Dlí (in Éirinn) . Bhí Donal O’Donnell ina bhall den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí idir 2005 agus 2012.

Rinneadh Binseoir Óstaí an Rí de in 2009 agus ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach in 2010.

 

 


McKechnie J 2014

    

An tOnórach an Breitheamh William M. McKechnie

Rugadh an Breitheamh Onórach William McKechnie i gCorcaigh in 1951 agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Bhráithre na Toirbhearta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ónar bhain sé a chéim amach in 1971, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath.

Glaodh chun an Bharra air in 1972 agus chun Bharra na Sinsear air in 1987. Agus é ina Abhcóide, ba i réimsí na tráchtála, na seansaireachta agus an dlí údaráis áitiúil ar chleacht sé, agus bhí suim ar leith aige i bhfaillí míochaine.

Bhí roinnt poist shinsearacha aige i gComhairle Bharra na hÉireann ar feadh roinnt blianta, toghadh é ina Chathaoirleach ar an gcomhairle sin in 1999, agus atoghadh é arís ann in 2000.

Ceapadh é ina Bhreitheamh den Ard-Chúirt in 2000 agus chuaigh sé i gceannas ar an liosta iomaíochta in 2004. Agus é ag feidhmiú amhlaidh, ba faoina stiúir a bhí na cásanna iomaíochta uile a bhí ann, sibhialta agus coiriúil araon. Ba eisean a rinne an chéad Dhearbhú Neamhluí faoi Acht an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, 2003, i gcás Trasinscne, Foy –v- an tArd-Chláraitheoir. 

Bhí an Breithiúnach Onórach McKechnie ina Chathaoirleach den Bhinse Luachála idir 1995 agus 2000 agus ó 2002 i leith tá sé ina Chathaoirleach ar an mBord Eagarthóireachta d’Irisleabhar na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach. Bhí sé ina bhall de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna agus den Choiste Déanta Rialacha freisin.

Ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach i mí an Mheithimh 2010.

In 2010, toghadh é mar Uachtarán an Chumainn Breithiúna um Dhlí Iomaíochta na hEorpa, a dhéanann ionadaíocht ar son na 28 Ballstát uile den Aontas Eorpach, chomh maith le Breithiúna ón gCúirt Bhreithiúnais agus ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus ón gCúirt EFTA. Is é an tríú duine a bheith ina Uachtarán ar an gCumann, ag teacht i sála Sir Christopher Bellamy agus an Dr Joachim Bornkamm.

Tá roinnt páipéar scríofa aige, is iomaí comhdháil ar ghlac sé páirt inti nó a ndearna sé cathaoirleacht uirthi, agus thug sé an 4ú Léacht Bhliantúil den CCJHR i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an 4 Márta 2010. Tá Céim Mháistreachta i nDlí na hEorpa aige.

Is Binseoir é de Chumann Onórach Óstaí an Rí.

 



Mac Menamin J 2014

    

 An tOnórach an Breitheamh John Mac Menamin

Rugadh an Breitheamh Onórach John Mac Menamin in 1952 i mBaile Átha Cliath. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Thír an Iúir agus ina dhiaidh sin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ónar bhain sé céim Onóracha amach sa Stair in 1973. Le linn dó a bheith ina mhac léinn, ba bhall é de Chomhairle na nIonad Comhairle Dlí Saor in Aisce, agus bhí baint aige le hionad a reáchtáil i mBaile Formaid. Bhain sé cáilíocht amach mar abhcóide in Óstaí an Rí in 1975 agus glaodh chun an Bharra air sa bhliain chéanna. Glaodh chun Bharra na Sinsear air in 1991 agus thug sé faoi chleachtas ginearálta agus obair Athbhreithnithe Breithiúnaigh ina speisialtóireacht dá chuid. Ghníomhaigh sé ar son roinnt mhaith cliant os comhair Bhinse Flood/Mahon agus ghníomhaigh sé don Roinn Sláinte agus do bhaill na Comh-Aireachta an tráth sin, lena n-áirítear an Taoiseach os comhair Bhinse Ryan. Ba é an measúnóir dlíthiúil leis an gCoiste um Oiriúnacht chun Cleachtadh de chuid Chomhairle na nDochtúirí Leighis ar feadh deich mbliana. Tar éis dó ceithre théarma a chaitheamh ar Chomhairle an Bharra , toghadh é ina Chathaoirleach, agus b’amhlaidh a bhí sé idir 1997 agus 1999. Bhí sé ina stiúrthóir ar an mBord Árachais Sláinte Shaorálaigh (VHI) idir 1995 agus 1997. Ón aimsir a ceapadh é chuig an mbinse in 2004, ba le hábhair athbhreithnithe bhreithiúnaigh a dhéileáil sé go príomha. Ceapadh é mar bhall den Chúirt Choiriúil Speisialta in 2009. Óna cheapachán, rinne sé an cinneadh ar líon cásanna ag a raibh gné um chearta an duine, agus chuaigh sé i ngleic le saincheisteanna maidir le cearta iarrthóirí tearmainn, leanaí ónar theastaigh cúram speisialta, caitheamh le príosúnaigh, agus aithreacha neamhphósta. D’fhoilsigh sé líon páipéar agus bhí sé rannpháirteach i seimineáir, go háirithe ó thaobh dlí teaghlaigh agus dlí leanaí de. Bhí sé i gceannas ar liosta na Mionaoiseach san Ard-Chúirt ar feadh trí bliana. Is é an t-ionadaí ar son na hÉireann ar an CCJE, Comhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha, coiste comhairleach le Comhairle Airí Chomhairle na hEorpa. Tá sé pósta le Lia O’Hegarty, a bhí ina Comhairleoir Dlí leis an Oireachtas, agus atá anois ina comhairleoir ar shaincheisteanna dlíthiúla agus comhshaoil. Tá leanbh amháin acu agus tá siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath.



Dunne J 2014

 

 

 

 

    

 An tOnórach an Breitheamh Elizabeth Dunne

Ceapadh an tOnórach an Breitheamh Elizabeth Dunne ar an gCúirt Uachtarach i mí Dheireadh Fómhair 2013.


 Charleton J 2014

 

 

 

 

    

An tOnórach an Breitheamh Peter Charleton

Chuir an Breitheamh Onórach Peter Charleton tús lena chleachtas ag an mBarra in 1979 agus, in 1995, glaodh chun Bharra na Sinsear air.  Ó 2002 go dtí a cheapachán chuig an Ard-Chúirt in 2006, d'oibrigh sé mar abhcóide ar Bhinse Fiosrúcháin Morris; fiosrúchán reachtúil bainteach le caimiléireacht sa Gharda Síochána.  Agus é ina bhreitheamh san Ard-Chúirt, ba é an liosta tráchtála a bhí ar a chúram, go príomha.

Ceapadh an tOnórach Breitheamh Peter Charleton ar an gCúirt Uachtarach i mí Iúil 2014.  Is as Baile Átha Cliath dó, tá sé pósta agus tá clann aige.  Is iomaí iris ina bhfoilsíodh ailt a scríobh sé, agus ina measc siúd cuimsítear Irisleabhar Maastricht um Dhlí na hEorpa agus an Dlí Comparáideach, An Iris Idirnáisiúnta um Dhlí agus Teaghlaigh, Bliainiris An Choimisiúin Idirnáisiúnta Dlí-Eolaithe, Dlí agus Polasaithe um Maoin Intleachtúil, An Iris um Dhlí Coiriúil, Léirmheas an Bharra, Iris na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach na hÉireann, An Iris um Dhlí na hÉireann, Iris Chumann Dlí na hÉireann agus An Iris um Dhlí Coiriúil na hÉireann.

Ina measc na leabhar a scríobh sé, áiritear Irish Criminal Law (1999, Butterworths, le McDermott agus Bolger), agus leabhar ina ndearna sé anailís ar mhillteachas daonna, Lies in a Mirror: An Essay on Evil and Deceit (Blackhall Publishing, 2006).  Ó 1986 go 1988 bhí sé ina léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.  Is é an t-ionadaí reatha ar son na hÉireann chuig an Colloque franco-brittanique-irlandais.

Bhí sé mar bhall bunaidh de Chór Fiolarmónach RTÉ agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gComhairle um an gCartlann Náisiúnta ó 2011 go dtí 2016.

 

 

 

 An tOnórach an Breitheamh Iseult O’Malley

Rugadh an tOnórach an Breitheamh Iseult O’Malley in 1964. Chaith sí sé bliana is fiche ag cleachtadh ag an mBarr, go príomha i réimse an dlí coiriúil agus réimsí eile gaolmhara leis.

Is iarchathaoirleach í de Gníomhaireacht na Dídeanaí agus is iarbhall í den Bhinse Achomhairc Fostaí ochta agus den Bhinse Cuiteamh i leith Heipitíteas C.