Seicliosta riarachán maille le huacht - iarratas aturnae
• Déan athbhreithniú iomlán ar d’iarratas sula seolann tú ar aghaidh é.
• Seiceáil d'iarratais dhiúltaithe: na cúiseanna is coitianta lena chinntiú nach ndiúltófar d’iarratas.
• Úsáid an seicliosta thíos lena chinntiú go bhfuil agat na cáipéisí go léir.
• Eagraigh do chuid páipéar san ord ina bhfuil siad sa liosta thíos (cibé acu má tá páipéir á seoladh ar aghaidh agat tríd an bpost nó ag an gcuntar).
Cáipéisí atá le seoladh ar aghaidh:
1. Foirm S1 (foirm iarratais poist)
Ní mór Foirm S1 arna comhlánú le gach iarratas a sheoltar ar aghaidh sa phost.
2. Táillí
Féach an mhír táillí le teacht ar a thuilleadh faisnéise.
3. An bhunuacht agus an bhunchodaisíl (más infheidhme)
Le marcáil ag an iarratasóir agus ag an gcoimisinéir ar mionnaíodh an mionn roimhe/roimpi.
Sa chás gur cruthaíodh an uacht/an chodaisíl cheana féin i ndlínse eile, teastaíonn cóip den uacht/chodaisíl atá séalaithe agus deimhnithe ag an gcúirt inar cruthaíodh agus marcáladh í. Ba cheart cóip shéalaithe agus dheimhnithe den deontas a eisíodh sa dlínse sin a sheoladh ar aghaidh (Ordú 79, Riail 37).
4. Teastas báis
Glacfar le teastas eatramhach báis ó phríomhscrúdaitheoir leighis sa chás nár eisíodh an teastas deiridh báis go fóill.
5. Léirscríbhinn na huachta/na codaisíle
Fótachóip den uacht/chodaisíl nó léirscríbhinn chlóite arna deimhniú ag aturnae bheith ina fíor-chóip. Féach Caibidil 3 Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey chun teacht ar thuilleadh faisnéise.
Teideal le saghas an mhionna, ainm an mhairbh agus gach leagan den chéanna, seoladh deiridh an mhairbh, gairm an mhairbh agus an iarratasóra, an clásal iomlán comhdúcháin a chur san áireamh.
Cuir isteach an teideal sa mhionn agus bain gach duine a raibh teidlíocht acu roimhe seo [féach Ordú 79, Riail 5, Rialacha na nUaschúirteanna agus teidil shamplacha a leagtar amach in Aguisín 16 Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey].
Ní mór dáta agus áit eisiúna an bhundeonaithe agus an chúis agus an dáta ar cuireadh deiridh leis a lua sa mhionn.
An t-eastát le roinnt ina eastát neamhriartha réadach agus pearsanta. Tá maoin na léasachta le léiriú mar eastát neamhriartha pearsanta agus murab ann d’aon mhaoin neamhriartha ruílse, ní mór a lua, ‘Ní ann d’aon eastát neamhriartha réadach’.
Luach reatha na maoine neamhriartha do-aistrithe amhail an luacháil le lua.
7. Cóip den mhionn (x 2)
8. Diúltú an tseiceadóra (más infheidhme)
Le soláthar agus le marcáil ag an iarratasóir agus ag an gcoimisinéir ar mionnaíodh an mionn roimhe/roimpi. Féach Rialacha na nUaschúirteanna, Aguisín Q, Foirm 18 le teacht ar an bhfoirm dhiúltaithe.
9. Cumhacht aturnae (más infheidhme)
Le soláthar le dáta an chéanna a athlua agus le marcáil ag an iarratasóir agus ag an gcoimisinéir ar mionnaíodh an mionn roimhe/roimpi. Féach Aguisín 12, Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey.
10. Fianaise i leith luach reatha margaidh mhaoine
Is leor deimhniú luachála ó cheantálaí sa chás gur teach cónaithe an mhaoin neamhriartha ar níos lú ná acra amháin.
Teastaíonn mionnscríbhinn luach reatha margaidh mura n-úsáidtear an mhaoin neamhriartha mar theach cónaithe nó má tá breis agus acra amháin thart ar an teach.
Féach Aguisín 8, Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey.
11. Banna
Ordú 79, Riail 29, Rialacha na nUaschúirteanna.
Úsáid an fhoirm chuí bhanna de réir dháta an bháis atá curtha in oiriúint go hoiriúnach i bhfoirm shingil más cuí. Tá fáil ar fhoirmeacha anseo. Tá 3 fhoirm ann: ceann amháin le haghaidh básanna an 1/1/1967 nó ina dhiaidh sin, ceann amháin le haghaidh básanna idir an 1/6/1959 agus an 31/12/1966 agus ceann amháin le haghaidh básanna roimh an 1/6/1959.
Cuir isteach an phiansuim le híoc as dúbailt na n-ollsócmhainní (lena n-áirítear dúbailt luach reatha na maoine do-aistrithe) .
Scrios amach an mhír leathdheireanach mar gheall gurb ann d’uacht. (Níor cheart foclaíocht fasaigh a bhaint ón mbanna) .
Ba cheart don iarratasóir an banna a chomhlíonadh roimh an gcoimisinéir céanna ar mionnaíodh an mionn roimhe/roimpi (Ordú 79, Riail 29, Rialacha na nUaschúirteanna)
Ní féidir an banna a chomhlíonadh roimh aturnae nó gníomhaire an pháirtí a chomhlíonann é (Ordú 79, Riail 29, Rialacha na nUaschúirteanna)
12. Fírinniú an urra (má theastaíonn sé)
Foirm Uimh. 16, Aguisín Q, Rialacha na nUaschúirteanna. Teastaíonn seo má ghníomhaíonn duine mar urra le banna (Ní theastaíonn urraí níos mó mura n-ordaíonn an tOifigeach Probháide go dteastaíonn. Más ann d'urra leis an mbanna, áfach, teastaíonn fírinniú urra).
Ní féidir le duine a dhéanann mionnscríbhinn luach margaidh a mhionnú gníomhú mar urra.
Ní féidir le haturnae nó cléireach nó aturnae printísigh cleachtach gníomhú mar urra gan cead ón gcúirt nó ón Oifigeach Probháide - Ordú 79, Riail 73, Rialacha na nUaschúirteanna).
13. Mionnscríbhinn um ioncam intíre
Níor cheart cóipeanna de cháipéisí rite a chur san áireamh seachas sa chás go bhfreagraítear aon cheist le ‘féach ar ceangal’ a lua. Ba cheart cóip den mhéid atá 'ar ceangal’ a sheoladh ar aghaidh;
a. Le haghaidh básanna an 5/12/2001 nó ina dhiaidh sin
Úsáid Foirm CA24. Léigh an Guide to completing an Inland Revenue Affidavit (CA24) sula gcomhlánaíonn tú CA24.
Déan bunchóip amháin faoi mhionn agus cóip dheimhnithe amháin den CA24 a thaisceadh.
Caithfear a lua sa deimhniúchán ar an gcóip gur fíorchóip agus bunchóip é den CA24 atá á chur i láthair agus caithfear ainm agus seoladh an duine éagtha agus ainm, seoladh, uimhir ghutháin agus síniú an aturnae a láimhseáil an t-iarratas a bheith san áireamh.
b. i gcás básanna roimh an 5/12/2001
Seiceáil www.revenue.ie chun teacht ar na foirmeacha cuí. Ní mór na foirmeacha seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus ní mór Deimhniú don Ard-Chúirt a fháil chomh maith.
14. Sceideal na dtailte (CA6 nó Cuid 6 de CA24 ag brath ar an leagan)
Teastaíonn seo i gcás básanna roimh an 5/12/2001 más ann do mhaoin san eastát. Ní mór luach dháta an bháis agus tionacht a chur isteach.
15. Mionnscríbhinn finné fhianaithe (má theastaíonn sí)
Féach an mhír mionnscríbhinn finné fhianaithe chun teacht ar threoirlínte ar cathain a theastaíonn na mionnscríbhinní seo.
16. Mionnscríbhinn staide agus riochta (má theastaíonn sí)
Teastaíonn sí sa chás go bhfuil poill sna foirmeacha ag bioranna/marcanna ag fáiscíní páipéir orthu, agus nuair atá taobhanna na bhfoirmeacha stróicthe etc. Ba cheart an mhionnscríbhinn a mhionnú ag an duine atá freagrach as an marc/stróiceadh etc. Féach Caibidil 3 agus Aguisín 1(e) de chuid Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey.
17. Mionnscríbhinn um inniúlacht tiomnaithe
Teastaíonn seo nuair a bhíodh an marbh ina c(h)oimircí cúirte agus nuair a fuair sé/sí bás in institiúid mheabhrach nó nuair a bhí sé/sí thíos le galar meabhrach. Le mionnú ag an tiomnóir a bhí ag freastal ar dhochtúir tráth comhlíonta uachta. Mura raibh an marbh ag freastal ar dhochtúir ag an tráth sin, nó má fuair an dochtúir bás, féadfaidh an t-aturnae a réitigh an uacht an mhionnscríbhinn a mhionnú. Má dhéanann an t-aturnae an mhionnscríbhinn sin, ba cheart tagairt a dhéanamh don chúis nach bhfuil an céanna á dhéanamh ag an dochtúir. Féach an mhír inniúlacht tiomnaithe chun teacht ar thuilleadh faisnéise.
18. Foirm um Thiomnacht Charthanúil (Foirm PAS3)
Teastaíonn seo nuair is ann do thiomnachtaí carthanúla san uacht lena mbaineann carthanachtaí Éireannacha. Ba cheart an t-airgead a tiomnaíodh d’Aifrinn a chur isteach. Ní mór an fhoclaíocht chruinn chéanna a chur isteach, faoi mar a shonraítear í ar an uacht.
19. Orduithe cúirte (más infheidhme)
Teastaíonn cóipeanna fianaithe