Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Fógra foriarratais
Catagóir: Sibhialta
SC06 - Iarratais trí fhógra foriarratais
Bainfidh siad seo a leanas le hiarratais chun na Cúirte Uachtaraí trí fhógraí foriarratais le héifeacht ó thús Théarma na féile Michíl 2005:-
1. Cuirfear an fógra foriarratais faoi bhráid oifig na Cúirte Uachtaraí lena chomhadú sula ndéanfar é a sheirbheáil. Ar an ábhair sin ní bheidh sé riachtanach cóip den fhógra foriarratais, agus é formhuinithe le sonraí na seirbhíse, a chur ar fáil san oifig.
2. Déanfar trí leabhrán foriarratais a thaisceadh nuair a bheidh an foriarratais a chomhadú. Beidh cóipeanna de na cáipéisí go léir a bheidh riachtanach chun an foriarratas a éisteacht istigh iontu agus innéacs iomlán leo.
3. Beidh sé de dhualgas ar an bpáirtí aistrithe fianaise a sholáthar don chúirt le linn na héisteachta gur seirbheáladh iad, más gá é sin.
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
27 Meán Fómhair 2005
Nóta:
Is é cuspóir an athraithe seo ná líon na leabhrán foriarratas a laghdú ó cúig go trí agus a chinntiú go mbeidh an cleachtas céanna in oifigí na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte maidir le cruthúnas seirbheála agus maidir le fógraí foriarratas a chomhadú.