Sainchónaí iasachta
Nasc gaolmhar
Ceanglais le haghaidh mionnscríbhinn dlí
Sainchónaí iasachta.
Nuair a fhaigheann duine bás lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, ach a fhágann réadmhaoin sa Phoblacht, tabharfar an deonú i gcomhréir le dlí na tíre ina raibh sainchónaí ar an marbh tráth a b(h)áis, sa chás gur réadmhaoin dho-aistrithe atá ann, ach i gcomhréir le dlí na hÉireann (Lex Situs) sa chás gur réadmhaoin inaistrithe atá ann. (féach leathanach 14 agus 38 de chuid Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey).
Sa chás go bhfuair an marbh bás agus go raibh faoina s(h)eilbh aige/aici:-
Eastát inaistrithe agus do-aistrithe sa dlínse seo.
- Ní mór don iarratasóir teidlíocht a léiriú faoi dhlí na hÉireann trí theideal a léiriú sa mhionn, agus
- ní mór dó/di teidlíocht a léiriú faoi dhlí sainchónaithe tríd an méid a leanas a sheoladh ar aghaidh:
cóip shéalaithe agus dheimhnithe de dheonú (agus d’uacht, más infheidhme) ón gcúirt oiriúnach sa tír shainchónaithe nó, sa chás gur eisíodh an deonú sin, mionnscríbhinn dlí ó aturnae atá ag cleachtadh, nó a chleachtaigh sa dlínse sin.
Eastát inaistrithe sa dlínse seo amháin.
Ní mór don iarratasóir teidlíocht a léiriú faoi dhlí sainchónaithe tríd an méid a leanas a sheoladh ar aghaidh:-
- cóip shéalaithe agus dheimhnithe de dheonú (agus d’uacht, más infheidhme) ón gcúirt oiriúnach sa tír shainchónaithe
nó,
- sa chás nár eisíodh deonú, mionnscríbhinn dlí ó aturnae atá ag cleachtadh, nó a chleachtaigh sa dlínse sin.
Má tá teidlíocht ag an iarratasóir faoi dhlí na hÉireann, freisin, ba cheart an teidlíocht sin a léiriú sa mhionn agus féadtar deonú iomlán maidir le heastát inaistrithe agus do-aistrithe a eisiúint.
Mura bhfuil teidlíocht ag an iarratasóir, áfach, faoi dhlí na hÉireann, ní fhéadtar ach deonú atá teoranta don eastát inaistrithe a eisiúint [Ordú 79, Riail 5(8)(a)].
Eastát do-aistrithe sa dlínse seo amháin.
Ní mór don iarratasóir teidlíocht a léiriú faoi dhlí na hÉireann trí theideal a léiriú sa mhionn.
Más féidir leis an iarratasóir teidlíocht a léiriú freisin faoi dhlí an tsainchónaithe, is é sin, cóip shéalaithe agus dheimhnithe den deonú (agus den uacht, más infheidhme) , nó mionnscríbhinn dlí, féadtar deonú iomlán maidir le heastát inaistrithe agus do-aistrithe araon a eisiúint.
Mura léiríonn an t-iarratasóir teidlíocht faoi dhlí an tsainchónaithe, áfach, féadtar deonú atá teoranta don eastát inaistrithe a eisiúint [Ordú 79, Riail 5(8)(b)].
Sainchónaí iasachta agus seiceadóir a bhfuil iarratas á dhéanamh acu sa dlínse seo.
Sa chás go bhfuair an marbh bás agus sainchónaí air/uirthi lasmuigh den dlínse seo agus sa chás gur bhain an seiceadóir deonú i ndlínse an tsainchónaithe agus go bhfuil sé beartaithe ag an seiceadóir iarratas a dhéanamh ar dheonú sa dlínse seo, ba cheart an gnáthshraith páipéir sheiceadóra a sheoladh ar aghaidh. Is í an t-aon difríocht ná go léirítear cóip shéalaithe agus dheimhnithe den uacht agus den deonú (ón gcúirt sainchónaithe iasachta) sa mhionn (i.e. in ionad na bunuachta). Féadtar deonú iomlán a eisiúint sna cásanna seo. (Má tá iarratas á dhéanamh ag aturnae an tseiceadóra, ní mór don aturnae na cáipéisí le haghaidh deonú riaracháin maille le huacht a réiteach.)
Sainchónaí iasachta agus iarratas á dhéanamh ag an iarratasóir céanna sa dlínse seo.
Sa chás go bhfuair an marbh bás agus sainchónaí air/uirthi lasmuigh den dlínse seo agus sa chás gur bhain an seiceadóir deonú i dtír an tsainchónaithe agus go bhfuil sé beartaithe ag an seiceadóir céanna iarratas a dhéanamh ar dheonú sa dlínse seo, (agus go bhfuil teideal aige/aici anseo) agus sa chás nach bhfuil an uacht i dteanga iasachta, is simplí a dhóthain don phróiseas. Ba cheart an ghnáthshraith páipéar a sheoladh ar aghaidh le d’iarratas, mar aon le cóip shéalaithe agus dheimhnithe den deonú (agus den uacht) , más infheidhme(ón gcúirt oiriúnach sainchónaithe iasachta). Tá do theidlíocht faoi dhlí na hÉireann leagtha amach i do mhionn agus deimhneoidh do chóip Shéalaithe agus Dheimhnithe den deontas teidlíocht faoi dhlí an tsainchónaithe. Dá bharr sin, is féidir deonú iomlán a eisiúint.
Uacht i dteanga iasachta.
Sa chás go bhfuil uacht i dteanga iasachta ann, is gá ordú oifigeach probháide a fháil sula seolann tú an t-iarratas ar aghaidh ar dheonú ionadaíochta. Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach an mhír orduithe oifigeach probháide.
Ba cheart do dhlíodóir neamhspleách atá ag cleachtadh an mhionnscríbhinn a mhionnú, nó dlíodóir a chleachtaigh, sa dlínse chuí. Ba cheart a c(h)áilíocht chun an mhionnscríbhinn a dhéanamh a lua.
Ba cheart déileáil leis na hábhair a leanas.
- Ba cheart fíricí an cháis ar leith a leagan amach agus gach cáipéis chuí a léiriú.
- Ba cheart tagairt a dhéanamh do reachtaíocht na dlínse cuí agus an reachtaíocht chéanna a lua a rialaíonn an teidlíocht chun eastát an mhairbh a riar.
- Cibé acu ar eisíodh nó nár eisíodh deonú i dtír an tsainchónaithe.
- Nuair is gá don mhionnscríbhinn déileáil le bailíocht uachta iasachta, ba cheart tagairt a dhéanamh do reachtaíocht na dlínse cuí a rialaíonn na ceanglais d’fhorghníomhú bailí uachta agus ba cheart an reachtaíocht chéanna a lua.
- Nuair is gá don mhionnscríbhinn teidlíocht a léiriú chun deonú a bhaint, ba cheart a lua cé hé/hí/hiad an duine nó na daoine atá i dteideal eastát an mhairbh a riar faoi dhlí thír an tsainchónaithe.
- Má tá breis agus duine amháin i dteideal an t-eastát a riar, ba cheart a lua cibé acu an bhfuil siad i dteideal riar neamhspleách ar a chéile a dhéanamh, nó ar gá dóibh riar le chéile.