Colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil
Naisc gaolmhara
Séanadh
Tréigean
Colscaradh Éireannach
Nuair a dheonaíonncCúirteanna na hÉireann foraithne colscaratha, díscaoiltear pósadh na gcéilí colscartha agus cuirtear deireadh lena stádas dlíthiúil mar chéilí a chéile.
Ar an ábhar sin, má fhaigheann duine bás agus é/í díthiomnach, agus má fuair sé/sí colscaradh in Éirinn, agus má ordaítear don chleachtóir iarratas a dhéanamh chuig an Oifig Probháide le haghaidh litreacha riaracháin san eastát, ba cheart go gcuirfí san áireamh an fhaisnéis a leanas sa mhionn don riarthóir:
- fuair an marbh bás agus é/í díthiomnach agus bhí sé/sí colscartha de bhun ordú na cúirte dár dháta an .... lá de .... 20....
agus,
- caidreamh an iarratasóra leis an marbh (is é sin, an neasghaol i gcomhréir leis na gnáthchearta comharbais).
Is ionann a bhíonn an chuid eile den cháipéisíocht a theastaíonn nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh ar dheonú caighdeánach riaracháin.
Ba cheart cóip den ordú cúirte a sheoladh ar aghaidh leis na páipéir.
Socruithe idirscartha
Nuair a idirscarann lánúin phósta (cibé acu trí ghníomh idirscartha nó trí idirscaradh breithiúnach), ní dhíscaoiltear a bpósadh agus coimeádtar a stádas dlíthiúil mar chéile a chéile. Ní críochnaitheach agus conclúideach don chomhaontú idirscartha agus féadfaidh an lánúin é a leasú tráth ar bith nó é a chur de láimh, go deimhin.
Sa chás go bhfaigheann duine de na páirtithe bás díthiomnach, agus go bhfuil iarratas á dhéanamh ar litreacha riaracháin san Oifig Probháide, ba cheart do chleachtóirí an fhaisnéis a leanas a thabhairt faoi deara.
D’ordaigh an breitheamh Probháide go bhfuil an beartas a leanas mí-oiriúnach i gcásanna idirscartha dhlíthiúil:
- Sa chás go ndéantar iarratas ar an Oifig Probháide ar dheonú riaracháin dhíthiomnaigh in eastát duine mhairbh ar iontráil sé/sí le linn a s(h)aoil i gcomhaontú idirscartha, scrúdóidh an Oifig Probháide an comhaontú idirscartha sin agus, más dealraitheach uaidh sin gur thréig nó gur shéan an duine sin a c(h)earta comharbais faoi seach, cuirfear toimhde infhrisnéise i ngníomh a chuirfidh i gcrích go bhfanfaidh an tréigean nó an séanadh sin i bhfeidhm amhail dáta an bháis atá faoi chaibidil agus ní bheidh aon tréigean nó séanadh breise ag teastáil ón gcéile marthanach.
- Sa chás go gcuirtear comhaontú idirscartha i láthair nach ndeachthas i ngleic le cearta comharbais ann, coimeádfaidh an céile a t(h)eidlíocht chun an deonú a bhaint mura bhfeidhmíonn sé/sí a c(h)eart chun tréigean nó séanadh a fheidhmiú san ábhar.
- Sa chás go dtagann ceisteanna chun solais, d’fhéadfadh go mbeadh an t-ábhar le cur faoi bhráid na Cúirte Probháide ar an ngnáthbhealach ach ba cheart tuairim an Oifigigh Phrobháide nó an Oifigigh Chúnta Phrobháide a fháil ar dtús.
Colscarthaí iasachta
Faoin Acht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986, déantar foráil chun colscarthaí iasachta a aithint ag cúirteanna na hÉireann. Tá an t-aitheantas seo, áfach, faoi réir go mbaintear roinnt critéar amach i ngach cás agus níl ag an Oifigeach Probháide, mar oifigeach reachtúil, an dlínse lena dheimhniú cibé acu ar sásaíodh nó nár sásaíodh na critéir sin.
Go hachomair, is gá an t-ábhar a chur faoi bhráid na cúirte, ar an ábhar sin. D’fhonn an mhoill a sheachaint a bhíonn air seo a dhéanamh, áfach, mar aon leis na himpleachtaí costais d’eastát, cuirtear i bhfeidhm an beartas a leanas:
Nuair a fhaigheannpáirtí a fuair colscaradh iasachta bás, agus nuair a chuirtear i láthair na hOifige Probháide iarratas ar dheonú riaracháin ina (h)eastát, trí shaincheist an mhairbh, ba cheart tréigean ón gcéile marthanach colscartha a chomhdú leis an iarratas. Ní mór an tréigean seo a sholáthar sa mhionn don riarthóir.
Má tá iarratas á dhéanamh ag páirtí seachas saincheist an mhairbh ar an deonú, ní mór séanadh ón gcéile marthanach colscartha a chomhdú agus ní mór seo a sholáthar sa mhionn don riarthóir.
Mura bhfuil an tréigean nó an séanadh (amhail is cuí) le teacht, ní mór iarratas a dhéanamh de bhun alt 27(4) den Acht Comharbais, 1965 a dhéanamh chuig an mbreitheamh probháide de bhun fógra tairisceana agus mionnscríbhinn forais.
barr
|
SÉANADH ............. I NDIADH BÁS
DÍTHIOMNACH
a fuair bás ar an lá de 20 . Déantar AN GNÍOMH SÉANTA seo an lá de 20 agamsa ó i gContae DE BHRÍ:
-
Go bhfuair , nach maireann, ó (dá ngairtear "an marbh" feasta) bás ar an lá de 20 tar bás a fháil agus é/í díthiomnach maidir leis an leas a shéantar leis seo
-
Bá é/í an Marbh agus maireann agus go fóill (luaigh cé atá ag maireachtáil go fóill, e.g. Céile agus beirt leanaí nó de réir mar a bheidh)
-
Ba mise leis an Marbh.
-
Níor ghlac mé le haon sciar ó Ionadaí Pearsanta an Mhairbh ná eile agus níor fheidhmigh mé aon úinéireachta, rialú nó seilbh thairbhiúil ar bith, maidir le haon sciar den eastát sin.
FIANAÍTEAR ANOIS, LEIS SEO, GO SÉANAIMSE GO NEAMH-INCHÚLGHAIRTHE go hiomlán an ceart iomlán atá agam i leith aon sciar a d'fhéadfainn bheith i dteideal a fháil maidir leis an eastát thuasluaithe
(Iontráil an t-alt a leanas murar eisíodh Deonú don duine a bhfuil an séanadh á dhéanamh acu nó má shínigh sé/sí Tréigean cheana féin)
AGUS AITHNÍM, LEIS SEO ar chur i gcrích an tSéanta seo dom, go gcaillfidh mé aon cheart a d’fhéadfadh bheith agam (de bhua mo theidlíochta i leith an sciar thuasluaite) chun Deonú Riaracháin chuig Eastát an Mhairbh a bhaint
I BHFIANAISE air sin, tá mé tar éis mo lámh agus mo shéala a chur leis seo ar an lá agus sa bhliain a scríobhtar thuas i dtosach
ARNA SHÍNIÚ, ARNA SHÉALÚ AGUS ARNA SHEACHADADH
Ag (thuasluaite) i láithair :- (Finné Neamhleasmhar)
|
barr
|
TRÉIGEAN RIARACHÁIN
San Ard-Chúirt um Cheartas - Clárlann Phrobháide
________________________
In Earraí an nach maireann DE BHRÍ A chónaigh in I gContae Nach maireann, a fuair bás as lá de 20 ag *Luaigh cibé acu Díthiomnach, a* Stócach, Baintreach etc.
AGUS DE BHRÍ GO bhfuilimse, ó leis/léi* Déanaimse anois, (thuasluaite) atá 18 mbliana nó níos sine, leis seo, mo chearta go léir a thréigean i leith Litreacha Riaracháin eastát an mhairbh I BHFIANAISE AIR SIN, tá mé tar éis mo lámh a chur leis seo an
Lá de 20
ARNA SHÍNIÚ, ARNA SHÉALÚ AGUS ARNA SHEACHADADH
Ag (thuasluaite) i láithair :- *(Is leor Finné Neamhleasmhar amháin)
|
barr
______________________
Nua-shonrú: 29 Márta 2017