Fiosrúcháin um chásanna cúirte
Fiosrúcháin um chásanna cúirte
Ba chóir fiosrúcháin faoi chás áirithe cúirte a dhéanamh leis an oifig chúirte atá ag plé leis an gcás sin. Ní féidir le cinntí na gcúirteanna bheith mar ábhair achomhairc chuig an tSeirbhís Chúirteanna ná mar ábhar athbhreithnithe déanta ag an tSeirbhís Chúirteanna. Ní féidir iad a chur ar aghaidh tríd na cúirteanna ach tríd na nósanna imeachta bunaithe achomhairc a úsáid.
Fiosrúcháin Ghinearálta
Má bhíonn fiosrúchán ginearálta agat faoi ábhar cúirte agus nach bhfuil tú cinnte faoin oifig a phléann leis; ba chóir duit nasc na hoifige Cúirte de réir ábhair sa rannóg seo a úsáid chun an oifig ábhartha a aimsiú. Mar shampla, má chliceálann tú ar Orduithe Urchoisc, feicfidh tú nasc chuig Oifig um Dlí Teaglaigh.