| Is oifigí tiomanta iad na hoifigí seo, a phléann le gnó cúirte ar leith do chúirteanna Bhaile Átha Cliath (seachas cúirt dúiche Dhún Laoghaire agus Shoird). Pléann oifigí réigiúnacha cúirte cuarda agus cúirte dúiche leis an ngnó cúirte ar fad a bhaineann lena suímh féin. |