Uaireanta gnó:
Luan go Aoine: 10:00 r.n. go 12:45 i.n. agus 2.00 i.n. go 4:00 i.n.
Eolas faoin oifig seo:
Tá teach na cúirte suite ag an acomhal idir Sráid Chlann Bhreasail agus Sráid Crowe.
Conas dul ann:
Bus Éireann: Tá stáisiún na mbus ar an Long Walk - 2 nóiméad ar siúl ó theach na cúirte. Tá Dún Dealgan ar an bpríomh bhealach bus idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá seirbhís rialta bus ann. Breathnaigh ar an amchlár ag www.buseireann.ie nó glaoigh ar +353 42 933 5521.
Traein: Tá an stáisiún traenach (Stáisiún Uí Chléirigh) ar Bhóthar na Carraige - siúlóid 15 nóiméad ó theach na cúirte agus lár an bhaile. Tá Dún Dealgan ar an bpríomhlíne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus tá seirbhís rialta ann idir an dá chathair.Tá traenacha rialta idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Breathnaigh ar www.irishrail.ie nó glaoigh ar +353 42 933 5521 le haghaidh amchlár.
Tá tacsaithe le fáil ón stáisiún traenach agus ó taobh amuigh de theach na cúirte.
Carr: Ó Bhaile Átha Cliath fág an M1 ag an mbealach amach Dún Dealgan Theas agus lean na comharthaí chuig lár an bhaile. Ó Bhéal Feirste fág an M1 ag an mbealach amach Baile Dún Dealgan agus lean na comharthaí chuig an mbaile.
Áiseanna áitiúla:
I measc na háiseanna ag an teach cúirte tá: seomraí comhairliúcháin, seomraí do chleachtóirí dlí, seomra gléasta do thuismitheoir agus leanbh, bealach isteach do chathaoireacha rothaí (bealach isteach Shráid Crowe), ardaitheoir, leithreas inrochtana, agus páirceáilsannta do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Taobh istigh d'achar beag ar siúl ó theach na cúirte tá roinnt bialanna agus siopaí caife a chuireann réimse leathan bia agus sneaiceanna ar fáil.
Eolas eile:
Mairead Aherne Cláraitheoir an Chontae