Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Ordú: 12

Bille sibhialta a athnuachan

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim12-I.R. Uimh. 583 De 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009


1. Ní bheidh aon Bhille Sibhialta i bhfeidhm níos faide ná dhá mhí dhéag ón lá is dáta don Bhille Sibhialta sin, agus an lá is dáta dó san áireamh; ach mura mbeidh an Bille Sibhialta sin seirbheáilte ar aon chosantóir a bheidh ainmnithe ann, féadfaidh an gearánaí, sula mbeidh dhá mhí dhéag caite, cead chun an Bille Sibhialta a athnuachan a iarraidh ar an gCláraitheoir Contae don Chontae inar eisíodh an Bille Sibhialta. Tar éis dhá mhí dhéag a bheith caite, is chun na Cúirte a dhéanfar iarratas chun tréimhse ama a fhadú i leith ceada chun an Bille Sibhialta a athnuachan. Más deimhin leis an gCúirt nó leis an gCláraitheoir Contae, de réir mar a bheidh, go ndearnadh iarrachtaí réasúnacha chun an cosantóir a sheirbheáil, nó ar chúis mhaith eile, féadfaidh an Chúirt nó an Cláraitheoir a ordú an Bille Sibhialta a athnuachan go ceann sé mhí ó dháta na hathnuachana sin, go huile, agus dá réir sin ó am go ham le linn ré feidhme an Bhille Shibhialta athnuaite. Sa chás sin déanfar an Bille Sibhialta a athnuachan trína stampáil leis an dáta is lá, mí agus bliain don athnuachan sin; déanfar an stampa sin a sholáthar agus a choinneáil chun na críche sin san Oifig Cúirte Cuarda chuí agus múnlóidh ant-oifigeach cuí é ar an mBille Sibhialta, ar an ngearánaí nó a aturnae do sheachadadh meabhráin air i bhFoirm 25 atá i gceangal leis na hOrduithe seo; agus fanfaidh Bille Sibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile a athnuafar amhlaidh i bhfeidhm agus beidh sé ar fáil chun oibriú aon reachta a chosc trína bhféadfar teorainn a chur le tréimhse ama chun an chaingean a thosú agus chun gach críche eile ó dháta eisiúna an Bhille Shibhialta.

2. In aon chás ina mbeidh athnuachan déanta ar Bhille Sibhialta ar iarratas ex parte, beidh de chead ag aon chosantóir, sula ndéanfaidh sé láithreas a thaifeadadh, fógra foriarratais, chun ordú den sórt sin a chur ar ceal, a sheirbheáil.

3. Ach Bille Sibhialta a airbheartaíonn a bheith marcáilte le stampa á thaispeáint go ndearnadh é a athnuachan sa tslí réamhráite a thabhairt ar aird, is fianaise é sin go ndearnadh é a athnuachan amhlaidh agus gur tionscnaíodh an chaingean amhail ar chéad-dáta an Bhille Shibhialta sin chun gach críche.

4. I gcás inar díothaíodh nó inar cailleadh Bille Sibhialta is gá a thabhairt ar aird, féadfaidh an Chúirt, ar a bheith deimhin di gur díothaíodh nó gur cailleadh é, agus go bhfuil cóip den Bhille Sibhialta sin ceart, a ordú go ndéanfar an chóip sin a shéalú agus a sheirbheáil in ionad an Bhille Shibhialta bunaidh nó an doiciméid tionscnaimh bhunaidh eile.