| |
Rialacha na nUaschúirteanna
Ionstraimi Reachtúla Uimh. 15 de 1986 De bhua na gcumhachtaí a thugtar dúinn leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, alt 36, agus leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, alt 68 (arna gcur chun feidhme le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, alt 48), agus le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, alt 14, agus de bhua gach cumhachta eile lena gcuirtear seo ar ár gcumas, déanaimidne, Coiste Rialacha na nUaschúirteanna, a bunaíodh de bhun fhorálacha an Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1936, alt 67, agus a athbhunaíodh de bhun fhorálacha an Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1953, alt 15, leis seo, na Rialacha Cúirte atá i gceangal leis seo.
Arna dhátú an 19ú lá seo de Nollaig, 1985.
Tomas A. Finlay
Liam Hamilton
Brian Walsh
Frank Griffin
Seán Gannon
Mella Carroll | Harry Hill
Frederick Morris
Mary Laffoy
W. B. Allen
D. R. Pigot |
Comhthoilím leis na Rialacha Cúirte atá i gceangal leis seo a dhéanamh.
Arna dhátú an 17ú lá seo d’Eanáir, 1986.
MÍCHEÁL Ó NUANÁIN,
Aire Dlí agus Cirt.
Tiocfaidh na Rialacha seo a leanas (arb é “Rialacha na nUaschúirteanna” nó, san fhoirm ghiorraithe, “R.U.”, is teideal dóibh) i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, agus beidh feidhm acu, ar an dáta sin agus dá éis, i gcás inar cuí, maidir le gach imeacht i gcúiseanna nó in ábhair cibé acu a bheidh siad ar feitheamh an tráth sin nó a thionscnófar ina dhiaidh sin iad.
Amhail ar an agus ón dáta sin beidh na hOrduithe agus na Rialacha a shonraítear i bhFoscríbhinn Z a ghabhann leis na Rialacha seo arna neamhniú.
|