Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 22
I.R. Uimh. 229 de 1990: Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3), 1990


1. Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an fhocail “damáistí” i Riail 1 (1) d’Ordú 22 de Rialacha na nUaschúirteanna:—
      “(seachas caingean a mbeidh feidhm ag Alt 1 (1) d’Acht na gCúirteanna, 1988, maidir léi)”.
2. Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach mar Riail 1 (7) agus Riail 1 (8) d’Ordú 22 de Rialacha na nUaschúirteanna:—
      1 (7) “Féadfaidh Cosantóir, uair amháin, gan chead, agus ar fhógra a thabhairt don Ghearánaí, suim airgid a íoc isteach sa Chúirt mar shásamh in aon chaingean a mbeidh feidhm ag Alt 1 (1) d’Acht na gCúirteanna, 1988, maidir léi, tráth seachadta Cosanta nó laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an Fhógra Trialach. Ní fhéadfaidh Cosantóir nach mbeidh an íocaíocht sin déanta aige laistigh den tréimhse ama a bheidh ceadaithe, nó ar mian leis cibé suim a bheidh taiscthe a mhéadú, é sin a dhéanamh ach amháin le cead na Cúirte agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gCúirt.”

      1 (8) “I gcaingean a mbeidh feidhm ag Alt 1 (1) d’Acht na gCúirteanna, 1988, maidir léi, ní nochtfar sna pléadálacha airgead a bheith íoctha isteach sa Chúirt, nó méid an airgid sin, ná ní chuirfear na fíorais sin i bhfios don Bhreitheamh, ar an gcoinníoll i gcónaí go bhféadfaidh Breitheamh, roimh thriail na caingne sin, nó tráth na trialach, a fhiosrú, ar chúis mhaith nó ar leorchúis, an mbeifear tar éis íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt faoin bhfo-riail roimhe seo, agus, má táthar tar éis íocaíocht a dhéanamh, cé mhéad.”

3. Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “Ordú seo” i Riail 7 (1) d’Ordú 22 de Rialacha na nUaschúirteanna:—
      “(ach amháin i gcás ina mbeidh sé íoctha faoi Riail 1 (7))”.