Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 22
I.R. Uimh. 265 de 1993: Rialacha Na nUaschúirteanna (Uimh. 2) 1993

Leasú ar Ordú 22.

1. (1) Déanfar na fo-rialacha seo a leanas a chur isteach in Ordú 22, riail 1, mar fho-rialacha 9 agus 10, i Rialacha na nUaschúirteanna:

      ‘‘1. (9) D’ainneoin fho-riail 7, in aon chás ina mbeidh Fógra i dtaobh freagraí ar shonraí nó ar shonraí breise (gan aon iarraidh ar an gcéanna) seirbheáilte ag an nGearánaí tar éis dul in éag don tréimhse ama a bhféadfadh Cosantóir íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt gan chead laistigh di, féadfaidh an Cosantóir, air sin, gan chead, íocaíocht a dhéanamh nó aon íocaíocht a bheidh déanta isteach sa Chúirt a mhéadú laistigh de lá is fiche ó dháta an chéanna, ar fhógra a thabhairt don Ghearánaí.

      (10) D’ainneoin fho-riail 7, in aon chás ina mbeidh tréimhse is faide ná 18 mí caite ó dháta fhógra na trialach, féadfaidh Cosantóir, gan chead, íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt laistigh de lá is fiche, ar fhógra a thabhairt don Ghearánaí, ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an íocaíocht sin, más rud é nach nglacfaidh an Gearánaí léi, go dtí go mbeidh dhá mhí caite ón dáta a ndearnadh í nó ar méadaíodh í, de réir mar a bheidh.’’

(2) Déanfar na focail seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ‘‘(ach amháin i gcás inar íocadh é faoi riail 1(7))’’ mar a bhfuil siad i riail 7(1) d’Ordú 22 de Rialacha na nUaschúirteanna:
      ‘‘(ach amháin i gcás inar íocadh é faoi riail 1(7), (9) nó (10))’’.
....

Lua.

8. Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 2), 1993, is teideal do na rialacha seo agus déanfar iad a fhorléiriú i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna.

Tosach feidhme.

9. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 9ú lá de Mheán Fómhair, 1993.