Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 22
I.R. Uimh. 396 de 2013: Rialacha na nUaschúirteanna (Íocaíochtaí isteach sa Chúirt) 2013


1. (1) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é Rialacha na nUaschúirteanna (Íocaíochtaí isteach sa Chúirt), 2013, is teideal dóibh, i ngníomh an 11ú lá de Shamhain, 2013.

(2) Déanfar na Rialacha seo a fhorléiriú i dteannta Rialacha na nUaschúirteanna.

(3) Rialacha na nUaschúirteanna, 1986 go 2013, is teideal do Rialacha na nUaschúirteanna arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Ní bheidh feidhm ag na Rialacha seo ach maidir le haon chaingean agus in aon chaingean nach mbeidh, ar an dáta ar a dtiocfaidh na Rialacha seo i bhfeidhm, cosaint seachadta inti nó, i gcás nach gceanglófar ar an gcosantóir cosaint a sheachadadh, nach mbeidh mionnscríbhinn mar fhreagra ar éileamh an ghearánaí comhdaithe agus seachadta. Leanfaidh aon chaingean ina mbeidh, ar an dáta ar a dtiocfaidh na Rialacha seo i bhfeidhm, cosaint seachadta nó, i gcás nach gceanglófar ar an gcosantóir cosaint a sheachadadh, mionnscríbhinn mar fhreagra ar éileamh an ghearánaí comhdaithe agus seachadta, agus féadfar í a chinneadh agus a bhreithniú amhail is nach mbeadh na Rialacha seo tagtha i bhfeidhm.

3. Leasaítear Rialacha na nUaschúirteanna:

      (i) tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 7 d’Ordú 22:

        “ (1) Ní dhéanfar airgead a bheith íoctha isteach sa Chúirt faoi aon cheann de na rialacha roimhe seo den Ordú seo a lua sa chosaint, nó, i gcás nach gceanglófar ar an gcosantóir cosaint a sheachadadh, sa mhionnscríbhinn a chomhdófar mar fhreagra ar éileamh an ghearánaí.

        (2) Ach amháin i gcaingean a ndéanfar cosaint forthairiscint a bheith déanta roimh an gcaingean a phléadáil ina leith, ní dhéanfar airgead a bheith íoctha isteach sa Chúirt, nó an tsuim a bheidh íoctha isteach sa Chúirt amhlaidh, a chur i bhfios:

            (a) don Bhreitheamh i dtriail aon chaingne go dtí go mbeidh gach ceist i dtaobh dliteanais agus i dtaobh mhéid an fhéich nó na ndamáistí breithnithe, nó

            (b) don ghiúiré i gcás ina mbeidh caingean á triail ag Breitheamh maille le giúiré.

        (3) D’ainneoin fho-rialacha (1) agus (2), féadfaidh Breitheamh, roimh thriail chaingne nó tráth trialach caingne, a fhiosrú, ar chúis mhaith nó ar leorchúis, an mbeifear tar éis íocaíocht a dhéanamh isteach sa Chúirt faoi na rialacha roimhe seo den Ordú seo, agus má táthar tar éis íocaíocht a dhéanamh, cé mhéad.”, agus


      (ii) tríd an bhfo-riail seo a leanas a chur in ionad fho-riail (3) de riail 14 d’Ordú 22:

        “ (3) Measfar aon fhorthairiscint íocaíochta a dhéanfar faoin riail seo a bheith ina taisceadh agus an éifeacht chéanna a bheith léi is atá le taisceadh agus beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha sin go léir roimhe seo d’Ordú 22 maidir leis na forthairiscintí sin i dtaca le tréimhse ama chun iad a dhéanamh agus chun glacadh leo, agus i dtaca le gan an fhorthairiscint nó méid na forthairisceana a nochtadh, amhail mar atá feidhm acu maidir le taisceadh.”