(a) Is le foriarratas, ex parte, a dhéanfar iarratas ar fhormheas na Cúirte, ar foriarratas é a mbeidh mionnscríbhinn faoin teideal seo a leanas mar fhoras leis:
“MAIDIR LEIS AN mBINSE ..... ”
agus
“MAIDIR LE hIARRATAS A BHAINEANN LE A.B., MIONAOISEACH, AS [SEOLADH], Ó C.D., AG GNÍOMHÚ DÓ/DI MAR NEASCHARA THAR CEANN AN A.B. SIN”
Déanfar an t-iarratas sin chun Uachtarán na hArd-Chúirte nó chuig Breitheamh arna shannadh nó arna sannadh ag an Uachtarán chun iarratais den sórt sin a éisteacht.
(b) Nuair a bheidh dámhachtain den sórt sin á formheas aici féadfaidh an Chúirt duine lánaoise a cheapadh chun gníomhú mar neaschara an mhionaoisigh agus féadfaidh sí a údarú don neaschara glacadh leis an dámhachtain sin thar ceann an mhion-aoisigh.
(c) I gcás inarb infheidhme é, beidh feidhm ag foráil Ordú 22, riail 10 (3) go (6), agus riail 11, mutatis mutandis, maidir le dámh-achtainí arna ndeonú do mhionaoisigh agus arna bhformheas de réir na rialach seo”.