| |
Rialacha na nUaschúirteanna
Leasuithe ar: Ordú 28
I.R. Uimh. 271 de 2009: Rialacha na nUaschúirteanna (An riail faoi Bhotún) 2009
1. Leasaítear Rialacha na nUaschúirteanna tríd an méid seo a leanas a chur in ionad riail 11 d’Ordú 28:
“11. Maidir le dearmaid chléireachais i mbreithiúnais nó in orduithe, nó earráidí a tharlóidh de thaisme iontu mar gheall ar aon bhotún nó easnamh,
(a) i gcás ina dtoileoidh na páirtithe, agus le formheas na Cúirte, féad¬faidh an cláraitheoir don Chúirt iad a cheartú, tráth ar bith, gan achomharc,
(b) i gcás nach dtoileoidh na páirtithe, féadfaidh an Chúirt iad a cheartú, tráth ar bith, gan achomharc,
|
|