Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Leasuithe ar: Ordú 22
I.R. Uimh. 328 de 2000: Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 5)(Tairiscint Íocaíochta in ionad Taisceadh), 2000


1. Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach mar riail 14 d’Ordú 22 de Rialacha na nUaschúirteanna díreach i ndiaidh riail 13 den Ordú sin:
      Tairiscint Íocaíochta in ionad Taisceadh:

      14. (1) Measfar páirtí a bheith ina pháirtí cáilithe chun críocha na rialach seo más rud é gurb é a bheidh ann:


        (1) Aire Rialtais; nó

        (2) an tArd-Aighne; nó

        (3) an Rialtas; nó

        (4) an Stát; nó

        (5) aon pháirtí a mbeidh an Stát ag soláthar slánaíochta ina leith;

        (6) slánaíochtóir d’aon pháirtí agus é údaraithe chun gnó a sheoladh sa Stát mar ghnóthas árachais de bhun an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire; nó

        (7) an Biúró Árachóirí Gluaisteán; nó

        (8) an Biúró Árachóirí Gluaisteán Cuairte.


      (2) I gcás go mbeidh páirtí cáilithe i dteideal taisceadh a dhéanamh nó a mhéadú thar a cheann féin nó thar ceann aon pháirtí eile faoi na rialacha sin roimhe seo nó le hordú ón gCúirt, ansin féadfaidh an páirtí sin, in ionad aon airgead a thaisceadh sa Chúirt, a fhorthairiscint íocaíocht a dhéanamh leis an bpáirtí nó leis na páirtithe eile sa chúis nó sna himeachtaí.

      (3) Maidir le haon fhorthairiscint íocaíochta a dhéanfar faoin riail seo, measfar gur taisceadh í agus measfar an éifeacht chéanna a bheith léi is atá le taisceadh agus beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha sin go léir roimhe seo d’Ordú 22 maidir leis na forthairiscintí sin i dtaca le tréimhse ama chun an céanna a dhéanamh agus chun glacadh leis an gcéanna amhail mar atá feidhm acu maidir le taisceadh.

      (4) Déanfar forthairiscint de réir Fhoirm Uimh. 4A nó 5A, i bhFoscríbhinn C, de réir mar is cuí, agus luafar inti an admhaítear nó an séantar dliteanas agus, faoi réir riail 7, measfar gur cuid de na pléadálacha í. Is i bhFoirm Uimh. 6A i bhFoscríbhinn C a bheidh fógra á rá go nglactar leis an tairiscint agus beidh feidhm ag forálacha riail 4 maidir leis sin.

      (5) In aon chás ina mbeidh glactha le forthairiscint, agus as a aithle sin go gceanglaítear ar an bpáirtí a mbeidh an tairiscint sin déanta aige an tsuim a shonraítear a íoc, déanfar an tsuim shonraithe sin a íoc laistigh de cheithre seachtaine ón dáta a fhaightear fógra á rá go nglactar leis an gcéanna.

      (6) Maidir le haon pháirtí cáilithe a mbeidh forthairiscint déanta aige a mbeifear tar éis glacadh léi, ach a mbeidh mainnithe aige an tsuim a sonraíodh san fhorthairiscint sin a íoc laistigh den tréimhse ama a ceanglaíodh, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas an tsuim a sonraíodh a íoc, mar aon le hús uirthi de réir an ráta a bheidh socraithe i gcomhair breithiúnas ón gCúirt in aghaidh gach míosa nó coda den mhí a fhanfaidh an tsuim sin nó aon chuid di gan íoc.

      (7) Beidh de chead ag aon pháirtí nó páirtí cáilithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte i ndáil le haon fhorthairiscint nó le haon ní lena mbaineann sí agus féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt ina thaobh sin a dhealróidh a bheith cóir agus cuí.

...