Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 2Q Bille Sibhialta um an Dlí Fostaíochta
I.R. Uimh. 275 de 2006
Foirm 2Q
An Chúirt Chuarda
Cuaird
Contae
Bille Sibhialta um an Dlí Fostaíochta
Maidir le halt 77(3) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998
IDIR
A.B.
Gearánaí
Agus
C.D.
Cosantóir
Ceanglaítear ort leis seo, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, leis an gCláraitheoir Contae ina oifig/ina hoifig ag ...... chun freagra a thabhairt ar an éileamh ó ......., as ........., an Gearánaísa chás seo.
AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA mura ndéanfaidh tú Láithreas a thaifeadadh go measfar gur ghéill tú don éileamh sin agus go bhféadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte fad atá túas láthair ar na horduithe a iarrtar san fhoirm seo.
AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA THAIRIS SIN, má tá sé ar intinn agat na himeachtaía chosaint ar aon fhorais go gcaithfidh tú, ní amháin láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá tar éis an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.
Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chuig an oifig sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá Aturnae leis an bpost agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chuig an nGearánaí nó a Aturnae.
Arna dhátú an .... lá seo de ..... 20....
Arna shíniú:
An Gearánaí/Aturnae thar ceann an Ghearánaí
Do:
An Cosantóir/Aturnae thar ceann an Chosantóra
Agus
Do: An Cláraitheoir Contae.
FORMHUINIÚ ÉILIMH
(Cuir isteach mionsonraífaoi éileamh an Ghearánaí lena n-áirítear an bonn ar a bhfuil dlínse á éileamh)
ÉILÍONN AN GEARÁNAÍ:
(Cuir isteach mionsonraí faoi na faoisimh atá á lorg ag an nGearánaí)
An Gearánaí/Aturnae thar ceann an Ghearánaí
|