Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 2S Bille sibhialta páirtnéireachta sibhialta - An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleadáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010
I.R. Uimh. 385 de 2011Foirm 2S
An Chúirt Chuarda
Cuaird
Contae
Bille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta
An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleadáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010
IDIR
............ Iarratasóir
AGUS
............ Freagróir
Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i ......, chun freagra a thabhairt ar éileamh .........., as ............, an tIarratasóir san imeacht seo.
Agus bíodh seo ina fhógra go measfar, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin, agus go bhféadfaidh an tIarratasóir, gan aon fhógra eile, dul ar aghaidh leis an éileamh agus go bhféadfar breithiúnas a thabhairt i do choinne gan tú a bheith i láthair.
Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.
Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Iarratasóir nó dá Aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Iarratasóra nó chun a Aturnae.
Arna dhátú an lá de .
Arna shíniú ..........
Iarratasóir/Aturnaetha thar ceann an Iarratasóra
Do: ..........
An Freagróir/Aturnaetha thar ceann an Fhreagróra
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH
[Cuir isteach mionsonraí faoi éileamh an Iarratasóra, agus na forais ar a bhfuil faoiseamh á lorg de réir mar a cheanglaítear leis na Rialacha seo lena n-áirítear an bonn ar a bhfuil dlínse á héileamh]
ÉILÍONN AN tIARRATASÓIR:
[Cuir isteach na faoisimh atá á lorg ag an Iarratasóir]
......................
Iarratasóir/Aturnaetha thar ceann an Iarratasóra
|