“22. Ciallaíonn “an tSeirbhís Chúirteanna” an tSeirbhís Chúirteanna arna bunú leis an Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998.
23. Ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998.
24. Ciallaíonn “Coinbhinsiún 1968” an Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (lena n-áirítear an Prótacal atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún sin), a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meán Fómhair 1968, agus tá sé le forléiriú de réir Alt 2 d’Acht 1998.
25. Ciallaíonn “Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle” Rialachán (CE) Uimh 44/2001 an 22 Nollaig 2000 ón gComhairle, (IO L 12 an 16 Eanáir 2001 agus L 307/28 an 24 Samhain 2001) maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála.
26. Ciallaíonn “Rialachán 2201/2003” Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 ón gComhairle (IO L 338/1) maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, agus, i gcás ina gceadaíonn nó ina gceanglaíonn an comhthéacs é, folóidh sé tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 an 29 Bealtaine 2000 ón gComhairle (IO L 160/22) maidir le dlínse agus aithint breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí as leanaí de chuid an dá chéile.
27. Ciallaíonn “an Rialachán Cothabhála” Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 an 18 Nollaig 2008 ón gComhairle maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breitheanna agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála.
28. Ciallaíonn “Coinbhinsiún Lugano” an Coinbhinsiún maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála arna shíniú in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007 agus arna chríochnú thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh de bhun Chinneadh 2009/430/CE ón gComhairle agus na Prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis (a bhfuil an téacs díobh, sa Bhéarla, leagtha amach sa Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998).
29. Maidir le tagairtí d’aon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh atá glactha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, cibé acu i gcomhpháirt le haon institiúid eile den Aontas Eorpach nó a mhalairt, measfar gur tagairtí iad don Rialachán, don Treoir, don Chinneadh nó don Chreat-Chinneadh sin arna leasú, arna leathnú nó arna chur nó arna cur i bhfeidhm ó am go ham (ach amháin i gcás nach bhfuil feidhm dlí ag aon leasú nó leathnú den sórt sin sa Stát) agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh go sainráite le haon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh iardain lena n-aisghairtear aon Rialachán, Treoir, Cinneadh nó Creat-Chinneadh den sórt sin, do Rialachán, do Threoir, do Chinneadh nó do Chreat-Chinneadh iardain.”.