| |
Rialacha na Cúirte Cuarda
Leasuithe ar: Ginearálta
I.R. Uimh. 583 de 2009: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009
1. Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Cuarda (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009 is teideal dóibh, i ngníomh an 11ú lá d’Eanáir 2010.
2. Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Cuarda 2001 go 2009.
3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Cuarda:
(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Cláraitheoir Contae” sna forálacha a bhaineann le “Léiriú Téarmaí”:
“5. Ciallaíonn “Cláraitheoir Contae” an Cláraitheoir Contae in aon Chontae atá ag gabháil leis an gCúirt faoin Acht Oifigigh Cúirte 1926, agus folaíonn sé aon leas-Chláraitheoir Contae don Chláraitheoir Contae sin a bheidh ceaptha de thuras na huaire faoi alt 40 den Acht sin agus aon duine eile a bheidh faoi cheangal agus údaraithe de thuras na huaire dualgais oifig an Chláraitheora Contae sin a chomhlíonadh de réir alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte 1945, ar choinníoll:
(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Oifig” nó “an oifig chuí” sna forálacha a bhaineann le “Léiriú Téarmaí”:
“15. Ciallaíonn “Oifig”, “an Oifig” nó “an Oifig chuí”:
(a) Oifig na Cúirte i gContae ar bith;
(b) i gcás aon ghnó de chuid oifig na Cúirte i gcontae a bheith sonraithe de réir alt 14 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009 mar ghnó a dhéanfar in oifig chúirte chomhcheangailte arna bunú faoin alt sin, agus chun críocha an ghnó sin—
an oifig chúirte chomhcheangailte sin,
agus déanfar aon fhoirm i Sceideal na bhFoirmeacha a mhodhnú dá réir sin.”;
|