| |
Rialacha na nUaschúirteanna
Is iad na Rialacha agus na nAguisíní atá curtha ar fáil i nGaeilge sa roinn seo den láithreán [Rialacha na nUaschúirtenna agus na nAguisíní mar atá siad leagtha síos in Ionstraim Reachtúil Uimh. 15 de 1986]. Foilseoimid an leagan Gaeilge d'Ionstraimí Reachtúla lena leasaítear na rialacha agus na naguisíní sin de réir mar a chuirfear ar fáil dúinn iad.

Áit a gcuireann ionstraim reachtúil ordú nua isteach sna Rialacha, tá an t-ordú nua cuimsithe san Innéacs Rialacha. Seachas seo, ceanglaítear na leasuithe ar fad leis an ordú nó leis an aguisín ábhartha.
I gcásanna nuair nach mbíonn riail nua ar fáil as Gaeilge, is féidir rochtain a fháil ar an leagan Béarla tríd an táb 'English' a chliceáil ag barr an scáileáin.
I gcásanna nuair nach mbíonn leasuithe ar fáil ach i mBéarla déantar an riail ábhartha a nascadh leis an leasú Béarla coibhéiseach.
Foirmeacha cúirte:
Tá na foirmeacha cúirte atá le húsáid insan Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc agus an Ard-chúirt leagtha amach sna nAguisíní le Rialacha na nUaschúirteanna.
Mura bhfuil an fhoirm cúirte a theastaíonn uait ar fáil as Gaeilge cliceáil ar an táb 'English' ag barr an scáileáin le teacht ar an bhfoirm i mBéarla.
Is féidir na foirmeacha seo a úsáid tríd an téacs a roghnú agus é a chóipeáil agus a ghreamú isteach i do dhoiciméad bán.
|
|