Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 21 Ordú forghníomhaithe i leith earraí
FOIRM 21
AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD
CONTAE
Ordú forghníomhaithe i leith earraí
IDIR
.............. Gearánaí
AGUS
.............. Cosantóir
De bhrí gur iarr an ................ as ................ go n-eiseofaí ordú forghníomhaithe de bhun ................ a fuarthas san imeacht seo an .... lá de .......... i leith shuim ..... mar aon le suim ..... i leith costas, údaraítear daoibhse, na Sirriamaí agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach lena dtaiscfear an t-ordú seo, agus ceanglaítear oraibh, leis seo, earraí an ................ sin as ..............., in bhur mbáillcheantar, a thógáil i bhforghníomhú chun an méid atá dlite de bhun an ............... sin a ghlanadh, mar aon le costais an fhorghníomhaithe sin, ar a n-áirítear suim ............... mar chostais an ordaithe seo agus i leith na gcostas sin, agus, ina theannta sin, ús de réir 8 faoin gcéad sa bhliain ar an tsuim sin ............... (is é sin, an tsuim atá dlite faoin bhforaithne, gan costais agus caiteachais a áireamh) ón ..... lá de ...............
Arna dhátú an ..... lá seo de ...............
Ar ordú na Cúirte.
Cláraitheoir Contae
Bainisteoir na hoifige comhcheangailte / Sínitheoir ainmnithe thar ceann an Cláraitheoir Contae
Do: Na Sirriamaí agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach
NÓTA: Aon bhliain amháin óna dháta seo is tréimhse feidhme don Ordú Forghníomhaithe seo.
FORMHUINIÚ AR ORDÚ FORGHNÍOMHAITHE
Is é ................ as ................ Gearánaí/Cosantóir/Aturnae thar ceann an Ghearánaí/an Chosantóra san imeacht seo, a d'eisigh an t-ordú forghníomhaithe seo.
Arna thaisceadh le .............. Chontae ............... ina oifig i ........ ar ..... a chlog, ..... nóin, an .... lá de .......... .
Contae
EADHON
Údaraím agus Cumhachtaím do ............ as ........... agus
teachtairí Cúirte, nó do cheachtar acu, agus dá gcúntóirí, an tOrdú Forghníomhaithe seo a fhorghníomhú.
Arna thabhairt faoi mo láimh an ..... lá seo de ................. .
Sirriam nó Cláraitheoir Contae an Chontae sin.
Is é suim atá le tobhach faoin Ordú seo ........... .
Sirriam nó Cláraitheoir Contae
|