| |
Rialacha na nUaschúirteannaFógraí, Mionnscríbhinní &c.
[arna leasú le I.R. Uimh. 328 de 2000]
________________
I.R. Uimh. 328 de 2000
Uimh. 4A
022, r14
Fógra faoi Fhorthairiscint
(Teideal na Caingne)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go ndéanann an Cosantóir, leis seo, an fhorthairiscint seo a leanas, £..., a íoc leis an nGearánaí, agus go ndeir sé gur leor an tsuim chun éileamh an Ghearánaí a shásamh, agus go n-admhaítear (nó go séantar) dliteanas i leith an éilimh sin.
Tá an tairiscint seo á déanamh thar ceann (cuir isteach ainm an pháirtí nó an pháirtí cháilithe nó ainm shlánaíochtóir an Chosantóra, de réir mar a bheidh).
Arna dhátú:
Arna shíniú:
Do: (An Gearánaí nó a Aturnae)
______________
I.R. Uimh. 328 de 2000
Uimh. 5A
O22, r14
Fógra faoi Fhorthairiscint Bhreise
(Teideal na Caingne)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go déanann an Cosantóir, leis seo, suim bhreise £ a thairiscint, de bhreis ar shuim £ a tairgeadh cheana féin mar íocaíocht leis an nGearánaí, is ionann san iomlán agus £ ar fad, agus go ndeir sé gur leor an tsuim iomlán chun éileamh an Ghearánaí a shásamh, agus go n-admhaítear (nó go séantar) dliteanas i leith an éilimh sin.
Tá an tairiscint seo á déanamh thar ceann (cuir isteach ainm an pháirtí nó an pháirtí cháilithe nó ainm shlánaíochtóir an Chosantóra, de réir mar a bheidh).
Arna dhátú:
Arna shíniú:
Do:
_________________
I.R. Uimh. 328 de 2000
Uimh. 6A
O22, r14
Glacadh le Suim a Tairgeadh don Ghearánaí
(Teideal na Caingne)
BÍODH SEO INA FHÓGRA go nglacann an Gearánaí le suim £.... a thairg tú mar shásamh san éileamh ar tairgeadh í ina leith.
Arna dhátú:
Arna shíniú:
Do: (An Cosantóir nó an páirtí cáilithe nó a Aturnae)
|