Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na nUaschúirteanna

Aguisín : O

An tAcht Féimheachta 1988 agus An tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012 [arna leasú le I.R. Uimh. 316 de 2013]

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim-I.R. Uimh. 585 De 2001: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Uimh. 4) (An Tathrú Go Dtí An Euro), 2001

[Níl an t-ábhar go léir don aguisín seo ar fáil sa Ghaeilge.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.]

Foirmeacha:
Uimh. 51 ¦ Uimh. 52 ¦ Uimh. 53 ¦ Uimh. 54 ¦ Uimh. 55 ¦ Uimh. 56 ¦ Uimh. 57 ¦ Uimh. 58 ¦ Uimh. 59
________________

I.R. Uimh. 316 de 2013

Uimh. 51


O. 76A, r. 7(1)

AN ARD-CHÚIRT

AN tACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

MAIDIR LE CUID 3, *[CAIBIDIL 3] *[CAIBIDIL 4] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012


AGUS MAIDIR LE [................... ] AS [................. ]

FÉICHIÚNAÍ DEIMHNIÚ FAOI ALT *[61] *[95] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

*DEIMHNÍONN SEIRBHÍS DÓCMHAINNEACHTA NA hÉIREANN LEIS SEO, tar éis an t-iarratas ar dheimhniú cosantach ón bhFéichiúnaí arna ainmniú thuas a bhreithniú, a bhfuil cóip de á thabhairt leis seo, go bhfuil an t-iarratas in ord.

Arna dhátu an .... lá seo de ....., 20...

*Arna shíniú:

*Stiúrthóir Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

*comhalta d’fhoireann Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann arna údarú go cuí ag Stiúrthóir Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Do: An Cláraitheoir

An Phríomh-Oifig

Na Ceithre Chúirt

Baile Átha Cliath 7

[Nóta: ní gá an deimhniú seo, más trí mheán leictreonach a thugtar don Chúirt é, a fhíordheimhniú le síniú an duine a bheidh á eisiúint thar ceann Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.]

Is mó ná €2,500,000 dliteanais iomlána an fhéichiúnaí, arna gcinneadh ar bhonn an Ráitis Airgeadais Fhorordaithe arna chomhlánú ag an bhféichiúnaí lena mbaineann i leith an iarratais lena mbaineann.

*Scrios i gcás nach infheidhme


go bharr

------------------


I.R. Uimh. 316 de 2013

Uimh. 52


O.76A, r. 7(3)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, CAIBIDIL 3 DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012


AGUS MAIDIR LE [ .......... ] AS [ ............. ] FÉICHIÚNAÍ

Os comhair an Bhreithimh Uasail ...................


DEIMHNIÚ COSANTACH (COMHSHOCRAÍOCHT SOCRAÍOCHTA FIACHAIS)

Déanann an Chúirt,

1. Ós deimhin léi gur mó ná €2,500,000 dliteanais iomlána an fhéichiúnaí, arna gcinneadh ar bhonn an Ráitis Airgeadais Fhorordaithe arna chomhlánú ag an bhféichiúnaí lena mbaineann i leith an iarratais lena mbaineann.

2. Tar éis breithniú a dhéanamh:

(i) ar an iarratas dar dáta an ...... 20 ....... ar dheimhniú cosantach a eisiúint maidir leis an bhféichiúnaí sin arna thabhairt don Chúirt an ........ 20 ....... ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

(ii) ar dheimhniú Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, tar éis di a feidhmeanna faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, a chomhlíonadh i ndáil leis an iarratas sin, go bhfuil an t-iarratas chuig Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann faoi alt 59 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, thar ceann an fhéichiúnaí sin in ord

(iii) ar chóipeanna den doiciméadacht tacaíochta leis an iarratas (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 59(2)(f) agus (g) den Acht)

*(iv) ar *fhaisnéis *fhianaise bhreise arna cur ar fáil di

3. Ós deimhin léi go bhfuil na critéir a shonraítear in alt 57 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, comhlíonta sa mhéid nach bhfuil na critéir sin dífheidhmithe le hordú arna dhéanamh faoi alt 57(2) den Acht sin

4. Ós deimhin léi go bhfuil na ceanglais iomhuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach a eisiúint comhlíonta

leis seo, de réir alt 61(2) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, deimhniú cosantach a eisiúint maidir leis an bhféichiúnaí sin agus maidir leis na fiacha arna leagan amach anseo thíos:


Fiacha sonraithe
Tagairt/Uimhir (más ann) de réir Ráiteas Airgeadais Forordaithe.Luach an fhéich ar dháta an iarratais (€)Creidiúnaí dá ndlitear an fiach
.. €................. as .....................
.. .. ..

Arna thabhairt ag an gCúirt an ....... 20 ....

Cláraitheoir [Ainm]

*Scrios i gcás nach infheidhme


go bharr

------------------


I.R. Uimh. 507 de 2015

Uimh. 53


O. 76A, r. 11(1)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, *[CAIBIDIL 3] *[CAIBIDIL 4] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [ ............. ] AS [ ............... ], FÉICHIÚNAÍ


FÓGRA AGÓIDE

BÍODH SEO INA FHÓGRA go dtugann ........ as ......., is creidiúnaí de chuid an fhéichiúnaí a ainmnítear thuas, sa mhéid € ......,

tar éis fógra a fháil an .... lá de ...... 20.... a cuireadh an .... lá de ...... 20.... de bhun

*alt 75(2)1 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 maidir le *hathrú beartaithe ar Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais *Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais bheartaithe

*alt 112(2)2 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 maidir le *hathrú beartaithe ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta *Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe

*alt 115A(3)3 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 maidir le hiarratas ar ordú faoi alt 115A(9) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 i leith Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe

maidir leis an bhféichiúnaí sin,

leis seo, fógra agóide faoi *[alt 75(3)] *[alt 112(3)] *[alt 115A(3)] den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 i gcoinne theacht in éifeacht an athraithe bheartaithe sin *ar Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais *ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta / i gcoinne theacht in éifeacht *na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais beartaithe sin *na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe sin.

[Sonraigh go gonta na forais ar a ndéantar agóid, mar atá leagtha amach

*in alt 87 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 i gcás Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais

*in alt 120 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 i gcás Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta,

nó na cúiseanna atá leis an agóid i gcás go ndéanfar an agóid faoi alt 115A(3) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.] Arna dhátú an .... lá de ......... 20..

Creidiúnaí/Aturnae don chreidiúnaí Do: An Cláraitheoir An Phríomh-Oifig Na Ceithre Chúirt Baile Átha Cliath 7

Agus do: Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann i ..............

Agus do: ......... as ........... cleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna cheapadh nó arna ceapadh ag an bhféichiúnaí.


*Scrios i gcás nach n-oireann

_________________________

1 Arna leasú le halt 8 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
2 Arna leasú le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
3 A cuireadh isteach le halt 21 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.


go bharr

------------------

I.R. Uimh. 507 de 2015

Uimh. 54


O. 76A, rr. 11(2), 20(2)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, *[CAIBIDIL 3] *[CAIBIDIL 4] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [ ........ ] AS [ ...... ], FÉICHIÚNAÍ


FÓGRA CHUIG AN gCÚIRT Ó SHEIRBHÍS DÓCMHAINNEACHTA NA hÉIREANN FAOI ALT *[76] *[113] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

Tugann Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann fógra leis seo don Chúirt go bhfuil fógra faighte aici ó ...... as ......,

an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna cheapadh nó arna ceapadh ag an bhféichiúnaí a ainmnítear thuas,

maidir le

*[Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais] *[ Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta]

*[go ndearnadh] *[go meastar go ndearnadh] í a cheadú ag cruinniú de chreidiúnaithe an fhéichiúnaí

*[go ndearna] *[go meastar go ndearna] an t-aon chreidiúnaí amháin de chuid an fhéichiúnaí a bhí i dteideal vótáil ar an togra í a cheadú

agus gur thaifead sí an ceadú sin i gClár *[na gComhshocraíochtaí Socraíochta Fiachais] *[na gComhshocraíochtaí Dócmhainneachta Pearsanta].

Tá na nithe seo a leanas i dteannta an fhógra seo:

cóip dhílis den deimhniú arna chur ar fáil faoi *alt 75(1)(a)4 *alt 75(1A)(a)5 *alt 112(1)(a)6 *alt 112(1A)(a)7 den Acht

cóip dhílis *[den Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais] *[den Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta] cheadaithe agus

cóip dhílis den ráiteas arna chur ar fáil faoi *alt 75(1)(c) *alt 75(1A)(c) *alt 112(1)(c) *alt 112(1A)(c) den Acht.

Arna dhátú an ..... lá seo de ........ 20...

*Arna shíniú:

*Stiúrthóir Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

*comhalta d’fhoireann Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann arna údarú nó arna húdarú go cuí ag Stiúrthóir Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Do: An Cláraitheoir An Phríomh-Oifig Na Ceithre Chúirt Baile Átha Cliath 7

[Nóta: ní gá an fógra seo, más trí mheán leictreonach a thugtar é don Chúirt, a fhíordheimhniú le síniú an duine a bheidh á eisiúint thar ceann Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.]

*Scrios i gcás nach n-oireann

_________________

4 A ionadaíodh le halt 71 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013.
5 A cuireadh isteach le halt 8 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
6 Arna leasú le halt 85 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus arna ionadú le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
7 A cuireadh isteach le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.


to bharr

------------------

I.R. Uimh. 507 de 2015

Uimh. 55


O. 76A, rr. 11(5), 20(5)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, *[CAIBIDIL 3] *[CAIBIDIL 4] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [..................................] AS [....................................], FÉICHIÚNAÍ


DEIMHNIÚ FAOI *[ALT 75(1)(a)8] *[ALT 75(1A)(a)9] *[ALT 112(1)(a)10] *[ALT 112(1A)(a)11] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

*DEIMHNÍMSE, ........... as ........, cleachtóir dócmhainneachta pearsanta, ar mé an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna cheapadh/arna ceapadh ag an bhféichiúnaí a ainmnítear thuas chun gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta pearsanta *dó/*di chun críocha Chaibidil 3 de Chuid 3 den Acht sin, LEIS SEO, de bhun alt 75(1)(a) den Acht sin gurb é seo a leanas toradh na vótála a rinneadh ag an gcruinniú creidiúnaithe maidir leis an gComhshocraíocht Socraíochta Fiachais bheartaithe don fhéichiúnaí a ainmnítear thuas, arna thionól i ....... an .... lá de ........ 20....:
An céatadán den iomlán
An líon vótaí, ó thaobh luacha, de chuid na gcreidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil100%
An líon vótaí, ó thaobh luacha, de chuid na gcreidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais beartaithe
An líon vótaí, ó thaobh luacha, de chuid na gcreidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Socraíochta Fiachais beartaithe
*Tá an togra le haghaidh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais ceadaithe ag creidiúnaithe atá in ionannas don chion riachtanach fiach dá dtagraítear in alt 73(6)12 den Acht sin.

*Meastar an Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais bheartaithe a bheith ceadaithe faoi alt 73(7)13 den Acht sin ós rud é nach ndearna creidiúnaí ar bith ag an gcruinniú vótáil ar an togra.

*Tá feidhm ag alt 74A14 den Acht sin maidir leis an gComhshocraíocht Socraíochta Fiachais bheartaithe agus *[rinne] *[meastar go ndearna] an t-aon chreidiúnaí amháin a bhí i dteideal vótáil ar an togra é a cheadú de réir alt 74A(7) den Acht sin.

*DEIMHNÍMSE, ......... as ........, cleachtóir dócmhainneachta pearsanta, ar mé an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna cheapadh/arna ceapadh ag an bhféichiúnaí a ainmnítear thuas chun gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta pearsanta *dó/*di chun críocha Chaibidil 4 de Chuid 3 den Acht sin, LEIS SEO, de bhun alt 112(1)(a)]15[ den Acht sin gurb é seo a leanas toradh na vótála a rinneadh ag an gcruinniú creidiúnaithe maidir leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe don fhéichiúnaí a ainmnítear thuas, arna thionól i ...... an .... lá de ..... 20...:

An fiach iomlán (féach mír (a) d’alt 110(1) den Acht sin)An méidAn céatadán den iomlán
Méid iomlán an fhéich atá dlite do na creidiúnaithe abhí i láthair agus a vótáil100%
Méid iomlán an fhéich ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe.....%
Méid iomlán an fhéich ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe.....%
An fiach urraithe (féach mír (b) d’alt 110(1) den Acht sin)An luachAn céatadán den iomlán
Luach iomlán an fhéich urraithe atá dlite do chreidiúnaithe urraithe a bhí i láthair agus a vótáil100%
Luach iomlán an fhéich urraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe urraithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe.....%
Luach iomlán an fhéich urraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe urraithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe
An fiach urraithe (féach mír (c) d’alt 110(1) den Acht sin)An méidAn céatadán den iomlán
Méid iomlán an fhéich neamhurraithe atá dlite do chreidiúnaithe neamhurraithe a bhí i láthair agus a vótáil100%
Méid iomlán an fhéich neamhurraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe neamhurraithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe.....%
Méid iomlán an fhéich neamhurraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe neamhurraithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe.....%

*Tá an togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta ceadaithe ag creidiúnaithe atá in ionannas don chion riachtanach fiach dá dtagraítear in alt 110(1)16 den Acht sin.

*Meastar an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe a bheith ceadaithe faoi alt 108(8)(a)17 den Acht sin ós rud é nach ndearna creidiúnaí ar bith ag an gcruinniú vótáil ar an togra.

*Tá feidhm ag alt 111A18 den Acht sin maidir leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe agus *[rinne] *[meastar go ndearna] an t-aon chreidiúnaí amháin a bhí i dteideal vótáil ar an togra é a cheadú de réir alt 111A(7) den Acht sin.

Arna dhátú an .... lá seo de ........ 20....

Arna shíniú:

Do: An Cláraitheoir

An Phríomh-Oifig

Na Ceithre Chúirt

Baile Átha Cliath 7


*Scrios i gcás nach n-oireann

_________________________________

8 A ionadaíodh le halt 71 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013.
9 A cuireadh isteach le halt 8 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
10 Arna leasú le halt 85 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus arna ionadú le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
11 A cuireadh isteach le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
12 Arna ionadú le halt 6 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
13 Arna leasú le halt 6 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
14 Arna chur isteach le halt 7 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
15 Arna leasú le halt 85 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus arna ionadú le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
16 Arna leasú le halt 16 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
17 Arna ionadú le halt 15 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
18 A cuireadh isteach le halt 17 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.

go bharr

------------------

I.R. Uimh. 507 de 2015

Uimh. 56


O. 76A, rr. 11(5), 20(5)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, *[CAIBIDIL 3] *[CAIBIDIL 4] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [...............] AS [..................], FÉICHIÚNAÍ


RÁITEAS FAOI *[ALT 75(1)(c)19 ] *[ALT 75(1A)(c)20] *[ALT 112(1)(c)21] *[ALT 112 (1A)(c)22] DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

1. DEIMHNÍMSE, .......... as .........., cleachtóir dócmhainneachta pearsanta, ar mé an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna cheapadh/arna ceapadh ag an bhféichiúnaí a ainmnítear thuas chun gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta pearsanta *dó/*di chun críocha *Chaibidil 3/*Chaibidil 4 de Chuid 3 den Acht sin, LEIS SEO,

*chun críocha alt 78(2)23 agus 78(5)24 den Acht sin go bhfuilimse den tuairim—

(i) go gcomhlíonann an féichiúnaí sin na critéir incháilitheachta i gcomhair an togra le haghaidh Comhshocraíocht Socraíochta Fiachais a shonraítear in alt 57 den Acht sin,

(ii) go gcomhlíonann an Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais cheadaithe na ceanglais shainordaitheacha dá dtagraítear in alt 65(2)25 den Acht sin, agus

(iii) nach bhfuil aon téarmaí sa Chomhshocraíocht Socraíochta Fiachais cheadaithe lena scaoilfí an féichiúnaí sin ó fhiach eisiata, ó fhiach ineisiata (seachas fiach ceadaithe) ná ó fhiach urraithe ná lena ndéanfaí difear d’fhiach den sórt sin ar shlí eile.

*chun críocha alt 115(2)26 agus 115(5)27 den Acht sin go bhfuilimse den tuairim—

(i) go gcomhlíonann an féichiúnaí sin na critéir incháilitheachta i gcomhair an togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a shonraítear in alt 9128 den Acht sin,

(ii) go gcomhlíonann an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta cheadaithe na ceanglais shainordaitheacha dá dtagraítear in alt 99(2)29 den Acht sin, agus

(iii) nach bhfuil aon téarmaí sa Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta cheadaithe lena scaoilfí an féichiúnaí sin ó fhiach eisiata ná ó fhiach ineisiata (seachas fiach ceadaithe) ná lena ndéanfaí difear d’fhiach den sórt sin ar shlí eile.

Arna dhátú an ..... lá seo de ........ 20....

Arna shíniú:

Do: An Cláraitheoir

An Phríomh-Oifig

Na Ceithre Chúirt

Baile Átha Cliath 7


*Scrios i gcás nach n-oireann

_____________________________

19 A ionadaíodh le halt 71 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013.
20 A cuireadh isteach le halt 8 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
21 Arna leasú le halt 85 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus arna ionadú le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
22 A cuireadh isteach le halt 18 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
23 Arna leasú le halt 73 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 10 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
24 Arna leasú le halt 73 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 10 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
25 Arna leasú le halt 67 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 100 den Acht Airgeadais, 2013.
26 Arna leasú le halt 87 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 20 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
27 Arna leasú le halt 87 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 20 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
28 Arna leasú le halt 79 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 12 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
29 Arna leasú le halt 100 den Acht Airgeadais, 2013.

to bharr

------------------

I.R. Uimh. 316 de 2013

Uimh. 57


O. 76A, r. 16(3)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, CAIBIDIL 4 DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [ .................. ] AS [ .................... ], FÉICHIÚNAÍ


Os comhair an Bhreithimh Uasail...............

DEIMHNIÚ COSANTACH (COMHSHOCRAÍOCHT DÓCMHAINNEACHTA PEARSANTA)

Déanann an Chúirt,

1. Ós deimhin léi gur mó ná €2,500,000 dliteanais iomlána an fhéichiúnaí, arna gcinneadh ar bhonn an Ráitis Airgeadais Fhorordaithe arna chomhlánú ag an bhféichiúnaí lena mbaineann i leith an iarratais lena mbaineann.

2. Tar éis breithniú a dhéanamh:

(i) ar an iarratas dar dáta an ........ 20 ....... ar dheimhniú cosantach a eisiúint maidir leis an bhféichiúnaí sin, arna thabhairt don Chúirt an ........... 20 ..... ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

(ii) ar dheimhniú Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, tar éis di a feidhmeanna faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, a chomhlíonadh i ndáil leis an iarratas sin, go bhfuil an t-iarratas chuig Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann faoi alt 93 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, thar ceann an fhéichiúnaí sin in ord

(iii) ar chóipeanna den doiciméadacht tacaíochta leis an iarratas (seachas na doiciméid dá dtagraítear in alt 93(2)(f) agus (g) den Acht)

*(iv) ar *fhaisnéis *fhianaise bhreise arna cur ar fáil di

3. Ós deimhin léi go bhfuil na critéir a shonraítear in alt 91 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, comhlíonta a mhéid nach bhfuil na critéir sin dífheidhmithe le hordú arna dhéanamh faoi alt 91(3) den Acht sin

4. Ós deimhin léi go bhfuil na ceanglais iomchuí eile a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú cosantach comhlíonta

leis seo, de reir alt 95(2) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, deimhniú cosantach a eisiúint maidir leis an bhféichiúnaí sin agus maidir leis na fiacha arna leagan amach anseo thíos:
Fiacha sonraithe
Tagairt/Uimhir (más ann) de réir Ráiteas Airgeadais Forordaithe.Luach an fhéich ar dháta an iarratais (€)Creidiúnaí dá ndlitear an fiach
€................. as ............
.........

Arna thabhairt ag an gCúirt an ....... 20 .......

Cláraitheoir [Ainm]

*Scrios i gcás nach infheidhme


to bharr

------------------


I.R. Uimh. 507 de 2015

Uimh. 58


O. 76A, r. 21A(1)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, CAIBIDIL 4 DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [................................................] AS [.....................................], FÉICHIÚNAÍ


FÓGRA FORIARRATAIS AR ORDÚ FAOI ALT 115A(9)30 DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

BÍODH SEO INA FHÓGRA go ndéanfaidh .......... as ..............., cleachtóir dócmhainneachta pearsanta, ar an ..... lá de ......... 20.... ar....... roimh nóin nó a luaithe a bheidh caoi ann chuige sin dá éis sin, iarratas chun na Cúirte Onóraí seo ina suí di sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath 7 ar ordú faoi alt 115A(9) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 thar ceann an fhéichiúnaí a ainmnítear thuas, AGUS BÍODH SEO INA FHÓGRA THAIRIS SIN faoin méid seo a leanas:

1. rinneadh togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta (a bhfuil cóip di curtha mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais seo) i leith an fhéichiúnaí sin agus níor ceadaíodh í de réir Chaibidil 4 de Chuid 3 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;

2. áirítear ar na fiacha a bheadh cumhdaithe leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe fiach iomchuí, de réir bhrí alt 115A(18) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;

3. *rinneadh an cruinniú creidiúnaithe dá dtagraítear in alt 115A(16)(a) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 a thionól an .... lá de ........ 20.... *ba é an dáta a fuair mé an fógra ón gcreidiúnaí lena mbaineann faoi alt 111A(6)31 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 an .... lá de ........ 20....;

4. measaim go bhfuil forais réasúnacha ann chun an t-iarratas seo a dhéanamh. Is iad forais an iarratais:¬

[leag amach forais an iarratais; i gcás go bhfuil sé ar intinn, chun críocha an iarratais, togra a dhéanamh chun go ndéanfaidh an Chúirt aon chreidiúnaí (aon chreidiúnaithe) a áireamh mar aicme, leag amach go soiléir forais an togra sin];

5. tá treoir i scríbhinn tugtha ag an bhféichiúnaí dom chun an t-iarratas seo a dhéanamh, agus tá cóip den treoir sin curtha mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais seo;

6. cuirtear isteach leis an iarratas seo mo thuarascáil (a bhfuil cóip di curtha mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais seo) dá dtagraítear in alt 107(1)(d) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;

†7. cuirtear isteach leis an iarratas seo deimhniú (a bhfuil cóip de curtha mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais seo) ina bhfuil toradh na vótála a rinneadh ag an gcruinniú creidiúnaithe agus ina sonrófar—

      (I) an cion de na catagóirí vótaí faoi seach a chaith na daoine a vótáil ag an gcruinniú creidiúnaithe, agus

      (II) na creidiúnaithe a vótáil i bhfabhar agus i gcoinne an togra, agus cineál agus luach an fhéich atá dlite do gach creidiúnaí den sórt sin;

†7. tá feidhm ag alt 111A32 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 maidir leis an togra agus tá fógra tugtha ag an gcreidiúnaí lena mbaineann dom faoi alt 111A(6) den Acht nach gceadaíonn an creidiúnaí an togra;

8. táimse den tuairim:

(a) go gcomhlíonann an féichiúnaí sin na critéir incháilitheachta i gcomhair an togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a shonraítear in alt 9133 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.

(b) go gcomhlíonann an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe na ceanglais shainordaitheacha dá dtagraítear in alt 99(2)34 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;

(c) nach bhfuil aon téarmaí sa Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe lena scaoilfí an féichiúnaí sin ó fhiach eisiata ná ó fhiach ineisiata (seachas fiach ceadaithe) ná lena ndéanfaí difear d’fhiach den sórt sin ar shlí eile.


FÓGRA BREISE DO CHREIDIÚNAITHE

BÍODH SEO INA FHÓGRA go bhféadfaidh tú, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a cuireadh an fógra seo chugat, fógra a thaisceadh leis an Ard-Chúirt (i bhFoirm Uimh. 53 i bhFoscríbhinn O a ghabhann le Rialacha na nUaschúirteanna) ina leagfar amach cibé acu an ábhar agóide nó nach ábhar agóide agat an t-iarratas agus na cúiseanna atá agat leis an méid sin.

Tá na doiciméid seo a leanas curtha mar fhoscríbhinn leis an bhfógra foriarratais seo lena n-eisiúint:

      — Cóip de thogra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta

      — *Deimhniú bunaidh i bhFoirm Uimh. 59 ina bhfuil toradh na vótála a rinneadh ag an gcruinniú creidiúnaithe

      — Cóip de thuarascáil ón gcleachtóir dócmhainneachta pearsanta dá dtagraítear in alt 107(1)(d) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, agus

      — Cóip de threoir scríofa an fhéichiúnaí atá deimhnithe ina cóip dhílis.

Arna dhátú an ...... lá seo de ....... 20.....

Arna shíniú:

Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta, as ........, thar ceann an fhéichiúnaí a ainmnítear thuas

Do: An Cláraitheoir

An Phríomh-Oifig

Na Ceithre Chúirt

Baile Átha Cliath 7

Agus Do: Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Agus Do: an Féichiúnaí

Agus Do: [gach creidiúnaí lena mbaineann]


* Scrios i gcás nach n-oireann

† Ní cóir ach aon leagan malairte amháin de mhír 7 a úsáid agus is cóir an ceann eile a scriosadh

_______________________

30 A cuireadh isteach le halt 21 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
31 A cuireadh isteach le halt 17 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
32 A cuireadh isteach le halt 17 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
33 Arna leasú le halt 79 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 agus le halt 12 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
34 Arna leasú le halt 100 den Acht Airgeadais, 2013.


------------------


I.R. Uimh. 507 de 2015

FOIRM 59


O. 76A, r. 21A(2)

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 51]

MAIDIR LE CUID 3, CAIBIDIL 4 DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

AGUS MAIDIR LE [.................................] AS [....................................], FÉICHIÚNAÍ


DEIMHNIÚ FAOI ALT 115A(2)(d)35 DEN ACHT UM DHÓCMHAINNEACHT PHEARSANTA, 2012

DEIMHNÍMSE, ....... as ........., cleachtóir dócmhainneachta pearsanta, ar mé an cleachtóir dócmhainneachta pearsanta arna cheapadh/arna ceapadh ag an bhféichiúnaí a ainmnítear thuas chun gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta pearsanta *dó/*di chun críocha Chaibidil 4 de Chuid 3 den Acht sin, LEIS SEO, de bhun alt 115A(2)(d) den Acht sin:

gurb é seo a leanas toradh na vótála a rinneadh ag an gcruinniú creidiúnaithe maidir leis an gComhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta bheartaithe don fhéichiúnaí a ainmnítear thuas, a tionóladh i ........ an .... lá de ........ 20....:

Níl an togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta ceadaithe ag creidiúnaithe atá in ionannas don chion riachtanach fiach dá dtagraítear in alt 110(1) den Acht sin.

*[TÁBLA 1 (alt 115A(2)(d)(i)(I))

Is mar seo a leanas a bhí an cion de na catagóirí vótaí faoi alt 110(1) a chaith na daoine a vótáil ag an gcruinniú creidiúnaithe:
An fiach iomlán (féach mír (a)36 d’alt 110(1) den Acht sin)An méidAn céatadán den iomlán
Méid iomlán an fhéich atá dlite do na creidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil...100%
Méid iomlán an fhéich ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe........%
Méid iomlán an fhéich ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe........%
An fiach urraithe (féach mír (b) d’alt 110(1) den Acht sin)An luachAn céatadán den iomlán
Luach iomlán an fhéich urraithe atá dlite do chreidiúnaithe urraithe a bhí i láthair agus a vótáil...100%
Luach iomlán an fhéich urraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe urraithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe........%
Luach iomlán an fhéich urraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe urraithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe........%
An fiach neamhurraithe (féach mír (c) d’alt 110(1) den Acht sin)An méidAn céatadán den iomlán
Méid iomlán an fhéich neamhurraithe atá dlite do chreidiúnaithe neamhurraithe a bhí i láthair agus a vótáil...100%
Méid iomlán an fhéich neamhurraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe neamhurraithe a bhí i láthair agus a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe........%
Méid iomlán an fhéich neamhurraithe ar ina leith a vótáil na creidiúnaithe neamhurraithe a bhí i láthair agus a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaithe........%

TÁBLA 2 (alt 115A(2)(d)(i)(II))

Is iad seo a leanas na creidiúnaithe a vótáil i bhfabhar agus i gcoinne an togra,

agus cineál agus luach an fhéich atá dlite do gach creidiúnaí den sórt sin:
Céannacht gach creidiúnaí a vótáil i bhfabhar na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaitheCineál an fhéich atá dlite don chreidiúnaí sin agus an aicme bheartaithe chun críocha alt 115A(17) (féach na forais a leagtar amach san fhógra foriarratais)Luach an fhéich atá dlite don chreidiúnaí sinAn cion de na fiacha atá dlite do chreidiúnaithe a ghlac páirt sa chruinniú creidiúnaithe, agus a vótáil aige, a bhfuil an creidiúnaí in ionannas de
[cuir isteach ró breise le haghaidh gach creidiúnaí] ...... ...
Céannacht gach creidiúnaí a vótáil i gcoinne na Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta beartaitheCineál an fhéich atá dlite don chreidiúnaí sinLuach an fhéich atá dlite don chreidiúnaí sinAn cion de na fiacha atá dlite do chreidiúnaithe a ghlac páirt sa chruinniú creidiúnaithe, agus a vótáil aige, a bhfuil an creidiúnaí in ionannas de
[cuir isteach ró breise le haghaidh gach creidiúnaí] ... ......

*[tá feidhm ag alt 111A37 den Acht sin maidir leis an togra agus tá fógra tugtha ag ........., an creidiúnaí lena mbaineann, dom faoi alt 111A(6) nach gceadaíonn *sé *sí an togra.]

Arna dhátú an ....... lá seo de ....... 20.....

Arna shíniú:

Do: An Cláraitheoir

An Phríomh-Oifig

Na Ceithre Chúirt

Baile Átha Cliath 7

Agus do: Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

Agus do: [gach creidiúnaí]


*Scrios i gcás nach n-oireann

_____________________________

35 A cuireadh isteach le halt 21 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
36 Arna leasú le halt 16 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.
37 Arna chur isteach le halt 17 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2015.