Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Rialacha na Cúirte Cuarda

Sceideal: B - Foirmeacha

Foirm: 14 Toghairm fhinné (ná cuirtear isteach thar cheithre ainm)

FOIRM 14

AN CHÚIRT CHUARDA

CUAIRD

CONTAE

Toghairm fhinné (ná cuirtear isteach thar cheithre ainm)


IDIR

.................... Gearánaí

AGUS

.................... Cosantóir

Ceanglaítear ort leis seo láithriú i bpearsa os comhair na Cúirte Cuarda i ........... an .... lá de .......... , ar .... a chlog, ......... nóin, agus déanamh amhlaidh ó lá go lá go dtí go mbeidh an t-imeacht seo i gcrích, chun fianaise a thabhairt thar ceann an ........... (má tá doiciméid le tabhairt ar aird, cuir leis:- Agus na doiciméid a luaitear anseo thíos a bhreith leat agus a thabhairt ar aird don Chúirt).

Arna dhátú an .... lá seo de ............ .

Cláraitheoir Contae

Bainisteoir na hoifige comhcheangailte / Sínitheoir ainmnithe thar ceann an Cláraitheoir Contae

Do: ...............


FORMHUINIÚ AR THOGHAIRM FHINNÉ

“Aon duine a bheidh toghairthe go cuí chun fianaise a thabhairt, nó a mbeidh ceangal curtha air sa tslí fhorordaithe aon leabhair, páipéir nó doiciméid atá ina sheilbh nó faoina urláimh a thabhairt ar aird, ar leabhair, páipéir nó doiciméid iad ar mian leis an bpáirtí a bhfuil ceangal á chur aige air freastal iad a thaispeáint mar fhianaise, más rud é, gan leithscéal dleathach, go mainneoidh sé freastal nó fianaise a thabhairt, nó na leabhair, na páipéir nó na doiciméid sin a thabhairt ar aird, de réir na toghairme, nó más rud é, mura saorfar go cuí é ó bheith i láthair, go mainneoidh sé fanacht i láthair ar feadh na trialach nó an imeachta, féadfaidh an Chúirt, ar bheith deimhin di gur toghaireadh an duine sin go cuí, agus gur tairgeadh a chostais réasúnacha dó, é a astú mar gheall ar dhíspeagadh, nó cibé fíneáil a chur air is cóir leis an gCúirt i ngeall ar a mhainneachtain, agus mura n-íocfaidh sé í féadfaidh an Chúirt pianbhreith phríosúnachta ar feadh tréimhse nach faide ná mí a chur air.”