Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 22 Ordú forghníomhaithe i leith airnéise sonraí
FOIRM 22
AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD
CONTAE
Ordú forghníomhaithe i leith airnéise sonraí
IDIR
.............. Gearánaí
AGUS
.............. Cosantóir
De bhrí gur iarr an ................ as ................ go n-eiseofaí ordú forghníomhaithe de bhun na Foraithne a fuarthas san imeacht seo an
lá de ............. chun ............... a aisghabháil agus le haghaidh shuim ..... mar aon le suim ..... i leith costas, údaraítear daoibhse, na Sirriamaí agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach lena dtaiscfear an t-ordú seo, agus ceanglaítear oraibh, leis seo, an ............. sin a thógáil ón gCosantóir agus é a sheachadadh ar an nGearánaí, agus údaraíteardaoibh agus ceanglaítear oraibh thairis sin earraí an Chosantóra sin in bhur mbáillcheantar a thógáil i bhforghníomhú chun na suimeanna réamhráite a ghlanadh, mar aon le costais an fhorghníomhaithe, ar a n-áirítear suim ............... mar chostais an Ordaithe seo agus i leith na gcostas sin.
Arna dhátú an ..... lá seo de ..............
Ar ordú na Cúirte.
Cláraitheoir Contae
Bainisteoir na hoifige comhcheangailte / Sínitheoir ainmnithe thar ceann an Cláraitheoir Contae
Do: Na Sirriamaí agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach
NÓTA: Aon bhliain amháin óna dháta seo is tréimhse feidhme don Ordú Forghníomhaithe seo.
FORMHUINIÚ AR ORDÚ FORGHNÍOMHAITHE
Is é ................ as ................., Gearánaí/Aturnae thar ceann an Ghearánaí san imeacht seo, a d'eisigh an t-ordú forghníomhaithe seo.
Arna thaisceadh le ............ Chontae ............ ina oifig i............ar ..... a chlog, ..... nóin, an ..... lá de .............. .
Contae
EADHON
Údaraím agus Cumhachtaím do ............ as ............ agus
teachtairí Cúirte, nó do cheachtar acu, agus dá gcúntóirí, an tOrdú Forghníomhaithe seo a fhorghníomhú.
Arna thabhairt faoi mo láimh an ..... lá seo de ...............
Sirriam nó Cláraitheoir Contae an Chontae sin.
Is é suim atá le tobhach faoin Ordú seo ................... .
Sirriam nó Cláraitheoir Contae
|