Rialacha na Cúirte CuardaFoirm: 2A Gnáthbhille sibhialta
FOIRM 2A
AN CHÚIRT CHUARDA
CUAIRD
CONTAE
GNÁTHBHILLE SIBHIALTA
IDIR
......................... Gearánaí
AGUS
.......................... Cosantóir
Ceanglaítear ort leis seo Láithreas a thaifeadadh, nó a chur faoi deara Láithreas a thaifeadadh, laistigh de dheich lá tar éis an Bille Sibhialta seo a sheirbheáil ort, leis an gCláraitheoir Contae, ina Oifig i ...................., chun freagra a thabhairt ar éileamh ................., as .................., an Gearánaí san imeacht seo.
Agus bíodh seo ina fhógra go measfar, mura dtaifeadfaidh tú Láithreas, go bhfuil tú ag géilleadh don éileamh sin, agus go bhféadfaidh an Gearánaí, gan aon fhógra eile, dul ar aghaidh leis an éileamh agus go bhféadfar breithiúnas a thabhairt i do choinne gan tú a bheith i láthair.
Agus bíodh seo ina fhógra thairis sin, má tá ar intinn agat an t-imeacht a chosaint ar aon fhorais, go gcaithfidh tú, ní amháin Láithreas a thaifeadadh, ach freisin, laistigh de dheich lá i ndiaidh an Láithris, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh a thaispeánfaidh cineál agus forais do Chosanta.
Féadfar an Láithreas a thaifeadadh trína chur leis an bpost chun na hOifige sin agus trí chóipeanna de a thabhairt don Ghearánaí nó dá Aturnae, leis an bpost, agus féadfar an Chosaint a sheachadadh trína cur leis an bpost chun an Ghearánaí nó chun a Aturnae.
Arna dhátú an ... lá de ......... .
Arna shíniú ..............
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an
Ghearánaí
Do: ...........................
Cosantóir/Aturnaetha thar ceann an Chosantóra
Agus
Do: An Cláraitheoir Contae
FORMHUINIÚ AN ÉILIMH
[Cuir isteach mionsonraí faoi éileamh an Ghearánaí, lena n-áirítear an bonn ar a bhfuil dlínse á héileamh]
ÉILÍONN AN GEARÁNAÍ:
[Cuir isteach mionsonraí faoi na faoisimh atá á lorg ag an nGearánaí]
..........................
Gearánaí/Aturnaetha thar ceann an Ghearánaí
|