Iar-Phríomh-Bhreithiúna

 An tOnórach an Breitheamh Hugh Kennedy   (1924-1936)                                              
 An tOnórach an Breitheamh Timothy Sullivan (1936-1946) 
 An tOnórach an Breitheamh Conor Alexander Maguire (1946-1961)
 An tOnórach an Breitheamh Cearbhall Ó Dálaigh (1961-1972)
 An tOnórach an Breitheamh William O'Brien FitzGerald (1973-1974)
 An tOnórach an Breitheamh Thomas Francis O'Higgins (1974-1985)
 An tOnórach an Breitheamh Thomas Aloysius Finlay (1985-1994)
 An tOnórach an Breitheamh Liam Hamilton (1994-2000)
 An tOnórach an Breitheamh Ronan Keane (2000-2004)
 An tOnórach an Breitheamh John L. Murray (2004-2011)

 


Portrait of Hugh Kennedy

    

An tOnórach an Breitheamh Hugh Kennedy (1924-1936)

b. 1879
d. 1936

Fuair Hugh Kennedy a chuid oideachais go príobháideach agus ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, áit ar bhunaigh sé féin agus Felix Hackett an t-irisleabhar mac léinn St Stephes, a raibh sé ina chéad eagarthóir air. Duine a chomhaimsire ab ea James Joyce. Rinne sé staidéar ar an dlí ag Óstaí an Ri, glaodh chun an Bharra é i 1902, agus chun Bharra na Sinsear i 1920. Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus rinneadh rúnaí onórach d'Ardchraobh (Coiste Feidhmiúcháin) na heagraíochta de. Bhí figiúir thábhachtacha mar Phádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill agus Eamonn Ceannt ar an gcoiste in éineacht leis. Bhí sé ina chomhairleoir dlí do Roinn an Rialtais Áitiúil faoin gcéad Dáil (Rialtas) agus bhí sé ina bhall den Choiste a dhréachtaigh Bunreacht Shaorstát na hÉireann 1922. 

Rinneadh Ard-Aighne de i 1922 agus toghadh é ina TD (teachtaí parlaiminte) do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Theas i 1923. Rinneadh céad Phríomh-Bhreitheamh Shaorstát na hÉireann de i 1924 agus bhí sé san oifig sin go dtí go bhfuair sé bás go tobann i 1936. I measc na gcinntí ba thábhachtaí a rinne sé bhí Moore v. an Ard-Aighne (1934) inar diúltaíodh d'éileamh ag comhlacht ar chearta iascaireachta sa chuid thaoidmhear d'Abhann na hÉirne, bunaithe ar an bhFéineachas, tar éis athbhreithnithe stairiúil ar an idirchaidreamh idir an Féineachas agus an dlí coiteann. Freisin bhí sé i gceannas ar an gCúirt Uachtarach sa Stát (Ryan) v. Lennon (1935), inar shocraigh an Chúirt nach raibh an chumhacht ag an bparlaimint Bunreacht 1922 a leasú le gnáthreachtaíocht. Breathnáitear ar an easaontú ba cháiliúla de chuid an Phríomh-Bhreithimh Kennedy mar an mbunús do chur chuige "dlí nádúrtha' na Cúirte Uachtaraí i dtreo an Bhunreachta.

Bhí sé ina chomhalta agus leas-uachtarán ar an Royal Society of Antiquaries of Ireland, bhí sé ina leas-uachtarán ar an Statistical Society, agus ina MRIA (Ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ina Ghobharnóir ar an Dánlann Náisiúnta. Fuair sé bás go tobann i Nollaig 1936.

 


Portrait of Timothy Sullivan

    

An tOnórach an Breitheamh Timothy Sullivan (1936-1946)

b. 1874
d. 1949

Rugadh ar Timothy O' Sullivan i mBaile Átha Cliath i 1874. Ba é tríú mac Tiomothy Daniel Sullivan, Teachta Parlaiminte náisiúnach a bhí chun tosaigh sa ghluaiseacht Rialtais Dúchais a raibh Parnell i gceannas ar sna 1880í go dtí gur chaill Parnell a chumhacht mar gheall ar chás colscartha O' Shea. 

Glaodh chun an Bharra é i 1895. Níos deireanaí ghlac sé páirt sa ghluaiseacht náisiúnach i mblianta luaithe na fichiú haoise. Nuair a bunaíodh Saorstát na hÉireann ceapadh é mar chéad Uachtarán na hArd-Chúirte i 1924, post a bhí aige go dtí go bhfuair Hugh Kennedy bás i Nollaig 1936, nuair a ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann. Bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh go dtí 1946, nuair a tháinig Conor Maguire ina dhiaidh.

Ba é an cás ba thábhachtaí a bhí aige mar Phríomh-Bhreitheamh ná seasamh na hArd-Chúirte leis an mBille um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú) 1940, a bheartaigh géibheann coisctheach, dochinntithe a dhéanamh dleathach mar fhreagra ar fhadhb Óglaigh na hÉireann (an tIRA) mar a thug siad orthu féin, a bhí neamhdleathach ag an am sin.

 


Portrait of Conor Maguire

    

An tOnórach an Breitheamh Conor Alexander Maguire (1946-1961)

b. 1889
d. 1971

Rugadh ar Conor Maguire i gConga, Co.  Mhaigh Eo i 1889 agus fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste Choill Chluanna Gabhann agus ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.  Cháiligh sé mar dhlíodóir i 1914 agus d'aistrigh sé chun an Bharra i 1922.

D'fheidhmigh sé mar Bhreitheamh ar Chúirteanna sealadacha na Dála ó 1920-1922, agus mar Choimisinéir Talún Socraithe do Dháil Éireann. Glaodh é chun Bharra na Sinsear i 1932 agus bhí sé ina Seanadóir d'Ollscoil Náisiúnta na hÉireann ó 1932-1936. Sheirbheáil sé mar Ard-Aighne i gcéad riarachán Fhianna Fáil ó 1932 go 1936. Ceapadh é ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i 1936, ina Uachtarán na hArd-Chúirte i Nollaig 1936 agus rinneadh Príomh-Bhreitheamh de i 1946. 

I measc na gcásanna cáiliúla iomaí ina thug sé breithiúnas mar Phríomh-Bhreitheamh bhí In ré Ó Laighléis (nuair a socraíodh é nach raibh Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine ina chuid de dhlí intíre an Stáit) agus Educational Co. of Ireland v. Fitzpatrick (easaontú ar an gceist ar sháraigh socruithe srianfhostaíochta ceardchumann an tsaoirse comhlachais a ráthaigh an bunreacht).

Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Croise Deige na hÉireann ó 1939-1946, ina Uachtarán ar an International Celtic Congress 1956 agus ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1962. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath ar an 26Meán Fómhair, 1971.

 


O Dalaigh CJ

    

An tOnórach an Breitheamh Cearbhall Ó Dálaigh (1961-1972)

b. 1911
d. 1978

Fuair Cearbhall Ó Dálaigh a chuid oideachais ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus bhain sé céim amach i staidéar Ceilteach i 1931. Bhí aithne air mar dhuine a raibh grá aige do theanga agus cultúr na Gaeilge. Rinne sé staidéar ar dhlí ag Óstaí an Rí agus bhí sé ina eagarthóir Gaeilge ar an Irish Press ó 1931 go 1940. Glaodh chun an Bharra é i 1934 agus chun Bharra na Sinsear i 1945. Sheirbheáil Ó Dálaigh mar Ard-Aighne na hÉireann ó 1946 go 1948 agus ó 1951 go 1953. 

I 1953 ceapadh é ina Bhreitheamh Cúirte Uachtaraí agus ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh i 1961. San oifig sin bhí ról cinntitheach aige i staid na Cúirte Uachtaraí mar chaomhnóir chearta na saoránach a bhí cumhdaithe sa Bhunreacht a fhorbairt: ba é an cinneadh lárnach maidir leis sin ná Ryan v. an Ard-Aighne (1965) nuair a d'fhorbair an Chúirt foirceadal na 'gceart neamháirithe", i. go raibh leathscáil ceart bunúsach a bhí iontuigthe ón mBunreacht. I 1972 ceapadh Ó Dálaigh ina Bhall de Chúirt Bhreithiúnais Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) ar aontachas na hÉireann le ballraíocht na gComhphobal. Bhí sé ina Uachtarán ar a Chéad Dlísheomra i 1974. Sheirbheáil sé mar chathaoirleach ar roinnt coimisiún Rialtais agus ar an gCoiste um Chaidreamh Culúrtha. 

Tar éis d'Uachtarán na hÉireann ag an am, Erskine Childers bás a fháil, toghadh é gan freasúra mar Uachtarán, agus oirníodh é ar 19 Nollaig 1974. I Meán Fómhair 1976, nuair a cuireadh Bille Cumachtaí Práinne ina láthair le síniú, shocraigh sé é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil; ba é breitheamh na Cúirte ná nach raibh sé ar neamhréir leis an mBunreacht agus shínigh sé é. Ar an 18  Deireadh Fómhair 1976 ag ócáid airm i nDún Columb, Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, nuair a thug an tAire Cosanta, Patrick Donegan, "a thundering disgrace" ar an Uachtarán. Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n-éireodh an t-aire, a ghabh a leithscéal idir an dá linn as a phost, ar an 21 Deireadh Fómhair, 1976. An chéad lá eile tháirg an tUachtarán éirí as a phost, ag dearbhú gurbh é "an t-aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint". 

Bhí Ó Dálaigh, a bhí ina aisteoir amaitéarach díocasach nuair a bhí sé óg, ina phátrún iontach ar an amharclannaíocht agus ba dhlúthchara é leis an aisteoir cáiliúil Éireannach Cyril Cusack. Fuair sé bás i 1978 sa tSnaidhm, Co. Chiarraí.

 


Portrait of William OBrien FitzGerald

    

An tOnórach an Breitheamh William O'Brien FitzGerald (1973-1974)

b. 1906
d. 1974

Rugadh ar William Fitzgerald i gCorcaigh i 1906, agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Belvedere, Baile Átha Cliath, agus ag Óstaí an Rí. Glaodh é chun an Bharra i 1927 agus chun Bharra na Sinsear i 1944. Mar chleachtóir bhí aithne air mar chroscheisteoir iontach géar agus grinn agus mar mháistir ar bheartaíocht an tseomra cúirte. Ceapadh go díreach don Chúirt Uachtarach é i 1966 agus nuair a chuaigh Cearbhall Ó Dálaigh ar scor rinneadh Príomh-Bhreitheamh de. Bhí tréimhse réasúnta ghearr aige mar Phríomh-Bhreitheamh. Fuair sé bás go tobann ar 17Deireadh Fómhair, 1974.

 


Portrait of Thomas Francis OHiggins

    

An tOnórach an Breitheamh Thomas Francis O'Higgins (1974-1985)

b. 1916
d. 2003

Fuair Thomas O' Higgins a chuid oideachais ag Coláiste Mhuire, Ráth Maonais, ag Coláiste Coill Chluana Gabhann, ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí.  Glaodh chun an Bharra é i 1938 agus chun Bharra na Sinsear i 1954. Bhí a mhuintir gníomhach i bpolaitíocht na hÉireann, agus ó 1948 go 1973, bhí sé in TD d'Fhine Gael i dtoghcheantar na Laoise-Uibh Fháilí. Ó 1954 go 1957, bhí sé ina Aire Sláinte sa dara comhrialtas agus bhunaigh sé an córas Árachais Sláinte Saorálaigh (ASS). Bhí sé ina iarrthóir ar Uachtarán na hÉireann sna toghcháin uachtaránachta i 1966 agus 1973.

I 1973 ceapadh é ina Bhreitheamh Ard-Chúirte. I 1974 ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh agus bhí an oifig sin aige go dtí 1985. I measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí: seasamh le bunreachtúlacht an Bhille Cumachtaí Práinne, 1976 tar éis don Uachtarán (Cearbhall Ó Dálaigh) an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí; An Stát (Lynch) v. Cooney (1982), nuair a seasadh le cosc reachtúil ar chraoltaí ag aon duine a bheadh ag lorg tacaíochta do Shinn Féin san olltoghchán a bhí le teacht; agus Norris v.  an Ard-Aighne (1984), nuair a seasadh le bunreachtúlacht reacht phíonóisigh a chuir cosc ar iompar homaighnéasach idir fir thoilteanacha go príobháideach. I 1985 ceapadh é ina Bhreitheamh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (ECJ). I 1996 d'fhoilsigh sé a chuimhní cinn, dár teideal A Double Life. Fuair sé bás i 2003.

 


Portrait of Thomas Finlay

    

An tOnórach an Breitheamh Thomas Aloysius Finlay (1985-1994)

b. 1922

Fuair Thomas Finlay a chuid oideachais ag Coláiste Choill Cluana Gabhann, Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus Óstaí an Rí.  Glaodh chun an Bharra é i 1944 agus chun Bharra na Sinsear i 1961.  Ó 1954 go 1957, bhí sé ina TD d'Fhine Gael don toghcheantar Baile Átha Cliath Láir. I 1971, ceapadh é ina Bhreitheamh Ard-Chúirte agus ceapadh é ina Uachtarán na hArd-Chúirte i 1974.  Rinneadh Príomh-Bhreitheamh de i 1985. 

I measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí: An Ard-Aighne v. Hamilton (1992) áit ar shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh rúndacht plé comh-aireachta iomlán; agus An Ard-Aighne v. Hamilton (Uimh. 2) (1993), maidir le pribhiléid pharlaiminte, áit ar shocraigh an Chúirt Uachtarach nach féidir aon phróis dlí a chur ar Theachtaí Dálaí de bharr rudaí a deireann siad sa Dáil.  

Freisin thug sé an breithiúnas treorach i gcás conspóideach X (An Ard-Aighne v.  X) (1992) áit ar tugadh cead do chailín 14 bliain d'aois a bhí torrach de bharr éigne ag cara lena muintir, taisteal go Sasana le haghaidh ginnmhillte ainneoin ráthaíocht an bhunreachta go gcosnódh an Stát ceart chun na beatha an linbh gan bhreith. 

 


Portrait of Liam Hamilton

    

An tOnórach an Breitheamh Liam Hamilton (1994-2000)

b. 1928
d. 2000

Fuair Liam Hamilton a chuid oideachais ag Scoil na mBráithre Baile Mhistéala, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é i 1956 agus bhuaigh sé Scoláireacht John Brooke don mhac léinn is fearr sa bhliain dheireanach.  Glaodh chun Bharra na Sinsear é i 1968. 

Ceapadh é ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i 1974, rinneadh Uachtarán na hArd-Chúirte de i 1985, agus bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh ó 1994 go 1999.  Ba é an t-aon bhall de bhinse fiosrúcháin a bhunaigh an Rialtas i 1991, agus a shuigh ó 1994 go 1994, le líomhaintí gníomhaíochta mídhleathaí, calaoise agus míchleachtais sa tionscal próiseála bia, a fhiosrú. Bhí sé ina Bhreitheamh ainmniúil sa Chúirt Choiriúil Speisialta, agus bhí sé i gceannas ar roinnt cásanna ardphróifíl, lena n-áiríodh cás robála traenach Salins, trialacha iad siúd a luadh a n-ainmneacha le dúnmharú Mountbatten amach ó chósta Shligigh i 1979 agus smuigléirí gunna Eskund.

Mar bhreitheamh Ard-Chúirte, d'áirigh a chuid mórchinntí Murphy v. Attorney General (1982), áit ar shocraigh sé go raibh comhchánú lanúnacha pósta míbhunreachtúil, agus Kennedy v. Éire (1987), a bhunaigh teorannacha le cumas an Stáit cur isteach ar shaol príobháideach saoránach. 

Mar Phríomh-Bhreitheamh, d'áirigh a chuid cinntí ba thábhachtaí: I maidir leis an mBille um Rialú Eolais (Seirbhísí taobh amuigh den Stát le Deireadh a chur le Toircheas), 1995 (1995) inar sheas an Chúirt Uachtarach le bailíocht an bhearta a lig rochtain ar eolas ar sheirbhísí comhairleachta agus clinicí ginnmhillte agus T.F. v. Éire (1995), a d'aithnigh cliseadh doleigheasta pósta mar bhunús d'idirscaradh breithiúnach. 

Nuair a chuaigh se ar scor óna phost mar Phríomh-Bhreitheamh, ceapadh é don fhiosrúchán ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Dhún Dealgan i 1976, ach d'éirigh sé as ar chúiseanna sláinte. Fuair sé bás ar 29 Samhain, 2000. 

 


Portrait of Ronan Keane

    

An tOnórach an Breitheamh Ronan Keane (2000-2004)

b. 1932

Rugadh Ronan Keane an 20 Iúil, 1932 agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na Carraige Duibhe, Co. Bhaile Átha Cliath.  Bronnadh BA i Nua-Stair (Onóracha) air i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1956 agus ina dhiaidh rinne sé staidéar ag Óstaí an Rí áit ar bronnadh Scoláireacht John King air don mhac léinn is fearr sa bhliain dheireanach. 

Glaodh chun an Bharra é i 1954 agus chun Bharra na Sinsear i 1970. Rith sé cleachtas fairsing le bunús leathan sular ceapadh é ina Bhreitheamh Ard-Chúirte in Iúil, 1979. Bhí sé i gceannas ar fhiosrúchán poiblí Stardust (a bhain le bás 48 duine óg i dtine i gclub oíche) i 1981 agus sheirbheáil sé mar Uachtarán ar Choimisiún um Athchóiriú an Dlí na hÉireann ó 1987 go 1992. I 1996, tugadh ardú céime dó chuig an gCúirt Uachtarach, agus ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh i 2000. 

Mar Phríomh-Bhreitheamh, d'áirigh cuid de na cásanna tábhachtacha a raibh sé i gceannas orthu Sinnott v. an tAire Oideachas (2001) (áit ar easaontaigh sé le cinneadh na Cúirte Uachtaraí go mbaineann an ceart chun oideachas bunscoile saor in aisce le daoine faoi 18 bliain d'aois amháin), T.D. v. an tAire Oideachais (2001) (áit ar shocraigh an Chúirt go raibh orduithe breithiúnacha éigeantacha i gcoinne bhrainse feidhmiúcháin an rialtas le bronnadh ar na cúinsí is géire amháin), Bord Sláinte an Iar-Thuaiscirt v.  H.W. agus C.W.  (2001) (áit ar easaontaigh sé le cinneadh na Cúirte nach féidir iachall a chur ar thuismitheoirí linbh cead a thabhairt tastáil  fola PKU a dhéanamh ar an leanbh munar mian leo go ndéanfaí é, fiú más le leas an linbh é) agus Maguire v. Ardagh (2002) (inar shocraigh an Chúirt Uachtarach nach raibh cumhacht ag coiste ó Thithe an Oireachtais fiosrúchán a dhéanamh ar na cúinsí i dtaobh maraithe mídhleathaigh líomhanta). 

 


Murray J

    

An tOnórach an Breitheamh John L. Murray

Rugadh ar An tOnórach an Breitheamh John. L. Murray i 1943 i Luimneach, Éire. Tá sé pósta (1969) ar Gabrielle Walsh (beirt pháistí Catríona agus Brian).

Ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann in Iúil 2004 agus é ina bhall den Chúirt Uachtarach ó 1999. Is é an deichiú Príomh-Bhreitheamh ó bunaíodh an Stát i 1922.

Roimhe sin bhí sé ina bhall de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (Lucsamburg) ó 1991-1999.

I 1967 ligeadh isteach i mBarra na hÉireann é. In 1981 rinneadh Abhchóide Sinsearach de tar éis dó a ghlao chun Bharra na Sinsear sa Chúirt Uachtarach. Bhí sé ina Ard-Aighne na hÉireann ó Lúnasa-Nollaig 1982 agus arís ó 1987-1991.

Fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste Crescent, Coláiste Rockwell, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Ag an ollscoil bhí sé gníomhach i gcúrsaí mac léinn agus ceapadh é faoi dhó mar Uachtarán Aontas Mac Léinn na hÉireann (U.S.I.).

Poist Eile atá aige:

Cathaoirleach ar Bhord na Seirbhíse Cúirteanna;
Uachtarán ar an gCoimisiún Uachtaránachta;
Ball de Chomhairle an Stáit;
Cathaoirleach ar Bhord na hInstitiúide um Staidéir Bhreithiúnacha;
Cathaoirleach ar an mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha;
Cathaoirleach ar Choiste Rialacha na nUaschúirteanna;
Comhchathaoirleach Onórach; International Law Institute, Washington
D.C;
Gobharnóir Leabharlann Marsh Baile Átha Cliath;
Gobarnóir Ospidéal Phádraig Baile Átha Cliath;
Ball de Bhord Comhairleach an Eagarthóra, World competion journal (Wolters Kluwer, an Ísiltír).

Poist a bhí aige:

Ollamh Dlí Cuairte, Université de Louvain;
Iarchathaoirleach ar Choiste Frith-chalaoise Bhanc Ceannais na  hEorpa
Iarchathaoirleach ar Choiste Eiticúil Ad hoc an Choimisiúin Eorpaigh;
Iar-Leas-Uachtarán ar an First Commission International Associaton of Judges.

1967:           Glaodh é chun Bharra na hÉireann                                                
1981: Glaodh é chun Bharra na Sinsear
1982: Ard-Aighne na hÉireann (Lúnasa-Nollaig)
1982 - 1987: Cleachtas príobháideach ag Barra na hÉireann
1987 - 1991: Ard-Aighne na hÉireann
1991 - 1999: Breitheamh i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach
1994 - 2002: Léachtóir Cuairte ar Scoil Shamhraidh Ollscoil Georgestown, Heidelberg agus Florence
1996: Aoi-léacht Bhliantúil ag Scoil Dlí Georgetown, Washington D.C.
1997 - 2000: Ollamh Dlí Cuairte ag an Université de Louvain áit ar mhúin sé cúrsa i nDlí Eorpach
1998: Aoi-léachtóir ag an Scoil Shamhraidh ar Chearta Daonna, Ollscoil Aix en Provence, an Fhrainc
1999: Breitheamh i gCúirt Uachtarach na hÉireann
2000 - 2003: Cathaoirleach, Coiste Frith-chalaoise Bhanc Ceannais na hEorpa
2004 - 2007: Cathaoirleach, Coiste Eiticiúil Ad hoc an Choimisiúin Eorpaigh
2004 (Iúil): Príomh-Bhreitheamh

Tá sé ina Bhinseoir ag Cumann Onórach Óstaí an Rí.

Thug sé páipéir nó léachtaí ag, inter alia, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath; Scoil Dlí Ollscoil Georgestown, Washington, S.A.M..; Ollscoil Princeton, S.A.M.,; Marangopoulos Foundation for Human Rights, an Aithin; European Competition Law Forum, Béal Feirste; Ollscoil Aix en Provence; Ollscoil Fordham, Nua-Eabhrac; the Cypriot Association for European Law, Nicosia; An Chomhdháil Náisiúnta ar Bhitheitic, 1999, An Aithin; the United Kingdom Association for European Law; Scoil Dlí New England Bostún, Mass., S.A.M. chomh maith le go leor comhdhálacha idirnáisiúnta.

Onóracha:

Ord Fiúntais, Grand Cross (Grand Duchy Lucsamburg)
Dochtúir le Dlí honoris causa, Ollscoil Luimnigh (1993)
Dochtúir le Dlí, honoris causa, Scoil Dlí New England, Bostún, S.A.M. (2006)