An Príomh-Bhreitheamh

 

 

 

    

Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke

Rinne Uachtarán na hÉireann, a Oirirceas Mícheál D. Ó hUiginn, an Breitheamh Frank Clarke a cheapadh mar an 12ú Príomh-Bhreitheamh ar Éirinn ar an 28 Iúil, 2017.

Rugadh an Breitheamh Onórach Frank Clarke i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 1951. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráithre Críostaí, Chaisleán Dhroimeanaigh agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit inar bronnadh B.A. air sa Mhatamaitic agus san Eacnamaíocht (1972).

Tar éis dó a staidéar dlí a chríochnú in Óstaí an Rí, glaodh chun an Bharra air in 1973 agus chun Bharra na Sinsear air in 1985. Ba iad an dlí tráchtála agus an dlí poiblí (lena n-áirítear an dlí bunreachtúil) ina gcleacht sé go príomha, agus cheap an Chúirt Uachtarach faoi dhó é mar abhcóide a bhí inniúil ar argóint a chur i láthair maidir le Billí a n-atreoraíonn an tUachtarán chuig an gCúirt Uachtarach faoi Airteagal 26 den Bhunreacht iad. Ina theannta sin, ghníomhaigh sé mar abhcóide leis an gCoiste Cuntas Poiblí ina fhiosrúchán ar an tsaincheist faoi cháin ar ús taisce (DIRT), agus bhí sé ina abhcóide seachtrach leis an gCoimisiún Fiosrúcháin ar Mhí-Úsáid Leanaí.

Le linn na tréimhse a chaith sé ag an mBarra, bhí an Breitheamh Onórach Clarke fostaithe ar feadh blianta fada ar Chomhairle an Bharra, lena n-áirítear téarma dhá bhliain (1993-1995) ina raibh sé ina Chathaoirleach air. Ina theannta sin, bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Óstaí an Rí ó 1999 go dtí 2004. Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Chumainn Bharra Idirnáisiúnta ó 1997 go dtí 2004, agus é mar Chomhchathaoirleach an Fhóraim Phléadálaithe agus Abhcóidí (an comhlacht ionadaíoch idirnáisiúnta do bharraí neamhspleácha atreoraithe) ó 1998 go dtí 2002.

Tá an Breitheamh Clarke ina Bhinseoir de Chumann Onórach Óstaí an Rí ó 1994 i leith. Toghadh é mar bhall onórach de Chumann Bharra Cheanada in 1994, agus glacadh é mar bhall onórach de Chomhairle Bharra na hAstráile in 2002.

Ceapadh an Breitheamh Clarke ina bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí na Samhna 2004. Rinneadh é a shainiú go príomha do Liosta Tráchtála na hArd-Chúirte, agus bhí sé ina bhreitheamh ceannais ar bhunaíocht Liosta Seansaireachta agus Neamhghiúiré i gCorcaigh.  Le linn dó a bheith ina bhreitheamh den Ard-Chúirt, bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Reifrinn um an 28ú Leasú ar an mBunreacht (Conradh Liospóin II) in 2009.

Ceapadh an Breitheamh Clarke ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach i mí an Mhárta 2012.

Ó 2013, tá sé ina ionadaí den Chúirt Uachtarach ar Chomhlachas Chúirteanna Riaracháin Uachtaracha an Aontais Eorpaigh. Nuair a ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh, rinneadh é ina Bhall den Líonra Uachtaráin de Chúirteanna Breithiúnais Uachtaracha an Aontais Eorpaigh.

Sa réimse acadúil, bhí an Breitheamh Onórach Clarke ina ollamh in Óstaí an Rí ó 1978 go dtí 1985 agus tá sé ina Bhreitheamh Cónaitheach i gColáiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath ó 2010 i leith. Ceapadh é ina Ollamh Taca sa Scoil Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2012, agus ina Ollamh Taca i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 2013.